Athchló

“Le linn an Léigir” le Tolstoy

Blúiríocha as gearrscéalta Tolstoy.

Aistritheoir: Lúgh Mac Céin (Seán Tóibín)
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: Sevastopol (Sevastópolʹskiye rasskázy sa bhun-Rúisis)
Údar: Leo Tolstoy
Céadfhoilsiú: Misneach, an 26 Feabhra 1921

Bhí saighdiúirí ag gabháil thar bráid an tí gach aon nómant agus fir ghortaithe á n-iompar chun an ospidéil acu.  Aon fhear gonta a d’fhéadfadh siúl, bhí saighdiúir ar gach taobh de sin ag cabhrú leis.  Ní raibh de sholas sa tsráid ach an méid a bhí á thabhairt ag lampa beag i dtigh oifigigh anseo is ansiúd, agus an léas a bhí ón ospidéal.  Bhí solas sa spéir lastuaidh, áfach, mar bhí an ghunnadóireacht ar siúl i gcónaí ann agus an fothram ag cur allais ar a raibh sa tsráid.  Thagadh duine de lucht stiúrtha an airm ar mhuin capaill idir dhá linn, ag breith scéala leis chun an taobh eile den chathair.  Chloistí an scread gach aon nómant ó dhuine gortaithe, nó an osna ón duine tréithlag; agus lógóireacht agus gol na mban a bhí ag faire an ghnótha go léir ós na doirse.

Réiltíní Lasracha

Bhí baintreach an tsean-mhairnéalaigh ann; agus bhí a leasiníon – leanbh deich mbliana – in éineacht léi.  Istigh sa tigh, bhí Nicíta ina shuí ar stól.

“Ó, a Dhia liom, agus a Mhuire Mháthair!” arsa an baintreach agus lig sí osna, “nach orainn atá an mí-ádh?  Ní raibh an chéad chath leath chomh millteach leis seo.  Féach siúd!  In aice le tigh mo mhuintire féin a thit sin.”  D’fhéach an leanbh sa treo inar thit an chaor thine agus chonaic sé na réiltíní lasrach ag scinniúint go tiubh ó thaobh go taobh trasna na spéire.

“Ní hansiúd atá an tigh,” arsa an leanbh.  “Is i ngarraí m’aintín Aríne a thit an rud dearg sin.”

“Cá bhfuil mo mháistir bocht anois?” arsa Nicíta, agus é ina shuí ar an stól; agus dhírigh sé ar ghol, nó an saghas goil a dhéanann an duine a mbíonn mearbhall tar éis an óil air.

Dream Cearrbhach

“Ní fheadair éinne,” ar seisean, “ach an grá a bhí agamsa riamh dom’ mháistir.  Agus má mharaítear anois orm é, Dia idir sinn agus an t-olc, ní fios cad é an buille feirge a gheobhaidh mise.  Táim á rá sin leatsa, a Aintín.  Ba mhaith liom é a chur in iúl díbh a fheabhas a bhí mo mháistir-se riamh, ach theipfeadh an chaint orm leath a mhaitheasa a áireamh.  Theipfeadh sin, dar deimhin.  Níor mhar a chéile mo mháistir-se agus éinne den dream cearrrbhach atá ag imirt cártaí anseo istigh,” agus bhagair sé a cheann i dtreo an tseomra ina raibh Ibhatcescí agus na heinsíní óga ag déanamh subhachais mar gheall ar an teideal ‘iuncar’ a bronnadh an lá sin ar Ibhatcescí.

“Féach na réiltíní dearga go léir anois!” arsa an leanbh, nuair a bhí deireadh ráite ag Nicíta.  “Féach iad ag cinniúint ó thuaidh is ó dheas!  Tá ceann an-mhór ansiúd, féach.  Cad chuige é sin a bheith chomh mór sin, a mháthair?”

Scrios ar na Boicht

Ní thug an tseanbhean aon fhreagra uirthi ach tar éis gearrthamaill dhein sí caint arís – toradh a machnaimh féinig.  “Millfidh siad ár mbothán beag orainn,” ar sise.

Lean an leanbh go tiubh dá caint féin fé mar a bheadh sé ag amhrán.  “Thit liathróid an-mhór go deo anuas ar thigh m’uncail inniu,” ar sise, “agus tá sí in aice an staighre fós.  Tá sí chomh mór sin ná féadfaidís í a thógaint.”

Agus lean an tseanbhean, leis, dá machnamh fhéin.  “Aon bhean a bhfuil maitheasaí saoil aici agus tigh chónaithe agus fear céile, tá bailithe léi aici amach as raon na díobhála,” ar sise.  “Níl sa saol agamsa ach an bothán beag sin, ach mo chráiteacht agus mo chreach mhór!  Táthar a leagadh orm! Ó, a Thiarna, féach air sin mar phléascadh agus mar lasair thine!  Ó, na ropairí deamhan!”

Leave a Reply

Your email address will not be published.