Athchló

Cailín beag na Lasóg

Aistritheoir: Liam Ó Domhnaill
Bunteanga: An Fhraincis, a luaitear
Bunteideal: La Petite Fille aux allumettes
Údar: Hans Christian Andersen
Céadfhoilsiú: An Claidheamh Soluis, an 3 Feabhraa 1912

Lá deireanach na bliana a bhí ann.  Bhí an sneachta ag titim agus dorchadas na hoíche ag teacht.  Bhí nimh sa ghaoth.  I lár an fhuachta do chífeá go doiléir, cailín beag bídeach ag dul thart sa tsráid, a ceann gan chaidhp is a cosa gan bhróg, gan stoca.  Ag díol lasóg a chaith sí an lá; agus bhí a práiscín lán de bhoscaí anois; óir níor ceannaíodh oiread is aon bhosca amháin uaithi an lá sin.  Ba lá dubhach doilbh aici é is gan leathphingin ina póca dá éis.

Bhí an fuacht ag goilliúint uirthi go mór agus an t-ocras.  Ní hionadh gan an séan a bheith ar lasadh ina súile, an cailín bocht!  Bhí na slámanna sneachta ag titim ar a folt cas ; ach ní ag smaoineamh ar a folt cas a bhí sí.  Bhí soilsí ar lasadh i bhfuinneoga na ndtithe agus boladh cumhra an bhia le fáil ag lucht siúil na sráide.

Do shuigh sí síos i gcúinne idir dhá thigh agus í go faon, lag, tinn.  Bhí an fuacht ag dul i ngéire agus é á cloí ach ní ligfeadh an eagla di dul abhaile.  Ní raibh na lasóga díolta.  Ní raibh aon airgead aici de bharr an lae.  Do ghabhfadh a hathair uirthi.  Agus rud eile, ní raibh sa mbaile ach fuacht agus ocras, freisin.  Ní raibh acu ach drochsheomra faoi dhíon an tí agus b’olc an díon é.  Bhí an braon anuas ann is séideán gaoithe isteach.  In ionad gloine a bheith sna fuinneoga is amhlaidh a bhí tuí is ceirteacha… D’fhanadh sí lasmuigh.  B’fhéile na sráideanna ná an teach.

Ach nach fuar a bhí a lámha beaga caola!  B’fhéidir go ndéanfadh lasóigín an fhuil a chur ag preabadh iontu arís!  An mbeadh de mhisneach aici an lasóg amháin a tharraingt ar a cuid earraí agus í a chuimilt den bhalla?  Do las sí ceann acu.  Nárbh aoibhinn réaltach a shoilsigh an solas sa dorchadas!  Choinnigh sí a dhá láimh timpeall ar an lasóg agus do dhearc sí ar an solas isteach.  Do samhlaíodh di mar a bheadh oigheann mór iarainn ann is cnaipí ornáideacha air agus clúdach práis go glé taitneamhach agus tine bhreá ag cur teasa ar gach ní.  Do shín an cailín bocht a cosa fuara chun na tine d’fhonn na cosa a ghoradh chomh maith leis na lámha.  Do múchadh an lasóg.  D’imigh an t-oigheann as amharc.  Bhí sí ina suí sa bhfuacht agus gan aici ina láimh ach smut beag den lasóg dóite.

Do las sí an dara ceann.  Do shoilsigh an lasóg go lonrach gléigeal ar an mballa.  Chuaigh an solas tríd an mballa amhail is dá mba ghloine é.  Do chonaic an leanbh beag seomra taobh thiar den ‘ghloine’ agus bord faoi éadach cláir chomh geal le bráid na heala.  Bhí gach aon chineál méise ag taitneamh ar an mbord agus gé rósta agus gal aisti ar mhias acu.  Bhí boladh na gé ag teacht chuici.  Ach thug gé léim go hobann i dtreo an chailín bhig.  Bhí gabhal is scian ar mhuin na gé.  Bhí béile blasta le bheith aici.  Ach do múchadh an lasóg.  Ní raibh os a comhair ach an balla agus é go dorcha fuar.

Do las sí an tríú ceann.  Do chí sí gan mhoill í féin ina suí faoi ard-chrann aoibhinn Nollag.  B’fhearr de chrann é agus ba dheise ná an ceann Nollag a chonaic sí trí fhuinneog siopadóra shaibhir an lá faoi dheireadh.  Bhí na mílte coinneal ildaite ag spréacharnaigh ar chraobhacha glasa an chrainn.  Bhíodar ag miongháire go fial fáiltiúil, dar léi.  Do shín sí a lámh in airde.  Do múchadh an lasóg agus do múchadh na mílte coinneal.  Ní raibh os cionn an linbh bhoicht ach an spéir go glan, gorm, ard is réalta ar lasadh chun seaca tar éis an tsneachta.  Do thit réalt díobh is eireaball soilseach leis.

“Sin duine atá ag fáil bháis,” arsa an cailín bocht léi féin.  Fuair sí an t-eolas sin óna seanmháthair, an t-aon duine a bhí ina ceann maith di.  Sular imigh sí sin ar shlí na fírinne dúirt sí leis an leanbh: “Nuair a thiteann réalt anuas ón spéir comhartha é sin go bhfuil anam duine ag dul suas chun Dé atá sa bhFlaitheas.”

Do las sí lasóg eile fós.  Do lonraigh an solas go haoibhinn taitneamhach soilseach.  Bhí a seanmháthair ina seasamh i lár an tsolais is í ag dearcadh ar an gcailín beag go caoin, glórmhar.  “A sheanmháthair dhílis,” arsa an cailín bocht, “glac chugat mé.  Nuair a mhúchfar an lasóg ní bheidh tú ann.  Imeoidh tú mar a d’imigh an t-oigheann, agus an ghé rósta, agus an crann aoibhinn úd na Nollag.”

Do las sí ansin a raibh de lasóga sa bhosca mar ba mhian léi cuideachta na seanmháthar a bheith aici agus do thug na lasóga solas lonrach chomh geal leis an lá.  Níor chuimhin léi, am ar bith cheana, an tseanmháthair a bheith chomh maisiúil sin.  Thóg sí an cailín beag ina baclainn.  Chuadar ag eitilt in éineacht i lár an tsolais.  D’éiríodar is d’éiríodar go hard sa spéir agus níor stadadar gur shroicheadar an Ríocht nach bhfuil fuacht ná ocras ná trioblóid ann.  Bhíodar i láthair Dé.

Ar theacht na maidine fuaire bhí an cailín bocht ina luí sa chúinne idir an dá thigh.  Dath gorm liathghlas ina gruanna agus miongháire ar a beola… Bhí sí tar éis báis agus an chéad lá den athbhliain ann.  D’éirigh an lá go dubhach ar an gcorpáinín bocht sínte sa sneachta is boscaí lasóg ina thimpeall.  Bhí aon bhosca amháin agus a raibh ann ina luaithreach.  “Ba mhaith léi a goradh a dhéanamh!” arsa duine éigin… Ní raibh a fhios ag an saol na nithe áille a chonaic an cailín bocht agus an tosnú glórmhar a rinne sí i gcomhair na bliana nua.

Leave a Reply

Your email address will not be published.