Blaiseadh

An Comhrac Aonair

Bunscéal: Un duel
Bunteanga: Fraincis
Údar: Guy de Maupassant

Aistritheoir: Séamus Ó Coileáin


Bhí deireadh leis an gcogadh; bhí an Fhrainc faoi fhorghabháil na nGearmánach; bhí an tír ar creathadh mar a bheadh iomrascálaí cloíte faoi ghlúin a chéile comhraic.

Ó Pháras dearóil, dímríoch na díthe bídh thug na chéad traenacha aghaidh ar an bhfronta agus iad ag trasnú na tuaithe go mall trí na sráidbhailte. D’fhéach na chéad phaisinéirí trí na fuinneoga ar na páirceanna pollta agus ar na sráidbhailte scriosta. Os comhair dhoirse na dtithe sin a bhí fós ina seasamh máguaird, bhí na saighdiúirí Prúiseacha, faoi chlogaid dhubha na spuaice práis, ag caitheamh a bpíopaí agus iad ar scaradh gabhail ar a gcathaoireacha. Bhí cuid eile acu ag obair nó ag cadráil amhail is gur chuid den teaghlach iad. Nuair a théití trí na bailte, d’fheictí reisimintí iomlána ag frachnamh sna cearnóga, agus, in ainneoin challán na roth, chloistí dord na n-orduithe anois agus arís

Bhí M. Dubuis, a bhí ar dualgas leis an nGarda Náisiúnta i bPáras le linn an léigir, ar a bhealach chun na hEilbhéise go mbualfadh sé lena bhean chéile agus lena iníon, ach ar chuir sé thar tír amach go stuama iad sular tharla an t‑ionradh.

Níor laghdaigh an gorta ná an cruatan bolg mór an cheannaí shaibhir shíochánta. D’fhulaing sé anró agus ainnis go goilliúnach géilliúil agus é ag cáineadh bharbarthacht an chine dhaonna. Anois agus é ag déanamh ar an bhfronta, agus an cogadh caite, chonaic sé na Prúisigh den chéad uair, cé go ndearna sé a chion ar sceimhleacha an chatha agus gur chaith sé oícheanta fuara ar dualgas.

Stán sé go faiteach feargach ar na fir fhéasógacha armtha a bhí scaipthe ar thalamh na Fraince amhail is gur ag baile a bhí siad agus mhothaigh sé ina anam fiabhras an tírghrá dhímríoch agus ag an am céanna an gá le hinstinn nua na stuamachta, rud nár scaramar leis ó shin.

Sa charráiste céanna leis bhí beirt Sasanach, a tháinig chun an áit a fheiscint agus a bhí ag faire umpu go ciúin fiosrach. Bhí an bheirt acusan ramhar leis, agus bhí siad ag cadráil leo ina dteanga féin, ag ceadú a dtreoirleabhair a bhí siad a léamh os ard agus ag iarraidh na háiteanna ann a aithint.

Stad an traein de gheit ag stáisiún i sráidbhaile beag agus tháinig oifigeach Prúiseach ar bord agus a chlaíomh á chnagadh aige ar chlár coise an charráiste. Fear ard a bhí ann a raibh a éide ag luí go teann air agus a raibh féasóg leicinn go dtína shúile aige. Ba dhóigh le duine a ghruaig rua a bheith ar lasadh, agus bhí a chroiméal fada, a bhí ní ba bhánlíche, ag síneadh amach ar dhá thaobh a éadain a bhí gearrtha ina dhá leath trasna aige.

Thosaigh na Sasanaigh á fhaire láithreach agus aoibh na fiosrachta ar a n‑éadan, agus lig M. Dubuis air go raibh sé ag léamh an nuachtáin. Bhí sé i bhfolach sa chúinne mar a bheadh gadaí i láthair garda.

Thosaigh an traein ag gluaiseacht arís. Lean na Sasanaigh orthu ag cadráil, ag lorg áit bheacht na gcathanna; agus go hobann, agus duine acu ag síneadh a láimhe i dtreo fhíor na spéire mar a raibh sráidbhaile, labhair an t-oifigeach Prúiseach as Fraincis, a chosa fada á síneadh aige agus é ag síneadh siar i leith a chúil:

“Varaigh mé dotzen Frankach sa vaile sin. Ghabh mé bréis is céad príozúnach.” 

Chuir na Sasanaigh an-spéis ann agus ar siadsan leis:

“Ú! Cad é ainm an bhaile sin?”

“Fársburg,” arsa an Prúiseach. “Rugamar ár na Francaich lofa sin léna gcluasa.” 

Agus d’fhéach sé ar M. Dubuis agus é ag gáire faoina chroiméal.

Lean an traein ar aghaidh, agus í ag dul trí bhailte a bhí faoi fhorgabháil. Bhí saighdiúirí na Gearmáine le feiscint fan na slí, le colbha na bpáirceanna, ina seasamh os comhair bacainní, agus ag cadráil os comhair caiféanna. Bhí an talamh foirgthe leo mar a bheadh lócaistí ón Afraic.

Chroith an t-oifigeach a lámh:

“Dá mbínn-suh i gcannas bheadh París faoi chois uhgainn, ahgus gach rud ag dó, ahgus gach duine marif. Deireadh leis an vFrank!”

Ní dúirt na Sasanaigh, le teann béasaíochta, ach:

“A, yes.”

Lean sé air:

“Fvaoi cheann fiche bliain, beidh Europa go léir faoi smacht uhgainn. Is láidre an Phrúis ná íad go léir.”

Níor thug na Sasanaigh fhaiteacha freagra air a thuilleadh. Bhí a n-éadan leamh mar a bheadh éadain chéireach laistiar dá gcroiméal fada. Ansin thosaigh an t-oifigeach Prúiseach ag gáire. Bhí sé fós ag síneadh i leith a chúil agus thosaigh sé ag fonóid. Rinne sé fonóid faoi thitim na Fraince, mhaslaigh sé an namhaid chloíte; rinne sé fonóid faoin Ostair a cloíodh le déanaí; rinne sé fonóid faoi chosaint fhíochmhar ach in aisce na rannán;  rinne sé fonóid faoin Garde Mobile agus a arm gan mhaith. Dúirt sé go dtógfadh Bismarck baile iarainn as na mórghunnáin a gabhadh. Ansin, de gheit, chuir sé a bhuataisí i gcoinne cheathrú M. Dubuis, a d’fhéach an treo eile uaidh agus a aghaidh ag dul i ndeirge go cluasa.

Bhí an chuma ar na Sasanaigh gur chuma leo a raibh ar siúl, amhail is go raibh siad iata ar oileán astu féin, beag beann ar challán an domhain.

Bhain an t-oifigeach a phíopa amach, agus stán sé ar an bhFrancach:

“An vil aon tobak agat?”

“Níl, monsieur,” arsa M. Dubuis.

Lean an Gearmánach air:

“Ár viste leat roinnt a cheannach nuair a stopfaidh an traéin?“

Thosaigh sé ag gáire arís:

“Cannóidh mé glíne fvuisce duitt.“

Thosaigh an traein ag gíoscán agus ag moilliú. Chuaigh siad thar fhothrach dóite stáisiúin; ansin, stad sí go hiomlán.

D’oscail an Gearmánach an doras agus rug sé ar ghéag M. Dubuis agus ar seisean:

“Imich agus déan mar a dúirt mé lat – tapaich, tapaich!“

Bhí an stáisiún faoi fhorghabháil buíne Prúiseach. Bhí saighdiúirí eile ag faire laistiar de mhogalraí adhmaid. Bhí an t-inneall ag sioscarnach cheana féin agus é ar tí imeacht. Ansin go hobann, léim M. Dubuis amach ar an ardán agus, in ainneoin chomharthaí gharda an stáisiúin, chuaigh sé isteach sa chéad charráiste eile.

Bhí sé ina aonar! D’oscail sé a bhástchóta, bhí a chroí ag preabarnaigh, agus bhain sé an t-allas dá éadan agus saothar anála air.

Stad an traein arís i stáisiún eile. I bhfaiteadh na súl bhí an t-oifigeach le feiscint sa doras agus léim sé isteach agus an bheirt Sasanach sna sála air agus ar seiseann, agus é ag gáire fós:

“Nár theastaich uait a ndúirt mé lat a dhéaniv?”

D’fhreagair M. Dubuis é:

“Níor theastaigh, monsieur.”

Thosaigh an traein ag gluaiseacht.

Labhair an t-oifigeach :

“Bvainfidh mé do chroimél díut chun mo pfíopa a líonadh.”

Agus shín sé a lámh i dtreo éadan an fhir a bhí os a chomhair.

Stán na Sasanaigh orthu agus a n-aghaidh chomh leamh is a bhí roimhe sin.

Tharraing an Gearmánach roinnt ribí amach as an gcroiméal cheana féin agus rinne sé tarraingt eile nuair a d’ardaigh M. Dubuis a lámh agus sháigh sé an t‑oifigeach siar le cúl a láimhe agus rug sé ar a bhóna agus chaith sé síos ar an suíochán é. Ansin le teann feirge, a uisinní ata agus a shúile fuildaite, bhí sé fós á thachtadh lena leathláimh agus thosaigh sé á bhualadh san aghaidh leis an láimh eile a bhí fáiscthe ina dorn. Chuir an Prúiseach ina choinne, rinne sé iarracht a chlaíomh a tharraingt agus bhreith ar a chéile comhraic a bhí os a chionn. Ach ba mhór é meáchan bholg M. Dubuis, agus lean sé air á bhualadh agus á bhualadh, gan anáil a tharraingt, gan a fhios aige cá raibh na buillí ag titim. Bhí rith fola leis an nGearmánach a bhí ag streachailt, ag geonaíl, ag séideadh fiacla amach as a bhéal, agus ag iarraidh an fear mór spadhartha a bhí á mharú a chaitheamh de.

D’éirigh na Sasanaigh ina seasamh agus dhruid siad anonn go mbeadh radharc ní b’fhearr acu. D’fhan siad ansin, go meidhreach agus go fiosrach, agus iad réidh chun geall a chur ar son nó i gcoinne ceachtar de na céilí comhraic.

Go hobann, d’éirigh M. Dubuis, a bhí lag tnáite, agus shuigh sé síos gan focal a rá.

Níor thug an Prúiseach aon fhogha faoi, toisc go raibh an oiread sin faitís air, agus é gan chiall gan réasún le hiontas agus le pian. Nuair a tháinig a anáil chuige, labhair sé:

“Mura dtabharfaidh tú sásaif dóm le gunnáin, maróidh mé thú.”

D’fhreagair M. Dubuis é:

“Pé uair is mian leat. Is cuma liom.”

Labhair an Gearmánach arís:

“Chugainn baile Strassburg. Gheobhaidh mé béirt oifigeach a sheasfaidh lum; tá fvuíollach ama uhgainn sula vfágfaidh an traéin arísh.“

Labhair M. Dubuis, a bhí ag puthaíl chomh tréan leis an traein, leis an mbeirt Sasanach:

“An seasfaidh sibh liom?

D’fhreagair an bheirt acu in éineacht é:

“Ó, yes!”

Stad an traein.

I bhfaiteadh na súl, d’aimsigh an Prúiseach beirt chomrádaí, a thug gunnáin leo, agus amach leo ar an ardán.

Bhí na Sasanaigh de shíor ag faire ar a n-uaireadóirí, ag satailt a gcos agus ag cur dlúis faoi na socrúcháin, ar eagla go n-imeodh an traein dá ainneoin.

Níor chaith M. Dubuis gunnán riamh. Chuir siad fiche slat siar óna chéile comhraic é. Fiafraíodh de:

“An bhfuil tú réidh?”

Agus é ag freagairt “Tá, monsieur,” thug sé faoi deara gur oscail duine de na Sasanaigh a scáth fearthainne chun é féin a chosaint ar an ngrian.

Thug guth ordú:

“Caithigí!”

Chaith M. Dubuis, gan mhoill, gan aird, agus baineadh stangadh as nuair a chonaic sé an Prúiseach os a chomhair amach ag tuisliú, ag ardú a lámh, agus ag titim béal faoi. Mharaigh sé é.

“Ú!” arsa Sasanach de liú agus é ar crith le teann spleodair, fiosrachta agus mífhoighne. Rug an duine eile acu, a raibh a uaireadóir ina láimh aige i gcónaí, ar ghéag M. Dubuis agus tharraing sé go lúfar i dtreo an stáisiúin é.

Bhí an chéad Sasanach ag coinneáil ama agus é ag rith lena n-ais agus a dhá dhorn fáiscthe aige agus a dhá uillinn lena thaobh:

“An hAon, a Dó! A hAon, a Dó!”

Agus b’iúd an triúr acu ag sodar le hais a chéile, in ainneoin a mboilg, mar a bheadh triúr áiféiseach i stiall ghrinn sa nuachtán.

Bhí an traein ag imeacht. Léim siad isteach sa charráiste. Ansin, bhain na Sasanaigh a gcaipíní taistil díobh, d’ardaigh siad os cionn a gcinn iad, luasc siad trí huaire iad agus ar siadsan de liú : “Hip, hip, hip, hurrá!” Ansin, shín siad a lámh dheas amach go solúnta, ina nduine agus ina nduine, i dtreo M. Dubuis, agus d’fhill siad ar a gcúinne féin agus shuigh siad síos.


Tá an t-aistritheoir ríbhuíoch d’Ellen Corbett as comhairle a chur air maidir le caint an Ghearmánaigh sa scéal.

Is féidir an bunleagan Fraincise a léamh anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published.