Athchló

An Droch-Zouave

Aistritheoir: Séamus Ó Grianna (Máire)
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Le Mauvais Zouave 
Údar: Alphonse Daudet
Céadfhoilsiú: Comhar, Lúnasa 1947.

Bhí gabha darb ainm Lory ina chónaí i Sainte-Marie-aux-Mines. Bhí an mac ba shine aige san arm – ina Zouave amuigh in Algeria. San am sin, bhí an Ghearmáin i ndiaidh Alsace a bhaint den Fhrainc agus saighdiúir ar bith ar a dhúiche sin ar mhian leis é, ní raibh le déanamh aige ach fógra a thabhairt uaidh go raibh sé ag glacadh le náisiúntacht Ghearmánach, agus ligfí cead a chinn leis agus thiocfadh leis a theacht ar ais chun an bhaile go Alsace.

Ní raibh an gabha sásta ina intinn an tráthnóna seo. Roimhe sin, nuair a dhruidtí an cheárta le luí gréine, ba ghnách leis suí taobh amuigh den doras agus a scíth a dhéanamh. Agus is minic a shuíodh sé féin agus a chuid printíseach, go ndéanadh siad a gcomhrá tráthnóna agus go n-óladh siad deoch leanna. Ach an tráthnóna seo, d’fhan sé sa cheárta go dtí gur mheas sé go raibh a shuipéar réidh. Ansin tháinig sé caol díreach chun an bhaile.

D’aithin a bhean go raibh imní air chomh luath is a tháinig sé chun an tí. Dar léi féin – cad é atá cearr? Arbh fhéidir go bhfuil scéal rúin aige a ba mhian leis a cheilt orm? Drochscéala as an Aifric? An stócach tinn b’fhéidir?

Ach ní ligfeadh an eagla di ceist a chur air. Agus thosaigh sí ag iarraidh riail a chur ar na páistí. Nó bhí siadsan ag déanamh calláin san am, agus iad cruinn thart fán bhord.

Sa deireadh bhrúigh an gabha uaidh an pláta go feargach.

“Á, na cladhairí!” ar seisean. “An bhaicle ghránna, gan náire, gan spiorad!”

“Cad é atá ag cur na feirge ort, a Lory?” arsa an bhean leis.

Leis sin, phléasc sé. “Tá,” ar seisean, “cúigear nó seisear bithiúnach a bhfuil mé ag amharc orthu ó mhaidin inniu aníos is síos an tsráid os coinne dhoras na ceárta. Éide saighdiúirí Francacha orthu agus iad ar shiúl ag ól agus ar ghreim láimhe leis na Prúisínigh. Nach bocht agus nach brónach an scéal é nach bhfuil lá ar bith nach bhfuil scaifte acu seo ag teacht ar ais. Ag tréigint a dtíre agus á séanadh. Cad é is cúis leis? Cad é an dóigh a gcuirtear dallamullóg orthu?”

Thug an bhean iarraidh iad a chosaint.

“Ar dhóigh,” ar sise, “ní mó ná go bhfuil neart ag na stócaigh bhochta air. Cuirtear na créatúir ar shiúl i bhfad ó bhaile. Bíonn cumha orthu. Agus tá na cathaithe mór, nuair atá a fhios acu nach bhfuil le déanamh acu ach an focal a rá agus go ligfear daofa an t-arm a fhágáil agus a theacht chun an bhaile.”

Leis sin, bhain Lory macalla amach as an tábla le buille dá dhorn.

“Bí i do thost, a bhean,” ar seisean. “Ní thuigeann mná rud ar bith mar is ceart. Tá sibh i rith bhur saoil ag giollacht ar pháistí, go dtí go mbíonn sibh féin ar chiall na bpáistí sa deireadh. Ach deirimse leatsa gur fealltóirí na fir seo. Cladhairí meata gan spiorad, gan fearúlacht. Ach dá dtigeadh sé de dhonas ar Christian s’againne a leithéid de ghníomh chloíte a dhéanamh, deirimse leatsa go mbeadh daor air. Chomh cinnte is atá Lory mar ainm orm, dá dtréigfeadh mo mhac an Fhrainc agus a theacht chun an bhaile mar a tháinig na bithiúnaigh seo eile, chuirfinn mo chlaíomh trasna fríd a chorp go cuid mo dhorn.”

D’éirigh sé ina sheasamh agus dreach air mar a bheadh fear mire ann, agus d’amharc sé in airde ar a chlaíomh a bhí crochta ar an bhalla – an claíomh a bhí aige ar feadh na seacht mbliain a chaith sé in arm na Fraince. Ach bhí pictiúr a mhic crochta os cionn a chlaímh. A luaithe is a d’amharc sé ar a phictiúr tháinig sé chuige féin agus rinne sé gáire.

“Nárbh amaideach mé a lig don fhearg mo bhua a fháil,” ar seisean. “Nár chóir dom cuimhneamh nach smaoiteodh mo mhac choíche ar éirí ina Phrúisíneach, i ndiaidh ar throid sé leo.”

Tháinig aoibh bhreá ansin air agus rinne sé a chuid. Nuair a bhí a chuid déanta aige siúd amach é ag amharc uaidh.

Fágadh bean an tí léi féin. Chuir sí na páistí a luí. Agus ansin thug sí léi a cuid dealgán agus shuí sí ag cleiteáil ag an doras os coinne an gharraí. Mhair sí tamall ag caint léi féin agus ag déanamh corr-osna.

“Tá an ceart aige. Níl iontu ach cladhairí. Bithiúnaigh. Fealltóirí… Ach mar sin féin, beidh lúcháir ar a gcuid máithreacha rompu nuair a tchífeas siad chucu iad.”

Agus ansin thosaigh sí a smaoitiú ar a mac féin. Seo an t-am de thráthnóna a mbíodh sé ag obair sa gharraí sula deachaidh sé san arm. D’amharc sí síos ar an tobar. An áit ar ghnách leis an t-uisce a thógáil le cur ar bhláthanna is ar phlandaí. Smaoitigh sí ar an éide a bhí air. Samhlaíodh di an ceann catach gruaige a bhí air, na trilsí lonracha a bearradh dó nuair a chuaigh sé san arm.

Leis sin, baineadh cliseadh aisti. Fosclaíodh doras íochtarach an gharraí agus chuala sí an choiscéim ag tarraingt uirthi. Cibé a bhí ann bhí sé ag teacht aníos de chois an bhalla. Agus an rud ab iontaí, níor labhair an madadh.

Sa deireadh, nocht an duine ag a taobh.

“Bonjour, maman,” ar seisean.

Ba é a mac a bhí ann. É ina sheasamh ansin agus culaith an tsaighdiúra air, agus dreach critheaglach air. Tháinig an duine bocht i gcuideachta na coda eile. Ach ní ligfeadh an eagla dó a theacht chun an bhaile. Agus le huair roimhe sin bhí sé i bhfolach i gcúl an gharraí ag feitheamh leis an athair a ghabháil amach.

Ba mhaith léi toiseacht air agus leadhbairt den teanga a thabhairt dó, rud a bhí tuillte aige. Ach ní ligfeadh a croí di é. B’fhada an lá roimhe sin a chonaic sí é, ó phóg sí é. Agus nuair a chuala sí an scéal a bhí le hinsint aige ba dhoiligh di a bheith crua air. Bhí cumha air, a dúirt sé. Cumha i ndiaidh a bhaile. Cumha i ndiaidh a mhuintire agus i ndiaidh na ceárta. Ansin an saol crua a bhí aige san arm agus an dóigh a mbeadh Francaigh eile ag magadh air agus a rá gur “Prussien” a bhí ann, cionn is go raibh snas Alsace ar a chuid cainte!

Chreid a mháthair an uile fhocal dár dhúirt sé. Ní raibh le déanamh aici ach amharc air agus bhí an t-iomlán creidte aici. Mhair an bheirt ag comhrá ar feadh tamaill. Ansin chuaigh siad isteach chun an tí. Mhúscail na páistí agus d’éirigh siad anuas ina gcuid léinte, agus thosaigh an pógadh acu air. Bhí lúcháir an tsaoil orthu roimhe. Thairg an mháthair bia dó. Ach ní raibh ocras ar bith air. Ní raibh air ach tart. Tart millteanach. Agus d’ól an duine bocht tarraingt a chinn d’uisce.

Leis sin féin, chualas coiscéim ag tarraingt ar an doras. Cé a bhí ann ach an t-athair.

“A Christian,” arsa an mháthair, “sin chugat d’athair. Folaigh, go gasta, go bhfaighe mise faill cainte leis, feiceáil an rachadh agam an scéal a mhíniú dó.” Chuir sí isteach i gcúl an phrios é, agus shuigh sí ansin ag cleiteáil. Ach ar an drochuair d’fhág sé a bhairéad ar an tábla agus ba é sin an chéad rud a thug an t-athair fá deara ag teacht chun tí dó. Idir sin agus an dreach a bhí ar a mhnaoi d’aithin sé cad é mar a bhí.

“Tá Christian anseo,” ar seisean go feargach. Agus tharraing sé an claíomh anuas ón bhalla, agus thug iarraidh isteach i gcúl an phrios an áit a raibh an mac i bhfolach.

Chuaigh an mháthair de léim eatarthu. “De gheall ar Dhia, a Lory, is ná maraigh é,” ar sise. “Ní thiocfadh sé muarb é mise. Mise a scríobh chuige agus a d’iarr air a theacht chun an bhaile, go raibh a chuidiú de dhíobháil ort sa cheárta.” Agus chuaigh sí ar a glúine os a choinne agus í ag caoineadh go léanmhar.

Thosaigh na páistí a bhí ina luí istigh sa tseomra ag caoineadh. Ní raibh a fhios acu faoin spéir cad é a bhí contráilte. Tamall beag roimhe sin bhí lúcháir orthu nuair a chonaic siad an deartháir sa bhaile. Agus anois ní raibh le cluinstin acu ach glór feargach an athar agus caoineadh na máthar.

D’amharc an gabha ar a mhnaoi agus fuair sé bua ar an fhearg.

“Tchím,” ar seisean. “Tusa a scríobh chuige agus a d’iarr air a theacht chun an bhaile, go raibh a chuidiú de dhíobháil ormsa sa cheárta. Maith go leor: gabhadh sé a luí. Socróidh mé amárach cad é a dhéanfas mé.”

Ar maidin lá arna mhárach nuair a mhúscail Christian, fuair sé é féin sa tseomra mar ba ghnách leis codladh nuair a bhí sé beag. D’amharc sé ar an uile rud. Bhí an ghrian ag soilsiú isteach ar an fhuinneog. Agus bhí trup na n-ord ar an inneoin le cluinstin aige thíos sa cheárta. Bhí an mháthair ina suí ag colbha na leapa. Sin an áit ar chaith sí an oíche. Níor fhág sí amach colbha na leapa le heagla go mbuailfeadh tallann mearaí an t-athair agus go dtabharfadh sé an-íde dá leanbh. Níor luigh an t-athair ar leaba ach oiread an oíche sin. Chaith sé an oíche go maidin ag siúl aníos is síos an t-urlár, tamall ag gol, tamall ag osnaíl, tamall ag foscladh priosanna agus á ndruidim. Sa deireadh seo isteach é sa tseomra a raibh an mac ina luí ann, agus é cóirithe mar a bheadh duine ann a bheadh ag brath a ghabháil i gcionn siúl. Anonn leis go colbha na leapa. “Seo,” ar seisean leis an mhac, “éirigh.”

Tháinig cineál d’aiféaltas ar an stócach, agus shín sé a lámh ag brath a chulaith saighdiúra a tharraingt chuige.

“Ná cuir an t-éadach sin ort,” arsa an t-athair go confach.

“Ar ndóigh a rúin,” arsa an mháthair go critheaglach, “níl a n-athrú aige le cur air.”

“Cuireadh sé air mo chuid éadaí-se,” arsa an t-athair. “Níl gnoithe ar bith leo agamsa feasta.”

Fad is a bhí an stócach ag cur air an éadaigh a tugadh dó, bhí an t-athair ag déanamh beairtín de chulaith an tsaighdiúra. Nuair a bhí sí corntha agus ceangailte aige, thug sé leis an spaga beag a raibh a phas ann agus chroch sé fána mhuineál é.

“Anois,” ar seisean, “rachaimis síos.” agus d’imigh an triúr acu ag tarraingt ar a cheárta, gan aon duine acu ag labhairt. Bhí na fir ag gaibhneoireacht. Na boilg á séideadh agus na hoird ag greadadh ar an inneoin. Nuair a d’amharc an stócach ar dhoras na ceárta, smaoitigh sé ar an am ar ghnách leis a bheith ansin ag amharc ar na druithleoga ag imeacht ón inneoin, nuair a bhí sé ina ghasúr. Tháinig tocht millteanach air. Ba mhaith leis maithiúnas a iarraidh ar a athair. Ach ní ligfeadh an eagla dó labhairt. Tháinig sé chun a bhéil cúpla uair chuige pardún a iarraidh. Ach nuair a d’amharc sé ar an athair agus chonaic sé an ghnúis fhiata a bhí air, ní ligfeadh an eagla dó a agairt.

Sa deireadh labhair an gabha é féin. “A stócaigh,” ar seisean, “sin do chuid oibre ansin. Féadann tú toiseacht bomaite ar bith. Sin an inneoin, agus na hoird agus na casúir agus an teanchair agus an chuid eile den airnéis. Leatsa an t-iomlán. Agus is leat sin fosta,” ar seisean, ag síneadh a mhéire ar an gharraí. “Tá mé ag fágáil an iomláin agat. An garraí agus a bhfuil á fhás ann idir chrainn agus torthaí, na beacha agus deireadh. Leatsa an t-iomlán.”

“Agus tá siad tuillte agat. Thug tú a luach orthu agus a luach go maith thug tú do chlú agus d’onóir agus onóir do thíre ar na rudaí seo. Agus nuair a thug, is agat is cóir daofa a bheith… Tá tú i do mháistir anois ar iomlán a bhfuil anseo. Tá mise ag imeacht. Tá fiacha ort ag an Fhrainc. Caithfidh mise á ndíol. Tá cúig bliana de sheirbhís saighdiúra aici ort. Tá mise ag imeacht go gcuirfidh mé an t-am isteach ar do shon.”

“A Lory, a Lory, cá bhfuil tú ag gabháil?” arsa an mháthair bhocht, agus í ag caoineadh.

“A athair,” arsa an stócach, “agraím thú…”

Ach d’imigh an t-athair uathu go gasta. Agus níor amharc sé thart ar an bheirt a d’fhág sé ina dhiaidh.

Is féidir an leagan Fraincise a léamh anseo

Leave a Reply

Your email address will not be published.