Athchló

“Firín Rinn na bhFrancach” ón mBéarla

Aistritheoir: Seán Tóibín
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: The Sea-Fairy of French Foreland
Údar: Dr Neil Munro
Céadfhoilsiú: Misneach, an 30 Iúil 1921

I.

Nuair a bhíos-sa i mo gharsún chonac an rud ná faca mórán eile. Chonac rí na sí féin. Chonac, cheana thuas anso i gcaisleán Mhic Cailein Mhóir.

Is amhlaidh a chuaigh sciathán den chaisleán tré thine lá – agus, a m’anam, ba é siúd an lasair bhreá, mar leath an loinnir dhearg trasna na dúichí agus suas go barr Dhún Cuach – agus do hiarradh cúnamh chun éadaí breátha agus giuirléidí uaisle Mhic Cailein a shaoradh ón ndóiteán.

Mo léan le lua! Go ndeachas riamh isteach san uaigneas mhór tí sin ina raibh doras is trí fichid ann. Ba mhór an taitneamh dom a bheith ag imeacht cosnochta ar fud na seomraí móra fairsinge a raibh na hurláir ghlana shleamhna iontu – go dtí go ndeachas amú! Nuair a thuigeas go rabhas ar seachrán tháinig scanradh go deo orm agus is é deirinn ag doras gach seomra mhóir acu:

“Tá an lasair thine le feiscint ón seomra so, ní foláir,” ach mo mhairg! Is sia ná riamh isteach san uaigneas a bheireadh gach seomra acu mé.

I gcionn scaithimh bhí an dún mór le chéile fúm féin, gan fuaim dá laghad le clos. Dhubhaigh chomh mór san agam gurbh éigean dom suí. Agus chaitheas tamall ag gol go faíoch, i gcathaoir mhóir den tsean-aimsir, go dtí go raibh an filleadh beag agam fliuch go maith leis an lear deor a shileas. An méid thar fóir a bhí san áit, agus an t-uaigneas go léir, a bhí mo mhilleadh. Agus tháinig tuairim agam den eagla a ghabhann daoine le linn an mheán oíche in áit mhór uaigneach mar é: áit a bhfuil doirse ar gach taobh chun go mbeidís púcaí ag drumadóireacht orthu; agus na cúinní agus na póirsí go léir ann chun go mbeadh an ghaoth ag olagón iontu. 

“Am maite!” arsa mé i m’aigne féin, “domhsa an tigín is suaraí ar an mbaile seo go lasfadh aon choinneal amháin gach cúinne dhe; agus ní puinn a fhéadfadh púcaí a dhéanamh le haon doras amháin agus é sin féin os comhair do dhá shúil amach dúnta go daingean.”

Lena linn sin do ghluais chugam amach as clúd-éadach na fuinneoige an rí beag sí! – Firín beag tóstalach agus filleadh beag dár mbreacán féin uime, agus lúireach cosanta ar bhrollach a léine. Bhí gruaig a chinn siar síos leis go dualach agus chonaic na seacht gcnaipíní gléigeala airgid (ar dheilbh an bhradáin) ina chasóg agus mé ag cur an dorais díom agus luas na con fiaigh féin i mo dhá chois.

Cheangail an teanga i mo bhéal le scanradh agus liú ná osna níor fhéadas a ligeann go raibh doras thiar an chaisleáin buailte liom, agus ní thuigfead go brách conas a d’éirigh liom an doras san a aimsiú. Amach ar Bhán an Chairn liom agus chuir radharc an dóiteáin úd aiteas an uair sin orm, geallaimse dhuit. 

II.

Riamh roimhe sin, ná ó shin i leith, ní fhaca-sa aon radharc de na daoine maithe, agus is greannmhar liom é, mar gach aon duine de mo sheacht sinsear bhíodar go maith chun rudaí aisteacha a fheiscint. Fear gaoil dom an chéad duine a chonaic d’fhionn an lae an tarbh draíochta a thaithíonn loch an Steallaire Bháin, agus tráth eile dhein an fear céanna grá le maighdean mhaiseach a tháinig ar cuairt chun an ghleanna agus ba ródhóbair dó í a phósadh. Ach chonaic sé in am na gráinní gainimhe measctha ar a cuid gruaige!

“Gruagach mná ón mhuir tú!” ar seisean léi, agus ghabh uamhan é agus d’athraigh an lí ann. Lig an mhurúch aon liach mhór amháin agus siúd léi ar nós na gaoithe siar chun an locha. 

Agus duine eile a bhí gaolmhar dom— beannacht leis, mar tá sé ar Shlí na Fírinne le blianta— agus ní dheineadh sé buairt ar bith do Shithean Sluaighe a chur de chun a bheith ag comhrá leis na daoine miona atá riamh ag áitiú na binne rí-bhreá san. Agus cad a deirir leis! Ná tugadh sé leis sean gach meala agus nua gach ime ag triall orthu, agus a chroí, ba leo féin ba bhlasta an dá thaobh agus dá chomhartha san féin is iad a dheineadh an rí-rince dó. Agus maidir le ceol, cé a bhuafadh ar an gceolaí úd a raibh píb aige a deineadh den tseisc agus píobáin mhíoltóg inti mar ghaothairí!

Ach le mo linn-se ní raibh ach an t-éinne amháin sa dúiche sin a raibh eolas na slí aici chun aon phluaise sí: cailín ón gCeann Mór gurbh ainm di Mairisil. Bhí sí sin suas an uair a bhíodh na mangairí Francacha ag malartú bairillí fíona ar na scadáin ba bhreátha dá dtug uiscí an Domhain Mhóir riamh.

Ba ghnách le Mairisil-sin dul chun na trá nuair a bhíodh “lá breá ann agus trá fhada” agus an ghrian ag triomú na sáile ar an ngaineamh agus gach aon phléascadh as feamnach na gclog le méid an ghoraidh agus an mhuir chomh mín sleamhain leis an bhfíor-ola cheal gal gaoithe. Agus théadh sí, babhta, chun Rinn na bhFrancach agus babhta chun Dál an Chine, ach ar chomhairle a hathar, fear mór céille, a sheachnaíodh sí an Rinn nuair a bhídís na Francaigh ann.

Nuair a thagadh gibéirdí na bhFrancach fé lánseol an cuan isteach siúd linne go léir amach á bhféachaint. Agus nuair a bhuailidís na Francaigh calafort ba mhór go deo an mustar a dheinidís ag scaoileadh na gcascaí fíona amach ar fud an chalaidh, mar dhea gur mhór an scrupall é fíon Francach a mhalartú ar scadáin Ghaelacha.

Daoine greannmhara le féachaint orthu ba ea iad súd; gan dealramh ar domhan acu linne, Gaeil. Iad go crua is go lom is go ciardhubh. Agus ina dhiaidh sin is uile, bhí steall dár ndúchas-na iontu, mar thaitneadh scoil amhráin leo agus an braon beag leanna; agus ní sheachnóidís an bhruíon dá dtarlaíodh sí ina dtreo, agus ba gheal leo comhrá na n-ainnear.

Ach bhuaileadar bob ar na hiascairí, bliain, mar mheascadar uisce ar an bhfíon—pionta de sa ghalún!—agus ní raibh aon ghnó i dtír ag aon Fhrancach acu ina dhiaidh sin. Agus is thar gunail an bháid a dheinidís tráchtáil agus an cheannaíocht ar feadh mórán aimsire dá éis sin.

III.

Cailín a raibh snámh ar fheabhas aici ba ea Mairisil úd agus sin focal ná féadfá a rá i dtaobh mórán eile de mhuintir an Chinn Mhóir mar ba bheag riamh é a ndúil in uisce na sáile. Bhí sí, lá, ar an gCarraig ag snámh agus nuair a bhí sí ag siúl timpeall ar ball ag triomú a foilt gruaige, chuaigh sí chomh fada ó thuaidh le trá bhán Dál an Chine mar ar shuigh sí ar chloch ar imeall trá. Chrom sí ar a ceann gruaige a réiteach agus ba chraobhach fionnrua a chuacha siar síos léi go cloch – gruaig álainn tiubh.

Bhí an mhuir ag líonadh go bog agus an t-uisce ag scamhadh an ghainimh thirim d’uachtar na trá; agus chuireadh an bog-stealladh na feithidí beaga ag léimrigh ó charraig thuscair go céile. Agus bhí na spútairí ag gobadh aníos as an ngaineamh ag glacadh goradh eile den ghrian sara mbáfaí arís iad fén nua-uisce.

Shiúlfá Alba ó Cheann Tíre go hÍnsí Orc agus sárú na maighdine úd ní bhuailfeadh umat agus í ansúd ar charraig thrá ag réiteach a cinn dréimrigh. Í i mbláth na hóige agus i mbarr na sláinte. Í geal ina slí agus leath-aerach, b’fhéidir; snó na lítise ar a cneas agus í go súil-aibí spleodrach.

Ina suí ansúd di, agus an dúcheann dualach réitithe, do dheineadh sí streancán ceoil agus ligeadh sí osna, gach re dturas. Níorbh aon iascaire óg fé ndeara an osna mar ní ar iascairí a bhí a cuimhneamh-sa aon lá riamh. Bhí dúchas na mórchúise inti ó thaobh a máthar; ach is minic a thagadh smaoineamh aerach go leor di i dteannta nathanna mórchúise. Bhí saibhreas tráth ag muintir a máthar agus bhí filí agus lucht ceoil orthu- daoine gur bhinne leo an taibhreamh ná toradh saothair. Agus ó ba mar sin a bhí, ba gharbh le Mairisil iascairí na bhféasóg, agus ba choimhthíoch léi a gcaint agus a slí chun grá a dhéanamh.

“A dhaoine! Dá bhfeiceadh murúch fir anois mé,” ar sise, “ba é go dtaibhreofaí  dhó teacht mar seo ath-uair!” Agus ansan dhírigh sí ar amhrán úd na leanbh á chanadh go haerach in ard a cinn is a gutha.

“A dhaoine maithe, tagaigí i mo threo

ó íochtar na mara agus seohal ló.”

“Chugat!” arsa an rud os a cionn in airde agus ba shoiléir ar fad mar fhocal é. D’fhéach sí suas agus b’iúd í an fhaoileann ghléigeal bhán ag cur di an cuan amach. D’fhéach sí timpeall agus b’iúd ina steillbheatha, taobh léi, an fear beag gleoite sí agus éadach uasal go léir uime ó bhonn go baithis.

Phreab an cailín ina suí chun cur di abhaile ach dhein moill leath-nóiméid féachaint an raibh an ghruaig sa cheart thar an dá chluais siar aici agus an raibh an brat socair sa cheart uimpe. Féachaint dá dtug sí ansan ar an bhfirín sí thug sí fé ndeara a chiúine agus a bhéasaí a bhí; agus dhein an duine beag uasal umhlú go talamh di.

IV.

Firín ceann cas ba ea é; a dhá shúil chomh dubh le duibléid an Ridire úd ó Loch Eil; triús gairid glún uime agus stocaí gorma síoda agus bróga beaga cneasta fé bhúclaí geala; casóg dhearg uime a raibh iallacha dubha á ceangal trasna a bhrollaigh agus crios greanta uime a raibh miodóg ann sáite. Dealramh ar dhomhan ní raibh aige le clúrachán cnoic ach oiread agus atá ag an sicimín sleamhain leis an gcuileann cas crua. Agus an deartháir a bhí aici sa bhaile d’fhéadfadh sé an firín beag farraige sin a bhualadh suas fén a ascaill agus é a ardú leis chun siúil go saoráideach. Cár ghá eagla roimh fhear chomh beag leis, agus chomh suáilceach?

“Nach mear mar a dheinis-se rud ar chailíní!” ar sise—gasta go leor, chun ná cuimhneodh sé sin ar aon ní, ar an méid uair a dhein sí glaoch in ard a gutha anonn thar loch á rá leis na sióga teacht fén a déin ón muir isteach ar casadh na taoide.

An freagra a thug an firín uirthi níor fhéad sí aon bhrí a bhaint as. D’umhlaigh sé go talamh arís di agus dhein sé scuabadh boinéid go hoilte mar bheannú—ar nós Chathail na gCleas nuair a bhíonn sé ag rince.

“Ba bhinne liom Gaeilge uait,” ar sise, agus tháinig iarracht bheag den bhuairt uirthi d’éis an fhocail a rá, “agus mura bhfuil agat, déanfaidh an Béarla an gnó—cé nach binn linn anso é.”

“M’fhocal!” arsa an fear beag, “nach ar fónamh atá aon taobh acu agamsa; ach do shárú féin de chailín dathúil níor bhuail umam ó fhágas mo dhúiche féin—agus is fadó riamh é sin.”

(Hóró! Nárbh é féin an plámásaí beag gasta. Domhsa na firíní sí chun mealladh-chaint bhinn a chur astu).

Ina haigne féin is ea labhair an cailín ansan: “Éinne a bhfuil tuairim chomh tuisceanach san aige,” ar sise, “ní baol d’éinne é.” Agus d’fhan sí tamall ag comhrá leis.

Shiúileadar anonn trasna na trá, tar éis tamaill, chun na plásóige úd ina bhfuilid na crainn bheithe, áit a raibh scáth ón ngrian acu. Nuair a bhí an comhrá ar siúl ar feadh scaithimh labhair Mairisil ar chúrsaí an duine bhig féin:

“Is airde thú ná mar is gnáth le – le sióga a bheith,” ar sise.

“Sióga!” ar seisean, agus thug sé súil-fhéachaint rí-mhear anonn uirthi.

“Sea,” ar sise. “Is mór é mo shuim riamh in sna sióga. Is minic nuair a bhí lag trá ann go ndúrt an t-amhrán beag úd chun do mhuintire – an cúldoras isteach chucu. Ach ní dóigh gur airís-se go dtí inniu é? Fearghal na mBeann a mhúin do mhuintir an bhaile seo é.”

Scarta gáire agus croitheadh slinneán an freagra a thug sé ar an méid sin. ‘Agus ba ghreannmhar an cleas aige é an croitheadh slinneáin san. Agus ba rí-mheidhreach é a gháire ach gan aon dealramh aige leis an bpléasca breá gáirí a dhéanfadh iascaire ó Loch Finne.

“Is dóigh anois gur i do rí dhuit sa bhfarraige – sa bhaile a mheasas a rá? Nó i do phrionsa dhuit, pé ar domhan é?” ar sise, agus chrom sí ar bhrobhanna den luachair a stoitheadh chun a bheith gnóthach, mar dhea, agus neamh-shuimiúil sa scéal!

Bhain an focal san geit as an bhfirín beag sí, agus las sé go bun na gcluas.

“Agus grá Dé!” ar seisean, “cé a dúirt mar sin leat é?” agus d’fhéach sé ar an gcoill bheag cliathánach uaidh chun ná feiceadh sise an chorrabhuais air.

“Ní dúirt éinne,” ar sise. “Mé féin a chuaigh amach air, mar bíonn airde sa mbreis ag ríthe na sí – sa chnoc pé scéal é. Agus ní fheicfeá aon rí acu riamh gan an mhiodóg mar sin ar a chromán aige.”

“Ní maith liom an ró-bhladhmann,” ar seisean, “agus ba bhladhmann mór uaim é dá n-abrainn gur rí mé. Ach dá n-abradh éinne go mb’fhéidir gur prionsa mé ní dhéanfainn aon trasnáil ar an méid sin.” Agus mar sin a thosnaigh an cairdeas idir cailín na súl gciar agus an firín beag sí.

V.

Bhíodh athair Mhairisil coitianta ar an bhfarraige agus deartháireacha Mhairisil in éineacht leis. Sa lá bhídís ag leanúint marbh-shruth na dtóithíní agus théidís chomh fada siar le Tairbeart. Agus bhídis lasmuigh ar fad i gcomhair na hoíche i gcónaí.

Agus is mó tráthnóna a chuaigh Mairisil go luath chun na trá, agus ón trá go dtí an Dubh-Ghlaise mar a bhfuil an rinn bhláfar a bhíonn ina hoileán nuair a thagann an mhuir aníos uirthi. Is ón áit sin atá an radharc ceart ar Loch Finne – ón Ard Nua go Strath Lachlainn: cnoic úd Chomhail ina ngasra díomhaoin sínte siar amach óna chéile, agus lastall díobh-san Achan Breac mar a mbíd fiana agus éanlaithe go moch is go mall. An bóthar so a dhein an Diúc timpeall na rinne, ní raibh san in aon chor ann an uair úd ach mórchuid órbhláth álainn os comhair do shúl ó cheann ceann na bliana – mar bhí an t-aiteann Gaelach agus an t-aiteann Gallda ann ag déanamh uainíochta ar a chéile ag coimeád buíocht le féar fada na n-ínseacha. Bhí coill chaol ar gach taobh chun an rinn a chosaint ar an ngaoth, agus d’fhág san brothall i gcónaí ina lár istigh nuair a bhíodh aon ghal den ghrian in aon chor ann. Ba gheall le gairdín ridire ina shuí ar an sáile an rinn bhláfar san – locháin mhara agus caolas den Dubh-Ghlaise idir í agus an bóthar mór.

Pé uair a théadh Mairisil chun na rinne sin bhíodh an firín sí ann roimpi: é ag siúl ar imeall na coille síos suas go réidh. Agus ní bhíodh uime ach an chóir éadaigh a bheadh ar éinne, mar d’éirigh sé as an éadach breá uasal tar éis an chéad turais.

Thuig an óg-bhean go maith ina haigne baois agus míchiall an scéil go léir – agus bhí á bheartú ina haigne i gcónaí go n-éireodh sí as an scéal lá arna mhárach. Ach ní raibh aon lá ná tug ionadh dá chuid féin in éineacht leis agus choimeád san ina scéal nua dhi é. Thug sé fáinní ag triall uirthi, lá, agus b’éachtach thar meon na clocha uaisle a bhí iontu, i dtreo nárbh fhiú féachaint ar aon phéarla ón gCrom-alt ná ar chloch bhua ón gCarn Gorm ina ndiaidh. Thug Mairisil tamall á bhféachaint agus á meabhrú. Bhuaileadh sí méar ar chloch uasal acu go haireach fé mar a dhéanfadh sí le caor aibí nár mhaith léi a bhrú. Thugadh an firín beag súilfhéachaint uirthi idir an dá linn agus ba ghile agus ba luisniúla go mór leis dhá shúil ghlé Mhairisil ná aon chloch uasal ar domhan.

“An saghas so a bhíonn ar do mhuintir-se de ghnáth is dóigh?” ar sise.

“Sea,” ar seisean, “nuair a bhíonn an bhreáthacht acu bíonn acu sa cheart ach is greannmhar an saghas sinn-ne. Bímíd tamall go seascair sóch agus tamall go dealbh dubhach. Lucht freastail againn, babhtaí, agus madraí á chur lenár sála, babhtaí eile:

‘Nuair a bhíonn againn,

Bíonn againn go tiubh

Agus nuair a bhíonn gann againn,

Bíonn gann againn go dubh.’”

“Ochón ó!” ar sise, “is ait an chuma é sin; ach táid na fáinní seo go tofa, pé in Éirinn é.”

“Seacht n-uaire déag ní b’fhearr níor mhór dóibh a bheith sara mbeidís maith a ndóthain don té gur di iad – duitse a rúin ó na n-árann.”

“Domhsa!” ar sise, á ligeann uirthi ionadh a bheith uirthi.

 “Duitse agus mo ghrá-sa in éineacht leo,” agus shín sé lámh chun breith ar a láimh-sin.

VI.

Chúb Mairisil chuici, agus ansan chuir cos i dtalamh i gcoinne an scéil agus tháinig malaí dhi le daingne tola.

“Stad!” arsa sí. “Sinn-ne sa taobh so, tá a fhios againn cad is bronntanas sí ann. B’fhéidir ná fuil iontu so ach licíní slinne an té a chífeadh sa cheart iad. Tóg uaim iad. Ní mór dom a bheith ag cur díom.”

Thóg firín na fáinní seod agus chuir sé chuige iad agus tháinig ard-luisne ina leicne. Scairt sé ar saghas gáirí ansan.

“De mo bhriathar móide féin,” ar seisean, “is minic is fearr a dheineadar so gnóthaí grá ná mar a dheineadar inniu é. Agus is mó bean uasal thall sa bhFrainc a ghlacfadh iad, agus an té seo, leis, go sásta dá gceadaíodh sé féin é!”

“Tá mórán bóthar siúlta agat, is áirithe?” ar sise, “ach cá hionadh san agus–”

“Agus cead a chos ag sióg riamh,” ar seisean ag teacht roimpi dhó sa chaint. “Is fíor é, a rún ó. Tá dúiche mhór na Fraince siúlta agam agus a sárú le háilneacht ní heol dom. B’fhuar é an saol seo, dár liomsa, é a bheith in éagmais na Fraince – dúthaigh m’árann agus m’anama,” agus tháinig na deora ina súile le linn an fhocail sin. A thuilleadh tagartha níor dhein Mairisil don scéal san. “Tá cúrsaí seanchuimhne ansan,” ar sise ina haigne féin.

“Níor insis fós dom i dtaobh tír na sí fo thoinn,” ar sise, chun duaircis an scéil eile a chur soir siar dó.

“Mar a chéile iad, a mhaighdean mhaiseach,” ar sé, “an Fhrainc agus tír na sí mar a chéile iad,” agus leag sé a lámh dheas ar a bhrollach agus d’umhlaigh di, ar an gcuma úd a bhí ait agus uasal in éineacht.

Thrácht sé ansan léi ar ghorta fé arbhar bhuí agus gaotha glana ag luascadh an arbhair anonn is anall; ar na bláthanna ba luisniúla dath, a bhí chomh borb iomadúil ná bíodh aon radharc ar thigh ná ar chaisleán go minic mar gheall orthu.

“Agus,” ar seisean, “is é an bun bealaigh céanna agus an deireadh bóthair céanna i gcónaí é: an baile mór gléigeal. Pé acu fliuch tirim an uain nó moch déanach an tráth tá só agus suairceas riamh ann. Ag gabháil thar bráid ar eacha áilne sleamhna dhúinn tagaid cailíní chun bun gach bóthair ár bhfaire is ár bhféachaint go beannachtach, agus ceol binn go brách na cruinne is ea rince ár gcapall ar chlocha crua na sráide. Agus nuair a shuitear chun boird, mo chúrsa álainn! Tá spréacharnach an óir bhuí loiscthe agus luisne an airgid ghléigil ar fud an bhaill le chéile; agus úlla breátha borba ar aon áit den mbord ná bíonn cuacha agus coirn na bhfíonta fíora. Agus siúd é, leis, an ball (agus an t-am) chun na smaointe taibhrimh agus chun beartú gach gaisce. Agus bítear isteach is amach na doirse ar leathadh; agus ceol is gáirí geala, agus bróga uaisle síoda ar urlár an rince. Agus gach puth glan gaoithe an doras isteach – gaoth ina mbíonn fionnuaire, agus cumhracht bláth.”

“Dia le m’anam!” arsa Mairisil, “ach is geall é le taibhreamh taithneamhach a dhéanfaí do dhuine.”

“Abair é, a mhaighdean na gciar-rosc. Is é is ionadh anois liom go mbeadh éinne sásta maireachtáil in aon tír eile. Ach níor inseas fós duit, a bhé mo chroí, i dtaobh na gcaisleán.”

Ansan thrácht sé ar laochra móra a bhí ag áitiú na ndún, agus ar an gceol cogaidh a seinntí maidin is tráthnóna, gur airigh Mairisil go glé istigh ina haigne pléascadh ceoil ó stócaigh agus buillí fuinte ar dhrumaí. Agus chonaic sí go soiléir ina haigne, leis, na capallóirí gléasta fé arm is fé éide, iad ag siúl na sráideanna ag baint ceoil as sporanna ar shála bróg; nó iad ar muin capall go maorga ag cur faiche an chaisleáin díobh anonn is anall le torann mór agus le hard-toirneach. Agus an uair a ghluaisidís na trodairí chun an chogaidh bhídís a muintir chroga féin ag siúl an bóthar taobh leo go dtí teora an bhaile amach.

Agus, an oíche sin, is ea do deineadh an taibhreamh is fiche ar ghnóthaí rí agus uasal agus sióg don chailín chiar-rosc a chónaigh ar an gCeann úd mara.

VII.

Tráthnóna lá arna mhárach nuair a ráinig Mairisil an rinn bhí an firín sí ann agus cláirseach bheag ghreannmhar aige á ghléasadh. Níor chláirseach leis é ach cheal ainm ní b’fhearr thug Mairisil ‘cláirseach’ air. Uirlís cheoil a raibh déanamh rí-cheardúil uirthi ba ea í agus stilíní den tsíoda dhearg á cheangal ar bhrollach an cheoltóra.

“Cad atá ansan agat?” arsa sí.

“Tá,” ar seisean, “leigheas ar bhrón agus ar ghalar dubhach. Tá seanphort ceoil agam a bheireann radharc i m’aigne dhom ar mo dhúthaigh féin agus a scaipeann an duairceas ar nóiméad na baise.”

Leag sé a mhéireanna ar na sreangáin agus ghluais an ceol binn cneasta – ceol de shaghas nár ghluais riamh ó chláirseach ar thalamh Alban, ceol ró-iasachta sí. Agus ar ball chuala Mairisil port ceoil a bhíodh ag na Francaigh amuigh ar an gcuan agus thiomáin an ceol san a haigne chun smaointe rí-aoibhne. Agus bhraith sí taitneamh agus saghas dóláis in éineacht agus an mhian úd a thagann do dhaoine le linn smut de thaibhreamh, nó le linn dó a bheith in uaigneas na coille nó in aon áit iasachta i bhfad ó bhaile.

“Agus éist so, mar is duit féin gach siolla dhe,” ar seisean.

“Bard ó thalamh tú,” ar sise.

Dhein sé a mheangadh gáire agus an croitheadh úd gualann agus bhuail sé méar arís ar na téadaí agus ghabh an t-amhrán molta. Mhol sé na súile dubha glé a raibh an choinneal de shíor iontu, agus na beola córacha ar dhath an toradh caorthainn – beola a raibh mórchúis agus uabhar ina ciumhaiseanna, agus an píobán “ba ghile ba dhóigh leis ná eala ar linn ag snámh.”

Sa cheol agus in sna gothaí a bhí an chaint go léir do Mhairisil, mar teanga iasachta sí, a bhí á labhairt léi. Tháinig lasair sa bhreis dá súil agus d’éirigh an leaca go luisniúil lasta mar ní dheachaigh aon bhlúire do bhrí an scéil uaithi.

“Draíocht sí!” ar sise, “agus gabhaimse orm gur mó aird den domhan inar sheinnis an ceol san do chailín bocht éigin. Ach óinseach mé agus fanúint anseo ag éisteacht leat.”

Scairt an duine beag ar gháire agus bhain sé searradh eile as na slinneáin. “Dar an gclaíomh so i mo chrios,” arsa sé, “ach mholfainn go héag mo dhís ainnir álainn – tú féin agus an Fhrainc. Agus mo bhriathar rí dhuit, a bhruinneall m’anam, gur banríon feasta thú má éalaír liom.”

Rug sé greim ar láimh léi agus ghluais grá croí uaidh ag triall uirthi. Bhí ina chath ar feadh nóiméid idir thoil agus tuiscint aici, ach bhuaigh an tuiscint agus níor éist sí a thuilleadh leis. Bhog sí a ghreim-sin dá láimh agus siúd léi de tháinrith abhaile, agus a cheol súd agus glór binn ag déanamh mearbhail di istigh ina ceann.

An oíche chéanna is ea a d’éirigh idir muintir an chailín agus na Francaigh. Tarraingeadh sceana agus sádh; agus nuair a gheal an lá ar an gCeann Mór bhí gach aon long acu siúd fé lánseol an cuan amach. Agus riamh ó shin ní fhacthas na Francaigh dhubha bhuí ar calathaí locha finne, agus chrom an dúthaigh ar leann dá gcuid féin a dhéanamh arís cheal fíona dheirg ón bhFrainc.

Agus moch déanach – ar lag thrá agus le linn barr taoide – théadh Mairisil chun na rinne úd agus ghabhadh sí amhráin san na leanbh de ghlór a cinn trasna an locha anonn, agus shuíodh sí ar an gcarraig ag réiteach a cúil álainn dualaigh – ach firín úd an uasal-éadaigh agus an chlaímh ghléigil ní tháinig a thuilleadh chun trá na Dubh-Ghlaise.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *