Fabhalscéal Fada

An Teach sa gCoill

Bunscéal: The House in the Wood
Bunteanga: Leagan Béarla de scéal ón nGearmáin (de chuid Grimm)
Údar: Andrew Lang
Leabhar: The Pink Fairy Book

Aistritheoir: Kiara Duggan


Fadó, fadó agus is fadó a bhí, bhí gearrthóir adhmaid bocht ann ina raibh cónaí air i gcró ar theorainn na coille. Bhí bean chéile agus triúr iníonacha óga aige darbh ainm an iníon is sine, an dara hiníon agus an iníon is óige.

Ag am míthráthúil maidin álainn amháin, bhí an gearrthóir adhmaid ag dul ag obair agus sular imigh sé an mhaidin sin, dúirt sé lena bhean chéile “Lig don iníon is sine againn mo lón a thabhairt chugam amuigh sa gcoill inniu. Tabharfaidh mé mála muiléid in éineacht liom agus fágfaidh mé síolta i mo dhiaidh ar an gcosán ionas go mbeidh sí in ann mé a fháil.” Agus leis sin d’fhág sé slán lena bhean chéile agus d’imigh sé leis ag obair.

Ag breacadh an lae, nuair a bhí an ghrian tar éis éirí os cionn na coille, d’imigh an iníon is sine léi isteach sa gcoill agus báisín lán le hanraith blasta de dhéantús baile aici. Ach, mo léir, bhí na gealbhain agus na préacháin agus na héin ar fad tar éis an muiléad ar fad a ithe sula i bhfad agus ar ndóigh ní raibh an iníon is sine in ann a bealach a fháil anois.

Chuardaigh sí dóigh agus andóigh a chuardaigh. Chuardaigh sí go dtí go ndeachaigh an ghrian síos agus go dtí gur tháinig titim na hoíche. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thosaigh an t-ulchabhán bán ag ligean scréach as agus na crainn mhóra ag damhsa ar feadh na hoíche. Thosaigh faitíos ag teacht ar an iníon is sine. Go tobann, chonaic sí solas ag lonrú idir na crainn. “Seans go mbeadh cónaí ar dhaoine ansin thall a thógfadh isteach mé ar feadh na hoíche,” arsa an iníon is sine léi féin. Agus leis sin thosaigh sí ag siúl léi ina threo.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig sí ar theach beag tuí a raibh na soilse air taobh istigh.

Chnag sí ar an doras go deas réidh.

“Tar isteach!” arsa glór garbh.

Thug an iníon is sine céim chun tosaigh isteach sa doras agus chnag sí go réidh ar dhoras an chéad seomra.

“Siúl isteach” arsa an glór garbh. D’oscail an iníon is sine an doras agus isteach léi. Tar éis an doras a oscailt chonaic sí seanfhear gránna le féasóg mhór fhada liath a bhí ag síneadh síos go talamh ina shuí ag an mbord.

Istigh sa seomra, bhí cearc, coileach agus bó ina luí in aice leis an sorn. D’inis an iníon is sine don seanfhear faoinar tharla di agus d’fhiafraigh sí de an mbeadh lóistín aige a bheadh ar fáil ar feadh na hoíche.

“A Choiligh dheas,
A Chearc dheas,
Agus tusa, a Bhó dheas,
Cad a deir sibh anois?” arsa an seanfhear gránna.

“Ducs” a d’fhreagair na beithígh: agus is dócha gur chiallaigh sé seo go raibh na beithígh sásta mar gur lean an seanfhear ar aghaidh. “Tá neart anseo,” arsa an seanfhear. “Téigh isteach sa gcistin agus réitigh suipéar deas dúinn.”

Chuaigh an iníon is sine isteach sa gcistin agus réitigh sí suipéar úr álainn. Ach ar ndóigh, nuair a bhí an béile deas déanta aici thug sí faoi deara go raibh dearmad déanta aici ar na hainmhithe bochta.

Mar sin féin leag sí amach an bord don suipéar di féin agus don seanfhear amháin agus shuigh sí síos os comhair an tseanfhir agus d’ith sí an suipéar ar fad go dtí go raibh sí lán go béal.

Nuair a bhí an suipéar ar fad ite agus an iníon is sine breá sásta, thosaigh sí ag éirí tuirseach. “Táim ag éirí tuirseach, cá bhfuil mo leaba don oíche?” arsa an iníon is sine.

“D’ith tú leis,
D’ól tú leis,
Ba chuma leat fúinn,
Fút féin do chinniúint!” a d’fhreagair na hainmhithe.

“Téigh suas an staighre agus gheobhaidh tú seomra leapa ansin. Croith an leaba, athraigh na braillíní agus téigh a chodladh,” a d’ordaigh an seanfhear gránna.

Chuaigh an iníon is sine suas an staighre agus rinne sí na rudaí a ordaíodh di. Leag sí a ceann ar an bpiliúr compordach agus thit sí a chodladh go sámh.

Tar éis tamaillín, tháinig an seanfhear gránna isteach chuici faoi sholas coinnle. Ní dhearna sé faic ach a cheann a chroitheadh. Agus nuair a chonaic sé go raibh sí ina codladh go sámh, d’oscail sé comhla thógála a bhí thíos fúithi agus go tobann thit sí isteach sa siléar dubh dorcha.

Níos déanaí an oíche sin, tháinig an gearrthóir adhmaid bocht abhaile agus é stiúgtha leis an ocras. Thosaigh sé ag gearán lena bhean céhile mar gur fhág sí é an lá ar fad gan aon bhéile.

“Ní dhearna mé a leithéid de rud,” arsa an bhean chéile go cantalach. “Chuaigh an iníon is sine againn amach le do lón. Is dócha gur chaill an créatúr a bealach ach gan dabht beidh sí ar ais ar maidin.”

An mhaidin dár gcionn d’imigh an gearrthóir adhmaid leis ag obair ach an uair seo d’iarr sé ar an dara hiníon a lón a thabhairt chuige.

“Tabharfaidh mé liom mála lintilí an geábh seo,” arsa an gearrthóir adhmaid. “Tá siad i bhfad níos mó ná an muiléad agus mar sin is fearr an seans go bhfeicfidh sí iad agus dá bhrí sin ní rachaidh sí amú.”

Ag meán lae, thóg an dara hiníon an lón breá in éineacht léi agus d’imigh sí léi isteach sa gcoill dhlúth. Ach mo léir, bhí na gealbhain agus na préacháin agus na héin ar fad tar éis na lintilí ar fad a ithe arís.

Shiúil an dara hiníon thart sa gcoill go dtí titim na hoíche go dtí gur tháinig sí ar an teach beag céanna lena deirfiúr. D’fhiafraigh an cailín bocht den seanfhear gránna an mbeadh lóistín agus béile aige di ar feadh na hoíche.

“A Choiligh dheas,
A Chearc dheas,
Agus tusa, a Bhó dheas,
Cad a deir sibh anois?” a d’fhiafraigh an seanfhear arís de na hainmhithe.

“Ducs” a d’fhreagair na beithígh. Agus tharla gach rud mar a tharla an lá roimh ré.

Rinne an dara hiníon béile álainn agus d’ith sí agus d’ól sí in éineacht leis an seanfhear gránna ach níor bhac sí leis na hainmhithe ach oiread.

Nuair a d’fhiafraigh an dara hiníon faoina leaba, d’fhreagair na beithígh ocracha arís:

“D’ith tú leis,
D’ól tú leis,
Ba chuma leat fúinn,
Fút féin do chinniúint!”

Agus arís nuair a thit sí a chodladh go sámh, chroith an seanfhear gránna a cheann agus lig sé di titim isteach sa siléar dubh dorcha.

Ar an tríú maidin agus gan aon mhaith déanta arís, dúirt an gearrthóir adhmaid lena bhean chéile an iníon is óige a chur amach lena lón an geábh seo. “Tá an iníon is óige againn go maith agus tugann sí aird orm i gcónaí, ní rachaidh sí amú ar nós na beirte eile,” arsa an gearrthóir adhmaid. “Ach an gcaithfidh mé iníon mo chroí a chaillfidh freisin?” arsa an bhean chéile.

“Ná bí buartha,” arsa an gearrthóir adhmaid. “Tá sí ró-chliste agus ró-ghlic le dul amú. Tabharfaidh mé liom piseanna an geábh seo agus fágfaidh mé i mo dhiaidh ar an gcosán iad. Tá siad i bhfad níos mó ná na lintilí agus mar sin is fearr an seans go bhfeicfidh sí an cosán agus nach rachaidh sí amú.”

Agus d’imigh an iníon is óige léi isteach sa gcoill an mhaidin sin le ciseán sóláistí blasta ina lámh aici. Ach mo léir, bhí na colúir ar fad tar éis na piseanna go léir a ithe agus ar ndóigh ní raibh a fhios ag an iníon is óige cén bealach a rachadh sí anois. Bhí an créatúirín bocht trína chéile agus í ag smaoineamh ar a hathair a bheadh fágtha stiúgtha leis an ocras arís! Faoi dheireadh, nuair a bhí sé ag éirí dorcha, chonaic sí an solas beag ag teacht ón teachín beag sa choill. Nuair a shroich sí an teach, d’fhiafraigh an iníon is óige den seanfhear gránna an mbeadh áit aige di le fanacht ar feadh na hoíche.

Agus arís d’fhiafraigh an seanfhear gránna de na beithígh ocracha:

“A Choiligh dheas,
 A Chearc dheas,
 Agus tusa, a Bhó dheas,
 Cad a deir sibh anois?”

“Ducs,” a d’fhreagair siad arís. Leis sin, sheas an iníon is óige isteach ag an sorn sa seomra agus chrom sí síos go réidh chuig na beithígh. Chuimil sí an coileach agus an chearc agus thochais sí an bhó idir na hadharca móra fada. Ina dhiaidh sin réitigh sí béile mar a d’ordaigh an seanfhear gránna. Fad is a bhí sí ag réiteach an bhoird don dinnéar, d’fhiafraigh an iníon is óige di féin: “An ceart go mbeadh neart agamsa nuair nach bhfuil aon rud ag na beithígh? Tá bia le spáráil taobh amuigh, bheadh sé chomh maith dom cúram a dhéanamh de na beithígh ar dtús.” Chuaigh sí amach taobh amuigh agus thug sí isteach eorna a bheirigh sí don chearc agus don choileach. Ansin thug sí isteach féar deas milis don bhó.

“Ithigí libh,” arsa an iníon is óige leis na beithígh. “Agus má bhíonn tart oraibh gheobhaidh mé deoch deas úr daoibh.”

Fuair an iníon is óige babhla uisce do na beithígh. Chrom an coileach agus an chearc síos chun an deoch a ól mar a dhéanann éin agus d’ól an bhó ón mbuicéad uisce a líonadh di. Nuair a bhí na beithígh breá sásta ansin agus an tart a bhí orthu múchta, shuigh an iníon is óige síos ag an mbord in éineacht leis an seanfhear gránna agus d’ith sí an béile blasta a bhí ann di. Tar éis tamaill chuir an coileach agus an chearc a gceann isteach faoina sciatháin agus luigh an bhó siar chun le dul a chodladh ar feadh na hoíche. “Oíche mhaith,” arsa an iníon is óige leis na hainmhithe agus thit siad a chodladh.

Agus arís dúirt an seanfhear gránna:

“A Choiligh dheas,
A Chearc dheas,
Agus tusa, a Bhó dheas,
Cad a deir sibh anois?”

D’fhreagair na hainmhithe uair amháin eile, “Ducs:

D’ith tú linn,
D’ól tú linn,
Chaith tú linn go lách,
Go gcodlaí tú go sámh.”

Leis sin, chuaigh an iníon is óige suas an staighre agus d’athraigh sí na braillíní ar an leaba agus thit sí a chodladh go sámh. Tar éis tamaillín chuala sí torann mór a dhúisigh de phreab í. Croitheadh an teach ar fad agus bhain sé geit as na hainmhithe. Chuaigh na hainmhithe i bhfolach sa chúinne le faitíos, bhí na soithí sa chófra ag crith agus thit an díon isteach de phlimp. Ach go tobann, chuaigh gach rud i gciúnas. Ach ar ndóigh níor tharla tada don iníon is óige agus mar sin thit sí ar ais a chodladh. An mhaidin dár gcionn, dhúisigh an iníon is óige agus radharc álainn amach os a comhair. Bhí an seomra ina raibh sí anois geal agus galánta agus bhí bláthanna áille óir ar an mballa agus bhí an t-urlár lán le féar breá glas. Freisin, bhí stól in aice leis an leaba agus slipéir lán péarlaí leagtha ar bharr an stóil. Bhí an iníon is óige cinnte go raibh sí ag brionglóideach agus leis sin tháinig triúr searbhóntaí óga a bhí gléasta go foirmeálta isteach agus d’fhiafraigh siad di cad iad na horduithe a bhí aici. “Imígí libh,” arsa an iníon is óige. “Éireoidh mé anois agus réiteoidh mé bricfeasta don seanfhear agus ansin tabharfaidh mé rud le hithe do na hainmhithe.”

Osclaíodh an doras go réidh agus tháinig fear óg dathúil isteach sa seomra. “Is mise mac an Rí,” arsa an fear óg. “Fadó chuir cailleach ghránna faoi gheasa mé agus rinneadh seanfhear díom agus cuireadh iallach orm cónaí sa teach seo sa choill liom féin in éineacht le mo thriúr searbhóntaí a ndearnadh coileach, cearc agus bó díobh. Níorbh fhéidir an draíocht a bhriseadh ach amháin dá dtiocfadh cailín óg ar an teach agus cineáltas a thaispeáint, ní hamháin domsa ach do na beithígh chomh maith. Is tusa an cailín sin! Agus aréir ag meán oíche, saoradh muid agus rinneadh mo phálás ríoga den teach dearóil seo arís.”

Leis sin, dúirt mac an Rí leis na searbhóntaí fios a chur ar mhuintir na hiníne is óige chun a bheith láthair don bhainis. “Cá bhfuil mo dheirfiúracha?” a d’fhiafraigh an iníon is óige go fiosrach. “Dhún mé sa siléar iad ach ar maidin tabharfar isteach sa choill iad chun freastal ar dóire gualaigh go dtí go mbeidh ceacht foghlamtha acu agus iad feabhsaithe sa gcaoi nach ligfidh siad d’ainmhithe bochta a bheith ocrach arís.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *