• Fabhalscéal Fada

    An Draoidín

    Bunteideal: Le Petit Poucet (1880)Bunleabhar: Magasin des Petits EnfantsAistritheoir: Sionainn Ní Ghréacháin, Clíodhna Nic Giolla Comhail agus Criostóir Ó Finn Fadó fadó bhí búistéir agus a bhean chéile ann. Ní raibh an páiste ba shine ach deich mbliana d’aois; agus ní raibh an páiste ab óige, nuair a rugadh é, ach beagánín níos mó ná ordóg, agus mar gheall air sin tugadh “an Draoidín” air. Bhí an buachaill bocht seo mar cheap magaidh an tí; mar sin féin, ní raibh duine ar bith de dheartháireacha s’aige chomh cliste ná chomh ciallmhar leis. Níor labhair sé an t-am ar fad ach…

  • Fabhalscéal Fada

    An Cailín a Iompaíodh go Cloch

    Bunteideal: Bunleabhar: Aistritheoir: Aoife Ní Chonghaile Bhí cónaí ar Cacique (ciallaíonn sé seo Taoiseach) i mbaile gar do na sléibhte, agus bhí iníon aige a bhí ar cheann de na daoine ab áille ar domhan. Ba chailín álainn, béasach í. Ó cailleadh a máthair, chónaigh sí go cúthail i dteach a hathar, agus ba é an teach ba dheise sa bhaile é, toisc go mba leis an Taoiseach é. Lá amháin, d’fhág a hathair an teach chun dul chuig ceiliúradh a bhí i bhfad ó bhaile. Anseo, chas sé le bean álainn, agus…

  • Fabhalscéal Fada

    An Bréag-Phrionsa agus an Fíor-Phrionsa

    Bunteideal: Bunleabhar: Aistritheoir: Aoife Ní Chonghaile I mbrothall an tsamhraidh, bhí sé de nós ag daoine éirí luath, agus codladh ar feadh tréimhse ghearr arís ag meán lae, mar a dhéantaí i dtíortha teo. Bhí an rí díreach tar éis eirí agus é gléasta in éadaí éadroma, geala. Bhí sé ag siúl tríd an halla ar a bhealach chuig an seomra comhairle, nuair a casadh cúpla fear óg air, agus sheas duine acu amach chun labhairt leis. ‘A Shoilse, ar maidin agus muid ag imirt leadóige sa chúirt, an prionsa agus…

  • Fabhalscéal Fada

    An Triúr Deartháireacha

    Bunteideal: The Three BrothersBunleabhar: Pink Fairytale Book (1897) le Andrew LangAistritheoir: Séamus Ó Coileáin Bhí fear ann fadó, agus is fadó a bhí, agus bhí triúr mac aige, ach ní raibh de mhaoin sa tsaol aige ach an teach ina raibh cónaí orthu go léir le chéile. Bhí an cion céanna aige ar gach duine de na mic gan aon ‘pháistín fionn’ aige ina measc agus dá bhrí sin níor mhaith leis an teach, an t-aon sealúchas a bhí aige ar dhroim an tsaoil mhór, a fhágaint le hoidhreacht ag aon…