Nuacht

IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2020

Ní fada uainn anois tús Fhéile Imram na bliana seo.

Beidh go leor ó thaobh an aistriúcháin litríochta de ar siúl sa bhféile i mbliana, go háirithe Leabhar na nAthruithe le Ovid a aistríodh go Gaeilge.

Seo a leanas preasráiteas na Féile:


IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2020FÉILE AR LÍNE DE SCANNÁIN LITEARTHA ATÁ LÁN DE DHRAÍOCHT
CLÁR NA FÉILE AG AN NASC SEO:
 https://indd.adobe.com/embed/e51d8728-3875-45b2-b72b-992e4ea41d9a?startpage=1&allowFullscreen=true%3Ftransition&fbclid=IwAR1P2b-ZVE5whn_0JHV5tABFO0i65N7D6mN2VaQNWW53aqvT3Lm2nWkPNb0
  

‘Chanfadh m’anam de shíor de chlaochluithe’  –  a deir Óivid in Leabhar na nAthruithe an saothar mór atá claochlaithe i nGaeilge ag Caitríona Ní Chléirchín. Tá cúig cinn d’eachtraí Óivid ina ngearrscannáin anois, á gcraobhscaoileadh ag Poetry Ireland/ Éigse Éireann agus IMRAM. Bheartaigh IMRAM go mb’fhiú go mór infheistiú i scannáin den chéad ghrád. ‘Bhí ar intinn againn i dtosach an seó Óivid a stáitsiú i dtithe gloine Ghairdín na Lus, ach is seó scáthphuipéad anois é le healaín agus ceol, a taifeadadh agus a scannánaíodh beo in Amharclann Smock Alley.‘Bliain ab ea í nuair b’éigean dúinn freagairt do na dúshláin sin go léir a ghabhann leis an bpaindéim,’ arsa Stiúrthóir na féile Liam Carson, ‘go háirithe ó thaobh míreanna den fhéile a chur i láthair an phobail. ‘I gcás go leor cainteoirí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, is maith leo triall ar thobar na teanga, uair in aghaidh na bliana ar a laghad, turas nach féidir a dhéanamh i lár dianghlasála. Mar sin, thugamar an Ghaeltacht chucusan,’ arsa Carson. Déanann na scannáin Dánta Duibhneacha ceiliúradh ar fhilíocht agus ceol Chorca Dhuibhne agus scannánaíodh míreanna díobh sa séipéal aoibhinn cloch, An Díseart, a bhfuil fuinneoga Harry Clarke á mhaisiú. Cuireann Cathal Póirtéir oirfidigh cháiliúla na leithinse i láthair, Éilís Ní Chinnéide, Breanndán Ó Beaglaoich agus Muireann Nic Amhlaoibh. I measc na bhfilí beidh Bríd Ní Mhóráin agus Peadar Ó hUallaigh (a bhuaigh Gradam Rupert agus Eithne Strong sa bhliain 2010 dá chéad chnuasach Tír Tairngre).Tá litríocht na Gaeltachta á ceiliúradh chomh maith in Mo Bhagáiste, leagan scannánaithe de dhráma dátheangach le Pól Ó Gallachóir, bunaithe ar úrscéal dírbheathaisnéiseach cáiliúil Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna. Tá sé seo á léiriú i gcomhar le MOLI, Músaem Litríochta na hÉireann. Mír eile atá gaolta leis sin is ea an podchraoladh speisialta What way  . . . what road? Baineann an podchraoladh seo le saol agus saothar údar Mo Bhealach Féin, aistrithe le déanaí ag Mícheál Ó hAodha faoin teideal This Road of Mine, foilsithe ag Lilliput Press. 
Dhá scannán a mbaineann crainn agus an aibítir leo is ea The Gaelic Garden of the Dead le MacGillivray – ainm cleite Garbhchríochach ag file, ealaíontóir agus amhránaí as an ngnáth ar fad, Kirsten Norrie. Imram inmheánach atá ann a dhéanann iniúchadh ar bhéaloideas Ghaeil Alban. Laistiar den fhilíocht i mBéarla agus i nGaeilge na hAlban, cloisfear cúlra ceoil a chum agus a sheinn Seán Mac Erlaine. Iomann siansach in ómós don bhile is ea an dán fada le Richard Berengarten Crann agus áit an chrainn i gcreidimh éagsúla an domhain. Réitigh an cumadóir Nick Roth leagan nua den aistriúchán Gaeilge atá déanta ag Gabriel Rosenstock agus an téacs curtha in oiriúint do chór guthanna. Scannánaíodh i réigiúin éagsúla ar fud na hÉireann é. Cuirfidh Crann clabhsúr ar an bhféile IMRAM agus sinn ag féachaint romhainn go dóchasach,Bhí gá le leigheas i ndiaidh arraing na paindéime: ‘crann an ghrá, crann an chirt, bogha ceatha daonna, faoi bhláth.’I measc imeachtaí eile IMRAM 2020 tá leagan scannánaithe de na Duineser Elegien de chuid Rilke a d’aistrigh Máire Mhac an tSaoi agus agallaimh leis na filí Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson. 

Beidh IMRAM 2020 á reáchtáil ar líne ón Déardaoin 10 Nollaig go dtí an Luan 20 Nollaig. Is féidir teacht ar na sonraí go léir ag imram.ie 

TUILLEADH EOLAIS: Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM
Fón: 087-2912797R-phost: liamog62@mac.com

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *