Athchló

“An Leann Fraoigh” ón mBéarla

Aistritheoir: Seán Tóibín
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: The Secret of the Heather-Ale (as The Lost Pilbroch)
Údar: Neil Munro
Céadfhoilsiú: An Claidheamh Soluis, an 14 Deireadh Fómhair 1914

I.

Lá gréine, do ghabh siar trí Ghleann Aora trí fichid de lucht leanúna Dhiarmada.  Togha fir ba ea gach duine acu agus ó Charnus is ea a ghluaiseadar an mhaidin sin.  Bhí níos mó de chlann Artúir orthu ná de na Caimbéalaigh agus bhí a mbreacán ar aon dath le breacán Ghiolla Easpaig Ghruamaigh, siúd is nach é gnóthaí an duine sin a bhí de chúram orthu, ach is cuma riamh anois ina thaobh-san.

Um an dtráth céanna úd, is ea a bhí Tiarna Aontroma gona a lucht leanúna agus scrios acu á dhéanamh ar fud na hAlban agus íde na scine agus an chlaímh mhóir á imirt acu ar mhuintir na nGleann is na mbeann. 

Ní raibh sa dúthaigh ó thaobh taobh, clann ná cine nár ghabh le saighdiúireacht – ba bhreá leo riamh mar cheird í – ach muintir an ghleanna úd Síora.  Dream le sámhas ba ea iad féin agus gan de chúram an tsaoil orthu ach ag seilg is ag déanamh ceoil is ag ól leanna fraoigh.  B’in deoch ba chuí do rí ach níorbh eol do rí ná do ríon a blaiseadh.

Alastair Píobaire, is é a bhí i dtosach buíne ag Clann Dhiarmada.  Píb mhór fhónta a bhí ag Alastair; duine ó Dhún Bheagáin a raibh a cheird ar fheabhas aige, a rinne. 

“Ardaígí libh a bhfaighidh sibh, is mór an ní an raidhse,” ar sise, go hard is go dána.  Do chualathas an ceol sin ó Charnus go Barr Chalduinn an cheoigh.  Do chuirfeadh an port sin spionn sa duine ba lú cluas chun ceoil, agus ní ar bhuachaillí fuinte Dhiarmada a gheofá an duine sin.

Ar chúl Alastair.  Do bhí Niall Mór an Chumais, duine a raibh teist air chun léimt is reatha is aclaíocht catha.  Nach é féin a mharaigh an duine ba threise dar shiúil drúcht Alban riamh?  Mar dheimhin air sin léigh leabhar Ghiolla Easpaig, seanchaí na bhfíoreachtraí.

“Dar fia!” arsa Niall Mór, “ach gur sinne na buachaillí fuinte.  Is iad lucht a’ Ghleanna a gheobhaidh a’ priocadh inniu.”  Do theilg sé a sciath in airde sa spéir.  Le neart teaspaigh, agus ar theacht anuas di, do rug sé go deas glan ar chluais uirthi.

Do bhaineadar preab as an seabhac coille is do chuireadar na fiolair ag screadaigh.

Do shiúladar leo, chomh héadrom leis an bhfia agus ceol á dhéanamh ag cosa na gclaimhte i gcoinne na sciath.  Bhí cuid dá ndaoine muinteartha is dá mná tí tamall uathu thiar ar bharra cnoic agus do bhagraídís na fir chucu anois is arís.  Ag fágaint slán acu.

Do bhí fuílleach cnó ag fás ar dhá thaobh an bhóthair agus do thosnaíodar á stoitheadh is a n-ithe, agus an duine ná raibh ag cogaint, bhí sé ag amhrán.  Do bhí ainm riamh ar Mhuintir Locha Ódha chun ceoil.

D’fhéach Niall Mór go dúr ar a chuid fear.

“Is gairid ná beidh de shlacht oraibh ach oiread le scata de bhulláin Ghallda,” ar seisean in ard a ghutha.  “Druidigí le chéile!  A Alastair, cad déarfá le ‘Baile Inbhir Aora’ mar phort?”

Do shéid Alastair ar a dhicheall agus do bhain an dea-phort sin searradh as coil is beann.

Bhí ina mheán lae agus brothall thar meon ann. Bhíodar na creabhair ag cogarnaigh dóibh féin faoi scáth na giúis-choille.  Do chuir na Diarmadaigh dhá abhainn díobh agus d’óladar a sáith d’uisce an Altáin Álainn.  Sa phortach cois Binne Buí is ea a éiríonn an gléshruth sin.

Do tharla an namhaid leo ag Bealach Searraigh, i gcóngar na Máime.  Fiche duine de chlann Mhic Ealair a bhí ann.  Do thugadar faoi Niall Mór is a champaí go fíochmhar, ach ba ghairid go mb’éigean dóibh cúbadh chucu féin.  Bhí iomad de na Diarmadaigh ann agus iad go dlúth le chéile gualainn ar ghualainn.  B’in nós catha a d’fhoghlaim Niall Mór ón Iodáileach.

Do thit breis is a leath de chlann Mhic Ealair.  Do ropadh gan trua iad.  D’imigh barra-thuisle ar dhuine acu, ar Íomhar Rámhach, agus siúd i gcoinne scian Niall Mhóir é.  Do chuaigh an scian trína bhrollach agus do fágadh ansiúd é is an fraoch á dhathú ag a chuid fola.

II.

D’éalaigh an chuid eile go dtí uachtar an bhealaigh mar a raibh tuilleadh díobh cruinnithe.

Do chuireadar iad féin i dtreo catha agus thugadar aghaidh ar lucht an bhreacáin uaine arís.  Do dheineadar ardtroid siúd is gurbh iad togha fear Ghleanna Aora a bhí ina gcoinne.  Do rinneadh an ropadh is an sádh íseal i dtreo is go n-aimseofaí an ball lag, faoin easna.  Do bhí geonaíl, díoscán fiacaile is tromanáil le cloisint agus fir ag dul i riochtaí báis.  Bhí boladh goirt na fola go láidir san aer agus cumhracht na beithe agus na giúise nach mór múchta aige.  Do bhí buaite beagnach ar chlann Mhic Ealair.

“Tugaigí a’ faobhar dóibh a bhuachaillí croí!” arsa Colm Dubh Mac Ealair agus fiche ógánach ó Elrig Mhóir ag teacht i gcabhair orthu.  Ní raibh umpu sin ach caolchuid dá moilliú.  Siúd chun troda iad le binb.  Do rinne macalla an ghleanntáin iomad scread agus liú uafásach.  Bhí an dá dhream in aon scata amháin.  Ní raibh slí a dhóthain ann don chlaíomh mór.

“Aire dhíbh féinig, a fheara liom!” arsa Niall Mór.  “Cuimhnigí ar Thom a’ Phobail agus ar a’ ngearra-chlaíomh!”  Do thug sé sonc faoin aghaidh ar ógánach dathúil agus ba ghránna lena mháthair féin dá éis sin é.

An duine ná raibh d’uirlis chatha aige ach halabart iarainn, do bhris sé an cos adhmaid ann dá ghiorrú.  Ba gheall le rada cloch anuas ar chónra duine mhairbh an cnagadh a dhein na gearra-chlaimhte i gcoinne na sciath.  Do stróic an breacán, nuair nár baineadh amach an scian dubh, sar ar thit an duine sáite.  Do bhí an fear is an fraoch ina dhraoib shleamhain.  Ní fearthainn a rinne sin ach fuílleach fola.

Ba dhóbair do Cholm Dubh, babhta.  Do bhí Niall Mór ag gabháil dó agus eisean á chosaint féin go haclaí.  D’athraigh Niall an claíomh óna láimh dheis go rug an lámh chlé, de phreab.  Do tharraing chuige as a stoca an scian dubh, agus do thug fogha íseal faoi Cholm.  É siúd ar stolladh a aghaidh, do rith agus do ropadh i lár a scairt é.  Do sceith an fhuil amach ar chos na scine, á deargadh. 

“Mallacht ort, a thuathaláin; níor dhuitse sin, ach do dhuine is measa liom ná thú,” arsa Niall Mór,  “ach is cuma riamh é, mar tá scéal gan insint fós ag Colm Dubh.  Maireadh sé tamall eile!”

Do mhéadaigh ar bhuíon Choluim.  Ní raibh fear sa ghleann ná táinig faoi dhéin an chatha.  An té a bhí i bhfeighil arbhair do chaith sé uaidh an corrán agus do ghluais leis.  An duine a bhí ar thóir fia agus gan ach cúig slata idir an scian agus scornach an fhia, do stad sé ar chloisint ghairm chatha a mhuintire dó.  Do bhí ógánach sa ghleann ag déanamh dianghrá le hainnir chúil bhuí, ach d’imigh an grá ar ceal ar shroicheadh an liú catha dó.

Do bhíodar uile ansiúd i dteannta Choluim Dhuibh agus flosc chun troda orthu.  Bhí seanfhala dian acu leis na Diarmadaigh.

Do bhí breis cabhrach ag Niall Mór agus d’éis scaithimh do dhruideadar muintir an ghleanna siar ón mbearnán.  Do thiomáin na Diarmadaigh rompu agus basca á imirt acu orthu go tiubh.  Do rith Colm is a bheirt mhac – Airt agus Liam, faoi dhéin a mbotháin féin.  Do lean tuilleadh dá gcine iad – beirt ón Mháin, triúr ón Droim Liath, agus duine ó Bheann Stróna.  Do rinneadar troid an ghaiscígh ag doras an bhotháin – troid buille, troid gan tairbhe, go dtí ná raibh beo díobh ach Colm Dubh is a bheirt mhac.

Do bhrúigh na Diarmadaigh rompu an doras isteach, mar a thiteadar de dhroim carnáin móna. 

“Géilligí!” arsa Niall mór, “agus ligfear libh.”  Do ghlan sé a chlaíomh ar mhuinchille a chasóige.

“A bhuachaillí m’anama,” arsa Colm Dubh, “tá acu. Cladhairí gránna an éithigh!  Lucht an bhéil cháim!”

D’éirigh an triúr ina seasamh agus d’fhéach Colm ar a namhaid.  “B’fhearra liom saghas éigin eile báis seachas bás luiche,” ar seisean.  “Níorbh aon ghaisce mór bás a fháil mar seo, ar urlár botháin.”  Do chaith sé uaidh a chlaíomh agus do rinne Art is Liam mar an gcéanna.

Do gabhadh agus do ceanglaíodh iad.  Ansin do tugadh amach ar an mbád iad.  Do chonaiceadar uathu an Blárán Buí – an choill álainn – agus í go geal faoi sholas na gréine.

“Tá fhios agaibh, fáth ár dturais, is dócha,” arsa Niall Mór.  “An seana-scéal – Eolas an Leanna Fraoigh a fháil.”

Do dhein Colm Dubh gáire go searbh agus ní róbhéasach an chaint a rinne an bheirt eile.

“Má dhéanann sibh a thuilleadh den tsaghas sin cainte,” arsa Niall Mór. “beidh a chiach sin oraibh.”  “A Choluim Dhuibh,” ar seisean, “cad é mar shaghas báis is oiriúnaí do dhuine uasal?”

“Mo chlaíomh im’ ghlaic,” arsa Colm, “agus mé ag gabháil ar thriúr de chlann Dhiarmada.”

“Is minic a fuair duine bás ba mheasa,” arsa Niall.  “Togha báis é siúd, admhaím, ach mura mbíonn an rún úd agam faoi chionn cúpla neomat, beidh bás an mhadra i ndán don triúr agaibh.”

“’Inis dom é, a dhuine,” arsa Colm.  “Cad é an saghas é féin?  Carabhat cnáibe ar ghéag ghiúise, b’fhéidir.”

“I mbriathar, a bhuachaill, gur minic ná raibh leath an oiread sin de chóir ag duine uasal,” arsa Niall Mór.  “Ní fada uainn Poll na Scornaí, agus cíocras feola ar na fiacha dubha.  Ba mhilis leo conablach nó dhó ó Ghleann Síora!”

Níor mhaith le Liam an saghas sin báis agus d’athraigh a lí ann. 

“Is é dán an duine bás a fháil ar chuma éigin,” arsa Colm.  Do dhein Art streancán feadaíola agus poll aige á dhéanamh sa chré lena sháil.

“Druidigí ina dtimpeall seo,” arsa Niall Mór le seisear dá chuid fear, “agus déanaigí a bhfaire go bhfillfimidne.”

II.

Do chuardaíodar an gleann ó bhun barra, ar lorg pluais an leanna.  Do  chuireadar spré thine le gach bothán dá dtarla leo.  Bhí mná an ghleanna bailithe leo go dtí barra cnoic.  Ar casadh abhaile dóibh i gcionn cúpla lá, ní raibh dá dtithe cónaithe ann ach na tinteáin fuara dhubha agus na fallaí.

An méid de lucht leanúna Néill Mhóir a maraíodh, do cuireadh i gCill Bhláthán iad.  D’fhill Niall Mór thar n-ais go dtí an lucht faire agus gan aon bhraon den leann acu de bharr a gcuid cuardaigh, ná aon eolas acu air.

Do ghluaiseadar uile faoi dhéin Pholl na Scornaí agus Colm gona bheirt mhac i dtosach slua acu.  Ba gheall le bolláin chreiche iad agus ba é íde na mbollán a tugadh orthu.  Do rinneadh magadh fúthu agus do caitheadh seilí orthu.  Do cuireadh na cromóga agus cosa na miodóg ag imirt ar shlinneáin orthu.  Do shiúil an bhuíon tríd an mBlárán Buí agus sall go dtí Dún Corrbhile.

Siúd is go raibh sean-Cholm go cortha, níor lig sé air go raibh.  Do bhog sé an bóthar chomh maith le fear, agus géarmhachnamh aige á dhéanamh.  Ba dhóigh le duine ar Art ná raibh de cheird aige ná de chúram riamh air ach ag breithniú coillte.  Bhí Liam go dúr agus iompú lí ann.

Do shroicheadar deireadh coille mar a raibh radharc thar barr acu ar an maigh is ar Loch Finne.  Ní raibh de bháid ar an loch ach aon cheann amháin a bhí ag gabháil do scadáin i gcóngar Creagáin.  Nuair a stadadar do chroch Colm a cheann chun an ghruaig a chur siar dá éadan.  Bhíodar ar bharra faille – ar bruach an phoill.  Ba scanraitheach an radharc é le doimhneas. Mheas sé doimhneas na mórfharraige a bheith ann.  Leath na slí síos bhí ceoscamall.  B’fhada leis an gceo sin barr faille uaidh nó bun faille uaidh.  D’fhan sé ansiúd i lár slí agus é in achrann i gcrann giúise.

Do bhí solas na gréine ar chnoc Chomhail, agus Gleann Ifrinn taobh leis agus é ina mhúisiam.  Do bhí Beann Ime, Beann Airt is Beann Bhán ar an dtaobh thall den chuan ag déanamh cuideachta dá chéile.

D’éist na Diarmadaigh le screadaíl na gcuirliún.  Bhí tuirse orthu agus ba mhaith leo a scíth a ligint.  “Seo! Seo! Brostaígí, a bhuachaillí nó ní bhfaighidh mé aon radharc ar Charnus anocht.  Ní mór dúinn cuntais a shocrú leo seo, gan mhoill, agus a bheith a’ cur dínn,” arsa Niall Mór.  “Inis dúinn, a Mhic Ealair, conas a dhéantar an Leann Fraoigh.”

Do rinne Mac Ealair gáire agus do chaith sé seile le faill le dánacht is le lagmheas ar a namhaid.

“Cuir uait, a amadáin diail.” arsa Niall Mór.  “Mura gcloisim an solas uait faoi cheann trí neomat – sara mbeidh solas na gréine imithe de Shíthean Slua – ansiúd a dhéanfaidh sibh bhur dtriúr codladh anocht agus na fiacha dubha mar lucht faire agaibh”.  Do shín sé a mhéar i dtreo bun faille.

Do rinne Colm saghas gáire: “Dá mba é poll Ifrinn féin é,” ar seisean, “ní sheachnóinn é.”

“Féach leat, a dhuine.  Siúd é an doircheacht a’ teacht ar Shíthean Slua.” arsa Niall Mór.  “Má thugann éinne agaibh an t-eolas dom, ligfear leis an dtriúr.  Mo mhóid díbh ar chros nó scine go ligfear.”

Ar an dtaobh thiar den triúr bhí Seán Gan Iarraidh, duine a raibh cneá úr ar a leiceann.  Níor theastaigh uaidh sin ach gaoth an fhocail chun an triúr a theilgeadh le faill go mbeidís mar bhia ag na fiacha dubha.

Do tháinig ballchrith ar Liam.  D’fhéach sé go truamhéileach ar a athair;  ansin do dhruid siar coiscéim nó dhó, faoi mar a bheadh sé chun cainte le Niall Mór.

Do thuig Colm dubh aigne a mhic agus do labhair sé.

“Sea, más ea,” ar seisean.  “Stadaigí go fóill.  Níl ann ach rún beag suarach, agus bíodh agaibh.”

D’fhéach Art go millteach ar a athair.  D’fhéach an t-athair air sin.  Do thuigeadar a chéile.  D’iompaigh Art i dtreo an ghleanna arís agus d’fhéach ar na beanna mar ar dhein sé fia go minic.  “Slán beo leis a’ Máim,” ar seisean leis féin, “ach tá bás gaiscígh le fáil anseo agam.”

“Sea, a scológ,” arsa Niall Mór le Colm “do mheasas leis, go sceifeá.  Níor bhuail umam riamh, duine ded’ shloinne nárbh ansa leis a anam ná a chorp.”

“B’fhéidir sin,” arsa Colm, “ach tuig an méid seo, a Néill a’ Chumais rún dem’ chuid féin is ea an t-eolas seo.  An té a thug dom é, do chuir sé faoi mhion na scianchroise mé gan scarúint leis; ach beir leat go Carnus mé agus déanfad a’ leann díbh.”

“Béarfad agus fáilte.” arsa Niall “agus –.”

“Ach tá seo sa scéal,” arsa Colm.  “Ní fhéadfainn féachaint go brách ar éinne dem’ chine má scaraim leis a’ rún seo.  Níor mhór Art is Liam a chur as a’ slí, ar dtús!”

“Bás, ab ea, a Mhic Ealair?” arsa Niall.

“Díreach sin,” arsa Colm Dubh.  Do tháinig taom eile den chreathán ar Liam.  Do dhein Art smut de gháire, agus a aghaidh i dtreo an ghleanna i gcónaí.  Maith mar ar thuig sé sin meon is intinn a athar.

“Dar spéir!” arsa Niall.  “Is fuiris rud a dhéanamh ort, a Mhic Ealair.”  Do dhein sé bagairt chinn chun Sheáin gan iarraidh.

Do léim seisean go toilteanach.  Do chuir sé lámh le droim ar an mbeirt agus do chaith le faill iad.  D’éist gach éinne.  Do ráinig geoin iad – aon gheoin amháin.

“Seo linn anois,” arsa Niall Mór go ndéanfaidh Mac Ealair a’ leann breá dúinn – sárú a bhlaiseamar de leann riamh.”  Do ghearr sé an chnáib do ghéaga Choluim.

Do lig Colm gáire maíte as, agus do léim leis thar n-ais ar bhruach na faille.

“A chlann chabach!” ar seisean. “A mhadraí is a mhuca! Ar cheap sibh go raibh buaite agaibh ar Cholm Mac Ealair?” Tagaigí liomsa is lem’ chlann mac agus gheobhaidh sibh leann – sea, agus fíon dubh an bháis.  Do rug sé greim docht ar Sheán Gan Iarraidh, do tharraing leis go bruach faille agus d’imigh de léim le fána!

Do thiteadar cruinn díreach – mar a dhéanann an seabhac sciurd – síos tríd an gceo.  Do rith na Diarmadaigh go bruach faille agus do luíodar ar a gcúl-in-airde, féachaint cad a bhí le feiscint.  Do chualadar na fiacha dubha ag screadaigh agus chonaiceadar sciatháin dhubha ag gluaiseacht anonn is anall sa cheo.  Sin a chualadar agus sin a bhfacadar.

D’éirigh Niall Mór ina sheasamh agus do chuir a bhoinéad uime, go mall.

“Togha fir ba ea sin, am briathar!” ar seisean. Níor airigh éinne riamh roimhe sin ná riamh ina dhiaidh sin, namhaid á mholadh ag Niall Mór an Chumais!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *