Léirmheas

Eachtra Robinson Crúsó

Léirmheas le Fiachra Éilgeach

Ní’l ann acht cúpla bliadhain óchoin ó bhí ana-chur-is-cúiteamh sa dútha so i dtaobh gan Gaedhilg do bheith againn ar scéaltaibh de leithéid “Finnscéalta na hAraibe” is “Robinson Crúsó”. I n-ionad a chéile is eadh dhéintar na caisleáin: tagann gach nidh le foidhne; tá cuid de Fhinnscéaltaibh na hAraibe i nGaedhilg le tamall ó láimh Dhiarmuda Uí Fhoghludha, agus seo againn fé láthair trí céad trí leathanacha is trí fichid de Eachtra Robinson Crúsó ó n-ár seana-chara “Seandún”, darab comhainm Tadhg Ó Murchadha.

Dhá chéad bliadhain atá ann, go dtí deich mbliadhna, ó’n ló do cheap Defoe an scéal so san Ghallbhéarla, agus tá an t-eachtra le fagháil indiu i bhfriotal gach dúithche nach mór. Is beag duine nár léigh a bheag nó a mhór de i n-a óige, mar eachtra is eadh é a thaithneann go mór leis an sluagh. Ní’l baint agam-sa le héan- chur-síos do dhéanamh air acht amháin maidir leis an gculaith Gaedhlach atá anois air.

Ní misde dham rádh i dtosach bára go bhfuil a ghnó déanta go maith agus go sár-mhaith ag “Seandún”, bíodh go mbeidh roinnt nidhthe agam ar ball le cur i n-a choinne. Is éachtach ar fad a bhfuil d’obair ann. Ní fheadar an mó duine atá i nÉirinn indiu d’fhéadfadh tabhairt fé, acht táim lán-deimhnitheach den méid seo – gur fánach a bhfuil ann go mbeadh an fhoidhne aige chum an scéil do chríochnughadh.

San chéad dul síos, bhí sé ceart aige innsint dúinn cad é an leagadh nó edition de Robinson Crúsó a bhí aige i mBéarla, ar chor go dtiocfadh le duine an obair do chruinn-mheas. Bhíos féin dall ar an dtaobh san den scéal go dtí go bhfeaca gur le Brún is Ó Nualláin bloc an pheictiúra atá i mbrollach an Eachtra, agus chuadhas is cheannuigheas an leagadh do chuireadar súd amach san Ghallbhéarla fé eagar John Cooke, M.A., agus measaim gurab é sin díreach an ceann atá aistrighthe ag “Sean- dún” do Ghaedhlaibh.

Is eól dam go maith, ámhthach, nách máirnéalach “Seandún” agus nách saor cloiche é, ná saor admhaid acht chomh beag, ná fós foirginteóir, ná reachtaire gabhar, ná búistéir, ná fear déanta ime, ná feirmeóir, ná fiadhaidhe; acht dá mbadh le h-ean-ghnó fé leith den méid sin atá airmhithe agam a bheadh sé tar éis a shaoghal do chaitheamh, ní dóigh liom go dtiocfadh leis cur-síos níos deise do dhéanamh ar an aon-gnó san ‘ná mar atá déanta aige ar gach gnó dhíobh mar ritheann san Eachtra.

Is annamh i n-éan-chor easnamh an fhocail chirt air, acht maidir le caoraibh fineamhna, ní “mogall” do chuala riamh ar chnuastar beag díobh súd, acht “crothán,” cé go bhfuil an bhrigh sin le “mogall” san bhFoclóir.

Is amhla leanann “Seandún” go dlúth do innsint an Ghall- bhéarla, agus má gheibheann éinne locht ar a chuid oibre, is é mo thuairm gur ar an dtaobh san de a gheóbhfar an chae. B’fhearr liom féin go mór é do scagadh an eachtra agus dá ath-innsint, gan cosc gan glas gan spéasrach, mar is minic é Gallbhéarla an scéil go neamhchruinn, bun os cionn. Ná feicim ar leathanach 165 ag John Cooke, M.A., “These, with our bread, was a great part of our food,” agus badh dhóigh liom gur bh’fhéidir lúb ar lár d’fhagháil san méid sin agus gan é do chur thar “half-educated youths” an Phiarsaigh! Ní’l an Gallbhéarla chomh líomhtha, chomh cruinn ná chomh ceapáirithe i n-éan-chor leis an nGaedhilg, agus chítar dam go raibh ar “Sheandún” go minic an Gallbhéarla do shárughadh, mar nár leór maol-aistriughadh.

Dó nó trí de ráidhtibh atá ana-choitchianta san Eachtra, is minic iad fé dhó nó trí huaire ar aon leathanach, ní ghéillfinn i n-éan-chor gur ceart iad do bheith ann, cé go dtaithníd le “Seandún” do réir dheallraimh. Sidiad iad: “Anois” agus “mar adéarfá.” Ní dócha gur féidir an ceart do dhéanamh amach acht de bharr tuairm Gaedhilgeóirí, agus airmhím “Sean- dún” féin ar na cainteóiribh is cliste i nÉirinn beó. D’eagla ná beadh an leabhar féin os comhair léightheóirí, cuirfead roinnt sómplaí annso as an Eachtra:

I gcionn dhá bhliadhain, mar adéarfá, do thuit nídh ádhmharach amach (17); Barbádós do shroistint i gcionn cúig lá déag, mar adéarfá (50). Do rith go maith lem shraic ar feadh míle, mar adéarfá (65). Do bhí an caladh cuibheasach árd ann, leaca, mar adéarfá, do b’eadh é (67). Do bhraitheas, an fhaid agus do bhíos annso, go rabhas a baile agus ar turas, mar adéarfainn. Pé sgéal é, do thriallas orm ar chiumhais an chalaidh soir, tuairim dhá mhíle dhéag mar adéarfá (160). I gcás go raibh dhá ionad chomhnuidhthe agam anois, mar adéarfá (146).

Is minic d’fhéadfaí feidhm do bhaint as an bhfocal “tuairm,” agus “mar adéarfá” do dhíbirt; uaireanta eile, d’oirfeadh “timcheall” agus “nó mar sin,” agus rl., agus rl. Is é mo thuairm nach ceart “mar adéarfainn,” “mar adéarfá,” do scríobhadh acht chomh beag le “mar adéarfimís” nó “mar adéarfadh sibh.” Má’s ceart éan-rud dá shórt, is dócha gurab é seo é, .i. “mar adéarfadh duine.” Ní dhéanfaidh sé an gnó do dhuine a rádh liom gur chuala sé míle uair an rud eile ag seandaoinibh; do chuala féin é i gcomhrádh béil, agus is minic adubhart féin é, acht ní hionann comhchainnt agus scéal leabhair. I dtaobh an fhocail úd “anois”. Ní dócha go bhfuil éan-locht, mar le Gallbhéarla ar an gcéad líne de chaibidil a dó-dhéag .i. “The rainy season of the autumnal equinox was now come.” “Bhí síon na báistighe ann anois; taca chómhréim lae agus oidhche foghmhair ab’ eadh é.” Ní abraim ná hoireann an focal “anois” annsúd, acht sé mo thuairm ná hoireann, ná i n-éan-rádh eile a bhaineann le haimsir atá caithte, imthighthe, dála

Bhíos sa chontabhairt chéadna anois (169). Acht ní raibh leigheas air anois (186). Bhí bád agam anois (198). Do bhíos anois ag dul i n-éadóchas (203). Ba leór liom anois den mhuir (210). Ba léir dam anois (213). Do dheineas buaile dham féin anois (219). Bhí misneach ag teacht dam anois (233). Do tháinig cathughadh mo chroidhe orm anois (237). Ní rabhadar chomh fiadhain anois (240). Do b’oth liom anois (241). Bhíos ag meabhrughadh anois (253). Mar go ndéininn coinnle ana-mhaithe anois (258).

Shin iad anois (!) an dá nídh is mó ghoill orm agus mé ag léigheamh an leabhair, agus is leór a bhfuil scríobhtha agam i n-a dtaobh.

Níor mhisde do dhaoinibh óga agus do n-a lán daoine fásta leathanach a 49 ag “Seandún” do léigheamh is do mheabhrughadh – is geall le “boxing the compass” i nGaedhilg é! Ní heól dham tuilleadh áird is poinnte is treó gan áireamh aige. Acht is iongna liom “Seandún” do bheith ag buanughadh seana-bhréige an mháirnéalaigh (7, 53, 54) – “Bhí aoirde na sléibhte ins na tonntaibh,” “de dheascaibh na mara bheith ‘n-a sléibhtibh ‘n-ár dtimcheall,” “tonn go raibh aoirde sléibhe innti.” Cloisim ná raibh tonn riamh ann a sháruigh leath-chéad troigh ar aoirde, agus ba shuarach an sliabh nó an cnoch é ná beadh ann acht an aoirde sin. Acht ná fuil an tseana-bhréag chéadna cúpla uair ag Tadhg eile, .i. Tadhg Gaedhlach? Agus, ó’s ag tagairt d’fhilíbh é, ar l. a 15 den Eachtra atá “Do marbhuigheadh triúr d’ár bhfuirinn agus do goineadh ochtar aca”; do shaoileas gur ab é Donnchadh Ruadh a bhí agam, mar is cuimhin liom go ndubhairt sé:

Do marbhadh fiche dár bhfuirinn san scléip sin, Ní airmhim tuilleadh do milleadh bhí créachtach: Do chailleamair triúr i dtúis an lae ghil, Bhí gearradh agus brughadh ar chúig fheár déag díobh.”

Tá na céadta is na mílte rudaí deasa ag “Seandún” san Eachtra atá comharthuighthe agam chum áis do bhaint asta, agus, dá bhrígh sin, ní thógfar orm gan iad do chur annso. Acht chím go meascann sé “é” agus “í” i gcomhair an fhocail úd “sraic” (65, 66), agus gur “é” a scríobhann sé i gcoinne an fhocail sin “bád” acht amháin ar l. 188; “Is deas an bád í” adéarfadh Gaedhilgeóir ó chois fairrge againn-na. is iongna liom é do shíor-scríobhadh “árdughadh”; chuirfinn geall nár chuala sé riamh é. Chím ar l. 126 “bhí fuacht is crith orm”; gabhaim-se orm gur “crith is fuacht” an chainnt. Chloisinn féin an sean-fhocal “Ins an obair a gheibhtar an fhoghluim” i gcomhnuidhe; tá leag- aint eile air san Eachtra (71). I n-áireamh laethanta, ceann, agus rl., tá rudaí meascaithe, agus ní fheadar cad fé ndear é: “deich nó dhá lá dhéag” (33, 87) .i. deich nó dó dhéag de laethibh; “fiche nó deich troigh ar fhichid” (55) .i. fiche troigh nó deich dtroigh ar fhichid; tá a leithéidí eile ar ll. 109, 111, 191, 225, 249, 250. Acht tá nidhthe den chineál chéadna i gceart i n-ionad- aibh eile (215, 254, agus c.). Ní fuláir nó is atharrughadh éigin do rinneadh d’fhág meascaithe an t-áireamh, agus measaim gur rud éigin den tsórt san, leis, d’fhág “go ruig an bháid” ann (186, 233), agus roinnt eile dá leithéid; “chum an bháid” a bhí ann i dtosach, ní fuláir. Pé duine thug fén gcló do cheartughadh, bhí sé ceart aige bheith níos airighe; is é mo thuairm nach é “Sean- dún” do rinne an méid sin. Is é do rinne na nótaí, gan amhrus; molaim é féin agus molaim iad. Ní léir dam rian éan- láimhe eile san obair muna b’é giolla na bhfocal n-éagsamhail é .i. Macamétas go bhfuil a chomhartha ar ll. 23, 223. Nach maith nach “cófra” adubhart! Slán mo chomhartha!

Bhíos ar aigne roinnt giotaí breaghtha as an Eachtra do chur isteach annso, agus is fuiris iad d’fhagháil; acht is eagal liom go bhfuil m’aiste ró-liosta cheana féin.

Tá an iomarca dhá éileamh ag “Clódhanna” ar an leabhar; ba lán-leór dhá scilling nó leath-choróinn air, seachas trí is réal, nó dá chuid do dhéanamh den méid cló atá ann, agus scilling do éileamh ar gach leath dhíobh san araon.

I n-aindheoin a bhfuil ráidhte agam, ní fuláir dam admhughadh go bhfuil an tEachtra ar aon-dul leis an ainnir úd adubhairt san Chúirt go mbíodh sí gabhtha go sámh gan cháim ar domhan i gculaidhthe sásta ó bharr go bonn.

Munab eól do “Sheandún” cionnus culaidh sásta do dhéanamh um an dtaca so, dar ndóigh ní lá go headarshuth buidhe é.

FIACHRA ÉILGEACH.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *