-
“Culaith an Impire” ón Danmhairgis
Impire a bhí ann fadó agus ní bhíodh aon ní ag déanamh buartha dhó ach feabhas a chuid éadaigh. Do scaipeadh sé a raibh d’ór is d’airgead aige ar chultacha breátha táireacha ornáideacha a chuirfeadh ionadh ar an bpobal. Níor chuir sé suim i gcúrsaí armála; agus ba bheag é a dhúil in sna hamharclanna.