Athchló,  Uncategorized

“An Fharraige Dhearg” ón bhFraincis

Aistritheoir: Leon Ó Broin
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Le Passage de la Mer Rouge
Údar: Henry Murger
Céadfhoilsiú: Misneach, 18 Meán Fómhair 1920

Scéal ar Phictiúr

Lena cúig nó a sé de bhlianta d’oibrigh Marcel go dian ar ‘Aistear na Farraige Deirge’, an dea-phictiúr úd a bhí le céim suas a thabhairt dhó agus ardcháil a shaothrú dhó. Ach gach aon uair a tháinig sé os comhair an lucht scrúdaithe diúltaíodh é, ar mhodh éigin. Bhí an bealach ó theach Mharcel go dtí an músaem curtha dhe chomh minic sin ag an bpictiúr céanna gur cinnte, dá gcuirfí rotha faoi, go bhféadfadh sé an bealach a dhéanamh gan treoir ar bith. Bhí Marcel cortha den phictiúr. Ba é seo an deichiú huair dhó á phéinteáil agus á athrú idir chuma agus ainm ó bhun go barr agus faoi dheireadh thiar amach bhris ar an bhfoighne air agus ní dhéanfainn dabht de, dá gcloistí a chuid cainte, gur ag titim i lagachar gan áireamh a bheifí. Chuaigh sé le buile is le báine is rinne sé deimhin nárbh fholáir nó go raibh leathstraidhn ar gach mac máthar agus iníon athar de na moltóirí.  

B’fhada an t-achar é cúig bliana agus ar an bhfad sin níor ghlac mímhisneach ariamh é go dtí anois beag. Cothrom aimsire an taispeántais gach bliain chuireadh sé a phictiúr chuig an músaem le dul faoi mholadh ach ba é an cás céanna i gcónaí é, pé formad nó míthaitneamh a bhí i ngreim in sna moltóirí in aghaidh an phictiúir. Ba dheacair a thuiscint; agus sheolaidís abhaile chuig an bpéintéir mí-ámharach é gan moladh – ard nó íseal a bhronnadh air. Ba leathchuma leis i dtosach é ach tar éis an oiread sin aimsire agus foighne a chaitheamh air agus ar a bhreith i gcuimhne a mhinice a d’athraigh sé an t-ainm chun an lucht molta a mhealladh, arbh aon ionadh gur shrac sé a chuid gruaige agus gach achasán ba mheasa ná a chéile a ghlao anuas orthu siúd?

Uair amháin nuair a tháinig sé os comhair na moltóirí faoi ainm ‘Aistear an Rubicóin’ – aithníodh Phaoró a bhí clúdaithe go dona i gcochall gorm agus siúd an pictiúr mífhortúnach ar ais chuige chun bliain eile a chaitheamh faoi dhrochmheas i seomra Mharcel.  

An bhliain dá chionn sin chuir sé roinnt péinte báine air chun cosúlacht sneachta a thabhairt, chuir sé crann iúir ar thaobh dhe, chlúdaigh sé an tÉigipteach in éide an Gharda Ríoga agus bhaist sé ‘Aistear an Bheresina’ air ach ní raibh aon mhaith ann dhó. Ba é an dá mhar a chéile é. D’aithin na moltóirí ar an toirt é, go mór-mór an capall ramhar, ildaite beathaithe sin ag princeam go macnasach, spleodrach ar thoinn de thonnta na farraige agus do mhaslaíodar ‘Aistear an Bheresina’ go searbh. “Cuma sin,” arsa Marcel, “tá smeach fós ionam. An bhliain seo chugainn cuirfead isteach arís é agus ‘Aistear des Panoramas’ a bheas mar theideal air”.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, nuair a maolaíodh ar na seifteanna díoltais roinntín, thug Medicis cuairt air. Leasainm ba é seo a tugtaí ar Iúdach darbh ainm dó Solomon agus fear ba ea é a raibh aithne air ag gach éinne a chaith tréimhse ag an ndathadóireacht nó litríocht. Bhí siopa aige ar chúlsráid agus díoladh chuile shórt ann. D’fhéadfá líon do thí de throscán a sholáthar dhuit féin sa siopa sin ar chúpla scilling nó ar chúpla céad punt. Cheannaíodh sé gach rud idir ghob, cleití is sciatháin agus bhí a fhios aige i gcónaí an chaoi ab fhearr ar bhrabach is sochar deas a dhéanamh ar pé rud a cheannaíodh sé. Liúigh Marcel le háthas is gliondar nuair a chonaic sé an Iúdach Solomon isteach an doras chuige. B’eol dó go raibh an chuid aimsire róluachmhar aige siúd le diomailt ar chuairteanna gan tairbhe. Mar sin thuig Marcel nach gan fáth a tháinig sé.  

“A Mhic Uí Mharcel,” arsa Medecis, “táim ar aigne seans a thabhairt duit ar do chlú i saol na péinteála a ardú. Fear saibhir a bhfuil faoi áiléar pictiúir a dhéanamh a d’ordaigh dom cnuasach de na pictiúir is iontaí dá bhfuil ann a cheannach agus is chuige sin atáim anseo. I bhfocla gearra, teastaíonn uainn ‘Aistear na Farraige Deirge’ a cheannach uait.”

“Bhfuil tú dáiríre?” a d’fhiafraigh Marcel.

“Dáiríre píre,” a d’fhreagair an tIúdach

Socraíodh an margadh ar dhaichead punt agus dinnéar lena chois.

Seachtain ina dhiaidh sin, tháinig Marcel trasna ar an áiléar ar ar thrácht Solomon. Ar thriall síos sráid dhó, lá, chonaic sé scata daoine ag breathnú go géar ar chlárchomhartha ar crochadh taobh amuigh de shiopa. Sheas sé i measc an chnaip ag féachaint air. Ba é a phictiúr féin a bhí ann; an pictiúr a dhíol sé leis an Iúdach. Ach bhí athrú eile fós tagtha ar ‘Aistear na Farraige Deirge’. Bhí bád gaile anois air agus is é ainm a bhí air ná ‘i gCuan Marseilles’.

Is féidir an bunleagan Fraincise a léamh anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published.