Léirmheas

Duan na Nollag

Aistritheoir: Pádraig Ua Duinnín
Foilsitheoir: Athchló le Leabhar Breac (2017) ar fhoilseachán an Ghúim
Eagarthóir: Maitiú Ó Coimín

Léirmheastóir: Eoin P. Ó Murchú

Foilsíodh an léirmheas seo cheana ar Tuairisc.ie

Leagan nua de A Christmas Carol a chuirfidh gliondar ar aon duine nach Scrúg é.

Cé go bhfuil Duan na Nollag níos dúshlánaí ná go leor leabhar comhaimseartha ní thógann sé i bhfad dul i dtaithí ar scéal mealltach Dickens.

Ar nós gach éinne, nach mór, tá scéal Duan na Nollag ceangailte le ceiliúradh na Nollag dom féin. Níl bliain dá dtéann thart nach bhfeicim scannán nó dráma éigin atá bunaithe, cuid áirithe, ar an leabhar seo. Go deimhin féin ghlac mé ról Bhob chráite Chraitit i ndráma Nollag tráth.

Rud nár thuigeas go dtí le déanaí ná tionchar Dickens ar cheiliúradh fhéile na Nollag trí chéile. Tá scannán amuigh ar an ábhar faoi láthair, The Man Who Invented Christmas. Is cosúil gur féidir mórán de ghnásanna na Nollag a leagan ar Dickens. Murach é seans nach mbeadh ról chomh lárnach ag an teacht le chéile ann, ná gné na carthanachta. Ní féile rómhór a bhí ann an tráth ar foilsíodh an leabhar fiú. Thug sé dúinn an carachtar úd Scrooge (nó Scrúg), carachtar atá chomh haitheanta sin gurb ionann a shloinne agus an sprionlóir aircitíopúil. Cén fáth seo ar fad? Toisc gur scríobh Dickens scéal mealltach ina bhfaigheann an dóchas an ceann is fearr ar an naimhdeas.

Foilsíodh an bunleabhar A Christmas Carol in 1843 agus foilsíodh leagan Gaeilge an Athar Pádraig Ua Duinnín i 1903. Maidir le teanga eagrán 1903 tá sí cuid mhaith níos casta ná na hathleaganacha ar sheanaistriúcháin atá feicthe againn le cúpla bliain anuas.

Is cosúil go bhfanann an leagan seo, a chóirigh Maitiú Ó Coimín, dílis go maith do leabhar an Duinnínigh. Tabhairt chun caighdeáin (ó thaobh litrithe) is mó atá le sonrú air ach fágtar cuid den chanúnachas ann. Cé go bhfuil an téacs níos dúshlánaí ná go leor leabhar comhaimseartha ní thógann sé i bhfad dul i dtaithí air. D’fhéadfaí iarracht níos mó a dhéanamh aistriúchán mar é a chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, ach, mar sin féin, tá an scéal ar eolas ag an oiread sin daoine nach dócha go gcuirfear éinne ó dhoras.

Plota an leabhair mar sin, mura bhfuil sé agat cheana. Saoiste dian righin é Scrúg nach gceannódh a dhóthain guail lena oibrí a choinneáil te. Fear é Scrúg nach gcabhraíonn leo sin atá ar an ngannchuid, fear é a bhfuil an ghráin dhearg ag go leor daoine air. Tagann spioraid éagsúla chuige agus tugann léargas dó ar an am a caitheadh agus a thugann tuiscint don léitheoir ar chúlra Scrúig, ar an am i láthair agus ar an todhchaí. Feiceann sé na slabhraí troma toirtiúla atá le hiompar ag na spioraid sin nár chaith saol suairc. Bhí dearmad déanta agam ar a dhorcha atá cuid den chur síos. Cuid de bhua an leabhair ná a théamaí breátha soiléire., Nuair a thaispeántar bóthar a leasa do Scrúg sprionlaithe, casann ar an mbóthar sin. Leabhar gairid é leis.

Maidir leis an aistriúchán féin tá gnéithe áirithe ar thóg mé ceann dóibh. Ó thaobh na téarmaíochta sílim gurbh fhearr imeacht ó roghanna an Duinnínigh uaireanta. Nárbh fhearr an téarma ‘trádstóras’ a úsáid in áit ‘earralann’ ar ‘warehouse’? Déantar ‘Norfolk’ a thras-scríobh mar ‘Norfóc’, rud nach gcuireann leis an téacs. Seans go mbainfidh an leagan Gaelaithe ‘Scrúg’ féin siar as roinnt, ach is fiú a rá go bhfuil roinnt ainmneacha ann nár chaill puinn le linn a n-aistrithe. Féach ‘Taidhgín Caol’ ar ‘Tiny Tim’, mar shampla.

Tá imeartas focal in aistriúchán an Duinnínigh nach dtagann slán ar fad de réir thuiscintí an lae inniu ar an aistriúchán. Tá “chomh marbh le tairne dorais” ag Ó Duinnín ar ‘dead as a doornail’ agus plé ansin ar na fáthanna a samhlaítear an ‘doornail’ leis an mbás. Go breá, ach ní ann don nath sin sa Ghaeilge. Sílim go bhféadfaí “chomh marbh le hart” a úsáid ann agus freastal ar an imeartas focal dá réir. Is fiú a chuimhneamh go raibh an Duinníneach ag saothrú leis i dtréimhse nach raibh mórán de chur amach ar cheird an aistriúcháin mar a thuigtear anois í.

An chuid is fearr den leabhar ná a dheireadh ar ndóigh. An t-athrú iomlán a thagann ar Scrúg. É lán anois le haoibhneas na Nollag. An chearc is mó sa siopa á ceannach aige, toirt Thaidhgín Chaoil inti. É ag guí Nollaig shúgach ar bhoic mhóra agus ar bhochtáin araon. Nuair a phléascann an gliondar agus an t-aoibhneas seo ar fad as lár Scrúig amach is deacair gan iad a bhrath tú féin. Is sa chuid seo a thuigtear an fáth a meallann Duan na Nollag daoine in 2017 féin, gona leaganacha iomadúla.

Ainneoin roinnt na ndúshlán a bhaineann le téacs casta i dtosach, táim cinnte go gcuirfidh an leagan seo gliondar ar éinne nach Scrúg iad féin. Agus d’aon sprionlóirí amuigh ansin, muise, díth céille, Nollaig shúgach chucu sin leis!

Leave a Reply

Your email address will not be published.