Athchló

“Tosach Oibre” ón bhFraincis

Aistritheoir: Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha)
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Installation
Údar: Alphonse Daudet
Céadfhoilsiú: Misneach, an 18 Nollaig 1920

I

Ar na coiníní úd a bhí an ionadh! Do bhí doras an mhuilinn chomh fada san gan oscailt, agus na fallaí is an portfhalla chomh múchta san ag an bhféar gur cheapadar i ndeireadh na dála go raibh an cine muilteoirí imithe gan sliocht, agus bhí an áit chomh taitneamhach san leo féin go ndearnadar gnáis choiteann de, ball a bheadh oiriúnach dóibh i gcomhair gach aon bheart: muileann na gcoiníní ag Semap… Chonacsa ann, gan bhréagnú, an oíche a shroiseas é, fiche coinín éigin díobh agus iad ina suí timpeall ar phort an mhuilinn ag téamh a laipíní fé lonradh na gealaí.  Dá ndéantaí aon fhuinneoigín a chur ar leath-oscailt i mbarra an tí, teilg! siúd chun siúil an ghasra ina lán-ruaig agus gach aon tiarpán bán fé chnota d’eireabaillín ag scinniúint fé dhéin na scairte. Is mór é mo mhuinín go bhfillfid.

Agus ní lú ná san an ionadh a chuireas ar léisí an chéad lochta, seancheann cait duairc a raibh dreach an mhachnaimh air, tionónta a bhí ina chónaí sa mhuileann le fiche bliain anuas. Is é an áit a fuaireas é ná insa tseomra uachtair agus gan cor as, é ina shuí ar an hacstraí mór agus brus go leor ar fud an urláir ann, píosaí plastair agus slinneacha a bhí tar éis titim de cheann an tí.

D’fhéach sé ormsa go cionn tamaill lena bholgshúile; tháinig sceoin air ansan nuair nár aithin sé mé, agus gach aon hú! hú! aige; agus do chrom sé ar chrothadh tholgach do bhaint as na sciatháin a bhí liath ag luaithre an mhuilinn; ní chuimlíd na cladhairí fealsúnacha so bruis díobh féin choíche! Ach is cuma san! In ainneoin an chrota a bhí air, na súile bhí á síor-chaochadh aige, agus an ghnúis ghruama bhí air, is fearr a thaitnigh an lóistéir sin liom ná éinne eile, agus is fonn liom léas nua a tharraingt dó. Barra an mhuillinn atá aige siúd, mar a bhíodh, agus doras thuas aige; agus an t-íochtar agamsa dom féin, seoimrín aolda atá íseal áirseach dála seomra proinne i gcoinbhint.

II 

Sin é an t-ionad ina bhfuilim á scríobh so chugat, agus mo dhoras ar dian-leathadh agam fé thaitneamh na gréine.

Tá coill dheas ghiúise os mo chomhair, as so síos go bun an chnoic agus í ag spréacharnaigh i loinnir an lae. Táid círíní caola na nAilpíní le feiscint ar íor na spéire… Níl gleo dá laghad ann… Ar éigean a chloisfeá i gcéin uait an ceol fífe, liú an chuirliúin insna labhandair nó gleanga chloigín ar chultacha miúlach ag gabháil an bóthar… beatha na binndútha so na Proibhínse solas an lae

Agus tar éis an méid sin a insint duit, conas a mheasair go mbeadh aon aithreachas ormsa toisc mé a bheith scartha le bhur bPáras dhubh ghleo? Is mise atá go compordach anso im mhuileann! Sin é díreach an sórt láithreach a bhí uaim, cúinnín brothallach cumhra atá suite míle léig i gcéin ó pháipéir nuachta, ó chóistí, ó cheo na cathrach!.. Agus a bhfuil d’aoibhneas insna nithe atá im thimpeall! Bíodh gurb éigean atáim ocht n-uaire chloig annso fós, tá mo cheann tuilte cheana féin ag breáthacht radharc is cuimhneachán… cad é cúis é! Gan dul níos sia ó bhaile ná tráthnóna inné, bhíos i láthair nuair a chas an tréad ó na cnoic chum feirmeach anso thíos, agus bheirim mo mhóid duit gur taitneamhaí liomsa mar radharc é ná a raibh agaibhse le seachtain d’oícheanta tosaigh dráma i bPáras. Féach cé acu ab fhearr leat féin.

III

Ní mór a insint duit gur nós coiteann é ag Proibhínsigh a gcuid stoic a chur ar féarán suas ar na cnoic chomh luath is a thagann brothall an tsamhraidh. Caithid na beithígh is na haoirí sé nó seacht de mhíonna ansúd thuas, luighid fén spéir istoíche, agus féar go súile ag an eallach; ní túisce a thagann an chéad iarracht den bhfómhar ansan ná mar a ghluaisid abhaile chun na feirmeach chun cromadh arís ar iníor choiteann na gcnocáiníní riabhacha ina mbíonn bolaithe cumhra an rós Mhuire…

Sea, aréir do chasadar abhaile. Do bhí dhá chomhla an gheata mhóir ar lán-leathadh ó mhaidin; bhí na cróite lán de thuí ghlan.

“Táid ag Eiguiéres mar seo”: “ag Paradou” atáid um an dtaca so” a dheirimís ón uain go chéile.

Ag déanamh ar an oíche ansan do chualathas d’urchar an liú: “Siúd chugainn iad”! agus chonaiceamar inár dtreo i bhfad uainn an tsochraid chaorach agus iad beagnach folaithe ag scamall de luaithreán bóthair.

Ba dhóigh leat go raibh gach aon mhac máthar a chónaíonn cois an bhealaigh ag gluaiseacht leo … Ag na seanreithí atá tosach bóthair, cuma fhiáin orthu, agus a n-adharca in eagar acu; ina ndiaidh san gluaiseann urmhór na brón, máithreacha an bhainne beagáinín suaite iontu féin agus a gcuid uan diúil lena gcois: na miúileanna faoina gcnotaí dearga agus iad ag iompar párdóga ina bhfuil luascadh á fháil ag na huainíní a rugadh ar an dturas; tagann ansan na madraí caorach, iad ag snámh le hallas agus teanga gach madra acu ag sileadh leis, agus beirt gheocach mór d’aoirí a bhfuil rua-fhallaing den drogait sraite anuas go sála ar gach duine acu.

Gabhann an slua san go léir thar bráid againn go tóstalach, go mbrúid isteach sa gheata mór, agus gur geall le clagairneach fearthainne fothrom a gcrúba beaga.

Dá bhfeicfeá an rí-rá istigh sa mhacha. Na péacóga glas-órga, mogall-chíorach ar a bhforadh in airde braithid siad an chuallacht ag teacht agus is geall le teann-torann trumpa an pililiú fáilte a chuirid rompu.

Bhí foireann chróitín na gcearc ag míogarnaigh dóibh féin, chun gur múscladh iad de phreab. Tá gach aon treabh beoga – colúir is lachain is turcaithe is giní-chearca. Déarfadh éinne gur ar buile atá na héanlaithe sa chlós; is é deirid na cearca ná go mbeidh sé ina oíche acu!

Ba dhóigh leat gurb amhlaidh a thug gach caora abhaile ina lomra léi, i dteannta chumhracht féin na gcnoc, beagán den aer groí, rud a chuireann gach rí ag rince is ar mire.

IV 

Sin é an bachram atá ar siúl agus an tréad ag dul isteach sa bhuaille. Is gleoite an radharc é a bheith ag faire orthu ag dul chun suaimhnis dóibh féin. Bogaid na sean-reithí nuair a shroisid a gcró féin athuair. Na huain, is na rudaí beaga a tháinig ar an saol inné, nach raibh sa bhuaille riamh roimhe seo, féachaid ina dtimpeall agus iontas an domhain orthu.

Ach an ceann is gleoite den scéal ar fad is é cúrsa na madraí é, madraí macánta na n-aoirí agus a chúramaí is atáid um a gcuid stoic féin, ná féachaidís ar a mhalairt.

Ní haon chabhair don ghadhar teaghlaigh labhairt chucu óna leabaidh; níl aon éileamh acu ar an lán-channa den uisce ghlan atá ansúd in aice an phúmpa: ní háil leo aon ní ar domhan a fheiscint ná a chlos chun go bhfeicid an tréad go léir istigh, an geata daingnithe leis an gcip mhór agus na haoirí ina ríthe chun boird sa tseomra mhór.

Sin é an uair a thugaid aghaidh ar an gcinil, agus le linn a bheith ag caitheamh a mbáisíní anraith ansúd dóibh is ea a chromaid ar insint dá gcomrádaithe ón mbuaille um a n-imeachtaí thuas ar na cnoic, sa dútha dorcha san mar a mbíd faolchúnna, agus méaracáin na mban sí a bhíonn cruach le drúcht.

Is féidir an leagan Fraincise a fháil anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published.