Athchló

Cibé thú fhéin atá ag gabháil tharam

Aistritheoir: Deasún Breatnach
Bunteanga: Laidin
Céad líne an bhunleagain: Quisque erat qui transieris
Údar: ní fios
Céadfhoilsiú: Feasta, Nollaig 1986

I séipéal de chuid Eaglais na hÉireann i gCionn tSáile bhreacas an dán seo a leanas agus sul má fhágas an baile beag álainn céanna thiontaigh mé an Laidin go Gaeilge. Ach ní feasach dom cé scríobh an Laidin nó cárbh as don dán go bunúsach. Cuirfear fáilte roimh eolas.

Cuireadh an nóta seo ón aistritheoir in aice an dáin seo nuair a foilsíodh in Feasta é

Cibé thú fhéin atá ag gabháil tharam,

léigh, moilligh agus caoin leat do dhóthain.

Bhíos lá mar atáir agus mar a bheas tú atáim.

Fan tráth, a ghrá, agus cuir paidir lem anam.  

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *