Eolas Fúinn

D’eascair an áis seo as tréimhse scoláireachta Fullbright a chaith an tOllamh Kevin Scannell le hAcadamh an hOllscolaíochta Gaeilge in ionad an Acadaimh i gCarna. Comhfhiontar is é í idir Kevin agus beirt bhall an Acadaimh – Séamus Ó Coileáin agus Seathrún Ó Tuairisg.

Kevin Scannell

Tá Kevin ina Ollamh le Matamaitic agus Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis, Missouri. Is as Bostún Mheiriceá ó dhúchas é. Oibríonn sé i gcomhar le grúpaí ar fud an domhain chun acmhainní ríomhaireachta a fhorbairt a chuidíonn leo a dteanga dhúchais a úsáid ar líne.

Séamus Ó Coileáin

Tá Séamus ag léachtóireacht le Léann an Aistriúcháin le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar champas Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is aistritheoir teicniúil agus litríochta é le breis is scór bliain. Tá roinnt aistriúchán litríochta i gcló aige (le fáil ach cuardach a dhéanamh sa liosta). Is ó Áth an tSléibhe in Iarthar Luimnigh dó ó dhúchas

Seathrún Ó Tuairisg

Tá Seathrún ag obair in Aonad na Teicneolaíochta Faisnéise in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Néamhann Ní Dhonnghaile

Mac léinn sa tríú bliain in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. I mbun céime sa Ghaeilge agus i Léann an Aistriúcháin. Ón Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain.

Courtney Nic Uilis

Mac léinn sa tríú bliain in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. I mbun céime i Léann an Aistriúcháin agus i Léann na Cumarsáide. Is as Tigh Thalainn in Oirthuaisceart Chontae Mhuineacháin í.

Leo Oisíneach Mac an tSaoir

Dalta idirbhliana i bPobalscoil an Ghleanna. Is as Baile Liam i gContae na Gaillimhe é.