Nuacht

Dhá leabhar saor in aisce

Preas-ráiteas ó Gabriel Rosenstock i dtaobh dhá leabhar aistriúcháin atá sé a chur ar fáil saor ó chostas (faightear na leabhair ach cliceáil ar na teidil)

 Tá dhá leabhar dhátheangacha nuafhoilsithe agam atá saor in aisce. Is ríomhleabhair iad a d’fhoilsigh foilsitheoir filíochta i Nua-Eabhrac, Cross-Cultural Communications. B’fhéidir go mbeadh spéis agaibh iontu:

The Road to Corrymore
Every Night I send You Flowers

Cén fáth a n-eiseofá leabhar saor in aisce?
Ceist mhaith! D’fhéadfá a rá go bhfuil an tomhaltachas imithe thar fóir ar fad le tamall maith de bhlianta anuas agus go bhfuil cuid againn ag iarraidh a fháil amach an bhfuil aon éalú uaidh! 

Ní staraí mé agus n’fheadar cathain a cuireadh tús leis an tomhaltachas. Déarfadh daoine áirithe go raibh sé riamh ann! Ach is ar scála tionsclaíoch atá sé anois. Tá praghas ar gach aon ní agus gach aon ní ar díol. Margaíocht is ea gach aon rud.

Aisteach go leor, nuair a thugas-sa faoi shraith leabhar a fhoilsiú ar mo chostas féin agus iad a thabhairt amach saor in aisce, bhí go leor deacrachtaí agam. Thacaigh Stanley Barkan liom i Nua-Eabhrac, sa mhéid go ndúirt sé go raibh lánchead agam iad a fhoilsiú faoi ainm a chomhlachta féin, Cross-Cultural Communications, foilsitheoirí leabhar filíochta dátheangach, ach cad a dhéanfainn ansin leis na leabhair? Iad a dhíol?

Níor theastaigh uaim iad a dhíol. Níor íocas as an inspioráid a bhí laistiar de na leabhair. Tháinig an inspioráid chugam saor in aisce. Cén fáth a lorgóinn brabús ar rud éigin a tháinig chugam mar ghrásta? Más grásta ó Dhia é an inspioráid, an bhfaighimid é ar an gcoinníoll go ndéanfaí brabús air? An bhfuil Dia gann ar airgead?


Níl an domhan in ann déileáil le tabhartas saor in aisce. Caithfear gach rud a phacáistiú agus a dhíol. Cad deirtear san amhrán Siobhán Ní Dhuibhir:
D’éirigh mé ar maidin a tharraint
Chun aonaigh mhóir
A dhíol is a cheannacht
Mar a dhéanadh mo dhaoine romham . . .

Sea, níl aon éalú uaidh is cosúil!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *