Athchló

Bíodh Cuimhne ag Éirinn ar na Laethanta a Bhí

Aistritheoir: An tArd Easpag Mac hÉil
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: Let Erin Remember the Days of Old
Údar: Thomas Moore
Céadfhoilsiú: Amhráin ó Iomad Ughdar, 1928.

Bíodh cuimhne ag Éirinn ar na laethanta a bhí,
Sular bhraith a clann féin í le feillbheart,
Nuair bhí íodh den ór bhuí ar Mhaolsheachlainn rí
Do bhuaigh ón namhaid ba mhór neart;
Nuair scaoil a ríthe brat glas na Craoibh’ Ruaidh’
‘Tabhairt a laochra chun catha go claonmhar,
Sula bhfacthas seoid Éireann ag dealramh go nua
I gcróin-fhleasc an tSasanaigh thréanmhair.

Tráth bhíos cois loch nEachaidh an t-iascaire ‘siúl
Le linn solais lae bheith ag faonadh,
Chíonn sean-chloigtheach thíos nuair bhíos go humhal
Ar bhruach na linne ag claonadh.
Mar siúd tré haisling beimid ag fáil
Lag-léas ar na laethanta tá i gcianta
‘S go brónach ag dearcadh ar a nglóir fá scáil,
Tá báite fá throm-thonnta blianta.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *