Eolas Fúinn
D’eascair an áis seo as tréimhse scoláireachta Fullbright a chaith an tOllamh Kevin Scannell le hAcadamh an hOllscolaíochta Gaeilge in ionad an Acadaimh i gCarna. Comhfhiontar is é í idir Kevin agus beirt bhall an Acadaimh – Séamus Ó Coileáin agus Seathrún Ó Tuairisg.
Kevin Scannell
Tá Kevin ina Ollamh le Matamaitic agus Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis, Missouri. Is as Bostún Mheiriceá ó dhúchas é. Oibríonn sé i gcomhar le grúpaí ar fud an domhain chun acmhainní ríomhaireachta a fhorbairt a chuidíonn leo a dteanga dhúchais a úsáid ar líne.
Séamus Ó Coileáin
Tá Séamus ag léachtóireacht le Léann an Aistriúcháin le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar champas Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is aistritheoir teicniúil agus litríochta é le breis is scór bliain. Tá roinnt aistriúchán litríochta i gcló aige (le fáil ach cuardach a dhéanamh sa liosta). Is ó Áth an tSléibhe in Iarthar Luimnigh dó ó dhúchas
Seathrún Ó Tuairisg
Tá Seathrún ag obair in Aonad na Teicneolaíochta Faisnéise in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Néamhann Ní Dhonnghaile
Mac léinn sa tríú bliain in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. I mbun céime sa Ghaeilge agus i Léann an Aistriúcháin. Ón Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain.
Courtney Nic Uilis
Mac léinn sa tríú bliain in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. I mbun céime i Léann an Aistriúcháin agus i Léann na Cumarsáide. Is as Tigh Thalainn in Oirthuaisceart Chontae Mhuineacháin í.
Leo Oisíneach Mac an tSaoir
Mac léinn sa gcéad bhliain in Ollscoil na Gaillimhe, ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, ar Léann an Aistriúcháin, agus ar an bhFraincis. Is as Baile Liam in Oirthear na Gaillimhe é.