Fabhalscéal Fada

An Triúr Deartháireacha

Bunteideal: The Three Brothers
Bunleabhar: Pink Fairytale Book (1897) le Andrew Lang
Aistritheoir: Séamus Ó Coileáin

Bhí fear ann fadó, agus is fadó a bhí, agus bhí triúr mac aige, ach ní raibh de mhaoin sa tsaol aige ach an teach ina raibh cónaí orthu go léir le chéile. Bhí an cion céanna aige ar gach duine de na mic gan aon ‘pháistín fionn’ aige ina measc agus dá bhrí sin níor mhaith leis an teach, an t-aon sealúchas a bhí aige ar dhroim an tsaoil mhór, a fhágaint le hoidhreacht ag aon duine acu thar an mbeirt eile. D’fhéadfadh sé an teach a dhíol, dar ndóigh, agus an t‑airgead a roinnt go cothrom eatarthu, ach ba mhór an drogall a bhí air scaoileadh le teach a bhí sa teaghlach agus ag a shinsir leis na glúnta. Rinne sé a mharana agus cheap sé plean.

“Imígí amach faoin saol, agus aimsígí céird an duine daoibh féin. Tagaigí thar n-ais ansin chugam arís agus taispeánaígí bhur gcuid ceadaíochta dom. An té is fearr agaibh an uair sin, is aige-sean a fhágfaidh mé an teach le hoidhreacht,” ar seisean leo.

Bhí na buachaillí breá sásta leis sin. Theastaigh ón duine ba shine a bheith ina ghabha, theastaigh ón duine ba leathshine a bheith ina bhearbóir agus theastaigh ón duine ab óige a bheith ina phionsóir nó ina fhear claímh. Bhí go maith is ní raibh go holc. Tháinig an lá a bhíodar in ainm is imeacht agus chuir siad go léir chun bóthair.

D’aimsigh an buachaill ba shine gabha den scoth agus thosaigh sé ag obair leis agus iad ag cur crúite ar chapaill an rí. “Níl aon dul ach gur agamsa a bheidh an teach anois,” ar seisean, “agus an cheardaíocht iontach atáim a dhéanamh.” Maidir leis an dara mac, níorbh fhada go raibh seisean ag bearradh ghuaig agus fhéasóga na ndaoine ab uaisle sa ríocht agus bhí seisean chomh cinnte de féin is bhí an deartháir ba shine. Chuaigh an mac ab óige i mbun na pionsóireachta agus cé nár éirigh leis i gcónaí, bhí sé diongbháilte agus díocasach agus choimeád sé leis. “Cleachtadh a dheineann máistreacht,” ar seisean leis féin, “agus má leanaim orm ag cleachtadh is cinnte gur agamsa a bheidh an teach.”

B’in mar a bhí acu agus gach aon duine acu ag cleachtadh a chéirde agus níor bhraith siad an bhliain ag imeacht. Tháinig an lá i ndeireadh na dála agus d’fhill an triúr acu ar an mbaile agus ar a n-athair. Agus an ceathrar acu ina seasamh os comhair an tí, bhí na mic ag iarraidh teacht ar bhealach éigin chun a gcuid scileanna a thaispeáint don athair. Labhair an bearbóir ansin: “Féachaigí ar an ngiorria sin thall atá ag rith inár dtreo,” ar seisean. Bhain sé amach báisín uisce agus gallúnach agus rinne sé cúr; chuir se faobhar ar a rásúr agus nuair a ghabh an giorria tharastu ar luas lasrach, bhearr sé a fhéasóg agus a ghuairí agus níor bhraith an giorria faic.

Как нарисовать сказку Братьев Гримм "Три брата"?

Rinne an t-athair comhghairdeas leis as a sciliúlacht agus thréitheacht agus dúirt sé gur aigesean a bheadh an teach le fáil mura bhféadfadh éinne den bheirt eile é a shárú.

Bhí siad ag caint leo ar éacht an bhearbóra agus chonaic siad capaill agus cóiste ag déanamh orthu. “Feicfidh tú anois a bhfuilimse in ann a dhéanamh,” arsa an dara mac, an gabha. Tharraing sé chuige a ghiúirléidí – casúr, tairní, agus araile – agus rith sé i ndiaidh an chapaill. I bhfaiteadh na súl, bhain sé na ceithre chrú de chrúba an chapaill agus chuir sé crúite nua air gan cur isteach ná amach ar rith an ainmhí.

Сказка Три брата - Читать детям бесплатно онлайн

“A thiarcais!” arsa an t-athair, “ní fhaca mé a leithéid de thaispeántas riamh i mo shaol. Is deacair an rogha a bheidh le déanamh agam idir an bheirt agaibhse!”

Bhí an tríú mac ag déanamh a mharana féachaint conas a thaipeánfadh sé a chuid scileanna dá athair nuair a thosaigh sé ag cur báistí. Bhain sé amach a chlaíomh agus thosaigh sé á luascadh anonn is anall os cionn chloigeann a athar ionas nár thit oiread is braon amháin de na braonacha fánacha a bhí ag titim ar a bhaithis. De réir a chéile thosaigh níos mó braonacha ag titim níos tapúla go dtí go raibh sé ag clagarnaigh amhail is gur oscail an spéir agus go raibh eas ag sreabhadh anuas uaithi. Mar sin féin, luasc sé an claíomh ní ba thapúla agus ní ba dheislámhaí agus coinnigh sé baithis a athar chomh tirim is dá mbeadh scáth fearthainne os a chionn.

“Níl dabht ar bith ann ach gur máistir-phionsóir thú, a mhic,” arsa an t-athair, “agus is agatsa a fhágfaidh mé an teach le hoidhreacht.” Rinne an bheirt deartháireacha eile comhghairdeas leis óir ba mhór an cion a bhí acu ar a chéile agus d’admhaigh siad beirt go raibh scil thar na bearta ag an deartháir ab óige. D’fhan an triúr acu sa teach agus lean siad orthu ag cleachtadh a gceirde féin agus níorbh fhada go raibh clú agus cáil orthu ar fud na dúichí. Rinne siad triúr saibhreas breá agus mhair siad go sona sásta go raibh aois mhór bainte amach acu agus nuair a fuair an chéad duine acu bás, ba mhór an méala a bhí ar an mbeirt eile agus d’éirigh siad breoite dá bharr agus cailleadh iad gan mhoill. Cuireadh an triúr acu aon aon uaigh amháin.

Leave a Reply

Your email address will not be published.