Fabhalscéal Fada

Scéal an Leathdhuine

Bunteideal: The Story of Halfman
Bunleabhar: The Violet Fairy Book, Andrew Lang, [1901]
Aistritheoir: Julieanne Ní Mhullaoidh

I mBaile an Bhreachta bhí cónaí ar an dlíodóir ba rathúla in Éirinn, mar sin féin, ní hé sin le rá gurbh eisean an dlíodóir ba shásta. Lá amháin agus é ag uisciú na bplandaí ag bun an gharraí shiúil fear aosta a fhad leis. 

“Céard atá cearr leatsa?” a d’fhiafraigh an fear, “Tá dreach imníoch ort.” 

“Ara, lig dom a mhac!” a d’fhreagair an dlíodóir go giorraisc. 

“Cad é atá ag cur isteach ort?” a cheistigh an fear arís. 

“Tá beagnach gach rud atá uaim sa saol agam: post maith, bean chéile, teach deas le garraí mór. Ach cén mhaith atá leosan mura bhfuil páiste ar bith agam lena roinnt leis?”

Thóg an fear aosta mála beag as a phóca agus dúirt sé; 

“Seo chugat bronntanas beag. Tabhair an dá fhraochán déag seo chuig do bhean agus beidh dháréag mac agat.” 

Ghabh an dlíodóir a bhuíochas leis an bhfear cineálta. Ansin rith sé ar luas lasrach isteach chuig a bhean agus d’inis sé an scéal faoin bhfear. Shuigh a bhean síos ag bord na cistine agus d’ith sí aon cheann déag acu. Ní raibh ach leath den fhraochán deireanach ite aici nuair a tháinig a deirfiúr isteach sa chistin agus thug sí an leath dheireanach di. 

Díreach mar a gheall an fear aosta, rugadh dháréag mac; bhí aon mhac déag dathúil agus láidir ach nuair a tháinig an mac deireanach ar an saol ní raibh ach leath de ann agus ba eisean an Leathdhuine. 

D’fhás na buachaillí aníos agus gan mhoill b’fhir mhóra iad. Bheartaigh siad féin agus a n-athair go raibh sé thar am bean chéile a aimsiú dóibh féin. 

“Tá cónaí ar mo dheartháir i nGleann na gCleas, tá dháréag iníonacha aige. Téigh soir agus pós iad.” arsa a n-athair leo. 

Leis sin, réitigh na mic a gcapaill agus mharcaigh siad ar nós na gaoithe chuig teach a n-uncail. Ar an dara lá dhéag casadh seanbhean orthu. 

“Bail ó Dhia oraibh a bhuachaillí,” ar sise leo, “tá súil agam go raibh turas deas agaibh. Is mná áille iad ár gcailíní anois agus is iomaí fear atá ag iarraidh iad a phósadh ach d’fhan mé féin agus bhur n-uncail oraibhse. Tagaigí chuig an teach agus beidh féasta againn!” 

Lean na deartháireacha a n-aintín chuig teachín ceann tuí agus bhí a rogha de bhia agus deoch acu. Nuair a bhí a mbolg lán thaispeáin aintín na mbuachaillí a seomra codlata dóibh ach sula raibh deis acu a gceann a chur le hadhairt bhí ar an Leathdhuine rud a insint dóibh.  

“Caithfimid éalú, ní iadsan ár ngaolta, is fathaigh iad.” arsa an Leathdhuine. 

“Ná bí seafóideach a Leathdhuine, cinnte is ár ngaolta iad. Tá tusa i bhfad róthuirseach i ndiaidh an turais.” a d’fhreagair na deartháireacha le gáire. 

Chuaigh na deartháireacha go léir a chodladh seachas an Leathdhuine, thug sé faoi deara go raibh pluid iontach dearg ar leaba na mbuachaillí agus tugadh stocaí dearga dóibh ach bhí pluid bhán ag na cailíní agus bhí stocaí bána ar a gcosa.  Nuair a bhí gach duine ina gcnap codlata d’athraigh sé na pluideanna agus na stocaí ionas go raibh bán ag na buachaillí agus dearg ag na cailíní. Ansin chuaigh sé i bhfolach taobh thiar den chuirtín agus é díreach in am mar ag an nóiméad céanna shiúil an banfhathach isteach sa seomra. 

Shiúil an banfhathach timpeall an tseomra go mall, bhí coinneal bheag ina lámh aici agus leis an mbeagán solais a bhí ag teacht uaithi scrúdaigh sí na pluideanna. Bhí iontas uirthi go raibh na pluideanna bána sa seomra seo mar shíl sí go raibh na buachaillí istigh anseo. Sheiceáil sí a gcosa agus chonaic sí na stocaí bána. Leis sin, chuaigh sí isteach chuig seomra na gcailíní. Lean an Leathdhuine í go ciúin agus ba bheag nár thit sé i laige nuair a chonaic sé an banfhathach, bhí sí ag marú a hiníonacha. Gan mhoill rith sé ar ais chuig a dheartháireacha agus dhúisigh sé iad. 

“Caithfimid éalú anois,” a d’impigh an Leathdhuine ar a dheartháireacha “tá an banfhathach ag marú a hiníonacha agus maróidh sí muidne ina ndiaidh.”

Ní raibh tuilleadh spreagadh de dhíth ar na buachaillí, léim siad amach an fhuinneog agus d’imigh siad ar nós na gaoithe. Dhúisigh an iníon is óige le geit, tháinig uafás uirthi nuair a chonaic sí céard a tharla. 

“A mhamaí cén fáth a bhfuil tú ag marú mo dheirfiúracha?” a cheistigh sí le heagla. 

Tháinig dath mílítheach ar an mbanfhathach agus rith sí léi chuig seomra na mbuachaillí ach bhí siad imithe le fada. Tháinig fearg uirthi, chinn sí go mbainfeadh sí díoltas amach. 

Mharcaigh na deartháireacha go dtí gur shroich siad lár an bhaile agus d’iarr siad ar mhuintir na háite treoracha chuig teach a n-uncail a thabhairt dóibh. Shiúil siad suas bóithrín le crainn ar a thaobh agus faoi dheireadh shroich siad teach a n-uncail.  

“Fáilte isteach,” arsa a n-uncail leo nuair a bhuail siad cnag ar an doras, “cén fáth ar ghlac sibh an méid sin ama teacht? Níl an turas ach dhá lá dhéag.” 

“Fan go gcloise tú,” a dúirt an deartháir is sine, “ba bheag nach raibh muid in ann teacht ar chor ar bith! Bhí muid curtha faoi gheasa ag fathaigh a chuir i gcéill gur tú féin agus do bhean a bhí ann. Dóbair don mbanfhathach muid a mharú ach shábháil an Leathdhuine muid sula raibh an deis aici.” 

“Maith thú, a Leathdhuine, tá sé soiléir gur tusa an deartháir is cróga agus mar sin d’fheadfá an chéad rogha de m’iníonacha a bheith agat!”

Roghnaigh an Leathdhuine an iníon is áille agus chuir sé sin éad ar a dheartháireacha. Ní raibh siad pioc sásta go raibh an chéad rogha ag an Leathdhuine, dar leosan ba chóir don deartháir is sine an chéad rogha a fháil agus bhí seisean ag iarraidh an chailín chéanna a bhí anois geallta leis an Leathdhuine. I ngan fhios don Leathdhuine smaoinigh siad ar phlean chun í a sciobadh. 

An lá dár gcionn léim na deartháireacha ar a gcapaill lena mbrídeacha agus thosaigh siad ag déanamh a mbealaigh abhaile. Stop siad ag Abhainn na hAinspride chun deoch uisce a fháil. Chuaigh an Leathdhuine síos chuig béal na habhann chun a bhuidéal a líonadh ach baineadh geit as nuair a brúdh isteach san abhainn é. Scuab an sruth chun siúil é agus d’fhág a dheartháireacha é chun bás a fháil.  

Rug iasc ildaite greim ar an Leathdhuine sular bádh é agus thóg an t-iasc é chuig taobh na habhann. Bhí an Leathdhuine trína chéile, ní raibh sé ábalta creidiúint go ndearna a dheartháireacha feall air. 

“A Leathdhuine caithfidh tú a bheith cúramach amach anseo, tá fórsaí an oilc timpeall na háite.” arsa an t-iasc, “Glac leat ceann de mo ghainní agus má bhíonn tú i mbaol arís bris é ina dhá leath agus beidh mé ann chun cabhair a thabhairt duit.”

“Go raibh míle maith agat, a chara dílis, ní dhéanfaidh mé dearmad ar do chineáltas go deo!” arsa an Leathdhuine agus thosaigh sé ag siúl abhaile. 

Bhí an Leathdhuine ag siúl trí Choill an Cheoil ach ní raibh mórán eolais aige ar an gcoill agus i ngan fhios dó féin shiúil sé díreach ar ais i dtreo an fhathaigh. Bhí an banfhathach i bhfolach taobh thiar de chrann agus rug sí greim ar an Leathdhuine.  

“Tá tú agam anois a Leathdhuine, mharaigh tú m’iníonacha agus mar gheall air sin déanfaidh mé béile asat!” arsa an banfhathach go gaisciúil, beidh a díoltas aici anois. 

Thóg sí an Leathdhuine isteach sa teach is thosaigh sí agus an fathach ag cur tine le chéile. 

“Caidé an deifir, a chairde?” a d’fhiafraigh an Leathdhuine. “Táim faoi smacht anois agus ní thig liom éalú. Táim chomh tanaí nach bhfuil fiú a dhóthain ionam le haghaidh béile iomlán. “Tuige nach bhfanfá tú go bhfuilim níos raimhre? Is blasta i bhfad a bheinn.”

“Tá an ceart agat, a Leathdhuine! Íosfaidh agus íosfaidh tú go dtí go bhfuil tú breá ramhar agus réidh le hithe.” 

Chuir an banfhathach an Leathdhuine faoi ghlas amuigh sa bhothán agus fuair sé béile d’fheoil, prátaí agus fíon gach lá ar feadh míosa. 

“Tá tú iontach ramhar anois, a Leathdhuine,” arsa an banfhathach, “beidh tú againn don dinnéar anocht!” 

“Nach gceapann tú go bhfuil an iomarca ionam duit féin, do d’fhear agus do d’iníon?” a cheistigh an Leathdhuine. “Ba chóir daoibhse cuireadh a thabhairt do bhur gcairde agus do bhur gclann agus is féidir libhse féasta ceart a dhéanamh. Tig le d’iníon fanacht anseo agus cuirfimid an tine le chéile.”

“Is smaoineamh iontach é sin, a Leathdhuine,” a d’fhreagair siad. 

Thóg an fathach roinnt adhmaid isteach agus thug sé tua don Leathdhuine ionas go mbeadh sé ábalta a ghearradh. D’fhág na fathaigh agus thosaigh an Leathdhuine ag ullmhú don tine.  

“Tar anseo chugam is coinnigh greim docht ar an smután seo.” arsa an Leathdhuine leis an gcailín.  

“Ceart go leor!” rug sí greim ar an smután chun obair an Leathdhuine a dhéanamh níos fusa.  

D’ardaigh an Leathdhuine a thua ach in áit an t-adhmad a ghearradh, thóg sé ceann na hiníne. Ansin rith sé ar nós na gaoithe amach as an mbothán. Tháinig an fathach, a bhean agus scata leo abhaile chuig an iníon a maraíodh.  

“Ó, a Chríost na bhFlaitheas, fuair an Leathdhuine an ceann is fearr orainn arís.” arsa an banfhathach go díomuach agus thosaigh sí ag caoineadh. 

Tháinig fearg ar an bhfathach agus chuaigh sé ar thóir an Leathdhuine. D’fhéach sé taobh thiar gach crann agus faoi gach cloch ach bhí an Leathdhuine breá sábháilte agus é ag barr túir iarainn.  

“Tar anseo, gheobhaidh tú mé anseo a chara,” a ghlaoigh an Leathdhuine chuig an bhfathach.  

“Conas?” bhí mearbhall ar an bhfathach, “Ní fheicim doras agus ní thig liom é a dhreapadh.”

“Níl doras ar bith ann.” arsa an Leathdhuine go postúil. 

“Conas a fuair tú do bhealach?” 

“D’iompair iasc mé ar a dhroim.” 

“Céard a dhéanfaidh mé?” 

“Téigh agus faigh do chuid cairde agus do chlann, abair leo na píosaí adhmaid a ghlacadh leo. Is féidir libhse tine a lasadh ag bun an túir agus nuair a bheidh sé deargthe beidh sibh ábalta é a bhrú síos.”

D’imigh an fathach leis agus rinne sé go díreach an rud a dúirt an Leathdhuine. Nuair a bhí an túr chomh dearg le poipín chaith na fathaigh iad féin leis an túr, ach de bhrí go raibh sé chomh te chuir siad iad féin trí thine agus dhóigh siad iad féin chun báis. D’fhéach an Leathdhuine síos, iontach sásta leis féin ach bhí fós fadhb an bhanfhathaigh le réiteach aige mar níor ghlac sí aon pháirt sa tine.  

“Ó,” ar sise de scread, “mharaigh tú gach duine de mo chlannsa, a Leathdhuine, gheobhaidh mé mo dhíoltas!” 

Rith an banfhatach abhaile agus tháinig sí ar ais le dréimire ollmhór is dhreap sí suas. Bhí sí beagnach ag an mbarr nuair a rug an Leathdhuine greim ar an dréimire agus bhrúigh sé chun talamh í. Thit an banfhatach agus bhí an Leathdhuine saor chun filleadh abhaile.  

Shiúil an Leathdhuine go dtí titim na hoíche agus bheartaigh sé néal codalta a ghlacadh. Luigh sé síos faoi chrann agus bhí sé chomh tuirseach sin gur thit sé díreach ina chodladh. Dhúisigh sé le preab nuair a mhothaigh sé duine ag tabhairt priocadh dó. Bean aosta a bhí ann agus bhí dreach imníoch uirthi. 

“Éirigh suas a Leathdhuine, níl mórán ama agat!” a dúirt sí go práinneach. “Tá do dheartháir ag pósadh do bhrídeach inniu.”

“Ó, a Mhaighdean Bheannaithe! Caithfidh mé stop a chur leo, ach táim i bhfad ó bhaile.” arsa an Leathdhuine go díomách. 

“Táim ábalta cabhair leat a Leathdhuine,” arsa an chailleach, “ach tá costas i gceist.” 

“Aon rud, inis dom é agus is leat é!”

“Gheobhaidh tú do bhean má gheallann tú do chéad pháiste domsa, ní thógfaidh mé é díreach ón gcliabhán ach nuair a bheidh sé nó sí deich mbliana d’aois. Sin é mo phraghas.” 

“Mo pháistí go léir?”  

“Ní hea níl uaim ach do chéad pháiste.”

“Ceart go leor, is leatsa é.” arsa an Leathdhuine tar éis cúpla nóiméad machnaimh agus chroith siad lámha lena chéile, bhí an beart déanta. 

Leis sin, thóg an chailleach scuab amach as a mála agus léim an bheirt acu air agus d’imigh siad leo chuig Baile an Bhreachta. D’fhág an chailleach an Leathdhuine ar imeall an bhaile agus dúirt sí go bhfaigheadh sí é agus gach rud socraithe aici. Chuaigh sí isteach sa bhaile ina haonar agus chonaic siad aíonna na bainise ag fágáil theach an dearthár. D’athraigh sí í féin ina nathair nimhe agus shleamhnaigh sí isteach sa teach go formhothaithe. Chuaigh sí i bhfolach faoin leaba agus nuair a bhí an deartháir ag déanamh réidh don leaba bhain sí plaic as a chois is fuair sé bás. D’fhill an chailleach ar ais chuig an Leathdhuine agus dúirt sí leis dul abhaile agus a bhrídeach a fháil dó féin. Léim sé in airde agus rith sé abhaile. Ach nuair a bhí sé ag druidim i dtreo theach a athar níor chuala sé ach caoineadh agus éagaoineadh.  

“Cén fáth a bhfuil gach duine ag caoineadh?” a cheistigh an Leathdhuine.  

“Nár chuala tú? Phós mac an dlíodóra inné agus fuair sé bás inniu, is mór an tragóid é.” a d’fhreagair an duine. 

Bhí coinsias an Leathdhuine glan, ghoid a dheartháir a bhrídeach uaidh agus rinne sé iarracht é a chur chun báis. Chuaigh sé isteach sa teach agus chuaigh sé suas an staighre chuig oifig a athar. D’oscail sé an doras agus chonaic sé a athair ina shuí ar an urlár ag gol.  

“A athair, nach bhfuil tú sásta mé a fheiceáil?” arsa an Leathdhuine. “Caoineann tú do mo dheartháir ach is mise do mhac fosta, agus ghoid sé mo bhrídeach uaim is d’fhág mo dheartháireacha uilig mé chun báis. Má tá sé básaithe, ar a laghad táim fós beo.”  

“Stop de do chuid cainte, bhí sé i bhfad níos deise ná tú!” ar seisean go héagaointeach. 

“Conas, a athair dhil?” 

“Dúirt sé gur iompar tú tú féin go míchuí agus sibh imithe.” 

“An ndúirt?” agus iontas ar an Leathdhuine. “Cuir glaoch ar mo dheartháireacha agus inseoidh mé an scéal i gceart.” 

Chuir a athair glaoch orthu go léir agus nuair a bhí gach duine sa seomra d’inis an Leathdhuine a scéal:  

“Tar éis dhá lá dhéag de bheith ag taisteal chas muid ar fhathaigh a bhí ag déanamh aithrise ar ár n-aintín agus ar ár n-uncail. Rinne mé iarracht é seo a rá le mo chuid deartháireacha go rabhamar i mbaol ach níor chreid siad mé. Thug mé faoi deara gur tugadh pluid agus stocaí éagsúla dúinne agus d’athraigh mé pluid dhearg agus stocaí dearga na mbuachaillí leis na cinn a bhí ag na cailíní. Ó tharla gur shíl an banfhatach go raibh muidne i seomra na gcailíní mharaigh sí a hiníonacha agus bhí deis againn éalú amach an fhuinneog.”

“Shroich muid teach ár n-uncail faoi dheireadh agus d’inis muid an scéal dó. Shíl sé gur mise an deartháir ba chróga agus dá bharr sin, bhí an chéad rogha agam. Dar ndóigh roghnaigh mé an cailín is deise agus chuir sé sin éad ar mo dheartháireacha. Bheartaigh siad mise a mharú ionas go mbeadh an deartháir is sine ábalta mo bhrídeach a ghoid. Bhrúigh siad mé isteach in Abhainn na hAinspride agus gan cabhair ó mo chara bheinn báite. Is dlíodóir thú, a athair, de réir an dlí, cé a bhí san éagóir?” 

Thiontaigh an t-athair timpeall chuig a mhic.  

“An bhfuil fírinne leis seo a bhuachaillí?” 

“Is fíor an scéal é,” a d’fhreagair siad “ghoid muid a bhrídeach uaidh agus d’fhág muid é chun báis gan aiféala.”

Thug an breitheamh barróg don Leathdhuine agus dúirt sé leis: 

“A mhic tá brón orm, rinne siadsan éagóir lofa ortsa. Tóg do bhrídeach agus beatha agus sláinte chugaibh.”

Ag deireadh na bliana bhí leanbh mic ag an lánúin ach ba mhór an t-iontas a bhí ar bhean an Leathdhuine nuair a shiúil sí isteach sa seomra agus é suite ar an urlár ag caoineadh go brónach. 

 “Céard atá cearr leatsa a stór?” a cheistigh sí. “Tuige nach bhfuil tú sásta go bhfuil buachaill beag agat?” 

“Ní linne an páiste,” arsa an Leathdhuine ag snagaireacht “is le cailleach é.”

“An bhfuil tú craiceáilte? Céard air a bhfuil tú ag caint?” a cheistigh sí agus mearbhall ag teacht uirthi. 

“Chun tú a phósadh, bhí orm ár gcéad pháiste a ghealladh do chailleach chun a cabhair a fháil.” 

“Agus an bhfuil sí chun é a sciobadh anois?” 

“Ní go fóill, nuair a bheidh sé níos sine.” 

“Íosa Críost! An ngoidfidh sí ár bpáistí go léir?” a cheistigh sí ag crith le heagla. 

“Ní ghoidfidh, is eisean an t-aon pháiste amháin atá uaithi.” a d’fhreagair sé go díomuach. 

De réir a chéile d’fhás an buachaill aníos agus ar a dheichiú lá breithe tháinig an chailleach ar cuairt ag lorg íocaíochta.  

“A Leathdhuine tá sé in am mo chostas a íoc, fuair tú do bhean anois tabhair dom an páiste!” a dúirt an chailleach nuair a osclaíodh an doras. 

Thosaigh bean an Leathdhuine ag caoineadh agus ní raibh a fhios ag an bpáiste óg céard a bhí ag tarlú. Chrom an Leathdhuine síos chun labhairt leis.  

“Éist, a thaisce, tá grá ollmhór agam féin agus ag do mháthair duit agus beidh go brách, ná déan dearmad air sin. Caithfidh tú imeacht anois le d’aintín agus cónaí léi, ach ná bí buartha rachaidh mé ar cuairt chugat i gceann bliana.’ 

Thug na tuismitheoirí barróg dá bpáiste agus ansin d’imigh sé leis an gcailleach. D’fhan an lánúin bhocht ag bun an dorais ag caoineadh is ag éagaoineadh ar feadh tamall fada. 

D’imigh an bhliain go gasta agus ar a aonú bhreithlá dhéag chuaigh an Leathdhuine ag lorg a mhic. Ní raibh a fhios aige cá raibh sé imithe ach chuaigh sé go dtí an áit ar fhág an chailleach é ar imeall Bhaile na mBreachta blianta ó shin agus d’fhan sé ansin ar feadh tamaillín. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, d’oscail an talamh agus léim an chailleach amach as.  

“A Leathdhuine, céard atá uait?” a cheistigh sí. 

“Táim anseo chun cuairt a thabhairt ar mo mhac, an bhfuil cead agam é a fheiceáil?” a d’fhiafraigh sé. 

Thug an chailleach trí chnag gasta ar an gcrann in aice léi agus léim mac an Leathdhuine amach as an talamh.  

“A Leathdhuine, céard atá uait?” arsa an mac. 

“Ó, a thaisce, táim anseo chun tú a fheiceáil.” 

Thug an Leathdhuine barróg dá mhac ach bhrúigh a mhac siar é. 

‘”Lig dom a athair. Táim sásta anseo le mo thuismitheoirí nua atá i bhfad níos deise ná sibhse.”  

“Ceart go leor a mhic,” arsa an Leathdhuine “ach abair leis an gcailleach nach mbeidh aon cheann eile de mo pháistí aici.”

“A Mhamaí, níl cead agat aon pháiste eile de mo sheanathair a thógáil.”

“Níl aon pháiste eile uaim mar tá tusa agam anois, a stór.” arsa an chailleach. 

“Is féidir leat imeacht gan aon bhuairt, a dhaidí. Abair le mo mháthair go bhfuil sí ábalta a páistí uilig a choinneáil.” 

Leis sin d’imigh siad ar ais faoin talamh agus thosaigh an Leathdhuine ag siúl abhaile. D’inis an Leathdhuine don bhean an méid a dúirt Seán – Séan Mac an Leathdhuine, mac an dlíodóra. 

Is féidir an leagan Béarla den scéal seo a fháil ag an nasc: https://www.gutenberg.org/files/641/641-h/641-h.htm#link2H_4_0033

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *