Athchló

Grá Idéalach – Aistriú ón Spáinnis

Aistritheoir: Breandán S. Mac Aodha
Bunteanga: Spáinnis
Bunteideal: Amor Ideal
Údar: Gustavo Adolfo Becquer
Céadfhoilsiú: An tUltach, Nollaig 1978

AMOR IDEAL

(Grá Idéalach)

le Gustavo Adolfo Becquer

Breandán S. Mac Aodha a d’aistrigh.

Och, nach tostach mar ghrá é grá an bháis!

Sa chuid seo (lmleabhar IX) dá shaothar tá deireadh le buarthaí na beatha seo: baineann grá Becquer anois le saol na marbh, le domhan brionglóideach. Tá rian na Rómánsaíochta ina luí go trom ar na dánta seo, ach tá réalachas rúndiamhrach le sonrú iontu freisin.

Yo Soy Ardiente, Yo Soy Morena
Táimse lasánta, táimse dorcha,
is mise samhailchomhartha an phaisin;
le dúil sa rathú atá m’anam líonta.
An mise atá a chuartú agat? ‘Ní hea, ní tusa’.

‘Is bán í mo chuntanós; is órga iad mo chuid dual;
d’fhéadfainn sonas gan chríoch a thairiscint duit;
tá ciste grámhaireachta ar cosaint agam.
An ormsa a ghlaonn tú?’ ‘Ní hea, ní ortsa.’

‘Is brionglóid mise, rud neamhfhéideartha,
taibhse fhallásach tógtha as ceo is léas;
táimse neamhchorpartha, táimse do-thamhaill;
ní fhéadfainn thú a ghráú. ‘Och tar, tar tusa!’

Cuántas Veces, Al Pie De Las Musgosas
Cá mhéad uair, ag bun na bhfallaí
caonaigh a chosnaíonn é,
a chuala mé an clog a ghlaonn i lár na hoíche
chuig na maitíní?

Cá mhéad uair a línigh an ghealach
airgid mo scáthphictiúr
taobh le scáth na cufróige a thaibhsíonn
trí fhallaí an gharraí?

Nuair a d’fholaíodh an eaglais í féin
faoi scáthanna a cuid stuanna spréite,
cá mhead uair a chonaic mé loinnir an lampa
ag crith trí na fuinneoga?

D’ainneoin go mbíodh an ghaoth ag siosarnach
i gclúideanna dorcha an túir
d’aithnínn do ghlór gléineach ag crith
i measc glórtha uilig an chóir.

Ar oíche gheimhridh, dá mbíodh sé de dhánacht i
gcladhaire éigin
an chearnóg thréigthe a thrasnú,
tar éis spléachadh a fháil ormsa,
dhéanadh sé géarú ar a choiscéim.

Agus ní bhíodh aon ghannchúis seanbhan ann
a deireadh ar theacht na maidine
gur mise anam sacraisteora éigin
a fuair bás faoi smál an pheaca.

Bhíodh aithne agam ar bhrochóga dorcha
an chlóis is na colunáide,
b’fhéidir go gcaomhnaíonn na neantóga a fhásann
ansin
rian mo chosa go fóill féin.

Na hulchabháin a leanadh mé go huamhnach
lena súile bladhmannacha,
ar ball beag bhí siad sásta glacadh liom
mar chomrádaí iontaofa.

Ghluaiseadh na péisteanna taobh liom,
iad ag snámh leo gan faitíos.
Go fiú fallaí naofa an eibhir,
creidim go bhfáiltídis romham!

Será Verdad Que Cuanto Toca El Sueño
An fíor, nuair a leagann an codladh
a chuid méaranna rósdatha ar ár gcuid eile
go dteitheann an t-anam, a chónaíonn sa phríosún
seo,
ar eitleog mhear?

An fíor go n-éiríonn sé, ina aoi ag an cheo,
ar shéideadh go bog do leoithne na hoíche,
ar sciathán in airde chuig an réigiún folamh
chun castáil le hanamacha eile?

Agus ansin, a chruth daonna bainte de,
ansin is a chuid slabhraí domhanda scaoilte,
an gcónaíonn sé seal beag gairid i saol tostach
na meabhraíochta?

An ngáiríonn sé, an gcaoineann, an bhfuathaíonn,
an ngráíonn,
an gcruthaíonn sé eireaball léin is lúcháire
amhail é siúd a fhágtar ag an dreige
ag trasnú na spéire di?

Ní heol dom an maireann saol seo na mbrionglóidí
lasmuigh dínn nó an ngluaiseann sé laistigh dínn;
Is é an méid is eol dom ná go n-aithním a lán
daoine
nach bhfuil aon aithne agam orthu.

No Dormía; Vagaba En Ese Limbo
Ní i mo shuan a bhí mé ach ar fán san Liombó seo
mar a gcailleann gach rud a chruth,
spásanna rúndiamhra a scarann
an t-airdeall ón chodladh.

Na smaointe a bhíodh ag bogadaíl
ar raon balbh laistigh de mo chloigeann,
beagán ar bheagán ghabh siad chucu féin
gluaiseacht níos réidhe ina rince.

Bhí scáil an tsolais úd a thig trí na súile
á ceilt ar an intinn ag na mogaill,
ach bhí solas eile ón taobh istigh
ag cur domhan na n-aisling ar lasadh.

Ar an phointe sin thaibhsigh i mo chluas-sa
an monabhar doiléir scaipthe
amhail Amen úd na bhFíréan
ag críochnú dóibh a gcuid paidreacha.

Agus chuala mé glór fann dubhach,
glór a ghlaodh m’ainmse ó i gcéin,
agus mhothaigh mé coinnle múchta,
boladh na taislí agus na túise.

D’éalaigh an oíche agus, ar nós cloiche, thit mé
isteach in ucht na díchuimhne, ina cuas
duibheagánach:
mar sin féin, ar dhúiseacht dom, scread mé:
“Tá duine éigin a ghráigh mé básaithe”.

Las Ropas Desceñidas
A gcuid róbaí gan crioslú,
a gcuid claíomh nocht acu,
ar lindéar óir an dorais
bhí an bheirt aingeal ar garda.

Dhruideas i leith na ráillí
a chosnaíonn an bealach isteach;
ón ghrátáil dúbailte chonaic mé í
i bhfad uaim, bán, do-aitheanta.

Chonaiceas í amhail íomhá
a ghluaiseann thart i mbrionglóid,
amhail ga caol spréite solais
a shnámhann sa dhorchadas.

Mhothaíos go raibh m’anamsa
lán de dhúil do-mhúchta,
mar a mheallann duibheagán duine
tharraing an mhistéir seo chuici féin mé.

Monuar! Ach de réir dealraimh
bhí seile na n-aingeal ag rá liom :
“Céim thar tairseach an dorais seo
ní thriallann éinne ach Dia.”

En La Imponente Nave
I gcorp maorga
an teampaill bhiosántaigh
chonaic mé an tuama gotach faoin tsolas
neamhchinnte
a bhí ar crith trí na fuinneoga péinteáilte.

A chuid lámha ar a brollach,
agus leabhar ins na lámhaibh,
bhí bean álainn ag glacadh a suaimhnis
os cionn catafailc a ghearr siséal éachtach.

Ag meáchan caoin crapta
na colainne a thug uaithi
bhí a leaba eibhir roctha
fé mar a dhéanfadh cleite mín is sról.

Bhí loinnir dhiaga
an mhiongháire dheiridh
ar caomhnú ag an chuntanós, mar a chaomhnaíonn
an spéir
ga teifeach na gréine tar éis di dul a luí.

Ina suí dóibh ar imeall
an cheannadhairt chloiche
beirt aingeal, barr méire ar a mbéal acu,
iad ag brú tosta ar an timpeallacht!

Ní bhíodh cuma an bháis uirthi;
faoi scáil na stuanna ollmhóra
dheineadh sí codladh, do réir cosúlachta,
agus na flaithis le feiceáil aici ina suan.

Tharraing mé ar chlúid
scáthach an choirp eaglaise
le coiscéim gan fothram, mar a tharraingíonn duine
ar an gcliabhán mar a gcodlaíonn leanbh.

Rinne mé machnamh uirthi ar feadh meandair.
Is an loinnir alabhog úd
an leaba chloiche úd a bhí ag tairiscint,
taobh leis an bhalla, ionad folamh eile,

chothaigh siad i m’anamsa
tóir ar an infinideach,
dúil bheatha seo an bháis ins an bheatha úd
inarb ionann céad bliain agus nóiméad . . .

Agus mé traochta den chomhrac
faoina mairim ag coraíocht,
amannaí cuimhním le teann éada
ar an chlúid dhorcha cheilte úd.

Cuimhním ar an bhean úd,
í balbh agus bánghnéitheach, is deirim:
‘Och, nach tostach mar ghrá é grá an bháis!
Och, nach suaimhneach mar chodladh é codladh
an tuama!’

Leave a Reply

Your email address will not be published.