Léirmheas

An Hobad

Aistritheoir: Nicholas Williams
Foilsitheoir: Evertype

Léirmheastóir: Séamus Ó Coileáin

Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 72, Uimh 5 (MEITHEAMH 2012)

Ceann de mhórshaothair liteartha an domhain is ea The Hobbit le J.R.R. Tolkien (a céadfhoilsíodh sa bhliain 1937) a bhfuil an-rachairt air ar na saolta seo de bharr a fheabhas a d’éirigh leis na scannáin The Lord of the Rings. Ina theannta sin, ní fada go bhfeicfear The Hobbit ar an scáileán mór, rud a fhágann go bhfuil sé i mbéal an phobail arís faoi láthair. Tá an bunleabhar aistrithe go teangacha go leor, idir Albáinis agus Vítneaimis agus ar deireadh thiar thall tá leagan Gaeilge, An Hobad, againn ó Nicholas Williams. Bíonn dúshláin thar a chéile ag roinnt le téacs ar bith a dtugtar faoina aistriú, agus is amhlaidh an cás leis an leabhar The Hobbit. Sa léirmheas seo pléifear cuid de na dúshláin faoi leith a bhain leis an leabhar agus an tslí a ndéileáltar leo san aistriúchán seo.

Ar cheann de na dúshláin is mó agus is coitianta, go háirithe i gcás an phróis ficsin, tá téarmaí aduaine. Téarmaí iad seo a chumtar go speisialta – ciníocha, ainmhithe, áit-ainmneacha, uirlisí ina measc. Cuir i gcás lucht KlingonNuu’bari nó ainmhithe ar nós an Sehlat nó an Targ de chuid Star Trek. Cé nach bhfuil an oiread sin acu in An Hobad is a shamhlófaí le leabhar atá suite i ndomhan eile, bhí roinnt dúshlán le sárú san aistriúchán.

 Ó thaobh na n-ainmhithe de, is gnáthainmhithe iad go léir – mic tíre, ioraí, damháin alla mar shampla  – ach amháin na Wargs (mic tíre faoi leith). Ar na roghanna a bhíonn ag an aistritheoir tá traslitriú, focal a chumadh bunaithe ar choincheap atá sa teanga cheana féin, focal a chumadh as an nua nó gan a aistriú in aon chor. Criúin a thugann Nicholas Williams orthu in An Hobad. Tá téarmaí eile sa leabhar a bhfuil brí éigin le heilimintí na dtéarmaí sin agus déantar an-aistriú orthu seo, cuir i gcas Necromancer (Marbhdhraoi) agus Arkenstone (Lómharchloch). D’fhéadfaí á áiteamh gur deise sa Ghaeilge iad ó tharlaíonn gur teanga an-fhileata í.

Maidir le logainmneacha, tá aistriú breá déanta orthu sin freisin, mar shampla Mirkwood (Modarchoill) agus Withered Heath (An Fraochlach Feoite).

Chomh fada agus a bhaineann sé le ciníocha tá Hobbits, Dwarfs, Goblins, agus Elves sa leabhar a dtugtar Hobaid, Abhaic, Púcaí agus Eilbh orthu sa leagan Gaeilge. Astu sin níl aon deacracht leis na habhaic – abhac is ea abhac. Ní raibh aon rogha le Hobbit ach dul i muinín an traslitrithe de bhrí gurb é sin is teideal don leabhar, freisin, agus tá Hobad chomh maith d’fhocal agus a d’fhéadfaí a chumadh de bharr na ndeacrachtaí a bhainfeadh le ‘b’ leathan agus ‘t’ caol a léiriú sa Ghaeilge. Is mar sin a dhéileáltar leis i bhformhór gach teanga eile chomh maith ach amháin sa Phortaingéilis, a dtugtar Gnomo air. Tuigtear láithreach nach n-oireann an téarma sin gnomo, fiú mura bhfuil an Phortaingéilis ag duine. Tá tuiscint eile ar fad againn ar cad is gnome ann, agus baineann an deacracht chéanna, dar liom, le púca sa leabhar seo. Tá tuiscint eile ar fad againn ar cad is púca ann. Tá ‘scéalta púcaí’ cloiste againn go léir agus cé nach bhfacamar ceann riamh samhlaímid cruth faoi leith a bheith orthu agus iompar faoi leith a bheith fúthu. Ní hionann iad agus na goblins, ar dream ‘urchóideach’ (mar a luaitear sa leabhar) iad. Is dóigh liom gurbh fhearr dul i muinín an traslitrithe arís sa chás áirithe seo, ach ní lia duine ná tuairim. Maidir leis na elves, is é an téarma nuachumtha eilbh (uatha, ealbh) a thugtar orthu seo. Is deacair, agus cleachtadh againn ar an téarma Béarla, an litriú leathan sin a shamhlú leis. Ar shlí éigin bheifí ag súil le eilf agus eilfeanna(í) a bheith sa Ghaeilge faoin am seo. Tugtar (bréag)s(h)anasaíocht an téarma sin ealbh ag tús an leabhair. Mar sin féin, tá an focal ‘ealbha’ againn sa Ghaeilge a chiallaíonn ‘eallach’ nó ‘tréad’ agus tá ‘ealbh’ sa Ghàidhlig agus an chiall ‘beagán’ leis. Uimhir iolra an fhocail ‘ealbh’ sin is ea ‘ealbha’, a raibh an chiall ‘iomad’ nó ‘slua’ leis tráth. Seans go gcruthódh sé seo míthuiscint áirithe.

Dúshlán eile a bhaineann leis an aistriúchán liteartha is ea canúintí nó urlabhra aisteach a chur in iúl. Is é atá le rá ag Clifford E. Landers ina leabhar Literary Translation; A Practical Guide ina leith seo ‘The best advice about trying to translate dialect: don’t.’ Mar sin féin, mar aistritheoirí ba mhian linn iarracht a dhéanamh a bheith chomh dílis agus is féidir don bhunleagan agus bíonn claonadh ionainn an chomhairle sin a sheachaint. Tá dhá shampla den dúshlán seo in The Hobbit.

Ritheann urlabhra Gollum (Golam) linn láithreach agus an deacracht atá aige leis an litir ‘s’. Cuirtear an éalang sin in iúl go breá sa leagan Gaeilge, mar shampla: ‘B’fhéidir go ssuífeá anseo iss go mbeifeá ag seanchass leis píossa, a sstóirín. Iss maith leis tomhassanna, seanss maith?’ Tréith eile a bhaineann lena chaint is ea an uimhir iolra a bhíonn aige d’ainmfhocail, cuir i gcás handses, pocketses, Goblinses, eggses. An deacracht atá aige leis an litir ‘s’ is cúis leis sin arís, ní foláir. Ní bheifeá ag súil leis an bhfadhb chéanna a bheith aige le huimhir iolra an ainmfhocail sa Ghaeilge. Mar sin féin, tá leaganacha faoi leith aige d’ainmfhocail áirithe sa leagan Gaeilge, cuir i gcás ‘lámhachaí’agus ‘uibheachannaí’, ach is é an ghnáthuimhir iolra a bhíonn aige d’ainmfhocail eile, cuir i gcas ‘pócaí’agus ‘púcaí’, agus dá bhrí sin tá beagán den mhíréireacht i gceist leis.

Sampla den chanúnachas sa leabhar is ea caint na dtroll, cuir i gcás ‘Never a blinking bit of manflesh have we had for long enough,’ said the second. ‘What the ‘ell William was a-thinkin’… You’ve et a village and a half between yer…’ Tá an chuma ar an scéal gur Gaeilge Chonamara a chuirtear i mbéalaibh na dtroll, mar atá ‘Dheamhan ruainne d’fheoil dhaonna ní bhfuair muid le fada fada an lá,’ arsa an dara troll, ‘Céard sa diabhal a bhí ar intinn ag Liam… Tá sráidbhaile go leith ite agaibh beirt…’ Bhí deis anseo dar liom, ó cinneadh canúint faoi leith Ghaeilge a úsáid, an litriú a bheith ag teacht le labhairt na canúna, rud a chuirfeadh le héifeachtúlacht an aistriúcháin, cuir i gcás deabhal (diabhal), agaí (agaibh), a’m (agam), imí (imithe), se’a’inne (seo againne), ‘g iarra’ (ag iarraidh), coinni’ (coinnigh). Bíonn an chuma ar an scéal ar uairibh go bhfuil Gaeilge na Mumhan ag na habhaic, go háirithe Tóirín, ach bíonn gnéithe de chanúintí eile acu/aige chomh maith agus ní féidir a rá go cinnte an bhfuil sé i gceist go samhlófaí an chanúint sin leo.

                Dúshlán eile a bhí le sárú ag an aistritheoir ba ea an fhilíocht go léir atá sa bhunleagan, idir dhánta, amhráin, tomhaiseanna, etc. Ní haon dóithín é aistriú filíochta, go háirithe nuair is cuid thánaisteach d’aistriú próis é. Tá an fhilíocht go léir sa leabhar seo ag brath ar rím agus ar chomhfhuaim agus éiríonn leis an aistritheoir an dá ghné seo a thabhairt leis, a bheag nó a mhór, sna leaganacha fileata Gaeilge, mar shampla:

I bhfad thar shléibhte an cheo ó thuaidh chuig carcair chloiche is doimhneacht uamh sula n-éireoidh grian ní mór dúinn triall ag tóraíocht óir ghealbhuí na ndruadh.Far over the misty mountains cold To dungeons deep and caverns old We must away ere break of day, To seek the pale enchanted gold.

Anseo is ansiúd, áfach, ní éiríonn leis rithim ná rím an leagain Bhéarla a thabhairt leis, cuir i gcás:

What has roots as nobody sees, Is taller than trees        Up, up it goes,        And yet never grows?Is airde ná gach crann é, A fhréamha ní bhraitear,    Suas, suas a théann sé,    Is ní bhíonn sé ag méadú?

Maidir leis an gcuid eile den leabhar – an ghnáthreacaireacht – déantar aistriú maith air. Bíonn an t-aistritheoir Gaeilge ag síorchoimhlint ina (h)aigne idir an t-aistriú ba mhian leis/léi a dhéanamh agus an t-aistriú sin a thuigfeadh lucht léite an leabhair (i bhfianaise dhaibhriú na Gaeilge le blianta anuas). Ar uairibh, braitear an t-aistriúchán seo a bheith beagán foclach agus casta. Braitear an leagan Gaeilge a bheith ag freagairt rómhór don bhunleagan Béarla anseo is ansiúd, cuir i gcás ‘bhí coincheap an itheacháin ar a intinn.’ (‘the idea of eating was rather on his mind.’) nó ‘..ar bhur bpriacal féin.’ (‘…on your peril’).

 Os a choinne sin, caithfidh mé a admháil gur léigh mé an leagan Béarla roimh dom an leagan Gaeilge a léamh agus gur mhó an sásamh a bhain mé as an leagan Gaeilge tríd is tríd. Is dóigh liom, mar shampla, gur deise i bhfad an cuntas a fhaighimid i nGaeilge ar Gholam nuair a chéadchastar orainn é le hais an leagain Bhéarla, cuir i gcás:

 ‘Go domhain síos le hais an uisce dhorcha bhí cónaí ar shean-Gholam, créatúr beag sleamhain. Níl a fhios agam cad as dó, ná cérbh é féin ná cad a bhí ann. Golam a bhí ann – é chomh dorcha leis an dorchadas féin cé is moite dá dhá shúil mhóra thláithe ina aghaidh thanaí. Bhí báidín aige agus d’iomraíodh sé timpeall go ciúin ar an loch é; óir bhí an loch leathan domhain agus fíorfhuar…’

Rud eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm is ea go bhfuil na samplaí sin de na rúin, scríobh na n-ealbh, atá sa bhunleabhar aistrithe go Gaeilge ag Nicholas Williams. Léiríonn sé sin a chríochnúlacht atá sé agus é i mbun oibre.

Maidir le dearadh agus leagan amach an leabhair, ní mór a rá go bhfuil cuma bhreá air agus is aoibhinn go deo iad na bunléarscáileanna agus na bunléaráidí atá curtha in oiriúint don Ghaeilge. Locht amháin a bheadh agam ar an leabhar, ámh, is ea go bhfuil an cló an-bheag agus go bhfuil a léamh dian ar na súile. Rud eile de, cosnaíonn an leagan Gaeilge thart ar €40 (cé nár mhór a admháil gur leagan daite é faoi chlúdach crua), ach mar sin féin ní chosnódh an leagan Béarla €10 fiú. Ina theannta sin, tá earráidí beaga cló agus gramadaí anseo is ansiúd (e.g. lár [lá] arna mhárach, ba mhian leas [leis], dúin [dún] do chlab, dul thar [thart] ar an Modarchoill, cith chloch, etc.), mar aon le míréireachtaí eile (cuir i gcás idir ‘Gandailf’ agus ‘Ghandalf’ sa Tuiseal Ginideach), ach is ceisteanna eagarthóireachta iad sin i ndáiríre. Tríd is tríd, mar sin, tá aistriú maith déanta ar an leabhar The Hobbit agus is maith go bhfuil ceann eile de mhórshaothair an domhain ar fáil i nGaeilge. Tá an t-aistritheoir agus an foilsitheoir le moladh.

Leave a Reply

Your email address will not be published.