Fabhalscéalta do Leanaí

Agus um 70 mac léinn i mbun cúrsaí aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, idir dhioplóma, BA agus MA, gach bliain, déantar go leor aistriúchán, idir thionscadail faoi leith agus mheasúnú leanúnach.

Tá beartaithe againn cuid den ábhar aistriúcháin sin a chur ar fáil mar léiriú ar an obair a dhéanaimid agus mar ábhar léitheoireachta Gaeilge, go háirithe aistriúcháin a dhéantar ar fhabhalscéalta do leanaí. Faoi stiúir Shéamuis Uí Choileáin a dhéantar na haistriúcháin.