Athchló

“Culaith an Impire” ón Danmhairgis

Aistritheoir: Ciarraidheach  
Bunteanga: Danmhairgis
Bunteideal: “Kejserens nye klæder”
Údar: Hans Christian Andersen
Céadfhoilsiú: Misneach, 1920

Impire a bhí ann fadó agus ní bhíodh aon ní ag déanamh buartha dhó ach feabhas a chuid éadaigh. Do scaipeadh sé a raibh d’ór is d’airgead aige ar chultacha breátha táireacha ornáideacha a chuirfeadh ionadh ar an bpobal. Níor chuir sé suim i gcúrsaí armála; agus ba bheag é a dhúil in sna hamharclanna. Cultacha greanta éadaigh, sin a mbíodh uaidh, agus dul amach ag sráidíocht d’fhonn áilneacht a chuid éadaigh a léiriú do chách. Bhíodh casóg nua aige in aghaidh an lae. Deirtear i gcúirt ríthe eile: ‘Tá an tImpire an-bhroidiúil; tá na hAirí i gcomhairle leis.” Is é a deirtí le cách i gcúirt an Impire — : “Tá an tImpire an- bhroidiúil. Táthar ag tógáil a thoise i gcomhair culaith éadaigh.”

I gcathair bhreá scléipeach a bhí cónaí air. Bhíodh triall na n-eachtrannach ar an áit coitianta. Lá de na laethanta, do ráinig beirt áilteoirí an treo: Chuireadar fúthu sa chathair agus d’fhógraíodar don phobal gurbh fhíodóirí iad agus nárbh fhíodóirí go dtí iad. Dúradar gurbh fhéidir leo róbaí ildathacha a fhí a sháródh a bhfacthas fós ar bhreáthacht is ar ghreantacht; agus go raibh mar bhua ag an ábhar a bhí acu nárbh fhéidir le héinne gan tuiscint, ná le héinne ná raibh oiriúnach don phost a bhí aige, na balcaisí a fheiscint.  

“Thar a bhfacaís riamh.” arsa an rí, nuair a chuala sé an méid sin. “Gheobhad amach anois cad é an saghas daoine atá timpeall orm.” Chuir sé airgead ag triall ar na cladhairí agus d’ordaigh dóibh culaith éadaigh a dhéanamh dó. Ba mhaith an mhaise dhóibh, chuireadar dhá sheol ar siúl, mar dhea, agus ligeadar orthu a bheith ag fíodóireacht; ach ní raibh tointe ar na seoltaí acu. Chuireadar fios ar an síoda ba mhíne is ar an ór ba dhaoire. Chuireadar i dtaisce dhóibh héin é agus leanadar den obair bhréige.  

Ba ghearr go raibh an scéal i mbéal an phobail agus fonn ar chách súil a leagan ar an éadach iontach a raibh an bua míorúilteach úd ag gabháil leis.  

Chuir an tImpire an tAire ab aosta agus ba chiallmhaire (dar leis) dá raibh aige ag triall ar na fíodóirí féachaint conas a bhí ag éirí leo. Is amhlaidh a bhíodar ina suí ag na seoltaí ag ligean orthu a bheith ag obair.  

“A thiarcais!” arsa an seanduine leis féin, “ní fheicim dada.” Ach níor admhaigh sé é.

“Druid i leith chugainn, a dhuine uasail,” arsa an bheirt lúbaire. “Nach gleoite an gréas é. Féach!”

“Mo chreach chráite!” arsa an seanduine ina aigne féin: “Ní foláir nó gur amadán mé agus ná hoireann mo bheart dom. Ní dhéanfadh sé an gnó dhom a admháil ná feicim an t-éadach.”  

“Sea, cad is dóigh leat de?” arsa an bheirt ruifíneach.

“Tá sé tharr barr. Nach gleoite é,” arsa an sean-aire, agus é ag ligean air a bheith á bhreithniú. “Tá na dathanna go hálainn. Molfad don Impire é.”  

“Is maith linn é sin a chlos,” arsa mo bheirt bhearránach, agus do chromadar ar chur síos ar an éadach, ag tagairt don ghréas agus do na dathanna. Chuir an sean-aire cluais air féin, agus níorbh é a dhearúd gan an scéal a thabhairt leis chun an Impire. D’éiligh na bithiúnaigh tuilleadh airgid agus fuaireadar é.  

Ba ghearr gur chuir an tImpire duine eile dá uaisle stáit ag triall ar na fíodóirí bréige. Ba é an scéal céanna é. Ní fhaca sé pioc.

“Níl aon easpa céille orm,” arsa an t-uasal stáit ina aigne féin “Fágann sin ná fuilim oiriúnach don phost atá agam. Is ait an scéal é; ach ní baol go sceithfead orm héin.” Do mhol sé an t-éadach, agus d’inis don rí nárbh éadach go dtí é. Ba ghearr go raibh breáthacht an éadaigh i mbéal gach éinne ar fud na cathrach.  

Thug an tImpire cuairt ar thigh na ‘bhfíodóirí’. Bhí an sean-aire agus an fear stáit eile in éineacht leis. Is amhlaidh a bhí na cladhairí ag obair, mar dhea ar a ndícheall.  

“Nach deas é! Nach iontach é,’ arsa an bheirt uasal a bhí ann cheana, agus do dhíríodar a meas ar na seoltaí folmha.  

Do baineadh geit as an Impire.  

“Dar fia,” ar seisean ina aigne féin, “ní léir dom faic. Nach caillte an scéal é. Ní féidir gur amadán mé? Nó an amhlaidh ná fuilim oiriúnach mar Impire? Nár lige Dia sin! Sea,” ar seisean os ard, “tá sé go han-deas. Taitníonn sé go mór liom.” agus é ag féachaint go ceansa cneasta ar na seoltaí folmha.  

Do lig an uile dhuine riamh dá chuallacht orthu go bhfacadar an t-éadach iontach. Do mholadar dó an chulaith éadaigh nua a chaitheamh ag an sollúntacht mhór a bhí in áirithe fé cheann seachtaine eile. Dúirt sé go ndéanfadh amhlaidh.  

Tháinig lá na sollúntachta. D’fhan na fíodóirí bréige ina suí ar feadh na hoíche roimh an sollúntacht agus a lán soilse ar lasadh acu, d’fhonn ligean orthu go rabhadar ag obair go dian chun culaith éadaigh an Impire a chríochnú. Ligeadar orthu go rabhadar ag gearradh amach an éadaigh agus á fhuáil; níor fhágadar lúb ar lár sa chluiche a bhí á imirt acu. Fé dheireadh d’fhógradar don Impire go raibh an chulaith éadaigh ullamh.

Tháinig an tImpire agus a chuallacht de mhaithe agus de mhóruaisle. Do shín na bithiúnaigh a gcuislí amach fé mar a bheadh balcaisí ar iompar acu. “Féach! Siod í an chasóg. Siod í an triús. Siod é an clóca. Cad is dóigh leat de?” a d’fhiafraíodar. “Nach éadrom iad. Is ar éigin a mhothófá in aon chor iad.”

“Tá an ceart agat,” arsa cách.  

“Dá mb’é toil do mhaorgachta do chuid éadaigh a bhaint díot,” arsa an bheirt áilteoirí, “chuirfimís an chulaith nua seo umat agus tú os comhair an scátháin.”

Do bhain an tImpire dhe, agus ligeadar orthu gach ball éadaigh a chur uime agus an tImpire á mbreithniú, mar dhea, os comhair an scátháin.

Ní raibh le clos ó éinne ach moladh an éadaigh. Chuaigh an tImpire amach agus phreab in airde ar a chapall. Bhí na sluaite daoine sa tsráid agus gan de phort ar siúl ag éinne ach “Nach gleoite an chulaith éadaigh é! Nach maith a thagann sé dhó!” Ní admhódh éinne ná faca sé aon éadach uime.  

Fé dheireadh thiar thall do phreab leanbh beag bídeach chun tosaigh agus bhain lán a dhá shúl as an Impire.

“Amás, níl tointe air,” ar seisean. “ ‘ gCloistí air, an simpleoir bocht!” arsa a athair.

D’inis duine do dhuine eile i gcogar cad a bhí ráite ag an leanbh. Ba ghearr go raibh sé i mbéal gach éinne. “Amás, níl tointe air!” Ba ghearr gur chreid gach éinne é. Thuigeadar an bob a bhí buailte air. Chuala an tImpire na focail. “Tá an ceart acu,” ar seisean, ina aigne féin. Níl tointe orm. Tá bob buailte orm. Ach ní dhéanfadh sé an gnó é a admháil. Caithfimid leanúint de bheith ag ligean orainn.” Agus lean sé dhe, agus an uile dhuine riamh de mhaithe is de mhóruaisle a chuallachta.  

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *