Léirmheas

An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh

Aistritheoir: Antain Mac Lochlainn
Foilsitheoir: An Gúm (2014)

Léirmheastóir: Mícheál Ó Ruairsc
Foilsíodh an léirmheas seo cheana ar Tuairisc.ie anseo

I Meán Fómhair na bliana 1939 agus bombardú na cathrach ar lic an dorais, aslonnaíodh páistí amach as cathair Londain agus athshealbhaíodh iad i dtithe faoin tuath.

Páistí as dílleachtlanna, as ceantair easnamhacha agus as teaghlaigh mhífheidhmiúla a bhformhór.

Bhí baint ag C.S. Lewis féin leis an aslonnú seo. An-chuid scríofa i dtaobh an fheiniméain.

An t-úrscéal Goodnight Mister Tom (1981) le Michelle Magorian is fearr a thugann spléachadh ar an tréimhse sceirdiúil seo, i mo thuairimse.

Éiríonn le Magorian an stoitheadh agus gach a mbaineann leis a athchruthú ina steillebheatha.

Ní mar sin do C.S. Lewis. Úsáideann sé mar cheol cúlra é. Cleasaíocht shoiniciúil chun stádas a bhronnadh ar a shaothar, i mo thuairimse.

Murab ionann agus Magorian, níl ann ach ciúta liteartha chun na carachtair a thabhairt le chéile. Cuirtear an ceathrar – Lucy, Edmund, Peter, Susan – go teach mór galánta seanollaimh a bhfuil cónaí air i gceartlár na tuaithe.

Duine uasal, caoin, cneasta é an tOllamh seo agus cuireann sé na múrtha fáilte roimh na páistí.

Ní fada sa teach iad agus iad ag déanamh na bhfolachán nuair a aimsíonn Lucy an prios éadaigh, téann isteach ann agus osclaítear bealach éalaithe ón Dara Cogadh Domhanda agus ó bhrúidiúlacht an chogaidh di (rudaí nach léirítear a bheag nó a mhór sa téacs) nuair a éiríonn léi Nairnia, an domhan sin lán draíochta, a bhaint amach.

Déanann sí caradas le Fánas darbh ainm dó Máistir Tumnus. Imíonn sí leis go dtí a phluais agus caitheann tamall ina theannta ann.

Scéal aithnidiúil?

Bhuel, is leor a rá go raibh Alice in Wonderland (1865) agus Through the Looking Glass (1871) de chuid Lewis Carroll léite agus athléite ag C.S. Lewis faoin mbliain 1950 nuair a foilsíodh an leabhar seo ar dtús.

Is leor a rá go raibh tionchar nach beag ag Carroll air ach nárbh aon Carroll é féin! Agus is dóigh liom go raibh The Wind in the Willows (1908) de chuid Kenneth Grahame léite aige níos mó ná uair amháin freisin!

In ionad titim isteach i bpoll coinín nó dul tríd an scáthán, baintear leas as prios éadaigh sa chás áirithe seo chun bealach éalaithe ón domhan réadúil a aimsiú.

Tagann Lucy thar n-ais ach ní chreideann éinne den triúr eile í. Ansin téann sí isteach sa phrios arís agus an t-am seo leanann Edmund í ach nuair a fhilleann sé siúd, séanann sé go bhfuil a leithéid d’áit ann agus Nairnia.

Is saghas agóidí coinsiasach é an tEdmund céanna. Ach ansin téann an ceathrar acu le chéile agus is ag an bpointe seo a thosaíonn an eachtraíocht agus an floscadh i gceart.

‘An sibhse Clann Ádhaimh agus Éabha?’ a dúirt sé (An Béabhar).

‘Bhuel, ceathrar acu,’ arsa Peter.

Ar ndóigh, más rud é go raibh Cogadh Domhanda faoi lánseol i ndomhan Ádhaimh agus Éabha, bhí a mhacasamhail de chogadh ar siúl i Nairnia chomh maith.

An Bandraoi Bán ina Hitler baineann agus í meáite ar na comhghuaillithe a threascairt. Áslan (Churchill?), an leon, i gceannas ar na comhghuaillithe ach fainic!

Ní bhuafadh sé aon chogadh ná baol air gan na páistí cliste, éirimiúla, cróga, dea-mhúinte seo as ceartlár na hImpireachta chun cuidiú leis. Ag an deireadh, mar a bheifeá ag súil leis, bíonn an bua ag fórsaí na gcomhghuaillithe.

Cruthaítear Liosta Gradam do na buaiteoirí daonna agus déantar Ríthe as Edmund agus Peter agus Banríonacha as Lucy agus Susan sula scaoiltear thar n-ais trí dhoras an phriosa éadaigh iad ar theach mór an Ollaimh mar laochra cogaidh lena ngradaim.

Sáraistritheoir agus scríbhneoir é Antain Mac Lochlainn agus éiríonn leis saothar soléite, eachtrúil, éachtúil, floscthach a chur os ár gcomhair. Éacht.

Is ríléir gur chaith sé dua leis an saothar. Taitníonn a stíl scríbhneoireachta go mór liom chomh maith agus rachainn chomh fada is a rá gurbh é feabhas an aistriúcháin a choinnigh mé ag casadh na leathanach ó thús deireadh.

Maidir leis an saothar féin, an mbeadh sé inchomórtais le heachtraí Harry Potter?

N’fheadar ach ní dóigh liom é. Ná níorbh aon J.K Rowling é C.S. Lewis. Ní hionann agus a mhac, Daniel, ní bhíonn ar a chumas a mhéar a leagan ar chuisle na beatha.

Is beag forbairt a dhéantar ar na carachtair sa scéal – an tOllamh san áireamh. Níl iontu go léir ach steiréitíopaí agus ní éiríonn leat aithne cheart a chur orthu ná bá a bheith agat leo, dar liom.

Cé dó an leabhar? Déagóirí an lae inniu? Ní dóigh liom é. Lucht bunscoile? B’fhéidir.

Tá an t-ábhar atá faoi chaibidil sa leabhar seanchaite agus as dáta ag an bpointe seo. Bheinnse ag moladh go gcuirfí leaganacha giorraithe de shaothair mar seo ar fáil seachas bunleaganacha.

Tá seacht gcaibidil déag sa leabhar 237 leathanach. Rófhada.

Mar sin féin thaitin sé liom. Líníocht, dearadh agus leagan amach álainn. Sáraistriúchán.

Rud beag amháin a ghoill orm. An focal ‘prios’. B’fhearr liom ‘vardrús’ nó ‘cófra’ nó ‘cupard’. Tá sé deacair creatlaigh chráite a shamhlú istigh i bprios, nach bhfuil!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *