Athchló

Amhrán an Tóireadóra

Aistritheoir: Gearóid Ó Lochlainn.
Bunteanga: Fraincis.
Bunteideal: Toréador (Carmen).
Údar: Georges Bizet.
Céadfhoilsiú: Feasta, Aibreán 1956.

1
Seo bhur sláinte a ghaiscíocha dána,
Guím don uile shár-fhear agaibh séan agus só,
Tóireadóirí nach staonann sa chomhrac,
‘S nach géilleann am an chomhlainn dá dhéine é an gleo.
Siúd na táinte istigh sa tsorcas sáite,
Líon iomlán na háite – éist lena nglór:
Béiceach agus gártha thíos agus in airde,
‘S iad ag fearadh fáilte roimh gach tóireadóir.
Geoin gan faoiseamh ag an sló mórthimpeall,
‘S iad go beo ag ár ngríosadh ar theacht don uair chun
gnímh;
Fuaim a nglór agus tóirneach ard a scleondair,
Sin an ceol is ansa lenár gcroí.
Ar aghaidh go tréan,
Le faghairt chun éacht.

(Cúrfa)

A thóireadóir, chun comhrac leat le faor,
Bua duit agus glóir,
A thóireadóir;
Cuimhnigh agus tú i lár an choscair ghéir
Ar ghlé-roisc na bé atá ag féachaint:
Duit-se thug sí searc a cléibh, a thóireadóir,
Duit-se thug searc a cléibh.

2
Cad a tharla anois a thug an áit fé thost,
Agus d’fhág na táinte ciúin gan chor gan ghlór?
Tarbh lonn fíochmhar de ruathar ag teacht ann,
Agus caitheann beirt de dhroim na n-each d’aon ráig bhuile go fód:
Siúd ar siúl arís na gártha ar dhúbailt fuinnimh,
Agus liúrach ard na mílte glór:
Fáisc i do láimh go teann anois do lann gheal,
Pé acu bás nó bua atá i do chomhair.
Ar aghaidh go tréan,
Le faghairt chun éacht.

(Cúrfa)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *