Athchló

“Dúirt sé, dáirt sé” ón mBéarla

Aistritheoir: An Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha)
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: Spreading the News
Údar: Lady Gregory
Céadfhoilsiú: An Claidheamh Soluis, an 29 Iúil 1911

“Dúirt sé, dáirt sé.”

Na Daoine

  • Peaid Breathnach
  • Máire, a bhean
  • Seán Rua Ó Maolchathaigh
  • Tadhg
  • Domhnall
  • Peig Bhodhar – bean díolta úll
  • Bríd Bean Uí Dhálaigh
  • Giúistís
  • Pílear Mór

An Áit – Leataobh ó pháirc aonaigh.  Bord agus úlla agus crúibíní air.  Peig ina suí laistiar den bhord.  Tig Giúistís agus Pílear mór.

Giúistís – So that is the Fair Green.  Cattle and sheep and mud.  No system!  What a repulsive sight!

Pílear – That’s so, indeed.

Giúistís – I suppose there is a good deal of disorder in this place?

Pílear – There is, thin.

Giúistís – Common assault?

Pílear – ‘Tis common enough, surely.

Giúistís – Agrarian crime, no doubt?

Pílear – That’s so, thin.

Giúistís – Boycotting?  Maiming of cattle?  Firing into houses?

Pílear – There was one time an’ the’ might be again.

Giúistís – That is bad.  Does it go any farther than that?

Pílear – Far enough, indeed.

Giúistís – Homicide, then!  This district has been shamefully neglected!  I will change all that.  When I was in the Andaman Islands, my system never failed.  Yes, yes, I will change all that.  What has that woman on her stall?

Pílear – Apples, sir, mostly – and crubeens.

Giúistís – Just see if there are any unlicensed goods underneath – poitín or the like.  We had evasions of the salt tax in the Andaman Islands.

Pílear – (ag cuardach agus ag boladh faoin mbord go leagann sé cuid de na húlla) I don’t see any poitín here, sir; or salt either.

Giúistís – (le Peig). Do you know this town well, my good woman?

Peig – (ag síneadh dorn úll chuige).  Leathphingin an ceann, a dhalta, leathphingin an ceann.

Pílear – She’s deaf, sir – as deaf as a shtone.

Giúistís – (os ard).  Do you know the town well?

Peig – (agus a lámh lena leathchluais).  Á? (preabann sí).  Ní féidir gur crúibíní atá uait! (síneann sí chuige lán pláta díobh).  Leathréal atá ar a gceann acu, a dhalta, agus is fiú sin iad.

Giúistís – Augh! (le déistin).

Pílear – She d’n’o any English, sir.  Hould on an’ I’ll talk to ‘er in Irish and get the desired information. (le Peig).  Sid é an Giúistís nua agus tá sé á fhiafraí dhíot an bhfuil eolas maith ar an mbaile seo agat?

Peig – (éiríonn sí).  ‘Bhfuil eolas agam ar an mbaile seo, an ea?  Muise, i nDomhnach, a dhalta, tá.  Cén fáth ná beadh?

Pílear – She says she knows all about everyone in town.

Giúistís – What’s its chief business?

Pílear – (le Peig).  Cad é an cúram is mó a bhíonn ar mhuintir an bhaile seo?

Peig – Cúram, an ea?  Dhe mhuise, a dhalta, tá siad gan chúram, ach a bheith ag cur isteach ar chúramaí a chéile gach aon lá sa tseachtain.

Pílear – They don’t do nothin’ but to be mindin’ one another’s business, sir.

Giúistís – Oh, nonsense – I mean what trade have they?

Pílear – Cad í an cheird is mó atá acu?

Peig – Ceird – mo mhairg go brách!  Níl de cheird acu, a dhalta, ach a bheith ag caint.

Pílear – She says, sir, that they have no trade in the world but to be talkin’.

Giúistís – (go míshásta).  Augh!  I shall learn nothing here.

Pílear – I’m afraid you won’t, sir.

(Tig Séamas Ó Riain agus é ag caitheamh tobac.  Nuair a chíonn sé an Giúistís baineann an phíopa as a bhéal agus imíonn.)

Giúistís – The smoke from the man’s pipe has a greenish look.  He may be growing unlicensed tobacco at home.  I wish I had brought my telescope with me to this district.  Come to the post office.  I will telegraph for it.  I found it very useful in the Andaman Islands.

Pílear – I’m sure you did, sir.

(Imíd ón taobh chlé.)

Peig – Mhuise screadadh chuige mar Phílear!  Féach mo chuid úll go léir scaipthe thall is abhus aige.  (bíonn á socrú).  Nach dúthrachtach an mac é, bail ó Dhia air.  Theastaigh uaidh fear maith a dhéanamh de féin, mar dhea, os comhair an Ghiúistís.

(Tig Peaid Breathnach agus a bhean, Máire.)

Peaid – (ag cnáimhseáin).  Och muise!  Is bocht an tír í seo, agus is dealbh an tír í, d’éinne a bheith ina chónaí inti.  Ach is dócha dá dtéinn go Meiriceá gur fadó riamh a bhíos sínte faoin bhfód, mura mbeadh ag Dia.

Máire – Mhuise, níor dhóichí an domhan é.

Peaid – Agus is clos dom gur mór an costas do dhuine é a chur i Meiriceá.

Máire – Ná bíodh eagla ort, a Phádraig, a dhalta, ná go ndéanfadsa thú a chur go galánta an lá a chaillfear thú.

Peaid – Ní bheadh a fhios agat, mhuise, ná gur tú féin is túisce a chuirfí thall i reilig Chluana Mara, a Mháire Ní Shé agus gurb amhlaidh a gheobhainn féin bás i ngan fhios, go bhféachaí Dia orainn, agus gan Críostaí Mhic a’ Luain i mo ghaire ná i mo ghaobhair, agus ba é go mbeadh an cat féin imithe ar seachrán ar fud na dúthaí agus cead do sna lucha bheith ag rince os mo chionn in airde.

Máire – Dhérú, cuir uait an cnáimhseán, a dhuine chroí istigh!  Le cúnamh Dé, pé duine a mhairfidh i gcionn fiche bliain, cífidh sé tusa ag caitheamh trí léim táilliúra as do chorp le racht teaspaigh, chomh siúrálta is atá eireaball an chait.

Peaid – Ochón, mo chreach!  Agus is baol má bhímse im’ bheatha i gcionn fiche bliain ó inniu, gur anois agus gur mí-ábharach an sórt duine mé an uair sin, go bhféachaí Dia orainn.

Peig – (á dtabhairt faoi deara).  Bail ó Dhia oraibh go léir.  Conas tánn tusa, a Mháire?  Sea, a Pheaid, níl aon chúis ghearáin agat inniu, pé scéal é.  Cloisim gach éinne á rá go raibh aonach maith inniu ann.

Peaid – (go fuinniúil).  Ní raibh aonach maith inniu ann, a Pheig, agus ná creid iad.  Aonach gan bun gan barr ba ea é.  Mura raibh súil againn leis an mbreis féin, ní bhfuaireamar ach an caolchuid.  Sin é mar a bhíonn an scéal agamsa i gcónaí go bhféachaí Dia orainn,  pé rud a bhíonn le díol agam, ní bhíonn aon cheannach air, agus aon rud a bhíonn uaim ná faigheann ar ór ná ar airgead é.  Má tá aon mhí-ádh, ná aon donas, le teacht thar éinne sa tsaol seo, gabhaimse orm gur anuas sa mhullach orm féin a thiocfaidh sé, mar a thiocfadh scata préachán ar phrátaí síl.

Máire – Arú gan tú a ligean dúinn – tú féin agus do bhéal bocht agus do chuid cnáimhseáin.  Éist le Seán Rua, arú!  Siúd é ná fuil an saol ag cur tinnis air.

(Cloistear Seán Rua ag gabháil amhráin.)

Tá crann in sa ghairdín,

Ar a bhfásann duilliúr is bláth bhuí,

An uair a leagaim mo lámh air

Is láidir ná briseann mo chroí;

‘Sé mo sholas go bás

Is é d’fháil ó fhlaitheas anuas

Aon phóigín amháin

Is é d’fháil ó bhean an Fhir Rua.

Peig – Ba chóir gur mhaith an t-amhrán é sin anois dá mbeadh éisteacht mo chluas ar fónamh agam.

Máire – (os ard le Peig).  Sid é ‘Bean an Fhir Rua.’

Peig – (le Seán).  Mhuise, chugam aniar thú, a dhalta!  Sin é an t-amhrán go bhfuil an-dealramh leis.

(Tugann Peig a cúl leo agus bíonn ag socrú na n-úll.)

Máire – Cá bhfuil sí féin uait, a Sheáin?

Seán Rua – Ní tháinig sí ar an tsráid in aon chor inniu.  Tá níochán na seachtaine go léir amuigh ar an tor aici, agus ní foláir di aire a thabhairt dóibh as a bhfuil de bhacaigh agus de lucht siúil ag gabháil an bhóthair go dtí Aonach an Phoic.  Ní ar an aonach a thánag féin ach chomh beag, ach is amhlaidh atáim ag dul suas chun an Mhóineár Mór mar a bhfuil an fear le sábháil ar tearc agam.  Cuirfidh mé cuid de i gcruach inniu.

Peaid – Ní chuirfir, mhuise, aon chuid de i gcruach inniu, a Sheáin, mar beidh clagarnach bháistí anuas air sara fada – agus anuas orm féin chomh maith.  Is annamh riamh a d’fhágas an baile ná rug an bhaisteach orm agus gan áit agam a bhfaighinn fothain ná foscadh uaithi.

Seán – Dóigh mhuise, mura mbeadh an bháisteach féin ann, a Pheaid, ‘sé mo thuairim láidir go gcuirfeá criathar ar do cheann in ionad do hata, agus go scaoilfeá an t-uisce anuas tríd, d’fhonn is go mbeadh leithscéal éigin chun bheith ag canrán.

(Cloistear duine ag rá – “bó-a! ho, hó, a láirín! each amach.  Bhaoi-á!” srl.)

Seán – Ó dhe, féach láirín dubh Dhomhnaill Óig ag cur na cairte trí fhuinneog an Bhrianaigh.  Bíodh misneach agat, a bhuachaill, táthar chugat.

(Ritheann amach gan an píce.)

Máire – Sea ba mhithid dúinne bheith ag cur dínn abhaile.  Tá a raibh agam curtha sa chiseán.  Och, féach air sin!  Píce Sheáin d’fhág sé ina dhiaidh é; agus beidh sé ag teastáil uaidh.  A Sheáin Rua!  A Sheáin – Och, tá sé imithe tríd an aonach.  Seo leat, a Pheaid, ina dhiaidh leis an bpíce sin – teastóidh sé uaidh.

Peaid – Déanfad sin, mhuise.  Ní haon áit choir í seo chun píce a fhágaint ann. (Beireann go neamhchruinn ar an bpíce agus leagann an ciseán leis).  (Go cráite).  Och mhuise féach!  An bhfaca éinne riamh a leithéid?  Má tá aon chiseán ar an aonach le leagadh, gabhaimse orm gurb é an ciseán seo againne é.  Go bhféachaí Dia…

(Bíonn ag imeacht ón taobh dheas.)

Máire – Dherú, greadadh chugat as sin!  Do liobarnacht fhéin fé ndeara é.  Bí ag tagairt don mhí-ádh agus tiocfaidh an mí-ádh ag trial ort.  Mhuise, glóir do Dhia! – féach mo chuid séiní wares imithe soir siar uaim – agus mo dhá phunt bhreátha siúcra agus an páipéar stracaithe – Ochón!

Peig – (iompaíonn ón mbord).  Go sábhála Dia sinn, a Mháire, a dhalta, cad a d’imigh ar do chiseán?

Máire – É féin a leag é, dearg steaimpí chuige!  (Cromann ar na gréithe a bhailiú).  Mo chuid siúcra breá gan mhaith; agus ná hólfaidh sé a chuid tae dá íonais.  Is dócha go gcaithfead dul agus tuilleadh a fháil sa tsiopa.  Masmas go gcuiridh sé air!

(Tig Tadhg).

Tadhg – Bail ó Dhia ort, a Mháire.  Cá bhfuil Peaid?  D’oirfeadh dom é a fheiscint sara n-imeoidh sé abhaile.  Eagla bhí orm go mbeadh sé imithe cheana féin – mar nach fear óil ná ragairne é, tá’s agat.

Máire – B’fhearr liom ná n’fheadar cad a déarfainn go n-imeodh sé abhaile fadó, muis ; nó níorbh fhearr liom rud a dhéanfadh sé ná gan teacht ar an aonach olc maith ná dona – sin é agat é.  Cá bhfuil sé an ea?  Tá sé imithe suas a’ bóthar san i ndiaidh Sheáin Rua le píce.

(Imíonn sí amach ón taobh chlé.)

Tadhg – I ndiaidh Sheáin Rua le píce!  Go sábhála Dia sinn!  Och, an diach!  (le Peig os ard).  A Pheig arú!  An gcualaís an scéal?

Peig – Dhe mhuise, a dhalta, ní chuala ná cuid de scéal.  Cad é an scéal é?

Tadhg – Achrann éigin, is dócha, d’éirigh idir Sheán Rua agus Pheaid Breathnach, agus do theith Seán de réir dealraimh is tá Peaid imithe ina dhiaidh le píce.

Peig – Is an bhfuil anois!  Arú, dhalta, nach orthu ba ghearr an mhoill an méid sin a dhéanamh.  Níl deich nóiméid ann ó bhí an bheirt acu ina seasamh ansin – Peaid Breathnach ag dul abhaile agus Seán Rua ag dul chun an Mhóinear Mór.  Bhí mo chuid úll á socrú agamsa, do leag an bromaire Pílir ón mbeairic, agus nuair a d’fhéachas tharam, bhí Seán imithe agus bhí Peaid imithe agus bhí ciseán le bean Pheaid leagtha ar an talamh agus a raibh ann caite ar fud an bhóthair – an tae anseo – an dá phunt siúcra ansin agus na séiní wares go léir sa lathach.  Féach anois, a lao ghil, nach mór an chiotaí a dhéanann an bodhaire dhom agus nár chuala tosach na bruíne.  Inseod do Shéamas Ó Riain atá ansúd thall é.  Comharsa béaldorais do Pheaid is ea Séamas.

(Imíonn sí.  Tigh Dhomhnaill agus Bhríd, Bean Uí Dhálaigh.)

Tadhg – Cogar, a Dhomhnaill, cogar, a Bhríd!  A leithéid seo!  Seán Rua agus Peaid Breathnach gur éirigh eatarthu agus do leag Seán ciseán le bean Pheaid agus do bhris a raibh ann.  Thug Peaid faoi le píce agus as go brách le Seán agus as go brách le Peaid ina dhiaidh!  Féach an siúcra anseo ar an mbóthar fós!

Domhnall – Agus an ndeir tú liom é?  Bhuel muise, is greannmhar sin de agus Peaid ina dhuine chomh mín chomh macánta!

Bean Uí Dhálaigh – Ní chuirfinn thairis é.  Ní bheadh aon iontaoibh agam as a leithéid.  Is dócha go bhfuil beirthe aige ar Sheán faoin tráth seo.

(Tig Séamas Ó Riain agus Peig ina dhiaidh.)

Séamas Ó Riain – Is iontach an scéal é seo ag Peig!  Is dócha gurb é sin a thug an Pílear Mór agus an Giuistís anseo ó chianaibh.  Bhí ionadh orm cad a thug ann iad.

Domhnall – Na pílears ina ndiaidh an ea?  Ní foláir nó gur gortaíodh Seán mar sin.  Ní bhacfaidís siúd le bruíon mar mhagadh.

Bean Uí Dhálaigh – Cad ina thaobh ná gortófaí, a dhuine?  Nach mó duine a gortaíodh le harm ba lú díobháil ná píce.  Cad í an chaint sin ort mar sin?

Séamas – Leathfadsa an scéal anseo thall i dtigh óil an Cheallaigh.

(Imíonn)

Tadhg – Inseodsa é do dhuine muinteartha le Seán Rua atá ag cúinne an tseipéil thíos.

(Imíonn)

Bean Uí Dhálaigh – Inseodsa dosna comharsana anseo thiar é.

(Imíonn)

Domhnall – Leathfadsa thoir ar pháirc an aonaigh é.

(Imíonn, ach beireann Peig ar eireabaill casóige air agus tarraingíonn thar n-ais é.)

Peig – Cogar i leith chugam go fóill, a Dhomhnaill, a dhalta.  ‘ bhfacaís Cáilín Mhac Gabha – bean Sheáin Rua in aon áit inniu?

Domhnall – Chonac.  Bhí sí amuigh ag an tor troim, agus mé ag gabhail anuas, agus í ag leathadh braillín bán ar a bharra.

Peig – Cad é sin, a dhalta, cad a bhí á dhéanamh aici?

Domhnall – (os ard agus a lámh le cliathán a bhéil).  Bhí sí ag socrú braillín bán ina barra.

(Imíonn.)

Peig – Ag socrú braillín bán don mharbh!  Ochón, mo mhairg!  Is an bhfuil sé marbh? … Go ndeana Dia trócaire air, a dhalta.  Ologón ó!  Arú, a Sheáin, dé chúis nár insís san dom cheana?  Mhuise nach mór an t-iomard an bhodhaire seo ag gabháil dom.  Mhuise mo ghraidhin thú, a Sheáin Rua!  Mo chleithire d’fhear álainn.  Tú chomh córach groí ag dul i mbun do chúraim ar maidin agus tú sínte fuar marbh anois i lár an lae ghléigil gil seo.  Ologón ó!

(Tig Tadhg Ó Cathasaigh.)

Tadhg – Cad é féin, a Pheig?  Cad a tharla ó shin?

Peig – Seán Rua bocht.  Mo ghraidhin chroí é!

Tadhg – An amhlaidh a rug Peaid air?

Peig – Och, mo thrua é an duine bocht!

Tadhg – An amhlaidh atá sé marbh?

Peig – Ologón ó, sínte fuar marbh thuas sa Mhóineár Mór.

Tadhg – Go sábhála Dia sinn!  An mar sin é?

Peig – Gan sagart ná bráthair a bhreith ina bheatha air, a dhalta!

Tadhg – Cé bhí á rá leat?

Peig – Agus a bhean ag ullmhú an tí i gcomhair an tórraimh!  (Díríonn sí í féin ar an stól agus triomaíonn sí a súile).

Mhuise, a dhalta, is dócha go ndéanfar é a thórramh mar a dhéanfaí le héinne eile?

(Tig Bean Uí Dhálaigh agus Domhnall agus Séamas.)

Bean Uí Dhálaigh – Tá an scéal so á suathadh ar fud an aonaigh go léir agus ní hí an insint chéanna atá ag aon bheirt air.

Peig – (os ard, léi féin).  Ochón mo mhairg, é sínte fuar marbh!  Agus nach dócha ar domhan é ná gur mé féin an duine deireanach a bhí ag caint leis!

Séamas Ó Riain – Go saoraí Dia sinn!  Ní hamhlaidh atá sé marbh?

Tadhg – Marbh, go díreach, mhuise, is ea tá sé, agus a bhean ag soláthar lóin i gcomhair an tórraimh.

(Ní labhraíonn éinne go ceann tamaill.)

Séamas – Beannacht Dé le h-anam na marbh!

Iad Uile – Amen, a Thiarna!

Domhnall – Sea, ná caith caint air, a bhuachaillí, ach nach nimhneach an mac é sean-Pheaid agus nach diail an gomh a bhí aige chuige.

Bean Uí Dhálaigh – Bíodh geall go raibh cuid éigin aige air – an gcuirfeadh sé deireadh leis mura mbeadh go raibh.  (os ard le Peig)  Cad a thosnaigh í.  An uair dheireanach a chonacsa iad bhí Seán Rua ina sheasamh ansan agus Peaid Breathnach go ciúin cneasta ansúd thall agus é ag éisteacht le ‘Bean an Fhir Rua’.

Bean Uí Dhálaigh – (ag preabadh).  Ha-há-dí!  An gcualais an méid sin, a bhuachaillí.  Bhí Peaid Breathnach ansúd thall ar maidin agus é ag éisteacht le bean Sheáin Rua – le Cáitín Mhac Gabha, ag éisteacht léi!  Ba í siúd a thosnaigh an bhruíon.  Féach anois!  Nach maith a bhí a fhios agam féin gurbh í!

Domhnall – Is dócha gur lean sí óna tigh féin é, mar ní foláir nó bhí duine éigin ag séideadh fé.

Tadhg – Ní chuala riamh go raibh bean Sheáin Rua agus Peaid Breathnach go mór mar sin le chéile.

Bean Uí Dhálaigh – (agus faobhar uirthi).  Conas a chloisfeá é, a dhuine?  An amhlaidh a chuirfidís fear a’ chloig á fhógairt.  Cad í an chaint sin ort, a dhuine!  Mura raibh a fhios ag Bean Pheaid é agus mura raibh a fhios agamsa, atá i mbéal a’ dorais acu é, agus mura raibh a fhios ag Seán Rua féin é conas a bheadh a fhios agatsa é, a Thaidhg Uí Chathasaigh?

Domhnall – Tugadh Peaid aire di as so amach mar sin, agus deineadh sé soláthar di.  Is beag an trua a bheidh ag éinne sa pharóiste seo di.

Tadhg – Cad í an chaint sin ort, mar sin, a dhuine?  Conas a thabharfadh seisean aire dhi agus bean dá chuid féin cheana aige?  An amhlaidh a mheasfá dhó iompú ina shúpar agus í a phósadh sa Teampall Gallda?

Séamas – Fan bog leat féin ambaiste!  Nárbh fhuirist dó í a phósadh dá mbeadh sí i Meiriceá thall aige.

Domhnall – Creid uaimse é, pé acu atá Cáitín Mhac Gabha ina theannta nó ná fuil, is ar Mheiriceá atá sé ag tarrac ar láthair na huaire seo.  Ná facasa an Giúistís Nua agus an Pílear Mór ag déanamh síos ar Oifig an Phoist ó chianaibhín – bhí fuadar mór éigin fúthu.  Chomh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh, is amhlaidh a bhí scéalta á chur go Contae Chorcaí acu féachaint an mbéarfaí ann air.

Bean Uí Dhálaigh – Ní chreidfinn féin ón saol ná fuil bean Sheáin Rua imithe lena chois, agus nach tórramh ná tigh coirp atá ag cur tinnis uirthi… Mhuise, mo ghraidhin go deo thú, a Sheáin Rua, a dhuine bhoicht!  Do bhean féin a thréigean agus gur ar éigean atá an dé deiridh séidte fós agat.

(Tig Bean Pheaid.)

Máire, Bean Pheaid – Cad é seo ar siúl ag muintir na sráide seo go léir?  Cad é seo agaibh féin ar siúl?  Ag cúlchaint ar m’fhear pósta-sa atánn sibh an ea? – ag cur éithigh air á rá gur mharaigh sé Seán Rua.  Mo chreach dhóite go dtáinig sé riamh san áit mí-áidh seo!

Séamas – Bíodh foighne anois agat, a Mháire, mar a dhéanfadh bean chiallmhar.  Tá a fhios ag Dia ná fuil duine ar an aonach so inniu gan trua acu ina gcroí dhuit.

Máire – Trua acu dhomsa an ea?  Cad a bhéarfadh go mbeadh trua acu dhomsa?  Bíodh trua díbh féin agaibh bíodh san.  Mo náire agus m’aithis sibh an dá lá déag is an fhad a mhairfidh sibh beo, i dtaobh an dearg-éithigh atá á chur agaibh ar an bhfear bocht mín macánta san, chun baint dá chreidiúint agus é a chomáint in ainm na tubaiste – agus sin é atá á dhéanamh agaibh.

Dómhnall – Ó, ná bí mar sin anois, a Mháire, bíodh misneach agat.  Níl na pílears san chomh glic agus is dóigh leo.  N’fheadaraís an domhain ná go n-éalódh sé fós uathu fé mar dhein Loingseachán.

Bean Uí Dhálaigh – Is dóigh mhuise am’ briathar, má dheinid siad breith air, agus má chuireann siad téadán cnáibe féna mhuineál, n’fheadar a rá ná gur rómhaith atá san tuillte ag an ropaire.

Máire – An mar sin a déarfá é, a Bhríd Ní Néill, agus an mar sin atá agat?  Mhuise beo shamhlófar thú, a bhean, is breá an sclábhaí teangan a thug mo Thiarna dhuit.  Tú ag ligint ort ná fuil aon dul i gcomórtas leat féin; ach tú ag caitheamh achasáin agus drochmheasa ar dhaoine macánta.  Téadán cnáibe an ea?  Óra mhuise, nár chuirimid bréag ort!  Ba róbheag de théadán ná de chorda ba ghá ag ceangal a raibh an tsaol agat an lá thángaís ar thinteán Mháirtín Uí Dhála isteach, agus nár thugais fiú an bhraillín ná tointe in éadach ná aon luach leathphingine leat, agus mise féin, go rugas liom ceithre fichid punt d’airgead slán agus dhá leaba bhreátha clúimh.  Agus anois ba dhóigh le duine ort gur tú a thug an mhin bhuí go hÉirinn!  Nár lige Dia ach amháin dom sibh!  Téadán cnáibe an ea?  Dóigh mhuise, am briathar féin, tá an baile seo lán de lucht éithigh agus de scéiméirí a chrochfadh gach duine riamh a bhainis leo ar aon leathghloine fuiscí amháin.  (Iompaíonn sí uathu).  Daoine ná creidfeá solas an lae buí gréine uathu gan tú féin a dhul agus é a fheiscint.  Seán Rua a mharú!  Tá dealramh leis mar scéal!  Cá bhfuileann tú in aon chor uaim, a Pheaid, a thaisce go dtugad abhaile as so thú.  Mo dhuine beag ciúin cneasta!  M’fhear breá grámhar!  Mo dhuine bocht ná fuil de dhíobháil ann ach oiread leis an uan.  Níorbh aon díobháil in aon chor é dá mbaineadh sé fuil as cuid agaibhse tar éis gnóthaí an lae seo.  Ba rómhaith an ceart é!  (Glaonn).  A Pheaid Bhreathnaigh!  An bhfaca éinne Peaid Breathnach ansan?

(Imíonn ón taobh dheas – féachaid uile ina diaidh.)

Séamas Ó Riain – Mhuise go bhféacha Dia uirthi, an bhean bhocht!  Is deacair léi géilleadh gur fíor é.

(Tig Peaid ón taobh chlé – an píce aige.)

Peaid – Táim á rá riamh agus is fíor é – má tá an donas, nó an mí-ádh, le teacht ar éinne ar an saol so gabhaimse orm gur sa mhullach anuas orm féin a thiocfaidh.

(Féachaid uile air.)

Peaid – Ag imeacht síos suas tríd an aonach leis an bpíce seo agus ná faighinn éinne a thógfadh uaim é, ná aon áit a gcuirfinn é agus deabhadh abhaile orm.  An tusa san, a Dhomhnaill?  (Síneann an píce chuige.)  Maith an áit a rabhais!  Ní call duitse dul abhaile ón aonach go fóill, murab ionann agus mé féin.  Glac an píce seo agus coimeád é go dtaga Seán Rua.

Séamas Ó Riain – (baineann a hata dhe.)  Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Domhnall – (ag druidim i ndiaidh a chúil).  Ní bheidh aon bhaint agam leis an bpíce sin, a Phádraig Bhreathnaigh, go raibh míle maith agatsa.

Peaid – (téann fé dhéin clár na n-úll).  Féach anois air, a Pheig; anseo díreach is ea a fuaireas é.  Lig dhom é a shá isteach fén mbord.  Ní bheidh aon bhaol ansan air agus ní thabharfaidh éinne fé ndeara é go taga Seán Rua á thriail.

Peig – (ag preabadh).  Tóg an píce sin as san.  Greadadh chugat murab ort atá an mala.  Faigh sin as san led’ phíce.  An amhlaidh atá uait mo dhíobháil a dhéanamh – á chur ansan agus na pílears á fháil ann b’fhéidir.  Chugat uaim led’ phíce – (siúlann ar ais).  Hu! (céim) Hu! (céim) Hu!

Peaid – Is mí-mhuinteartha an iarracht uait í sin, a Pheig.  Ná fuaireas a dhóthain dá dhua ag imeacht ar fud an aonaigh leis, agus eagla orm é a chur in aon bhall.  B’fhearr liom ná rud maith ná cuirfinn aon chur isteach riamh air.

Séamas – Is mairg dhuit riamh a chuir, mhuis’.

Peaid – Mhuise, le h-anam do mharbh agus glac féin uaim é, a Shéamais.  Ní dhéanfadh a saol díot ach fear maith.

Séamas – Is mó rud a dhéanfainn duit, a Pheaid, ach, ambaiste féin, ní dhéanfadh é sin.

Domhnall – Níl éinne ar an aonach so inniu a thabharfaidh cabhair ná cúnamh duit de bharr obair an lae seo.

Peaid – Sea is dócha, mura dtóga éinne uaim é, go bhfuil sé chomh maith agam é a chur chun an bheairic. 

Tadhg – Bheadh fáilte acu ansúd ina chóir, pé scéal é!

(Gáiríd.)

Bean Uí Dhálaigh – Agus insa bheairic céanna isteach is ea a chuirfear Cáitín Mhac Gabha, bean Sheáin Rua.

Peig – (léi féin os ard agus í á luascadh féin anonn is anall).  N’fheadar an saol cé a dhíolfadh costas an tórraimh ar Sheán Rua bocht?

Peaid – An tórramh ar Sheán Rua!

Tadhg – Sea.  Cá mb’fháth ná déanfaí é a thórramh chomh maith le duine.  Ar mhór leat air an méid sin féin?

Peaid – Seán Rua!  Cé a dúirt leat go raibh sé marbh?

Domhnall – Tá a fhios ag an saol mór anois é.

Peaid – I gcuntas Dé!  Agus cad é, a deirid, cad a mharaigh é?

Domhnall – Mar dhea ná fuil a fhios agat féin é sin, a Pheaid?  Níl a fhios agat, is dócha, go gcuathas ina dhiaidh agus go ndeineadh é a shá le píce?

Peaid – É a shá le píce!

Domhnall – N’fheadaraís, is dócha, go bhfuarthas a chorp sa Mhóinéar Mór?

Peaid – Sa Mhóinéar Mór!

Tadhg – Ní dócha go bhfuil a fhios agat na pílears a bheith ar thóir an té a dhein é?

Peaid – Ar thóir an té a dhein é!

Bean Uí Dhálaigh – N’fheadar, b’fhéidir gur d’aon ghnó mar gheall ar a bhean, Caitín, a maraíodh é?

Peaid – Mar gheall ar a bhean a maraíodh é!  (Tig mearbhall air.  Suíonn).  Ó!  go réití Dia chugainn, och, och!

Bean Uí Dhálaigh – Anois cad a déarfá leat féin, a Pheaid Bhreathnaigh?

Peaid – Ó, go bhféacha Dia anuas orainn go léir inniu, a dhalta!  Mise a thabhairt an píce sin anseo liom agus a leithéid de scéal romham!  Is beag má fhéadfad corraí ar an áit seo go deo, ná dul chomh fada leis an mbóthar.

Tadhg – Aire dhíbh, a bhuachaillí!  Sid iad chugainn aníos an Giúistís agus an Pílear Mór.  B’fhearr dhúinn cur dínn as so.

Domhnall – Ceart agat ambaiste!  B’fhearr gan lámh ná ladhar a bheith againn sa scéal. 

Séamas – Dá olcas é, níor mhaith liom sceitheadh ar an diabhal bocht.

(Imíd uile ach Peig.  Fanann sise laistiar den bhoirdín.  Tig an Giúistís agus an Pílear Mór.)

Giúistís – I knew the district was in a bad state, but I didn’t expect to be confronted with a murder at the first fair I came to.

Pílear – I’m sure you didn’t, indeed.

Giúistís – It was well I hadn’t gone home.  I caught a few words here and there that roused my suspicions.

Pílear – So, they would, too.

Giúistís – You heard the same story from everyone you asked?

Pílear – The same shtory, sir – or if it wasn’t altogether the same, anyhow, ‘twas no less than the first shtory.

Giúistís – What is that man doing?  He is sitting alone with a hayfork.  He has a guilty look.  The murder was done with a hayfork!

Pílear – (i gcogar – a lámh le cliathán a bhéil).  That’s the very man they say done it, sir.  Paddy Walsh himself.

Giúistís – Ha! He must have found escape difficult, then.  He is trying to brazen it out.  A convict in the Andaman Islands tried the same game, but he could not escape my system!  Stand aside – don’t go far – have the hand-cuffs ready.  (Téann mar a mbíonn Peaid agus seasann go húdarásach os a chomhair).  Here, my man, do you know anything of John Mulcahy?

Peaid – (ag preabadh).  Cad é sin, a thaisce.  An chugamsa a bhís?

Pílear – Seán Rua, sir, ‘tis Seán Rua he kilt.  He doesn’t know John Mulcahy at all, sir.

Giúistís – How now!  Hasn’t a John Mulcahy been killed?

Pílear – Yes he’s kilt, sir – right enough, but ‘tis Seán Rua this man kilt.

Giúistís – Two murders, then.  Oh, by jove!  Oh, by jove!

Pílear – Ara!  that isn’t the way at all!  If you could talk Irish, ‘tis only wan murdher.

Giúistís – Augh!  What nonsense.  Here, you talk to him yourself.

Pílear – (le Peaid).  Cá bhfuil Seán Rua?

Peaid – (go dímheanmnach).  Sea go díreach, mhuise, cá bhfuil sé?

Pílear – ‘Bhfuil aon eolas ina thaobh agat?

Peaid – Bhuel, is é an áit a raibh sé ar maidin – ina sheasamh ansan ar an mbóthar agus é ag amhrán – ní hea ach ag deargadh an phíopa agus blúire tobac á ghearradh aige.

Giúistís – What does he say?

Pílear – He says that Seán Rua – John Mulcahy I mane – was there in the mornin’ an’ he singin’ an’ smokin’ tobaccy.

Giúistís – Agh!  I don’t care where he was this morning.  Where is he now?

Pílear – (le Peaid).  Cá bhfuil sé anois?

Peaid – Och, a dhalta!  Ní bhfaghainn im’ chroí san a rá.  Is deacair a rá le haon duine cé acu a thuill sé an suaimhneas síoraí nó –

Giúistís – Please tell me what he is saying.

Pílear – He’s sayin’, sir, that he isn’t sure whether ‘tis to heaven or to th’other place he’s gone!

Giúistís – Oh, nonsense!  Get to the point. 

Pílear – Ní dóigh leis an duine uasal so go bhfuil sé in aon áit den dá áit.

Peaid – B’fhéidir ná géilleann sé do theagasc na cléire, mar sin?  B’fhéidir go géilleann sé do sna sean-phiseoga.  Deir na seandaoine gur minic a chuirtear thar n-ais ar an saol so duine chun a phionós aithrí a dhéanamh, agus ná bíonn aon suaimhneas air ach ag gabháil timpeall agus is minic a chítear iad.

Giúistís – What does he say now?

Pílear – He says that the souls of the dead are sometimes sint back to the world again to go wandrin’ around frightenin’ the people.

Giúistís – Augh!

Peaid – (ag bualadh a bhoise ar a leathghlúin).  Thabharfainn an leabhar go bhfaca Seán Rua thíos ag cúinne na ceárta níl deich nóimeataí ó shin ann.  (Leis an bPílear).  Arbh é a phúca a bhí ann, an dóigh leat?

Giúistís – What does he say.  What does he say?

Pílear – (i gcogar).  He says he seen Shawn Rua’s ghosht!

Giúistís – Ha!  Conscience struck.  He will confess all now.

Peaid – Sprid Sheáin Rua a theacht as mo chomhair amach.  Níl amhras ná gur ar lorg an phíce a bhí sé.  An píce agamsa agus gan aon chaoi aigesean ar é féin a chosaint.  Ologón!

Pílear –(i gcogar). The ghosht was lookin’ for the pike, sir.

Giúistís – I must take notes of this (Le Peaid). I warn you that your words are being noted.

Peaid – Dá mb’áil le Dia dhom brostú orm i dtosach ní bheadh an scéal mar atá agam anois. Is dócha go gcuirfidh sé an píce im choinne Lá an tSléibhe. Níorbh aon ionadh liom in aon chor é. Och! och!

Pílear – The pike‘ll be agin ‘im at the day o’ Judgement.

Peaid – Nach luath a tháinig sé im’ dhiaidh.  Ní dócha go dtabharfaidh sé suaimhneas de lá ná d’oíche anois dom.  Mhuise, nach mé an trua Mhuire!!

Giúistís – Tell me truly.  What was the motive of this crime?

Peaid – É?

Pílear – Cad chuige é a mharú

Peaid – Ó, A dhalta! . . . Ní bheinn tar éis é sin a ra ar rud maith.

Pílear – An i ngeall ar airgead é?

Pílear – Airgead – dhera, cad a bhí riamh i bpócaí Sheáin Rua mura mbeadh a dhá dhorn sáite síos iontu?

Pílear – An mar gheall ar thalamh é?

Peaid – Talamh – Ach, nárbh ea!  Níor thóg Seán bocht – go ndearna Dia trócaire air – níor thóg sé a fheirm ar aon ní riamh.

Pílear – (leis an nGiúistís).  Seán Rua never grabbed his farm on anywan.  (Le Peaid).  B’fhearr dhuit a insint dúinn láithreach.

Peaid – Ó!  Ar mhíle punt, níor mhaith liom é a rá. 

Pílear – Ní haon mhaith a bheith á cheilt.  Gheobhfar amach ar ball é.

Peaid – Is dócha mhuise, a dhalta, go bhfaighfear – tráth is go bhfuil a fhios ag gach éinne cheana é.  Cogair i leith chugam, anois.  Ní neosadh aon bhréag – cén tairbhe é.  (Cuireann a lámh lena bhéal.  Cromann an Giúistís agus an Pílear síos chuige).  Ná bí ag cur an mhilleáin ar an bparóiste – ní tharla a leithéid de scéal sa pharóiste riamh roime seo – do deineadh é d’aon ghnó le grá do Cháitín Mhac Gabha – bean Sheáin.

Giúistís – (Féachann ar an bpílear).  Well?

Pílear – (i gcogar).  ‘Twas done for the sake of Kitty, Shawn’s wife!

Giúistís – Put on the handcuffs.  We have been saved some trouble.  I knew he would confess all if taken in the right way.

Peaid – Glais agus géibhinn anois orm!  Glóir do Dhia!  Mhuise!  Dúrt riamh é agus deirim arís – Má tá aon mhí-ádh ná aon donas le teacht ar éinne sa tsaol so, gabhaimse orm gur anuas sa mhullach orm féin a thiocfaidh sé.  Ceangail anois orm.  Mhuise!  Ní haon ionadh in aon chor é.

(Tig Bean Pheaid.  Tig an chuid eile ina diaidh.  Bíonn a haghaidh orthu agus í ag caint leo.)

Bean Pheaid – ag stealladh éithigh atá gach éinne ar an mbaile seo inniu – ag stealladh éithigh chomh tiubh le tiul – ag cúlchaint ar m’fhear bochtsa – á rá gur mharaigh sé Seán Rua.  Nár chúití Dia a shaothar leo!  Thabharfainn an leabhar go bhfaca Seán féin thíos ag an mbearnain tamaillín ó shin.  Ag cur éithigh ar Pheaid!  Mo chleithire d’fhear mín macánta ar feadh na gcúig paróistí.  Is beag an cur isteach a dhein sé riamh ar éinne.  (Iompaíonn sé agus chíonn é.  Tagann stad inti).  I gcuntas Dé!  Cad é seo in aon chor?  Peaid gabhtha agus na pílears!  Dherú, Peaid, a ghrá liom thú!  Cad a thug an cor so ort?

Peaid – (go dímheanmnach).  Go bhféacha Dia orainn, a Mháire!  Tá an donas go léir i dteannta a chéile anois orm.  Nach minic á rá mé – má bhí an mí-ádh le teacht ar éinne gur orm féin anuas a thiocfadh.

Bean Pheaid – Ochón, arú!  Cad a dhein sé in aon chor?

Pílear – Tá sé gafa, a bhean, i ngeall ar Sheán Rua a mharú

Bean Pheaid – Cé a dúirt gurbh é a mharaigh.  Ná creid iad.  Ní fhéadfá focal a chreidiúint ó éinne acu anseo.  Scaoil chugam amach m’fhear pósta.

Pílear – Níl aon chúis agat ar na comharsana.  É féin a sceith air féin.

Bean Pheaid – Go dtuga Dia cabhair dúinn go léir!  Agus cad b’áil leis á mharú.

Pílear – Ní haon tairbhe an scéal a cheilt ort, is dócha.  Grá i ngan fhios a bhí aige féin agus ag bean Sheáin dá chéile.

Bean Pheaid – Grá do bhean Sheáin!  Do Cháitín Mac Gabha!  Ó, fuil agus gráin air, an cladhaire!

(Ionadh ar Pheaid.)

Iad uile – Mo náire agus m’aithis é, an alfraits bithiúnaigh!

Peaid – Ar m’anam is ar mo shláinte!!! Ó! ó! Dar Dia!! Och a dhe!!

Bean Uí Dhálaigh – Dia le m’anam, a Mháire, cad é sin á rá agat!  Cogar, leith chugam – cogar —

Bean Pheaid – Ná habair níos mó liom, a chladhaire!  Ní éistfidh mé leat.  (Cuireann a mhéara ina chluasa).  Ó! nach é an alfraits rógaire é.  Ochón go deo! 

Peaid – Is dóigh éist, a deirim leat!  Fan go n-inseod duit!  A Dhia mhór na bhFeart!

Bean Pheaid – I do shuí taobh liom i gcairtín an asail agus sinn ag teacht ar an tsráid – ciúin ciontach, a ropaire!

Peaid – Arú, a bhean, cad iad na speabhraídí seo ort in aon chor.  Ná héisteann tú liom?

Bean Pheaid – Agus nach mé a cheannaigh thú ag obair is ag gnó is ag fuineadh is ag fáscadh dhuit, agus tusa ag canrán is ag cnáimhseán is ag casachtaigh is ag cníopaireacht agus an sagart féin traochta amach agat ó bheith ag cur an ola déanach ort.

Peaid – A Rí na nGrást, a bhean, fan socair agus éist liom nóiméad.

Bean Pheaid – Go bhfuil náire saolta tugtha don pharóiste agat – rud nár thit a leithéid amach riamh cheana ann.

Peaid – Ar son Dia, lig ded’ chabaireacht agus éist!

Bean Pheaid – Agus cárbh ionadh liom é má b’aon bhean bhreá féin í, ach lán mo dhoirn de ruisín suarach mar Cháitín Mac Gabha, ná fuil airde sin inti (lena lámh) agus gan trí cinn d’fhiacla ina drandal mura bhfuair sí rudaí nua.  Ó!  Go maithe Dia dhuit é, a Pheaid Bhreathnaigh – an feall id’ chroí agus an chlaidhreacht i d’aigne agus anam Sheáin Rua bhoicht ort go deo deo!

(Cloistear Seán Rua agus é ag gabháil amhráin.  Éistíd uile agus eagla agus ionadh orthu.)

Seán Rua

Beidh an fharraige gan bhraon

‘S an saol fé mhairg go duairc

‘S caoinfidh go géar

Ina dhiaidh sin bean an Fhir Rua.

Peaid – Sin é guth Sheáin!  Ar lorg an phíce atá sé ag teacht im’ dhiaidh!  Ar son Dia, caitheadh duine éigin chuige é agus bead réidh leis go brách na breithe.

(Tig Seán Rua.)

Peig – Go sábhálaí Dia sinn!  Seán Rua féin!  An fear a bhí á thórramh!

Séamas Ó Riain – An amhlaidh a d’éiríos ón mbás?

Giúistís – What is this?  There seems to be something wrong somewhere.

Pílear – There does, so.

Domhnall – An i do bheatha ataoi nó an ón saol eile a thángaís?

Tadhg – An tú féin atá ann in aon chor, a dhuine?

Bean Uí Dhálaigh – An amhlaidh a bhís ag ligint ort go rabhais marbh?

Bean Pheaid – Marbh nó beo, a Sheáin Rua, ná lig do do bhean, Cáitín, m’fhear pósta-sa a bhreith léi go Meiriceá.

Seán Rua – Ar m’anam agus ar mo shláinte gur dóigh liom go bhfuil speabhraídí ag gabháil do gach aon duine riamh agaibh!  Cad b’áil lem’ bhean-sa ag breith Peaid s’agatsa léi go Meiriceá?

Bean Pheaid – Tú féin a thréigean agus gan puinn de do mhairg uirthi agus m’fhearsa a ardú chun bóthair uaim féin – sin é a bhí socair ag an mbeirt acu.

Seán Rua – Do bhrúfainn a chúl ag éinne a déarfadh a leithéid.  Cé hé a dúirt é? (le Tadhg).  An tusa a dúirt é?  (le Domhnall).  An ndúrais-se é?

Iad go léir – (ag dul i ndiaidh a gcúil le heagla).  Ní mise a dúirt é.  Ní mise a dúirt é.

Seán Rua – Taispeáin dom cé a dúirt é.

Iad go léir – (ag bagairt ar Pheaid).  Siúd é a dúirt é!  Siúd é a dúirt é!

Seán – Scaoil chuige mé go mbrúfadh a chúl.  (Tugann Peaid iarracht ar rith.  Beirid na comharsana ar Sheán.)  Bog díom.  Cuirfeadsa a mhalairt de chúram air sin ná bheith ag mealladh mo mhná-sa leis go Meiriceá.  Mise a thréigean agus imeacht le Peaid Breathnach.  Mhuise, nár lige an saol di é mar an breá an cleithire fir a bheadh aici ag dul thar farraige!  Cos leis ní ligfidís i dtír thall.  Tá dealramh go ligfidís leis, mhuise!  Agus é mar atá sé, gan mhaoin gan stór – gan na fiacla féin aige!  (Tugann iarracht eile ar dhul a bhualadh Pheaid).  É gan phrae ann, ná brí, ach an feall ina chroí istigh agus an t-éitheach á stealladh thar a bhéal, agus bean duine eile lena chois, mar dhea gur leis féin í!

Giúistís – Policeman, put the handcuffs on that man.  I see it all now.  A case of false impersonation.  A conspiracy to defeat the ends of justice.  There was a case in the Andaman Islands – a murderer of the Mopsa tribe – a religious enthusiast –

Pílear – So he might be, too.

Giúistís – We must take both these men to the scene of the murder.  We must confront them with the dead body of the real John Mulcahy.

Seán Rua – Bhrisfinn a phus ag éinne a gheobhadh mo dhead body!

Giúistís – Call more help from the Barracks.

(Séideann an Pílear feadán.)

Peaid – (Go crith-eaglach).  Is é an eagla atá ormsa má chuirtear Seán Rua agus mé féin i dteannta a chéile sa phríosún agus má bhaintear an ceangal dá lámha gurb in é an uair a bheidh an murdal dairíre ceart ann.

(Féachaid go léir ar a chéile agus gáiríd.)

Bean Uí Dhálaigh – Ha ha há!  Seán Rua a shá le píce agus é a shíneadh fuar marbh sa Mhóinéar Mór agus a sprid a chur le fuacht is le fán agus a bhean phósta a mhealladh leis sall go Meiriceá.  Bhuel nach éachtach an mac é Peaid Breathnach agus a mhaoímh gur dhein sé an méid sin go léir!

(Gáiríd na comharsana.)

Giúistís – Come on.

(Imíonn sé féin agus an Pílear Mór agus Seán Rua agus Peaid acu.  Leanaid an chuid eile iad ag gáirí.)

A Chríoch.

Leave a Reply

Your email address will not be published.