Léirmheas

Amú

Aistritheoir: Máirín Ní Mharta
Foilsitheoir: Futa Fata

Léirmheastóir: Beití Ní Dhuibhir
Foilsíodh an léirmheas seo cheana anseo ar childrensbooksireland

Buachaill óg is ea é Oisín atá curtha i gcampa ceartúcháin i nGaineamhlach Ghóibí  ag a cuid tuismuitheoirí   agus iad ag súil le feabhas a chur ar a iompar.  Lá éigín socraíonn sé éalú ón gcampa ach  ní mar shíltear a bhítear amuigh i nGaineamhlach Ghóibí . Bíonn an saol amuigh ansin  ní ba chontúirtí agus ní  ba dheacra ná mar a shamhlaigh sé. Casann sé le cailín óg aon bhliain déag d’aois darb ainm Zul : an mbeidh sí in ann Oisín a threorú tríd an nGaineamhlach slán sábháilte?
  
Trí bhéal Oisín a insítear an scéal agus éiríonn an t-údar guth agus meanma  an bhuachalla óig a athchruthú i mbealach  realaíoch. Laistigh den ghearrscéal seo téann an t-údar  i ngleic le téama an chairdis, an teaghlaigh agus na difríochtaí idir cultúir eagsúla i mbealach íogair éifeachtach.  Cuirtear in iúl fás agus forbairt an bhuachalla  óig  mar dhuine tríd an scéal: aithnítear gur buachaill ní b’aibí é Oisín ag deireadh an scéil ná mar a bhí sé ag an tús. Is aistriúchán oillte de chuid Máirín Ní Mhárta  é an scéal seo foilsithe den chéad uair i mBéarla faoin  teideal  Lost in the Desert in 2011. Ní  thabharfaí faoi deara  gur aistriúchán  ón mBéarla  atá sa  scéal  seo, áfach. Cabhraíonn an ghluais foclóra  le tuiscint an léitheora.  Tá sé de bhua ag Máirín Ní Mhárta téarmaí simplí i nGaeilge a chur ar na focail ní ba chasta sa scéal seachas aistriúchán lom ón mBéarla.  Cuireann na leáráidí ealaíonta  simplí  de chuid Dylan Gibson le hinsint an scéil. Thaitneodh an gearrscéal seo le cailíní agus le buachaillí araon  idir aon bhlian déag d’aois  agus trí bliana déag d’aois.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *