Léirmheas

Catullus Gaelach: Leaganacha de Dhánta Catullus ó Fhilí na Gaeilge

Aistritheoir: Pádraig Breandán Ó Laighin
Foilsitheoir: Coiscéim (2010)

Léirmheastóir: Dónall Ó Braonáin
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 71, Uimh 2 (Feabh. 2011)

Díbrítí filí sa Róimh fadó. Deirtear gur cuireadh an ruaig ar Ovid ón gcathair i ngeall ar dhán a chum sé a measadh a bheith ‘mífheiliúnach’. Mhaireadh file an chnuasaigh seo, Gaius Valerius Catullus, ar imeall na contúirte freisin. Cumadóir paiteanta é a bhaineadh creathadh as an aos polaitiúil agus as lucht na bunúlachta. Ní mba fear náireach é agus tuigtear dúinn go raibh sé éadálach ar bhealaí go leor, más fior do thuairisc a chuid filíochta féin ar aon chuma. Bhain conspóid leis go dtí an ré seo féin nuair a fágadh dánta dá chuid ar lár ó thráchtaireaeht thoirtiúil a chuir CJ Fordyce amach sa mbliain 1961. Measadh go raibh dánta áirithe ‘mífheiliúnach’ agus ní mé an raibh teanga i bpluic an té a scríobh an cur síos ar chúl an leabhair go bhfuil an cnuasach seo ‘oiriúnach do dhaoine fásta amháin.’

Lena cheart a thabhairt do Fordyce bhí branda ‘mífheiliúnach’ ar an bhfile seo le fada fiarach an lá. Ní bhíodh staidéar á dhéanamh ar fhilíocht Catullus ar chláir léinn na n-ollscoileanna móra ón naoú haois déag anall de bharr an bhranda chéanna agus is sa dara leath den fhichiú haois a tosaíodh ag cur spéis nua as an bpíosa ina chuid cumadóireachta. Is é an trua ghéar é mar tá cuid den véarsaíocht is deise labhartha sa Laidin i measc dhánta an fhile.

D’fhág leithcheal seo na scoláireachta nach raibh saothrú mionchúrsach amach is amach déanta ar fhilíocht Catullus ó thaobh an léinn agus na trách­taireachta de i gcomparáid le scothscríbhneoirí eile na Róimhe. Ach chuir obair théacsúil RAB Mynors agus tráchtaireacht chúramaeh Fordyce agus Kenneth Quinn bonn eile faoin bhfilíocht agus faoi cháil Catullus.

Chuidigh scrúdú géarchúiseach an cheannródaí chritice Gordon Williams le buanaíocht Catullus i measc shárfhilí na Róimhe nuair a foilsíodh Tradition & Origi­nality in Roman Poetry sa mbliain 1968. Údar coitianta anois é ar chláir léinn ollscoile agus de bharr ábhar agus ealaín na ndánta tá aistritheoirí go leor meallta ina threo cheana féin. Is iad GP Goold agus Guy Lee an bheirt is mó a mbaintear earraíocht astu nuair a théitear in árach le haistriú liteartha ar na dánta. Agus ní beag an dúshlán é nuair a chuimhnítear gur eiseámláir cuid den duanaireacht ar an gcaoi ar féidir le healaín meadarachta, cóiriú ábhair agus paiteantacht fhriotail a shníomh le chéile in éineacht. Scríbhneoir é a chleacht an chumadóireacht spraíúil chomh maith.Tá ríomh áirithe ar thraidisiún téacsúil Catullus sa réamhrá a ghabhann leis an gcnuasach seo chomh maith le léar­gas gairid ar an spéis a chuirtí sa traidisiún clasaiceach in Éirinn, go háirithe san imoibriú idir an léann (léigheann< legendum) agus an dúchas sa traidisiún s’againn féin. Is fiú a lua go bhfuil obair fhíorspéisiúil ar siúl ar an ábhar seo go direach ag scoláirí i réimsí éagsúla le blianta beaga anuas, leithéidi Michael Clarke in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cuir i gcás. Níor mhiste aird a tharraingt ar leabhrán gairid aistí a d’fhoilsigh Cumann na Scríbheann Gaeilge freisin, Translations from Classical literature: Imtheachta Aeniasa and Stair Ercuil ocus a Bhás (ITS, 2006) mar a bh­fuil aiste chumasach ag Máire Ní Mhaonaigh ar bhunús na cumadóireachta seo i dtréimhse na Meán-Ghaeilge go háirithe. Chomh fada is a bhaineann sé leis an saothar seo d’iarr Pádraig Breandán Ó Laighin ar mheitheal filí cur le chéile agus cnuasach aistriúcháin nó leaganacha de na dánta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Gníomh misnigh, saothar neamhghnáthach agus togra thar a bheith fiúntach é. Molaim samhlaíocht na fise ea­garthóireachta agus cruthaíocht na n-aistritheoirí a rinne feidhm den fhís agus a chuir leaganacha soléite spéisiúla ar fáil de dhánta Catullus. Ba dheacair ceart a thabhairt do shaothar na n-aistritheoirí tri chéile ach baineann cáil ar leith le Dán 5. Tugann Breandán Ó Doibhlin ceart tuisceanach don bhunábhar i réim ardliteartha nach loiceann ó thaobh na filíochta de.

Thug rí-éigeas chriticeoirí na filíochta Laidine, Gor­don Williams, an ‘triail mhór’ ar Dhán 64 nó epithala­ mium Thetidis et Pelei. Dán pósta a bhfuil deis scéalaíochta ann le heachtraíocht Ariáine agus Téiséas a ríomh. Cuireadh fios ar fhoireann filí leis an leagan a chruthú: Domhnall Mac Síthigh, Pádraig Ó Máille, Siobhán Ní Shíthigh, Delores Stewart, Pádraig Ó Laighin, Liam Prút, Dónall Ó Cuill agus Micheál Ó Cuaig. Meabhraíonn an tOllamh Tomás Ó Con Cheanainn san eagrán cumasach, bunúil a réitigh seisean de Leabhar IX den Aenéis (Sáirséal agus Dill, 1956) go raibh ‘stíl na ndánta tosaigh a chum Vergil an­ chosúil in áiteacha le stíl Catullus féin.’ Stíl na heipice a chleachtann Catullus sa dán  seo agus tá sárleagan curtha ar fáil ag an meitheal, leagan atá saothraithe go snoite snasta a bhuíochas de stíleanna éagsúla ach ar bhealach a chuireann le leanúnachas an dáin féin ina chló nua seachas baint de théama agus ciútaí cumadóireachta an bhunábhair – rinneadar éacht.

Fágadh Dán 63 faoi bhois fhile amháin – Tadhg Ó Dúshláine – agus tréaslaím toradh a chuid oibre leis. Dán casta atá ann atá achrannach ó thaobh ábhair (miotas Attis) agus céille in áiteacha é ach tá bogán déanta den chruán ag Tadhg gan trácht ar an athghab­ háil chultúrtha sa bpíosa. Tugtar siúráil roinnt aistritheoirí faoi deara seachas a chéile leis an mbun­ teanga: Máire Nic Mhaoláin, Derry O’Sullivan, fear ea­ gair an chnuasaigh agus Seán Ó Lúing (nach maireann), Dán 85 mar shampla:

Odi et amo. Quare id faciam fortasse requiris Nescio, sed fieri sentio et excrucior.

Tá fuath agus grá
Ag réabadh tríom.
Fáth m’anacra
Fiafraigh diom;
Ní fhéadaim freagradh,
Ach mothaím an p[h]ian
Is an t-olcas dian
Ag loscadh m’anama.

Cuirfidh léitheoirí atá oilte sa dá theanga spéis sa saothar seo – léitheoirí de ghlúin áirithe faoi seo tá faitíos orm – ach acmhainn luachmhar an cnuasach seo do lucht léitheoireachta ginearálta agus d’aon duine ar spéis leo traidisiún na filíochta grá agus ar mian leo blaiseadh de thobar fioruisce filíochta – sa Laidin agus sa nGaeilge.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *