-
‘An tÉan Gorm’ ón bhFraincis
Aistritheoir: Páidín an GhleannaBunteanga: FraincisCéadfhoilsiú: Fáinne an Lae, 12 Meitheamh 1926 I lár tíre na Fraince fadó bhí fear bocht ar ar tugadh Búrdalú. Ní raibh de shlí bheatha aige ach a bheith ag díol cás éan, a bhíodh á mbreith aige ó bhaile go baile. De bhrí gur bheag é a thairbhe, is minic a bhíodh sé gan lón maidine ná meán lae; ba mhinic dó ag gearán mar gheall ar an saol crua a bhíodh aige. “Tá an saol seo an-chrua,” a deireadh sé. “Is deacair ar dhuine a…