Athchló

Ceoltóirí Bhremen

Aistritheoir: Seán Mac Giollarnáth
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: Town Musicians of Bremen
Údar: Jacob agus Wilhelm Grimm
Céadfhoilsiú: Fí-Fa-Fúm, 1931

Bhí fear ann fadó agus bhí sean-asal aige. Nuair a bhí an t-asal bocht sean-chaite agus chomh spíonta sin nárbh fhéidir leis an bhfear aon obair a bhaint as, scaoil sé chun bealaigh é agus cead aige greim le n-ithe a fháil ar cholbha an bhóthair.


“Bhéarfaidh mé m’aghaidh ar Bhremen,” a deir an t-asal leis féin, “agus bead i mo cheoltóir cathrach.”
Shiúil leis agus a aghaidh ar Bhremen. Ní fada a bhí sé imithe nó go dtáinig sé suas le cú a bhí sínte ar an mbóthor agus saothar air.
Bheannaigh sé don chú agus bheannaigh an cú dó.
“Céard atá ort?” a deir an t-asal.
“Ó,” a deir an cú, “is sean-chú gan mhaith mé, gan lúth ná spreacadh, agus shíl mo mháistir mé a mharú mar nach cabhair dó mé feasta. Tá mé ag iarraidh éalú uaidh.”
“Tá mise féin ar mo bhealach go Bremen,” a deir an t-asal, ”le bheith i mo cheoltóir cathrach ann. Bí in éineacht liom. Seinnfidh mise an fhliúit agus féadfaidh tusa an druma a bhualadh.”
Thaitin an tairiscint leis an gcú agus thriall an péire i gcuideachta a chéile, cos ar chois agus a n-aghaidh ar Bhremen.
Ba ghearr go bhfacadar cat ina shuí ar an mbóthar agus dá mba í máthair an chait a bheadh caillte, ní bheadh aghaidh chomh truamhéalach air agus a bhí.


Bheannaíodar don chat agus bheannaigh an cat dóibh. “Céard é fáth do bhuartha?” a deir an t-asal.
“An tsean-aois,” a deir an cat. “Tá na fiacla caite agam agus a ngéire imithe díobh. Shíl mo mháistreás mé a bhá. D’éalaíos uaithi, ach cá dtabharfaidh mé m’aghaidh?” “Bí in éineacht linne go cathair Bhremen,” a deir an t-asal. “Féadfaidh tú a bheith i do cheoltóir cathrach chomh maith linn féin.”
Shíl an cat go mba bhreá an smaoineamh é agus thriall sé ina gcuideachta, agus a n-aghaidh ar Bhremen.
Níorbh fhada go dtáinig na trí díthreabhaigh chomh fada le áitreabh scolóige. Bhí coileach ina sheasamh ar gheata na sráide ann agus é ag glaoch is ag gairm ar a sheacht ndícheall.


Bheannaíodar don choileach agus bheannaigh an coileach dóibh.
“Cad chuige duit a bheith ag glaoch chomh tréan sin?” a deir an t-asal.
“ Tá,” a deir an coileach, “go mbeidh comhluadar anseo amárach ag an máistreás, agus tá rún aici mé a chur sa bpota le haghaidh anraith. Ní mór di an ceann a bhaint díom anocht, agus tá mo shean-scairt á ligint agam, an fhaid is beo dom, agus ní fada é sin.”
“A shean-chloiginn deirg,” a deir an t-asal, “nárbh fhearr duit teacht in éineacht linne go Bremen? Tá an glór cinn agat agus má ghabhaimid na foinn le chéile béarfaimid éisteacht do na bodhráin.”
Thug an coileach cluas do chomhairle an asail agus thriall an ceathrar le chéile agus a n-aghaidh ar Bhremen.


Ní raibh sé ar a gcumas an turas go dtí cathair Bhremen a chur díobh an lá sin, agus d’éirigh leo tráthnóna an lae a bheith ag dul thar coill. D’aontaíodar an oíche a chur tharstu sa gcoill. Chuadar sa gcoill isteach. Ghabh an coileach d’eilteoig go barr crainn agus labhair sé anuas lena chomrádaithe á rá leo go raibh teach i ngar dóibh mar go raibh solas gléigeal le feiceáil aige.


“Má tá teach ann,” a deir an t-asal, “rachaidh muid chomh fada leis. Ní fheileann an áit seo dúinn mar lóistín.”
Thrialladar leo arís agus a n-aghaidh ar an solas nó go dtáinigeadar chomh fada le teach gadaí. Ba é an t-asal ab áirde agus chuaigh sé chuig an bhfuinneoig agus bhreathnaigh sé isteach.
“Céard a fheiceann tú?” a deir an coileach.
“Bord agus é faoi thogha gach bí agus rogha gach dí,” a deir an t-asal, “agus go leor gadaithe ina suí thart ag ithe agus ag ól go sásta.”
“Sin é díreach a d’fheilfeadh dúinne,” a deir an coileach. “Is é a d’fheilfeadh,” a deir an t-asal, “dá mbeimís slán istigh.”

Ansin shocraigh na hainmhithe an chaoi a gcuirfidís ruaig ar na gadaithe. An t-asal, bhí sé lena dhá chois tosaigh a leagan ar leic na fuinneoige. An chú, bhí sí le gabhail suas ar mhuin an asail. An cat, bhí sé le gabhail suas ar mhuin an chú, agus an coileach, bhí sé le bheith ina sheasamh ar chloigeann an chait. Nuair a bhí an méid sin déanta agus gur tugadh an fógra thosaíodar ag ceol le chéile. Lig an t-asal scréach. Rinne an chú tafann. Lig an cat mí-amha, agus scairt an coileach, agus ropadar tríd an bhfuinneoig le chéile isteach sa seomra.


Chuir an torann agus an gleo scanradh ar na gadaithe agus d’imíodar i mbarr na bhfáscaí chun na coille.
Nuair a bhí an teach acu féin ag na ceithre comrádaithe, shuíodar ag an mbord agus dá mbeadh trosgadh míosa i ndán dóibh ní fhéadfaidís níos mó a ithe ná mar a d’itheadar. Mhúchadar an solas nuair a bhí a ndóthain ite agus ólta acu, agus shíl gach ceann acu ball sócúil a fháil dó féin. Shín an t-asal é féin ar an tsráid. Lúb an chú í féin ar chúl an dorais. Luigh an cat síos ar leic an tinteáin agus chuaigh an coileach ar an bhfaradh.


Timpeall uair an mheán oíche tháinig na gadaithe ar ais. Nuair a chonacthas dóibh go raibh an teach gan solas agus nár airíodar aon ghleo, chuir an fear ceannais teachtaire roimhe go mbreathnaíodh sé an teach. Níor airigh an teachtaire tada as bealach agus chuaigh sé isteach sa gcistin go lasadh sé coinneal. Shíl sé go mba dhá aithinne dhearga dhá shúil shoilseacha an chait agus leag sé lasóg ar cheann acu lena lasadh. Léim an cat ina éadan, thosaigh ag siosarnaigh agus ag scríobadh. Bhain scanradh don teachtaire; thug sé do na bonnaibh é; agus go díreach nuair a shíl sé a gabhail amach an doras iata léim an chú air agus chuir fiacail ina cholpa. Amach leis ar an tsráid agus bhuail an t-asal speach air a bhrostaigh ní ba mhó é. Dhúisigh an fothram an coileach agus spreacadh é leis an ngleo go ndúirt sé a “Choc-coc­-coc-coc-cú.”


Tháinig an teachtaire go dtí an fear ceannais ar ais. “Ó,” a deir sé, “tá cailleach na n-iongan sa teach. Féach an chaoi a bhfuil mé scríobtha aici. Tá fear scine ag an doras. Sháigh sé sa gcolpa mé, agus tá gruagach dubh sa tsráid a bhuail de chleith mé. Tá breitheamh ar bharr an tí a dúirt: “Beir chugam anseo é” – agus chuireas díom chomh mear agus d’fhéad mé.”

Níor thaobhaigh na gadaithe an teach ní ba mhó. Thaitin an t-áitreabh chomh mór sin leis na ceithre ceoltóirí gur fhanadar ann fad a mhair siad.

2 Comments

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *