Fabhalscéal Fada

An Caitín Cleasach

Bunteideal: Puss in Boots
Bunleabhar: Tales from Grimm, Andersen and Perault (1976)
Aistritheoir: John Caulfield


Bhí fear ann tráth a raibh muileann aige agus triúr mac. Bhí an muilleoir chomh bocht sin nár fhág sé ina dhiaidh aige nuair a fuair sé bás ach an muileann, agus asal agus cat a bhí aige.

“Tógfaidh mise an muileann,” arsa an mac ba shine. “Is liomsa an muileann ó cheart.”

“Tógfaidh mise an t-asal,” arsa an dara mac. “Leis an asal i mo sheilbh agam, beidh mé in ann mo ghnó féin a bhunú.”

“Níl fágtha agamsa, mar sin, ach an cat,” arsa an mac ab óige. “Is beag a chabhróidh cat liom slí bheatha a bhaint amach. Céard is féidir liom a dhéanamh?”

Ba chuma lena bheirt deartháireacha faoi, toisc gur daoine santacha leithleacha a bhí iontu. Mar sin, d’imigh an mac ab óige leis, an cat ina sheilbh aige, chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí.

“Níl aon amhras ach go bhfaighfidh mé bás den ocras,” ar seisean os ard, agus é ina shuí faoi chrann. “Nach éagórach an saol é.”

“Ní déarfainn é sin,” a dúirt an cat. “D’fhéadfainn cabhrú leat, dá mbeadh muinín agat asam.”

“Céard atá á rá agat? Gur chóir dom mo mhuinín a chur i gcat chun mo shaibhreas a dhéanamh?” a bhéic an fear óg go drochmheasúil. “A leithéid de mholadh!”

Dála an scéil, níorbh ábhar iontais ar bith do mhac an mhuilleora go raibh an cat in ann caint. San am a tharla an scéal seo, bhí caint ag roinnt mhaith ainmhithe – rud a bhí ar eolas ag an bhfear óg. Ar aon chaoi, ba chuimhin leis a athair ag rá go raibh scileanna thar na bearta ag an gcat, go háirithe ó thaobh francaigh agus lucha a mharú.

“Níl uaim,” arsa an cat tar éis tamaillín, “ach péire buataisí arda agus mála mór. Tabhair an méid sin dom agus geallaim duit nach mbeidh díomá ort.”

D’ainneoin a bharúla ar an gceist, shocraigh mac an mhuilleora muinín a chur sa chat. “Is fíorbheag airgid atá fágtha agam,” ar seisean. “Ach tá mé sásta é a chaitheamh ar bhuataisí arda duit, cé go n-admhálaim nach dtuigim féin cén fáth a dteastaíonn siad uait. Maidir leis an mála mór, is furasta teacht air sin.”

“Beidh le feiceáil cén fáth a bhfuil na buataisí uaim,” arsa an cat cliste. “Fan go bhfeice tú.”

Chomh luath is a chuir an cat an péire breá buataisí nua dearga air féin, bhí cuma níos tábhachtaí air, amhail is a bhí sé níos cinnte faoin tseift a bhí ar siúl aige. “Fan anseo,” ar seisean lena mháistir óg. “Táimse ag dul isteach sa choill leis an mála mór.”

Níor chuir an Caitín Cleasach nóiméad amú sa choill. Ar dtús, líon sé an mála le bran agus cabáiste. Chuir sé téad ina lúb ansin timpeall bhéal an mhála ionas go mbeadh sé in ann é a dhúnadh nuair ba mhian leis. Nuair a bhí sé seo réitithe i gceart aige, luigh sé síos, an téad ina lapa aige, agus lig sé air go raibh sé marbh.

Mar is eol don saol mór, tá an-dúil ag coiníní sa chabáiste agus sa bhran agus, taobh istigh de thamall gearr, tháinig coinín óg ramhar chomh fada leis an mála mór de léim. Fuair sé boladh an bhrain agus fuair sé spléachadh ar an gcabáiste mealltach. Choinnigh an cat greim láidir ar an téad agus an coinín ag preabadh go neamhairdeallach isteach sa mhála. Agus b’in deireadh leis an gcoinín óg amaideach! Tharraing an cat ar an téad, dhún sé béal an mhála agus d’ionsaigh sé a chreach.

Agus é go breá sásta lena chuid saothair, ar aghaidh leis an gCaitín Cleasach i dtreo phálás an Rí. Bhí cuma chomh tábhachtach sin ar an gcat lena bhuataisí nua snasta air gur tugadh é lom láithreach go dtí an Rí féin.

“Seo bronntanas duit, a Mhórgacht,” arsa an Caitín Cleasach chomh luath is a bhí sé os comhair an Rí. “Bronnann mo mháistir uasal gnaíúil, Tiarna Charabas, ort é.” B’in an t-ainm móiréiseach a chum an cat do mhac an mhuilleora agus é ag fágáil na coille.

Anois, bhí an-dúil ag an Rí i bpíóga coinín – rud a bhí ar eolas ag an gcat – agus a luaithe a chonaic sé an coinín óg ramhar bhí pléisiúr an rí le haithint go soiléir ar a aghaidh. Rinne sé casacht agus tháinig loinnir ina shúile. “Bhuel!” ar seisean faoi dheireadh, agus a fhios aige nár cheart do rí a bheith róbhuíoch agus é ag glacadh le bronntanais. “Tá mé an-bhuíoch de do mháistir, Tiarna… Tiarna…”

“Charabas,” arsa an caitín go muiníneach. “Tiarna Charabas.”

“Sea, cinnte,” arsa an Rí. “Tiarna Charabas. Sea, bhuel, ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ainm sin.”

Go deimhin, níor lig an Caitín Cleasach don Rí dearmad a dhéanamh air, óir thug sé dhá cholm coille bhréatha go dtí an pálás an mhaidin dar gcionn; agus piasún deas ramhar an lá arna mhárach.

Faoi dheireadh na seachtaine, bhí píóga coinín agus piasúin ite ag an Rí go raibh sé sách agus thosaigh sé ag smaoineamh ar Thiarna Charabas amhail is gur chara leis é.

“Caithfidh mé bualadh le do mháistir go luath,” ar seisean leis an gCaitín Cleasach, an chéad uair eile don chat cuairt a thabhairt ar an bpálás. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis féin as an oiread sin bronntanas álainn a thabhairt dom.”

B’in na focail a raibh an Caitín Cleasach ag fanacht orthu. Rith sé ar an bpointe go dtí a mháistir a bhí thar a bheith salach agus sraoilleach faoin tráth seo, cé go mbíodh neart le hithe aige i gcónaí, a bhuíochas ar an gcat.

“Déan cinnte go nífidh tú thú féin san abhainn amárach ag an am a deirimse leat,” arsa an cat lena mháistir óg. “Déan mar a deirim leat agus beidh gach rud i gceart.”

“Cén fáth a rachainn isteach san abhainn?” arsa mac an mhuilleora de ghearán. “Tá an t-uisce fuar an t-am seo den bhliain agus ní maith liom an snámh, pé scéal é.”

“Is cuma faoi sin,” arsa an cat go mífhoighneach. “Taispeánfaidh mé duit an áit le dul ag snámh. Déan cinnte go mbeidh tú ann nuair a thiocfaidh an t-am.”

Ar ndóigh, bhí a fhios ag an bhfear óg faoin tráth seo go raibh seift ag an gCaitín Cleasach, agus nach raibh le déanamh aige ach a mhuinín a chur ann. “Tá go maith,” ar seisean. “Leanfaidh mé do threoracha.”

An mhaidin dar gcionn, thug an cat a mháistir leis síos go bruach na habhann chuig áit áirithe a bhí gar don bhóthar. Bhí a fhios ag an gCaitín Cleasach – ó bheith ag caint le searbhónta an pháláis an tseachtain roimhe sin – go raibh sé de nós ag an Rí agus a iníon álainn dul ar camchuairt sa chóiste síos an bóthar sin, agus shocraigh an cat go mbeadh a mháistir ann ag an am céanna.

Chomh luath is a bhain a mháistir a éadaí de féin, chuir an cat an burla éadaí gioblacha i bhfolach faoi chloch mhór. Ansin bhrúigh sé an fear óg isteach san abhainn. Ag an am céanna, tháinig cóiste an Rí anuas an bóthar ar ardluas ina dtreo, agus thosaigh an Caitín Cleasach ag glaoch in ard a ghutha. “Stopaigí! Stopaigí! Tá mo mháistir, Tiarna Charabas, i mbaol báite!”

Ghlaoigh an cat chomh hard agus chomh hainnis sin gur tharraing sé aird an Rí agus é ag dul thart. “Stop!” arsa an Rí de ghlaoch le tiománaí an chóiste. “Tá an t-ainm sin ar eolas agam!” Chonaic sé an cat ansin agus é ag díriú a lapa i dtreo an fhir óig a bhí i lár na habhann faoin tráth seo.

“Ná bíodh imní ort. Sábhálfaidh mo shearbhónta é i bhfaiteadh na súl!” arsa an Rí leis an gcat go sólásach.

Agus an searbhónta ag siúl go drogallach isteach san abhainn, d’iarr an cat gar ar an Rí de chogar. “Goideadh na héadaí galánta ar fad a bhí ag mo mháistir,” ar seisean leis. “An bhfuil culaith nua le spáráil agaibh sa phálás?”

“Tá, cinnte!” arsa an Rí. “Is beag an t-éileamh sin orm tar éis a bhfuil déanta ag do mháistir domsa.”

Fuarthas culaith de chuid an Rí féin do mhac an mhuilleora, agus nuair a bhí sé gléasta arís bhí cuma an-dathúil go deo air. Bhí sé chomh dathúil sin, go deimhin, go ndearna an Banphrionsa – a bhí ciúin go dtí seo – meangadh gáire gnaíúil leis an bhfear óg, agus thug sí cuireadh dó teacht isteach sa chóiste ríoga in éineacht léi.

“Is é seo Tiarna uasal Charabas, a stóirín,” arsa an Rí nuair a bhí sé ina shuí sa chóiste arís. “Is iomaí bronntanas álainn a thug sé dúinn le roinnt seachtainí anuas.”

Baineadh stad as mac an mhuilleora nuair a chuala sé an méid sin ach bhí sé sách cliste nár lig sé air go raibh iontas air. Pé scéal é, bhí sé go hiomlán faoi gheasa ag an mBanphrionsa álainn agus ní raibh uaidh sa saol ach fanacht ina shuí in aice léi go deo.

Idir an dá linn, rith an Caitín Cleasach ar luas lasrach síos an bóthar ina bhuataisí arda agus níorbh fhada go raibh sé chun tosaigh ar chóiste an Rí. Ar theacht ar mheitheal spailpíní dó a bhí i mbun oibre i móinéar órga torthúil, stop sé.

“A chairde, bígí ceansa agus éist liom,” ar seisean de ghlaoch. “I gceann cúpla nóiméad, tiocfaidh cóiste an Rí in bhur dtreo. Mura ndéarfaidh sibh leis gur le Tiarna Charabas an móinéar torthúil seo agus na tailte ar fad timpeall air, agróidh mise oraibh é. Agus geallaim daoibh go mbeidh aiféala oraibh…”

Bhí cuma chomh bagrach sin ar an gCaitín Cleasach, gur sméid na spailpíní a gcloigne. “Déanfaimid mar a dúirt tú,” ar siadsan.

Thug an cat rabhadh eile dóibh agus ina dhiaidh sin d’imigh sé go tapa, óir chuala sé capaill an Rí ag greadadh a gcrúb taobh thiar dó. Chomh luath is a bhí an cat imithe as radharc timpeall an chéad chasaidh eile sa bhóthar, shroich cóiste an Rí an móinéar.

Anois, fear santach a bhí sa Rí agus nuair a chonaic sé an móinéar breá órga bhí éad air agus d’éirigh sé fiosrach faoin té ar leis é.

“Is le Tiarna Charabas an móinéar seo agus na tailte timpeall air,” arsa na spailpíní.

“Muise, an mar sin é!” arsa an Rí, agus rinne sé meangadh cairdiúil le mac an mhuilleora.

Agus é ag rith ar nós na gaoithe síos an bóthar, bhí an Caitín Cleasach in ann coinneáil chun cinn ar chóiste an Rí. Aon uair a chonaic sé gort a raibh talamh torthúil ann nó coill a bhí tiubh le crainn, stop sé agus dúirt an rud céanna leis na spailpíní a bhí ag obair san áit.

“Mura ndéarfaidh sibh leis an Rí gur le Tiarna Charabas an talamh seo, agróidh mise oraibh é. Agus geallaim daoibh go mbeidh aiféala oraibh…”

Lean an cat cliste ar aghaidh mar seo agus, tar éis tamaill, chreid an Rí go raibh mac an mhuilleora ar cheann de na fir ba shaibhre sa ríocht. Ach bhí tuilleadh oibre le déanamh ag an gcat. Bhí air caisleán a aimsiú. Ní raibh caisleán ar eolas aige ach amháin ceann a raibh gruagachdraíochta ina chónaí ann.

Ar shiúl isteach sa chaisleán dó, bhí an gruagachag ullmhú i gcomhair féasta. “Bhuel, céard atá uait?” ar seisean go garbh.

“Chuala mé go bhfuil féith na draíochta ionat,” arsa an Caitín Cleasach agus é ag cromadh síos os a chomhair.

Bhí an gruagachsásta é sin a chloisteáil. “Is fíor é sin,” ar seisean. “Féith na draíochta – tá an ceart ar fad agat.”

“Is é sin cúis mo chuairte,” arsa an Caitín Cleasach. “Theastaigh uaim thú – thú a fheiceáil mé féin.”

“A leithéid de rud a lorg,” arsa an gruagachagus é ag éirí níos cairdiúla. “Is léir go bhfuil cáil an domhain orm!”

“Ó, is cinnte go bhfuil cáil ort, a ghruagaigh uasail,” arsa an cat go humhal. “Tá an oiread sin clú ort gurbh éigean dom cuairt a thabhairt ort. Deirtear go bhfuil sé ar do chumas agat thú féin a athrú i gcruth ainmhithe nuair is mian leat.”

“Tá an ceart agat!” arsa an gruagachgo mórtasach. “Ainmnigh ainmhí ar bith agus taispeánfaidh mé mo chumhacht duit…”

“Leon, fiú?” arsa an Caitín Cleasach, agus meas ina ghuth aige.

“Leon, fiú!” arsa an gruagachde liú, agus i bpreabadh na súl bhí leon ag drannadh os comhair an chaitsan áit a raibh an gruagachBhí an oiread sin sceoin ar an gcat gur phreab sé suas ar leac na fuinneoige agus d’fhán sé ann ar creathadh le faitíos.

“Is – is iontach an cleas é sin, a ghruagaighuasail,” ar seisean de ghíog. “Ach, is dócha go bhfuil sé éasca do ghruagaché féin a iompú ina ainmhí mór, cosúil le leon?”

“Tá sé gach pioc chomh héasca mé féin a athrú i gcruth tíogair,” arsa an gruagachnuair a bhí sé ar ais ina chruth féin arís.

“Is dócha go bhfuil, ach tá an tíogar cosúil leis an leon ó thaobh na méide de, ar ndóigh,” arsa an Caitín Cleasach agus é ag léim anuas de leac na fuinneoige. “Ach céard faoi ainmhí atá i bhfad níos lú – ainmhí, bhuel, cosúil le…” agus stop sé.

“Tuigim a bhfuil á rá agat. Dar leatsa, níl mé in ann ainmhí beag bídeach a dhéanamh díom féin. An é sin é?”

“Bhuel, ní fíor sin, táim cinnte go bhfuil tú in ann é a dhéanamh,” arsa an Caitín Cleasach, ach fós féin chuir sé an chuma air féin nár chreid sé go raibh an gruagach ábalta ainmhí beag a dhéanamh de féin.

“Ainmnigh ainmhí mar sin!” arsa an gruagach go lán-mhuiníneach, agus fonn mór air a chumhacht a thaispeáint.

“Bhuel, ní féidir liom smaoineamh ar ainmhí níos lú ná luch,” arsa an cat.

“Féach air seo!” arsa an gruagach de liú, agus gan a thuilleadh moille d’iompaigh sé ina luch beag donn.

B’in an deis a raibh an Caitín Cleasach ag fanacht air. Go tobann, lig sé drannadh as, phreab sé ar an luch beag bídeach, agus d’alp sé siar ar an bpointe é. B’in deireadh leis an ngruagach agus gan oiread is nóiméad le spáráil, óir bhí ar an gcat brostú i dtreo gheataí an chaisleáin le bheith ann roimh theacht an chóiste ríoga.

“M’anam ón riach!” arsa an Rí de ghlaoch. “Cé atá ann ach an Caitín Cleasach!”

“A Mhórgacht,” arsa an cat, chomh luath agus a stop an cóiste, “Fáilte chuig caisleán mo mháistir, an Tiarna Charabas.”

“Is é seo do chaisleán álainn, mar sin!” arsa an Rí le mac an mhuilleora, agus é ag cuidiú leis an mBanphrionsa teacht anuas den chóiste. “Tá sé maorga ar fad!”

Bhí mac an mhuilleora chomh mór sin i ngrá leis an mBanphrionsa faoin tráth seo, gur baineadh an chaint de… agus ba mhaith an rud é sin.

Threoraigh an Caitín Cleasach an grúpa beag isteach sa halla cóisire, áit a raibh féasta leagtha amach ar an mbord cheana féin ar an dea-uair. Bhí loinnir le feiceáil i súile an Rí agus é ag breathnú timpeall ar na plátaí órga agus na cuacha criostail ar fad. “Níl d’intinn ar eolas agam, a fhir óig,” ar seisean agus é ag tiontú i dtreo mhac an mhuilleora. “Ach, is cosúil go bhfuil tú tar éis titim i ngrá le m’iníon, agus más mian leat í a phósadh, beidh mé breá sásta an cleamhnas a dhéanamh.”

“Má bhíonn an Banphrionsa sásta mé a phósadh,” a d’fhreagair mac an mhuilleora, nuair a bhí sé ábalta caint arís, “Beidh mé ar an duine is sona sásta sa ríocht.”

“Pósfaidh mé thú,” arsa an Banphrionsa de ghlaoch, mar bhí sí ábalta a hintinn a dhéanamh suas go han-tapa i gcónaí. “Níl aon duine eile ar aithne agam a bhfuil níos mó grá agam dó.”

Ar an bpointe boise, sular shuigh siad síos ag an mbord fiú, socraíodh an bhainis agus bhí an Caitín Cleasach féin ar an duine ba shásta leis an scéal.

Phós siad an lá dar gcion, agus i ndiaidh na bainise, tugadh péire nua buataisí a bhí an-chostasach don chat – rud a d’iarr sé ar a mháistir – agus feisteas galánta le caitheamh leis.

Chomh fada is a bhain sé lena mháistir, ní dhiúltódh sé rud ar bith don Chaitín Cleasach ón lá sin ar aghaidh!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *