Léirmheas

Lead us Into Temptation

Aistritheoir: Breandán Ó hEithir
Foilsitheoir: Routledge and Keegan Paul

Léirmheastóir: Séamas Mac Gabhann
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 37, Uimh 10 (Oct., 1978)

Bronnadh Gradam an Oireachtais ar Bhreandán Ó hEithir nuair a foilsíodh Lig Sinn i gCathú tá bliain go leith ó shin — agus de réir breith an phobail, bhí an gradam sin ag dul dó — mar bhí an t-úirscéal ar an leabhar is mo díol sa tír go ceann i bhfad.

Anois tá Lig Sinn i gCathú aistrithe go Béarla aige faoin teideal Lead us Into Temptation * agus beidh míle fáilte riomh an leabhar seo, go háirithe acu siúd nach raibh in ann an leagan bunaidh a léamh.

Mac léinn og Ollscoile é an phríomh-phearsa, i mBaile an Chaisil. Leirítear a chuid imeachtaí i rith Seachtain na Casca, 1949, nuair a fheicimid saol príobhaideach an mhic léinn os comhar cúlta poibli imeachtaí na poblachta agus cur i gcéill na polaitíochta.

Ceann de na tréithe is suntasaí sa leagan Gaeilge ná stíl an leabhair: sárstílí é Ó hEithir a bhfuil smacht annamh aige ar an teanga: tá na focail féin agus na habairtí iomlána ar bís — teann le beatha agus brí: sruth na tuisceana ag coipeadh go cumhachtach tríd an iomlán.

Sílim nár rug sé an inspioraid seo leis go hiomlán sa leagan Béarla. Mar shampla, cuir an blúire seo as Lig Sinn i gCathu lch 61, i gcomparáid leis an leagan Béarla:

“Chuir Nádúr a mhallacht aris eile* ar na cailleacha i dteach na gcrúibíní nár mheabhraigh dó go raibh uair an chloig d’Aoine an Chéasta caite. Thrasnaigh sé Sráid na gColmóirí agus rinne chomh maith is a bhí sé in ann ar an dug. Nár thé léine an bhá[i]s thar imleacán oraibh, a deir sé leis féin, ach nach mé féin is measa is a raibh de chaint ar an gCáisc agus ar an Republic nua seo i gcaitheamh an lae.”

“Nature cursed and damned the two hags in the crubeen-house for not reminding him that it was already one o’ clock on Good Friday morning. He crossed Hake Street and headed towards the dock. May your shrouds not cross your navels, he said to himself, but amn’t I as bad myself with all the talk that was going on all the day about Easter and this new Republic? “

Braithim féin go bhfuil an focal “hag” rud beag gallda i mBéarla na hÉireann, cuir i gcás; “ould wan” is docha a dearfaí go coitianta. Ach tá an téarma “cailleacha” ar fheabhas sa leagan eile. Mar an gcéanna leis an droch-chaint ag Nádúr: ” Nár thé léine an bhá[i]s thar imleacán oraibh” — braithim nach bhfuil faobhar chomh héifeachtach ar “May your shrouds not pass your navels”. Fiu an mac léinn féin, Máirtín Ó Méalóid, níl an dúchas nó an tathag ceanna sa leagan Béarla dá ainm — Martin Melody.

Cuid iad seo de na deacrachtaí in aistriuchan ar bith agus is beag iad le hais an iliomad deacrachtaí atá sáraithe go te rábach ag Breandán Ó hEithir sa leabhar breá anamúil seo. Tá saol an Bhéarla faoi chomaoin aige agus agallamh úsáideach idir teangacha na tíre seo tugtha céim eile chun tosaigh leis an leabhar nua Lead us Into Temptation, a bhfuil gaois agus greann agus aor ina n-orlaí tríd.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *