Athchló

“An Fiabhras Breac” ón Rúisis

Aistritheoir: Roibárd Ó Brolcháin
Bunteanga: Rúisis
Bunteideal: Тиф (Typhus)
Údar: Anton Pavlovich Chekhov (Антон Павлович Чехов)
Céadfhoilsiú: Misneach, 24 Aibreán 1920

I.

Oifigeach óg airm darbh ainm Climobh a bhí ag triall ar Mhoscó ó Phetrograd i gcarráiste i gcomhair tobac de thraein mhálaí an phoist. Bhí fear cnagaosta glanbhearrtha os a chomhair amach a raibh dealramh fir shaibhir ó Thír na Finne air. Ag síorchaitheamh a phíopa a bhí an fear san, agus ag síorchaint, agus an port céanna ar siúl aige riamh.

“Oifigeach is ea thú! Sea! Tá deartháir dom ina oifigeach leis, ach oifigeach loingis is ea é… Oifigeach loingis is ea é. Tá sé i gCronstad fé láthair… Cad fé ndeara dhuit dul go Moscó?”

“Is ansan atá mo phost.”

“Sea! ‘Bhfuil aon chúram ort?”

“Tá deirfiúr agus aintín dom in aontíos liom.”

“Oifigeach is ea mo dheartháirse, leis, ach oifigeach loingis atá ann; tá bean agus triúr clainne aige. Sea!”

Ba dhóigh le duine ar an bhFinneach gur chuir an scéal ionadh air. Lean sé dá chaint agus é ag síorchaitheamh tobac agus a dhá shúil ar dianleathadh agus “Sea” ar siúl aige gach re nóiméad. Do ghoill a cheistiúchán go mór ar Chlimobh; bhí sé gan a bheith ar fónamh; agus tháinig fuath is déistin air chun an fhir os a chomhair amach a bhí á chrá is a chéasadh le caint gan chéill is le ceisteanna drochmhúinte. Rith sé chuige gurbh álainn an cuimhneamh an píopa bréan a shnapadh óna láimh agus an Finneach féin a chaitheamh amach an doras.

“Is gráin liom na Finnigh úd – agus na Gréagaigh leis,” ar seisean ina aigne féin. “Daoine gan mhaith, gan tairbhe, gan tréithe, gan tuiscint. Ní fheadar cad ina thaobh gur chruthaigh Dia na Glóire (moladh go deo leis) a leithéidí.”

Tháinig fonn urlacain air le neart déistin chun na bhFinneach is na nGréagach. Dhírigh sé a smaointe ar na Francaigh is ar na hIodálaigh, d’fhonn iad a chur i gcomparáid leo, ach níor rith de shamhlaoidí chun a aigne dá bharr ach pictiúir de lucht seinme na n-orgán láimhe agus mná mínáireacha péacacha.

Do bhraith an t-oifigeach óg go raibh rud éigin bunoscionn leis. Níorbh fhéidir leis a ghéaga a shocrú i gceart ar an suíochán, ar shon go raibh iomlán an tsuíocháin fé féin ar leithligh. Bhí a bhéal an-tirim; bhí mar a bheadh ceo ag brú anuas ar a inchinn; bhí a smaointe ar seachmall. Do samhlaíodh dó nár fhan a smaointe taobh istigh dá bhlaosc; go rabhadar ar strae i measc na suíochán is na ndaoine eile. D’airigh sé tréna mheascán mearaí, fé mar a thaibhreofaí dhó iad, glórtha na ndaoine, fuaim na roth, dúnadh doirse na gcarráistí. Do shleamhnaigh an aimsir thairis i ngan fhios dó; dar leis go sroichfeadh an traein stáisiún éigin gach nóiméad agus go stadfadh sí. Chloisfeadh sé na glórtha céanna gan sos gan suaimhneas.

“Bhfuil málaí an phoist ullamh agaibh?”

“Tá.”

Cheap sé go dtáinig an garda isteach go rómhinic féachaint an raibh an gléas téimh i gceart. Do samhlaíodh dó go mbíodh traenacha eile ag gabháil thar bráid gach re nóiméad. Do ghoill cliotar na traenach, an fheadaíl, an Finneach, an tobac agus na samhlaoidí a bhí ag rith tréna aigne air mar a ghoillfeadh tromluí ar dhuine.

Do thóg sé a cheann go cráite céasta agus d’fhéach ar an lampa. Bhí solas an lampa go mogallach dar leis. Do chuimhnigh sé ar dheoch uisce a iarraidh, ach is ar éigean a d’fhéad sé an chaint a thabhairt leis, agus bhí sé ar Éirinn aige freagra a thabhairt ar cheisteanna an Fhinnigh. Do mheas sé síneadh siar agus codladh a dhéanamh ach níorbh aon mhaitheas dó é. Do thiteadh néal codlata ar an bhFinneach anois is arís; do dhúisíodh sé, do dheargadh a phíopa, chromadh sé ar an “Sea! sea!” arís go dtí go dtagadh múisiún codlata eile air. Le linn na haimsire sin, níorbh fhéidir leis an oifigeach a dhá chois a shocrú i dtreo compordach, agus ní bhfuair sé sos ná suaimhneas ó na samhlaoidí a bhí ag déanamh buartha dó.

II.

Chuaigh sé amach ar stáisiún áirithe ag iarraidh deoch uisce. Chonaic sé na daoine agus na bardaí beaga ag ithe bidh fé dhithneas mór.

“Cá bhfaighid siad iontu féin aon ní a ithe?” ar seisean ina aigne féin. Dhein sé a dhícheall chun gan bolaithe na feola a ligint féna shrón; do chuir crot na ndaoine agus iad ag cogaint an bhidh déistin uafásach air.

Bhí bean bhreá dhathúil ag caint go meidhreach le hoifigeach mór, agus do nocht sí a drandal le linn gáire di. Bhí na fiacla thar barr aici; ach chuir an gáire, na fiacla agus gach ar bhain leis an bhean an déistin chéanna ar Chlimobh is a chuir an mhuiceoil agus na híospáin. Níor thuig sé conas ab fhéidir leis an oifigeach mór suí láimh léi agus féachaint ar a gnúis chomh ciúin sásta san.

Tar éis dó deoch uisce a ól, thug sé aghaidh ar an gcarráiste arís. Bhí an Finneach ag gabháil dá phíopa ar a dhícheall.

“Sea!” ar seisean agus ionadh air. “Cad é an stáisiún é seo?”

“Ní fheadar,” arsa Climobh; agus do shín siar agus do dhún a bheola i dtreo is ná faigheadh sé boladh an tobac.

“Agus cathain a shroichfimid Tbher?”

“Ní fheadar. Gabh mo leithscéal. Ní… ní féidir liom thú a fhreagairt. Táim gan a bheith ar fónamh. Fuacht a thógas.”

Do bhuail an Finneach a phíopa i gcoinne ursa na fuinneoige agus do luigh ar chaint ar a dheartháir, an t-oifigeach loingis. Níor chuala Climobh é. Ag machnamh go duairc dólásach ar a leaba chluthair chompordach a bhí sé, ar bhuidéal d’uisce fuar, ar a dheirfiúirín Cáitia a bhí thar barr chun freastal agus aire cheart a thabhairt dó. Ba bheag ná go dtáinig fáthadh gáire air nuair a chuimhnigh sé ar a ghiolla Paibhel ag baint na mbuataisí dhe agus ag soláthar uisce dhó. Do rith sé chuige, dá n-éiríodh leis dul a chodladh ina leaba féin agus deoch fíoruisce a ól go gcuirfeadh sé an tromluí is an meascán mearaí dhe, agus go dtitfeadh a shámhchodladh air.

“Bhfuil mála an phoist ullamh,” arsa an guth i bhfad uaidh.

“Tá,” arsa an glór doimhin in aice na fuinneoige.

Bhí an aimsir ag éalú thairis ar cosa in airde. Shíl sé ná beadh deireadh go deo le torann na gclog, na feadaíola agus na traenach agus í ag stopadh. Do shín sé ar a bhéal fé agus do bhuail a dhá láimh ar a chloigeann. Chrom sé ar mhachnamh arís ar a dheirfiúr Cáitia agus ar a ghiolla Paibhel; ach bhí a smaointe tré chéile ar fad aige. Do mhothaigh sé a chuid anála mar a bheadh tine á dhó. Bhí an ghaoth a tháinig isteach tríd an bhfuinneog ar imirt ar a dhroim. Ach dá olcas an crot a bhí air, níorbh áil leis cos a chur de. Tháinig saghas mairbhití is tromluí air, i dtreo is gur fhan sé ina phleist gan chorraí.

Nuair a fuair sé de neart ann féin a cheann a thógaint ón suíochán bhí solas an lae ag teacht isteach sa charráiste. Bhí an lucht taistil ag éirigh agus ag cur a gcóta mór umpu. Bhí an traein ar tí stad.

Do chuir Climobh a chóta mór uime agus do lean na taistealaithe eile amach as an gcarráiste. Do samhlaíodh dó nárbh é féin a bhí ag gluaiseacht ach duine éigin eile agus go dtáinig an tart, an fiabhras agus na samhlaoidí a bhain codladh na hoíche dhe amach ar an gcarráiste lena chois. Rug sé ar a mhálaí, beagnach i ngan fhios dó féin, agus do ghlaoigh ar thiománaí. D’éiligh an fear breis is an t-airgead ba dhleacht dó, ach níor chuir Climobh suas dó. Bhí sé ábalta ar chomhaireamh fós, ach ba mar a chéile leis a bheag nó a mhór d’airgead.

III.

Bhí a aintín roimis sa bhaile, agus a dheirfiúr Cáitia, cailín a bhí ocht mbliana déag d’aois. Bhí pionsail agus leabhrán lámhscríbhinne ar a láimh aici nuair a tháinig sí chuige agus rith sé chun a chuimhne go raibh sí á hullmhú féin i gcomhair scrúdaithe múinteoireachta.

Do shiúil sé roimis tré sheomraí an tí, gan freagra a thabhairt ar a mbeannú ná ar a gceisteanna. Chomh luath is a ráinig sé chun a leapa féin, do shín sé siar uirthi. Bhí an Finneach, an t-oifigeach mór, bean na bhfiacal, bolaithe na feola ag síordhéanamh buartha dá aigne. Ní raibh a fhios aige cá raibh sé féin am so, ná níor chuala sé glórtha a aintín is a dheirféar.

Nuair a tháinig sé chuige féin is amhlaidh a bhí sé ina luí ar a leaba, a chuid éadaigh bainte dhe, buidéal uisce láimh leis agus Paibhel ag freastal air, ach níor mhothaigh sé aon chompord, aon fhionnuaire ná aon mhaolú ar a thinneas dá bharr. Níorbh fhéidir leis a ghéaga a shocrú i gceart, bhí a theanga chomh tirim céanna agus cheap sé gur chuala sé an Finneach arís… Bhí dochtúir dubh téagartha cois na leapa agus rud éigin ar siúl aige.

“Sin é é, sin é é, a bhuachaill!” ar seisean. “Is maith é sin. Is maith é sin. Go breá-á-á! Go breá-á-á.”

Lean sé dá chaint ar an gcuma san, ag baint síneadh as na focla agus ag tabhairt “a bhuachaill” ar Chlimobh.

“Sea! sea! sea!” ar seisean. “Go breá! go breá!.. Sin é é, a bhuachaill. Bíodh misneach ort, a bhuachaill!”

Do ghoill a chaint, a ghnúis agus an abairt tharcaisneach úd “a bhuachaill” ar Chlimobh.

“Cé thug cead duit ‘a bhuachaill’ a thabhairt orm,” ar seisean. “A leithéid de dhánacht! An diabhal!”

Chuir fuaim a ghutha scanrú air féin, bhí sé chomh lag, chomh tanaí, chomh gairgeach san.

“Go maith, go maith!” arsa an dochtúir agus gan aon dealramh corrabhuaise in aon chor. “Ná bíodh aon fhearg ort. Sin é é-é. Sin é é-é!”

D’éalaigh an aimsir thairis ar cos in airde, dála na tréimhse a chaith sé i gcarráiste na traenach… Bhíodh doircheacht na hoíche ag leanúint go dlúth de shála solais lár an lae. Do samhlaíodh dó nár thréig an dochtúir taobh a leapa riamh, agus nár shos dó ach “Go breáá! go breáá!” ar siúl aige. Bhíodh na sluaite daoine ag baint na sál dá chéile ag gluaiseacht tríd an seomra ar a aghaidh amach. Orthu siúd a bhí: Paibhel, an Finneach, an t-oifigeach mór, bean na bhfiacal, an Captaen Iaroisebhits, an Ceann Scaoithe Macsimenco, agus an dochtúir. Bhídís go léir ag caint is ag suaitheadh a ngéag, ag ól tobac agus ag ithe.

Lá áirithe do chonaic Climobh séiplíneach na siosmaide, an tAthair Alastair ina sheasamh cois na leapa, éide an Aifrinn air agus leabhar paidreacha ina láimh. Bhí sé ag rá rud éigin agus gnúis ghruama air ná faca Climobh riamh roimis sin air. Do mheas an t-oifigeach gáir a bhaint as agus dúirt sé rud áiféiseach éigin. Ach dá mhéid dúil i ngreann is spórt a bhíodh ag an Athair Alastar, níor gháir sé an babhta so; ach tháinig a dhá oiread de ghruaim ar a ghnúis, agus bhain sé fíor na croise dhe Chlimobh.

Le linn na doircheachta bhíodh beirt ag sleamhnú isteach sa seomra agus amach as arís – a aintín agus a dheirfiúr. Bhíodh Cáitia ar a dhá glún ag paidreoireacht ar feadh i bhfad.

IV.

Nuair a tháinig Climobh chuige féin ní raibh duine ná daonnaí sa seomra. Bhí grian na maidine ag taitneamh tríd an bhfuinneog agus ag spréacharnaigh ar an mbuidéal gloine a bhí le taobh na leapa. D’fhéach an t-oifigeach óg ar an nga gréine, ar an ngnáth-throscán, ar an doras, agus ba é an chéad ní a dhein sé ná gáire. Do chroith a chliabh is a ghoile, le neart gháire an aoibhnis.  Bhí a cholainn, ó bhaithis go bonn, lán de ghliondar is d’aoibhneas iontach, an t-aoibhneas céanna a mhothaigh an chéad fhear dár cruthaíodh riamh nuair a chonaic sé an domhan ar dtúis. Tháinig dúil gan chuimse aige i ndaoine, i gcaint, i ngluaiseacht. Bhí a chabhail ina phleist; níor chorraigh de ach a dhá láimh, ach níor thug sé san fé ndeara. Do luigh a aigne ar rudaí beaga suaracha. Bhain sé aoibhneas as tarrac na hanála, as a chuid gáire, as an mbuidéal uisce, as páipéar na bhfallaí, as taitneamh na gréine. Ba léir dó gur rud iontach álainn mórstaidéarach an saol so a cheap Dia, fiú amháin laistigh dá sheoimrín beag. Nuair a tháinig an dochtúir, do b’ionadh leis a bhlastacht a bhí an deoch leighis, a shuairce a bhí an dochtúir is a dheise a bhí gach duine agus gach rud ar an saol so.

“Sin é é! Sin é é!.. Is maith é sin! Is maith é sin!.. Táimid ag dul i bhfeabhas… Go breá-á! Go breá-á,” arsa an dochtúir.

D’éist an t-oifigeach óg leis le barr aoibhnis agus chrom sé ar gháire. Chuimhnigh sé ar an bhFinneach, ar an traein, ar bhean na bhFiacal, agus tháinig fonn air tobac a ól agus bia a ithe.

“A dhochtúir,” ar seisean, “abair leo crústa aráin agus salainn a thabhairt dom – agus blúirín éisc.”

Do dhiúltaigh an dochtúir dó; níor dhein Paibhel rud air. Do ghoill sin air agus chrom sé ar ghol.

“An leanbhín bocht!” arsa an dochtúir agus é ag gáire. “Seothó, a thoil ná goil go fóill. Ag sileadh na súl is do chom gan lón.”

Do chrom Climobh ar gháire arís, agus nuair a d’imigh an dochtúir do thit a shámhchodladh air. Nuair a dhúisigh sé do mhothaigh sé an gliondar is an t-aoibhneas céanna arís. Bhí a aintín ina suí cois na leapa.

“Sea, a aintín,” ar seisean go meidhreach. “Cad a bhí orm?”

“An fiabhras breac.”

“Muire an ea! Ach táim go láidir anois, táim i mo tháinrith. Cá bhfuil Cáitia?”

“Tá sí as baile. Is dóigh liom go ndeachaigh sí amach i gcomhair an scrúdaithe.”

Bhí an tseanbhean ag féachaint ar an stoca agus an méid sin á rá aici; bhí creathán ina glór. D’iompaigh sí uaidh agus do dhírigh ar ghol de phreab.

Do dhearmad sí ordú an dochtúra agus dúirt le neart éadóchais:

“Mo Cháitia! Mo Cháitia! Tá mo stóirín beag imithe, tá sí imithe uainn go deo!”

Do thit an stoca uaithi. Chrom sí d’fhonn é a phiocadh suas agus do thit a caidhp óna ceann. D’fhéach Climobh ar an ngruaig liath agus níor thuig sé í. Tháinig eagla air i dtaobh Cáitia.

“Cá bhfuil sí, a aintín?”

“Do thóg sí an fiabhras breac uaitse agus tá sí tar éis bháis. Do chuireadh í arú inné.

Do thug Climóbh brí an scéil uafásach sin leis le lánchruinneas, ach dá mhéid de mhéala is de thruamhéil dó é, níor bhuaigh sé ar an aoibhneas corpartha a mhothaigh sé de bharr aiseag a shláinte. Do ghoil sé agus do gháir sé; agus ba ghearr go raibh sé ag gearán i dtaobh gan a dhóthain a fháil le hithe.

Ach seachtain ina dhiaidh sin, nuair a thug sé a chéad chuairt ar fhuinneog an tseomra agus nuair a d’fhéach sé amach ar an spéir agus nuair a chuala sé clagar sa tsráid, do tháinig na sruthanna deor anuas lena shúile agus do bhuail sé a cheann le hursain na fuinneoige.

“A chreach láidir é!” ar seisean ina aigne féin. “A Dhia, nach mé an díol trua.”

Agus d’imigh an t-áthas agus an t-aoibhneas as. Níor mhothaigh sé ina dhiaidh sin ach tuirse an ghnáthshaoil agus a ghéire de chreach a ráinig dó.


Is féidir aistriúchán go Béarla an scéil a léamh anseo

Leave a Reply

Your email address will not be published.