Athchló

An Cleite Beag Bán

Aistritheoir: Seáinín
Údar: Hans Christian Andersen 
Céadfhoilsiú: Misneach, an 3 Iúil 1920


An Cleite Beag Bán
Eachtra an Chircín

1

“Is éachtach truamhéileach an scéal é,” arsa an chearc nuair a chuala sí an scéal. “A leithéid de scannal. Is cúis aithise do cheara an bhaile é! Tá scanradh orm dá bharr. Ní ligfeadh an eagla dhom codladh a dhéanamh. Is maith an bhail orm go bhfuil mórán againn sa chúb.” Chrom sí ansan ar an scéal a insint dóibh go dtí go raibh cleití na gcearc eile ina gcolgsheasamh le neart uafáis, agus cíor an choiligh ag sileadh leis. Dúirt sí ná raibh sa scéal ach lom na fírinne, gan cur leis ná baint de.
Ach ní neosfad an scéal a d’inis an chearc ar dtúis, ach an eachtra de réir mar a thit sé amach ó thosach.

2

Bhí cearc bhán i gcúb áirithe sa bhaile, cearc chiúin chneasta chreidiúnach dea-iompair a bheireadh uibhe go reigleálta agus nár cuireadh aon ní as a slí ina leith riamh. Sa chúb di oíche áirithe, le linn teacht na doircheachta, do phioc sí í féin lena gob agus do bhain cleitín beag bán aisti féin.
“Féach air sin anois!” ar sise go sultmhar – mar bhí fonn magaidh uirth, “ag dul i ndathúlacht atáim. Dá mhinicí a piocaim mé féin is ea is fearrde mo sciamh é.” Cearc an-chreidiúnach ab ea í ach bhí dúil i magadh aici.
Thit a codladh uirthi; agus ar na cearca eile; ach bhí aon chearc amháin orthu – an ceann ba ghiorra dhi – agus níor thit néal uirthi. Ag machnamh ar an méid a chuala sí a bhí sí, Ní shásódh an saol í gan an scéal a insint dá chomharsa.
“Ar chualaís cad a dúirt an chearc úd?” ar sise i gcogar. “Bíonn sí ag piocadh cleití aisti féin d’fhonn dealramh níos fear a chur uirthi féin. Dá mbeinnse im choileach, bheadh drochmheas agam ar a leithéid.”
Bhí ceann cait (ulchabhán) agus a bhean agus a chlann ar a suaimhneas in áit os cionn na cúibe agus chualadar an rud a dúirt an tarna cearc. Do baineadh preab  astu.
“Ar chualaís é sin!” arsa an mháthair. “Nach náireach an scéal é! A rá go raibh cearc sa chub sin chomh dána, mí-chneasta agus gur bhain sí na cleití go léir aisti féin d’fhonn breáthacht a chrutha a thaispeáint don choileach!”
“Seachain! Cloisfidh na leanaí thú,” arsa an t-athair. “Níor mhaith liom go gcloisfidís a leithéid de dhrochscéal.”
“Ach ní haon díobháil é a insint dár gcomharsa. Níl ceann cait in Éirinn is díscréidí ná é.”

3

“Hú! Hú! Hú,” arsa na cinn cait nuair a bhaineadar amach tigh na gcomharsan. “Ar chualaís an scéal? Hú! Hú! Hú! Tá cearc sa chúb seo againne agus tá sí tar éis na cleití go léir a bhaint di féin le neart grá don choileach. Gheobhaidh sí bás den bhfuacht is baolach; níorbh ionadh linn a chlos go bhfuil sí marbh fén am so. Hú! Hú! Hú!”
Chuala na colúir é. Chuireadar cluas orthu féin.
“Canad? Canad?” arsa na colúir. “Sa bhanrach seo againne, bhíomar chomh achomair sin di gur dhóbair dúinn í a fheiscint. Is gránna an scéal é ach níl ann ach lom na fírinne.”
As go brách leis na colúir fé dhéin banraí tí an muintire féin. “A leithéid seo. Tá cearc sa tigh eile – ní hea, dhá chearc, is dóigh liom, agus táid siad tar éis na cleiti go léir a bhaint díobh féin d’fhonn an coileach a mhealladh chun spéis fé leith a chur iontu. Cleas an-chontúirteach is ea é, agus an aimsir fhuar atá ann; dá chomhartha san féin, deirtear go bhfuil siad tar éis bás a fháil de bharr an fhuachta.”
“Dúisígí! Dúisígí” arsa an coileach leis an cearca in ard a chin is a ghutha. “Tá rud uafásach tar éis titim amach i gcúb sa chomharsanacht. Trí cearca a fuair bás le neart grá do choileach. Bhaineadar na cleití go léir díobh féin.”

4

Rug na sciatháin leathair an scéal leo. Ba ghearr gur ghluais an scéal ó chúb go cúb ar fud an bhaile. Fé dheireadh thiar thall do shroish sé an chúb ina raibh an chearc bhán chreidiúnach ba bhun leis an scéal.
Mar seo a chuala sí é: “Tá cúig cearca tar éis a gcleití go léir a bhaint díobh féin d’fhonn an coileach a mhealladh chun spéis a chur iontu; ansan cad a dheineadar ach fogha a thabhairt féna chéile, agus leanúint den spairn go dtí gur mharaíodar a chéile.”
Níor aithin cearc an chleitín bhig bháin a scéal féin, ní nach ionadh. Cearc an-chreidiúnach ab ea í.
“Faire fúthu!” ar sise. “Nach mór an scannal a leithéid de chearca a bheith ann. Ach mo dhíth! ní beag a sheó a bhfuil de chearca dá saghas ann, gan meas acu orthu féin ná ar éinne eile. Ní ceart an scéal a cheilt ar an bpobal. Ba cheart é a chur ar na páipéir, d’fhonn eagla a chur ar dhaoine eile, i dtreo is ná leanfaidh siad an drochshampla. Ní gá a bheith róbhog lena leithéid de chearca mí-náireacha.” Do cuireadh an scéal ar na páipéir nuachta. Do léigh an pobal é agus chreid gach éinne é. Ní raibh ann ach lom na fírinne. Is minic a dhein cúig cearca d’aon chleitín beag amháin.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *