Athchló

‘An tÉan Gorm’ ón bhFraincis

Aistritheoir: Páidín an Ghleanna
Bunteanga: Fraincis
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, 12 Meitheamh 1926

I lár tíre na Fraince fadó bhí fear bocht ar ar tugadh Búrdalú.  Ní raibh de shlí bheatha aige ach a bheith ag díol cás éan, a bhíodh á mbreith aige ó bhaile go baile.

De bhrí gur bheag é a thairbhe, is minic a bhíodh sé gan lón maidine ná meán lae; ba mhinic dó ag gearán mar gheall ar an saol crua a bhíodh aige.  “Tá an saol seo an-chrua,” a deireadh sé.  “Is deacair ar dhuine a bheith ag síorshiúl na mbóithre ach is seacht measa ná sin é nuair ná fuil ceannaitheoirí le fáil agam do mo chuid earraí cé go bhféachann siad chomh maith sin.”

Mar seo a bhí sé ag déanamh a mhachnamh lá nuair a chonaic sé le hais an bhóthair seanduine liath féasógach faoi mar a thitfeadh sé as na néalta.  Tháinig an fear seo suas leis go ciúin cneasta agus do bheannaigh sé dó. 

“A chara bhoicht,” ar seisean, “is beag é an rath atá ort go dtí seo ach bíonn saibhreas ag an té go mbíonn an fhoighne aige, agus anois déanfaidh mé féirín a thabhairt duit.  Saibhreas duitse an féirín seo má bhaineann tú an úsáid cheart as.”

Ar rá na bhfocal seo don seanduine dhein sé fead bheag bhinn.  De phreab tháinig chucu éan beag gorm agus gan focal ó éinne chuaigh sé isteach i gceann de na cásanna folmha.

“Is iontach an t-éan é seo,” arsa an seanduine, “mar pé uair de lá nó d’oíche go ndeir tú leis, ‘A éinín ghoirm, chun oibre leat, déanfaidh sé soláthar duit pé ní atá ag teastáil uait.”

D’imigh an seanduine ansin agus d’fhág sé an fear bocht ina sheasamh gan chorraí as i lár an bhóthair.  Bhí uafás air agus dhein sé fíor na croise air féin arbh fhéachaint dó ar gach taobh.

I gcionn tamaillín d’fhéach sé ar an gcás agus chonaic sé ná raibh an t-éan imithe ar fíor na croise.  Dúirt sé ina aigne féin gur mhaith an rud é dá bhféadfadh sé a sholáthar dó gach ní a bheadh uaidh agus cheap sé an iarracht a dhéanamh gan a thuilleadh moille.

“Níor itheas mo dhóthain riamh go dtí seo,” ar seisean.  “Ba mhian liom go mór a bheith suite chun boird ar a mbeadh ‘nua gach bídh agus sean gach dí.’  A éinín ghoirm, chun oibre leat.”

Is ar éigin a bhí na focail thar a fhiacla aige nó go raibh sé suite chun boird ar a raibh éadach níos báine ná an sneachta agus árthaí óir buí agus airgid bháin, iad breactha le seoda luachmhara a drithlíodh go lonrach faoi sholas gréine an tsamhraidh.  An boladh cumhra ag éirí as na miasa d’fhág sé gan bhrí é; d’fhéach sé ar an mbia bhreá seo os a chomhair agus cé go raibh sé traochta leis an ocras is ar éigean a d’fhéadfadh sé pioc dó a bhlaiseadh; d’éirigh leis tosnú a dhéanamh, áfach, bhlais sé an t-anraith, an t-iasc, an fheoil, na glasraí, an bia-lus, agus má bhlais níos éirigh sé gan a ghoile a shásamh go maith, rud nár dhein sé ó lá a bhreithe.

“Sea anois,” ar seisean, “do chaitheas béile bídh leor do rí agus féach orm, clúdaithe ó bhonn go baithis le giobailí mar a bheadh ar bhacach bóthair.  Ní cóir é.  Ba bhreá liom culaith mhaith éadaigh a bheith umam.  A éinín ghoirm, chun oibre leatsa.”

Láithreach baill thit na giobáil de agus ina n-ionad bhí culaith sróil.  In ionad na mbróg caite ar a chosa bhí bróga búclaí órga.  Stocaí síoda air agus hata cleití ar a cheann.  “Bhuel, bhuel,” ar seisean ag féachaint ar a scáth i dtobairín fíoruisce a bhí cúpla slat slí uaidh, “nach néata córach anois mé, ach más éigean dom an bóthar seo a ghabháil de choisíocht, loitfear an chulaith bhreá seo.  A éinín ghoirm, chun oibre leatsa.”

Chuala sé seitreach capaill taobh leis, d’fhéach sé ina thimpeall.  Bhuail sé a bhosa le lúcháir nuair a chonaic sé each breá bríomhar, diallait agus srian air, agus é ag bocléimrigh le dúil reatha.  Chroith sé an cás ina raibh an t-éinín gorm, ar chnaipe na diallaite, chuir sé a chos sa stíoróip agus léim sé go héasca in airde.  Siúd chun bóthair leis agus é ag bogfheadaíl go haerach dó féin.

Ba ghearr go dtáinig sé go geata caisleáin ina raibh fleá mhór ar siúl.  Áit chónaithe sean-chníopaire a bhí ann.  Bhí an duine seo le pósadh leis an gcaile ab áille dathúla sna cúig cheantar. Thug sé cuireadh do na daoine uaisle go léir sa tír sin teacht go dtí a thigh chun fleá agus caitheamh aimsire.

Thit tionóisc éigin amach ná tháinig na ceoltóirí agus b’olc mar a tharla.  Na mná uaisle go léir bhíodar as a meabhair de bhrí ná féadfaidís rince a bheith acu.  Bhí cuid acu i riocht silte na ndeor agus iad ag rá lena chéile  “Ó dá mbeadh veidhlín féin againn.”

Bhí Búrdalú ag éisteacht leis an mbean álainn, an bhrídeog-le-bheith, agus í ag caoineadh easpa an cheoil.  Chuaigh sé suas chuici agus dhein sé a umhlaíocht go galánta.  Labhair sé léi.  “A bhean uasal,” ar seisean, “má dheonaíonn tú rince liomsa déanfaidh mé lucht ceoil a sholáthar láithreach.”

D’fhéach sí air go géar cneasta; bhí sé óg dathúil córach.  Thaitin a ghnúis léi.  Phreab a chroí ina hucht.  Shín sí a lámh chuige.  Chuaigh sé ar a leathghlúin agus phóg sé na méarana fada caola míne; ansin dúirt sé, “a éinín ghoirm, chun oibre leatsa.”  Láithreach tháinig na ceoltóirí os a gcomhair agus bhuaileadar suas an ceol ba bhinne a d’fhéadfadh éinne a chloisint.  Chrom gach éinne ar rince, cuid acu daoine nár dhein amhlaidh riamh, bhí an bhua sin ag an sí-cheol iontach.

Do dhein an t-ógfhear seo againne agus an bhean uasal a lán rince lena chéile.  Nuair a mhothaigh sé go raibh tuirse ag teacht uirthi thug sé faoi lón a roinnt amach, rud ná cuimhneodh an seansprionlóir air go deo.  I rith an chaitheamh aimsire do thug an t-éan gorm seoid luachmhar go líonmhar dó.  Roinn sé ar na mná uaisle go léir a bhí láithreach iad, á insint dóibh a luachmhaire is a bhí an t-éan gorm dó agus ná dhéanfadh sé scarúint leis ar shaibhreas an tsaoil.  Thug gach éinne faoi deara áfach go raibh na seoid ba dheise agus ba luachmhaire á gcoimeád do bhrídeog an tseanduine agus gur fearr leis bheith ina chuideachtain-se ná i gcuideachta éinne eile.

An fhleá ar leataobh, d’ullmhaigh an t-ógfhear chun gluaiste.  Tháinig an sean-raispín chuige agus d’fhiafraigh sé dhe cad a bheadh uaidh ar an éan.  Ní éistfeadh sé leis ar aon chor mar a dúirt sé, ní dhíolfadh sé ar shaibhreas an tsaoil go léir é.  Ach ní shásódh sin an seanfhear.

“Déanfaidh mé mo chaisleán a thabhairt duit.”

“Ní leor sin.”

“Bhéarfaidh mé mo chófraí coimeádta dhuit.”

‘Ní leor sin.”

“Bhéarfad mo thalamh go léir duit,” arsa an seanduine agus é ag ceapadh go mbeadh an t-éan ina shaormhargadh ar an méid sin.

“Ní leor sin.”

“Béarfad gach a bhfuil agam dhuit.”

“Ní leor sin,” arsa an t-ógfhear agus é ag dul in airde ar a chapall.  “Tá agat aon ní amháin a d’fhéadfadh mé a mhealladh.”

“Cad é, mar sin?” arsa an seanduine ag breith air chun é a choimeád gan imeacht.

“Abair é agus ar mo bhriathar móide beidh sé agat.”

“An bhean uasal seo agatsa,” arsa an duine eile ag tagairt don bhean lenar rinc sé chomh maith sin i rith na hoíche.

“Ná habair a thuilleadh,” ar seisean, “bíodh agat agus ina teannta, mo chaisleán agus gach a bhfuil ar an saol agam ar d’éinín gorm.”

Ba ghairid an mhoill ar an bhean féin glacadh leis an athrú agus do phóg an t-ógfhear a lámh le háthas croí; dála an tseanchníopaire féin theith sé leis ar cos in airde agus an cás aige.  Bhí eagla air go dtiocfadh cathú ar an ógfhear mar gheall ar scarúint lena éinín draíochtach.

Nuair a bhí tamall maith slí curtha dhe aige, ghlaoigh sé ar a chairde agus dúirt sé leo.

I bhfochair na naomh go raibh a anam anocht.  “Ní raibh a fhios ag an bhfear seo conas tairbhe iomlán a bhaint as an éan seo ar aon chor.  Féach anois na rudaí iontacha a dhéanfaidh sé domsa.”

Ansin chrom sé síos faoi dhéin an cháis agus é ag miongháirí.  Labhair sé leis an éan.  “A éinín ghoirm, chun oibre leatsa,” ach tásc ná tuairisc ar an éan ní raibh ann.  Bhí sé imithe glan i ngan fhios d’éinne.  Ní raibh sa chás anois ach seancheann cait agus eisean féin níor fhan sé ann mar d’oscail sé doraisín an cháis agus siúd amach é ag screachadh “tút-tút.”

D’fhéach a raibh láithreach ina diaidh suas sa spéir agus go cionn tamaill ina dhiaidh sin bhí le feiscint ina sheasamh i lár an bhóthair an seanduine agus é ag féachaint go brónach ar an gcás folamh. 

One Comment

  • Séamus

    An aithníonn tú an bunscéal (ní hionann é agus L’Oiseau bleu le Marie-Catherine d’Aulnoy)?
    An bhfuil a fhios agat cérbh é ‘Páidín an Ghleanna’?

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *