Fabhalscéal Fada

Peadar Mac an Tairbh

Bunscéal: Peter Bull
Bunteanga: Leagan Béarla de scéal ón nDanmhairg
Údar: Andrew Lang
Leabhar: The Pink Fairy Book

Aistritheoir: Evan Ó Gríofa


In am i bhfad, i bhfad siar, bhí feirmeoir agus a bhean chéile ag cur futhu i ngleanntáin ghlasa na Danmhairge. Bhí feirm ollmhór rathúil acu, a raibh chuile ní faoin spéir le fáil ann ach faraor ní raibh aon chlann dá gcuid féin ag teacht ina ndiaidh. Ba mhinic é seo mar ábhar comhrá idir an lánúin phósta, ní raibh aon duine dá sliocht féin acu a bheadh ábalta smacht a thógáil ar gach a raibh bainte amach ag an mbeirt nuair a thiocfadh an dé deiridh. Mar sin féin níor chur sé seo pioc imní ná díomá orthu. Lean siad orthu ag obair go dian dícheallach ó dhubh go dubh agus chuir siad go mór lena saibhreas, cé nach mbeadh aon mhaith dhóibh ann nuair rachaidís i gcré.                                            

Bliain amháin mar a tharla sé, bhí bullán beag gleoite ina seilbh acu ar ar bhaist siad an t‑ainm Peadar. Ba é an t-ainmhí ab áille ar tháinig siad trasna air riamh. Bhí sé rí-ghleoite agus an-chríonna. Chreidtí gur thuig sé chuile ní agus focal a tháinig amach as béal na ndaoine. De réir na mná agus an fhir, bhí an bullán chomh lách, chomh ceannúil agus chomh séimh is gur bhreathnaigh siad air mar a bheadh gasúr dá gcuid féin.

Lá amháin agus an fear ag cur trioblóidí an tsaoil as a cheann, chuir sé ceist ar a bhean “Meastú an mbeadh cléireach an pharóiste in ann Peadar a mhúineadh ionas go mbeadh sé ábalta labhairt? Sa gcás go mbeadh go sé in ann labhairt, ní chuirfeadh aon ní eile faoin spéir níos mó de ghliondar ar mo chroí ná é a uchtú mar mhac agus gach atá bainte amach againn a fhágáil aige nuair a thiocfaidh an lá.”

‘Muise, sin ceist mhaith’, a d’fhreagair a bhean céile. ‘Tá an-chloigeann ar ár gcléireach, más tada é tá sé i bhfad níos oillte ná an fear a tháinig roimhe. Déarfainn féin go mbeadh seans maith ann go bhféadfadh sé Peadar a chur ag caint, m’anam nach bhfuil droch‑cheann ar Pheadar ach an oiread. Níl aon dochar ceist a chur ar an gcléireach ar aon chaoi.’

Bhuail an fear bóthar agus thug sé a aghaidh chuig an gcléireach. D’fhiafraigh sé de ar cheap sé an raibh mórán seans ann go múinfeadh sé do bhullán dá gcuid cén chaoi labhairt, de bharr go raibh siad ag iarraidh an oidhreacht a fhágáil aige lá níos faide anonn.

Ní amadán ar bith a bhí sa gcléireach. Bhreathnaigh sé ina thimpeall sular fhreagair sé, ar fhaitíos go gcloisfeadh aon duine eile an comhrá. ‘Cinnte, ní bheidh stró dá laghad orm é sin a dhéanamh,’ a dúirt an cléireach i gcogar. ‘Ach ar chraiceann do chluaise ná habair le aon duine faoi, nó beidh mise i dtrioblóid má fhaigheann daoine scéal air seo de bharr go bhfuil cosc ar an gceird seo. Cosnóidh sé pingin mhaith ort ó tharla go bhfuil leabhair an-chostasach le ceannacht agam.’

‘Is cuma faoin gcostas,’ arsa an fear. Níor chuir costas ná airgead gangaid as dhóibh. Tugadh céad euro don chléireach mar thús‑íocaíocht chun na leabhair a cheannacht, gheall sé nach mbeadh fios ag aon duine ar an scéal agus bhí an fear chun an lao a thabhairt chuige sa tráthnóna. Shín an fear céad euro isteach i mbos láimhe an chléirigh, thug sé an lao thimpeall chuige an tráthnóna úd agus thug an cléireach a fhocal go ndéanadh sé a sheacht míle dícheall leis an lao.

In imeacht seachtaine, d’fhill an feirmeoir ar an gcléireach ionas go bhfeicfeadh sé an dul chun cinn a bhí déanta ag an mbullán. D’adhmaigh an cléireach nach raibh sé ag fáil meabhair ná mothú ar a raibh ag dul ar aghaidh. Ní raibh Peadar, an bullán, ag tabhairt móran airde air; ní stopadh sé ach ag geonaíl. Níos measa fós, nuair a thiocfadh an cléireach ar ais chuig an mbullán chun tuilleadh a mhúineadh dhó, bhíodh dearmad glan déanta aige ar gach a raibh inste dhó roimh ré ach mar sin féin dúirt an cléireach go raibh ag éirí go maith leis an bhfoghlaim. D’iarr an cléireach céad euro eile chun níos mó leabhar riachtanach a cheannacht, shín an feirmeoir an t-airgead chuige ar an bpointe boise agus d’imigh sé leis abhaile chuig a bhean agus é muiníneach go maith as an méid a chonaic sé.

D’éirigh an ghrian, d’imigh an lá agus chuaigh seachtain eile thairis, tháinig an feirmeoir ar cuairt arís chuig an gcléireach agus chuig an mbullán chun an dul chun cinn a bhí déanta ag Peadar faoin am seo a fheiceáil.

‘Tá sé ag treabhadh leis,’ a dúirt an cléireach.

‘Seans nach bhfuil aon fhocal ina phluca fós,’ a d’fhiafraigh an feirmeoir go cneasta.

‘Óra, tá cinnte,’ arsa an cléireach, ‘tá sé ábalta MÚ a rá go breá soiléir anois.’

‘An gceapann tú go dtiocfadh tuilleadh feabhais ar a chuid oideachais?’ a d’fhiafraigh an feirmeoir.

‘Gan dabht, tiocfaidh,’ arsa an cléireach, ‘ach go dteastóidh céad euro eile uaim i gcomhair níos mó leabhar a fháil. Níl na leabhair atá agam faoi láthair ag déanamh maitheas ar bith do Pheadar.’

‘Sin sin, caithfear é íoc. Cibé costas a theastaíonn, íocfar é,’ a deir an fear.

Thug an feirmeoir an tríú clúdach céad euro don chléireach chun leabhair a cheannacht agus d’fhág sé baraille mór de bheoir do Pheadar. Is é an cléireach féin a d’ól an beoir agus thug sé bainne don bhullán de bharr gur chreid seisean gurbh é sin an rud ba cheart a dhéanamh.

D’imigh roinnt seachtainí, agus níor tháinig an feirmeoir ar cuairt chuig an gcléireach ná chuig an mbullán, ar eagla go mbeadh air scaradh le cúpla céad euro eile. Bhí sé ag éirí tuatach lena chuid airgid. I láthair na huaire, shocraigh an cléireach go raibh an bullán chomh ramhar is a d’fhéadfadh sé a bheith agus bheartaigh sé an lao a mharú. Nuair a bhí an mhairtfheoil ar fad bailithe ag an gcléireach de chnámha an ainmhí, a chuid éadaí dubha curtha air féin aige, rinne sé a bhealach chomh fada le teach an fheirmeora.

‘Bail ó Dhia oraibh,’ a dúirt an cléireach. ‘Ar tháinig Peadar abhaile anseo go fóill?’

“Maith dhuit, m’anam nár tháinig fós ar aon chaoi,’ a d’fhreagair an fear. ‘Dár ndóigh, ní hé gur éalaigh sé, an ea?”

“Tá súil agam nach ea,’ arsa an cléireach “Tar éis an méid ama atá caite agam ag iarraidh an diabhal de lao sin a chur a chaint, ní bheinn ag súil go ndéanfadh sé a leithéid de rud. Bhí orm céad euro de mo chuid airgid féin ar laghad a chaitheamh ar leabhair dhó sular thug mé chuig ceann scríbe é lena chuid cainte. Tá sé lán ábalta rud ar bith is mian leis a rá anois, agus mar sin dúirt sé liom inniu gur mhian leis a thuismitheoirí a fheiceáil arís. Bhí mé ag iarraidh a mhian a ghealladh dhó ach go raibh imní orm nach mbeadh a fhios aige cén chaoi a bhealach a dhéanamh chomh fada libh leis féin, agus réitigh mé mé féin chun dul ina chuideachta. Nuair a bhí mé taobh amuigh den doras, bhí dearmad déanta agam ar mo mhaide agus chuaigh mé isteach arís chun é a fháil. Ach céad faraor géar, nuair a tháinig mé amach aríst, ní raibh dé ná deatach le feiceáil ar Pheadar. Cheap mé cinnte go mbeadh sé anseo romham ach muna bhfuil sé anseo, níl cliú na ngrást agam cá bhfuil sé!”

Thosaigh a bheirt phósta ag osnaíl go ciúin de bharr go raibh Peadar tar éis iad a thréigean i ndrochbhealach díreach nuair bhí siadsan chun taitneamh a bhaint as a chomhluadar agus go háirithe an méid airgid a bhí caite acu ar a chuid oideachais. An rud is mó a chuir as dhóibh anois ná nach raibh aon duine acu ag a bhfágfadh siad a n-oidhreacht le huacht. Rinne an cléireach sólás dóibh chomh maith in Éirinn arbh fhéidir leis. Chuir sé in iúl an strus a bhí air féin de bharr an eachtra ar fad, níor chreid sé go bhféadfadh Peadar a leithéid a dhéanamh díreach nuair ba cheart meas agus onóir a bheith léirithe aige ar a mháistir. B’fhéidir nach raibh ann ach go raibh sé imithe amú agus bhí sé chun é seo a fhógairt ag aifreann an Domhnaigh, ar fhaitíos go dtáinig aon duine eile trasna air an mbullán. Ghlac an cléireach buíochas leis an lánúin, ghuígh sé chuile bheannacht orthu agus d’imigh sé leis.  Chuaigh an cléireach abhaile agus d’ith sé pláta breá feola de chuid an bhulláin ansin, gan pioc náire air.

Mar a tharla sé, ar an mbealach ar ais don chléireach, tháinig sé trasna ar pháipéar nuachta, bheartaigh sé na scéalta a bhí sa nuachtán a léamh le linn a dhinnéir. Ceann de na scéalta a tharraing a shúil ná ceannaí nua a bhí tagtha chuig an mbaile mór darbh ainm ‘Peadar Mac an Tairbh’. Chuir sé an nuachtán síos ina phóca agus rinne sé a bhealach arís chuig an lánúin phósta a bhí fós ag olagón an bhulláin. Léigh sé an t-alt dhóibh agus dúirt go glic “ Meas sibh an bhfuil aon seans ann gurb é seo bhur mbullán, Peadar?”

“Is é atá ann cinnte, cé eile a bheadh ann?” arsa an feirmeoir.

Labhair an bhean amach agus dúirt sí lena fear: ‘Maith fear, réitigh ort agus bí ag imeacht agus téirigh chun é a fheiceáil, mar is é atá ann. Táim lán-chinnte dhe. Tabhair leat roinnt mhaith airgid freisin, seans maith go mbeidh airgead uaidh de bharr gur ceannaí é anois!”

Ag breacadh na gréine an lá dár gcionn, bhí an fear ar a bhealach chuig an mbaile mór áit a raibh an ceannaí ag cur faoi, le mála mór airgid ar a dhroim, ceapaire ina phóca agus píopa ina bhéal. Ní aistear gearr ar bith a bhí ann, thóg sé 7 lá agus 7 n-oíche ar an bhfear sular shroich sé an baile mór. Nuair a shroich sé an baile mór ag breacadh an lae, fuair sé teach an cheannaí agus d’fhiafraigh sé a raibh sé sa mbaile. Dúradh go raibh sé sa mbaile ach nach raibh sé ina shuí go fóill.

“Tá sin ceart go leor, is mise a athair,” arsa an feirmeoir “Taispeánaigí an bealach chuig a sheomra codlata dhom le bhur dtoil,” arsa seisean.

Tugadh chomh fada le doras an tseomra é agus chuir sé a chos thar tairseach an dorais chun súil a leagan ar an gceannaí, d’aithnigh sé é láithreach bonn. Bhí a bhaithis agus a mhuinéal chomh leathan mar a bhí ariamh chomh maith leis an ghruaig rua chéanna. An t-aon difríocht a bhí ann ná gur duine a bhí ann anois seachas lao. Rith an feirmeoir suas chuige agus thug sé fáisceadh maith dhó. “ A Pheadair,” arsa seisean. “Ní thuigeann tú an crá croí a thug tú dom féin agus do do mháthair ó d’éalaigh tú ón mbaile agus muid díreach tar éis oideachas den scoth a chuir ort! Éirigh go beo agus searr tú féin ionas go bhfeicfidh mé ceart tú agus beidh comhrá againn.”

Ní raibh a fhios ag an gceannaí ó thalamh na spéire cén gealt a bhí tagtha os a chomhair, cheap an ceannaí gur ag iarraidh rudaí a ghoid go rúnda a bhí an feirmeoir.

“Maith go leor,” arsa an ceannaí. “ Éireoidh mé anois díreach,” agus crith ina ghlór. Rinne an ceannaí de réir a fhocail, d’éirigh sé amach as an leaba agus chaith sé air a chulaith éadaí le deifir.

“Ó feicim anois a ghliceas a bhí ár gcléireach,” a dúirt an feirmeoir. “Rinne sé jab maith dhíot, mar breathnaíonn tú cosúil le duine fásta. Muna mbeadh fios ag duine air, cheapfá nach dtáinig tú ó bhó bhradach dhearg ariamh, anois a dtiocfá abhaile liom?”

“D’fhéadfá an fheirm a bheith i do sheilbh láithreach, bíodh a fhios agat,” a dúirt an fear le bród. “Beidh na seandaoine in ann éirí as ansin.  Dár ndóigh, más fearr leat fanacht sa ngnó seo is féidir leat é sin a dhéanamh freisin. An bhfuil tada de dhíth ort?”

“Tá airgead uaim, mar bíonn a leithéid ó cheannaithe an t-am ar fad,” arsa an ceannaí.

“Chreidfhainn é, ó tharla nach raibh tada agat ón tús. Táim tar éis beagán a thabhairt chugat dá bharr,” arsa an feirmeoir. Leis sin d’fholmhaigh an feirmeoir an mála mór airgid a bhí aige amach ar an mbord go dtí go raibh sé clúdaithe le boinn lonracha euro. Nuair a thuig an ceannaí cén sórt fir a bhí ós a chomhair, labhair sé leis go réidh agus go múinte agus thug sé cuireadh don fheirmeoir fanacht ar feadh cúpla lá ionas go mbeadh siad in ann aithne níos fearr a chur ar a chéile.

“Tá go maith, ach beidh ort ‘Deaide’ a thabhairt orm,” arsa an feirmeoir.

“Níl m’athair ná mo mháthair liom ar an saol seo níos mó,” arsa an ceannaí.

“Tuigim nach bhfuil,” a d’fhreagair an feirmeoir, “díoladh d’athair ar mhargadh sa nGearmáin an fómhar seo caite agus cailleadh do mháthair agus í ag cur lao ar an saol an t-earrach ina dhiaidh sin. Ach táim féin agus mo bhean céile tar éis tú a uchtú mar mhac dár gcuid féin agus is tú an t-aon oidhre atá againn. Dá bhrí sin, tá sé d’iallach ort ‘Deaide’ a thabhairt orm.”

Bhí Peadar Mac an Tairbh lán sásta a leithéid a dhéanamh agus aontaíodh gur cheart dó an t‑airgead ar fad a choinneáil, de réir mar a bhí an feirmeoir ag déanamh a uachta agus d’fhág sé gach a raibh aige féin ag a mhac nua sular fhill sé abhaile agus an scéal ar fad a insint dá bhean chéile.

Bhí sise ar mhuin na muice cloisteáil gurbh fhíor an scéal a bhí ann faoi Pheadar Mac an Tairbh, gurbh é a mbullán féin a bhí ann gan dabht.

“Tá ort imeacht láithreach agus an dea-scéala a chur in iúl don chléireach,” arsa sise, “íoc an céad euro dá chuid airgid féin leis a chaith sé ar ár mac. Tá sé tuillte go maith aige agus rud is tábhachtaí fós, tá sé tar éis an oiread sonais a thabhairt dhúinn tré mhac agus oidhre a chur inár dtreo.” D’aontaigh an feirmeoir le gach a ndúirt a bhean agus ghlac sé buíochas leis an gcléireach faoi gach a ndearna sé dhóibh agus thug sé dhá chéad euro dhó. Ina dhiaidh sin, dhíol sé an fheirm agus bhog sé féin agus a bhean chuig an mbaile mór áit a raibh a mac ina chónaí. Thug siad gach de shaibhreas a bhí acu dhó agus d’fhan siad leis go dtí an lá ar cailleadh iad.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *