Fabhalscéal Fada

An Dá Loscán

Bunscéal: The Two Frogs
Bunteanga: Leagan Béarla de scéal ón tSeapáin
Údar: Andrew Lang
Leabhar: The Pink Fairy Book

Aistritheoir: Trianna Ní Cheallaigh

An Dá Loscán

Tráth dá raibh sa tSeapáin mhair dhá loscán, ceann acu ina chónaí i gclais in aice le baile Ósaca, cois na trá, agus bhí cónaí ar an gceann eile i sruthán a rith trí chathair Chiótó. Níor chuala loscán amháin trácht ar an gceann eile riamh, is iad ina gcónaí i bhfad ar shiúl óna chéile; ach, ar bhealach greannmhar, tháinig an nóisean céanna isteach ina gceann acu, go raibh siad ag iarraidh beagán beag bídeach den domhan a fheiceáil. Theastaigh ón loscán as Ciótó dul ar cuairt chuig Ósaca agus theastaigh ón loscán as Ósaca cuairt a thabhairt ar Chiótó, mar a raibh caisleán an Mikado Mhóir.

Is leis sin, bhuail an bheirt acu an bóthar fada a shín ó Chiótó go Ósaca, maidin bhreá  amháin san earrach, ceann acu ag bun an bhóthair is an ceann eile ag barr an bhóthair. Bhí turas an-tuirsiúil ag an mbeirt acu – fadhb í seo nach raibh aon choinne acu léi riamh toisc nach raibh cliú acu faoi chúrsaí taistil. Agus iad leath bealaigh, d’éirigh cúrsaí casta nuair a tháinig siad ar shliabh a bhí orthu a dhreapadh. Thóg sé an t-uafás ama orthu, agus go leor leor preabanna, an barr a shroicheadh, ach iad ann faoi dheireadh, bhí alltacht orthu beirt bualadh leis an  gceann eile. D’fhéach siad ar a chéile ar feadh nóiméid gan aon rud a rá, ansin thosaigh siad a gcomhrá, ag míniú cúise a dteachta le chéile, is iad píosa fada ó bhaile. Ba dheas é a fháil amach go raibh an plean céanna ag an mbeirt acu – beagán níos mó faoina dtír dhúchais a fhoghlaim – ní raibh aon deifir orthu is lig siad a scíth in áit dheas fhionnuar thais, is bhí siad ar aon intinn go mbeadh sos breá acu sula bhfágfadh siad slán ag a chéile.

“Is mór an trua é nach bhfuil muid níos mó,” arsa loscán Ósaca; “dá mbeadh, bheadh muid in  ann an dá bhaile a fheiscint as seo, is a fháil amach an fiú dul ar aghaidh.”

“Bhuel, is furasta an fhadhb í sin,” arsa loscán Chiótó. “Níl orainn ach ár gcosa a chur fúinn, is greim a choinneáil ar a chéile agus beidh muid ábalta breathnú ar an mbaile a bhfuil muid    ag dul ann.”

Thaitin an smaoineamh seo go mór leloscán Ósaca, léim sé suas i dtobainne agus  chuir sé a lámha ar ghuaillí a charad, a bhí ar a chosa deiridh faoin am seo freisin. Is iad ina seasamh ansin, ag searradh a gcorp chomh fada agus arbh fhéidir leo, rug siad greim ar a chéile ionas nach dtitfeadh siad síos ar an talamh. Chur loscán Chiótó a shrón i dtreo Ósaca, is loscán Ósaca a shrón i dtreo Chiótó; rinne siad amadán díobh féin nuair a lig siad i ndearmad go mbíonn a súile i gcúl a gcinn acu, is cuma cén treo a dhírigh siad a srón, bhí a súile dírithe an treo eile sa dóigh go raibh siad beirt ag breathnú ar ais ar a mbaile dúchais.

“Och, a naí ó!” a scairt loscán Ósaca, “Tá Ciótó díreach cosúil le Ósaca. Níl amhras ar bith  orm nach fiú leanúint ar aghaidh. Abhaile liom!”

“Dá mbíodh sé ar eolas agam nach raibh in Ósaca ach cóip de Chiótó, ní thiocfainn an bealach seo ar fad,” a scread an loscán as Ciótó, is seo á rá aige, bhain sé a lámha de ghuaillí a charad, is thit  an bheirt acu ar a dtóineanna.

D’fhág siad slán ag a chéile go béasach, is d’imigh leo abhaile, is go dtí lá a mbáis, chreid siad gur mhar a chéile iad Ósaca is Kiota, atá chomh difriúil lena chéile agus is féidir le dhá bhaile a bheith.

Leave a Reply

Your email address will not be published.