Eolas faoin mBunachar

Ar cheann de na tograí ba mhó ar thug an Stát faoi tar éis a bhunaithe bhí scéim dá dtagraítear go coitianta Scéim Aistriúcháin an Ghúim. Iarracht a bhí ann ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do shaoránaigh Ghaelacha agus léitheoirí Gaeilge an stáit nua. Mórshaothair litríochta an domhain ab ábhar don scéim – ón mBéarla den chuid ba mhó ach ó theangacha eile na hEorpa agus ón Rúisis, go fiú. Cé go bhfuair daoine áirithe locht ar an scéim, d’éirigh léi um 500 sathaor litríochta a chur ar fáil ar chaighdeán an-ard.

Níorbh é sin, dar ndóigh an chéad uair a cuireadh cló na Gaeilge ar shaothair litríochta a scríobhadh i dteangacha eile, óir bhí daoine aonair ag saothrú leo roimh bhunú na scéime agus ó shin i leith. Leoga, tá borradh faoin aistriú litríochta go Gaeilge agus ón nGaeilge go teangacha eile le roinnt blianta anuas.

Iarracht is ea an suíomh seo na haistriúcháin sin go léir a thiomsú agus áis chuardaigh a chur ar fáil do dhaoine ar spéis leo taighde a dhéanamh, do léitheoirí ar mian leo leabhar nó údar faoi leith a léamh agus d’aistritheoirí atá ag cuimhneamh ar shaothar a aistriú agus ar mian leo a fháil amach ar aistríodh cheana é nó an bhfuil éinne eile á aistriú faoi láthair (tá an dáta foilsithe 3000 le saothair a bhfuiltear ag obair orthu ach nár foilsíodh fós).

Má airíonn tú leabhar a bheith in easnamh nó má tá tú ag obair ar shaothar faoi láthair, is féidir scéala chur chugainn ach cliceáil ar Leabhar a Mholadh.

Is féidir eolas a fháil fúinn agus teagmháil a dhéanamh linn ach cliceáil ar Eolas Fúinn

Go mbaine sibh idir thaitneamh agus tairbhe as an suíomh seo.