Eolas faoin Aistriú Litríochta

Bunachar inchuardaithe na saothar aistriúcháin ba bhunsmaoineamh leis an suíomh seo, bunachar a bheadh áisiúil d’aistritheoirí litríochta agus iad ag cuimhneamh ar shaothar a aistriú – d’fhéadfaí a fháil amach ar aistríodh saothar cheana nó an bhfuil duine eile ag obair ar an saothar cheana féin. Áis do thaighdeoirí atá ann chomh maith a bheadh ag iarraidh taighde a dhéanamh ar aistritheoir, ar údair a aistríodh, ar rabhartaí agus ar laga trá an aistriúcháin, etc.

Beartaíodh ar chur le háis sin an bhunachair agus suíomh a chruthú a bheadh ina lár-ionad don aistriú litríochta, do léitheoirí agus d’aistritheoirí araon. Dá bhrí sin, déanfar iarracht oiread agus is féidir léirmheasanna ar aistriúcháin a chur ar fáil, idir léirmheasanna a rinneadh cheana agus léirmheasanna nua.

Anuas air sin, cuirfear blaiseadh de shaothar atá daoine a aistriú faoi láthair ar fáil d’fhonn aiseolas a fháil do na haistritheoirí agus éileamh an phobail a mheas.

Tugtar deis do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl faoi na léirmheasanna agus na haistriúcháin, agus tá súil againn go gcothófar plé agus díospóireacht a chuirfidh borradh faoin aistriú litríochta.

Tá súil againn cur leis an suíomh amach anseo agus míreanna eile a chur ar fáil, dá leithéidí taighde ar an aistriú litríochta Gaeilge.

Is féidir tuairimí agus moltaí a chur in iúl ach leas a bhaint as an bhfoirm theagmhála faoin mír ‘Leabhar a Mholadh’.