Athchló

“In Inse Gall” ón mBéarla

Aistritheoir: Lúgh Mac Céin (Seán Tóibín)
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: Children of Tempest (sliocht as)
Údar: Neil Munro
Céadfhoilsiú: Misneach, an 18 Nollaig 1920

Uidhist na Gaoithe

D’imigh an oíche ar chos in airde sa tigh sin an chaithimh aimsire.  Bhí scéal agus rince ann, gach re turas.  “Cuir tuilleadh móna ar an tine sin,” a deireadh fear an tí; agus bhí lasair bhreá ón tinteán i gcaitheamh na hoíche.

Bhí an t-aos óg in airde an staighre, sínte ar a mbéal fúthu ar an lochta.  Iad ag faire agus ag féachaint an spóirt.  Bhuaigh an codladh ar dhuine acu agus thit sé anuas i lár na cuideachta.  Ghabh a mháthair air, á smachtú gan é a ghortú.  Na ba a bhí sa chró, chaitheadar oíche mhí-shuaimhneasach ag casadh agus ag iompáil de dheasca na scléipe a bhí ar siúl sa tigh agus capaillín a bhí ar nasc ag binn an tí níor stad sí ó bheith ag crúbadh an talaimh le míthaitneamh don cheol.  Bhí boladh luibheanna agus lusanna sa tigh mar bhí tosnaithe an lá roimis sin ar dhathú na holna agus ar an mboladh sin bhí boladh na tine móna measctha.

Lasmuigh bhí an ghaoth ghlan ón bhfarraige agus a boladh folláin féin aici, agus boladh na líonta coirtithe arna mheascadh ar bholadh goirt sin na sáile.  Chuala muintir an tí na calaí ag éirí glórach agus thuigeadar go raibh stoirm chucu, ó bhí an taoide ag borradh.  Chuaigh an solas in éag ar fud an oileáin diaidh ar ndiaidh faoi mar a tháinig fonn codlata ar mhuintir gach tí.  Chuaigh an fharraige i bhfíochmhaire ar Rú’ na Fange agus d’éirigh sí go hardmhillteach ar Cheann Trá mar a bhfuil an Chrois Bheannaithe.  I bhfad ó bhaile, siar ó thuaidh ar an Eiscir, bhí an solas fógartha – é ina réalt geal aonair ar an bhfarraige.  Solas treortha na scadán chun an chuain ba ea é sin agus solas seachana baoil ba ea é don mhairnéalach iasachta.

Caitheamh an Airgid

Agus ina shuí ar stól in aice le bean an tí a bhí Coll.  Ag cuimhneamh ar scéal an óir a bhí agus dúil a chroí á chur ann aige.  Do bhí an scilling airgid i bpóca a veiste agus é á láimhseáil idir a mhéara.  Thugadh bean an tí sracfhéachaint anois is arís air agus chíodh sí an béal biorach santach ná féadfadh an fhear óg Spáinneach féin a chlúdach.  Ag dul a luí is ea a bhí a meas air le gach súilfhéachaint; agus bhí, ansin ina haice féin, mórsheisear cailíní a shiúlfadh Alba ina fóid chaola gan bhróg gan stoca ach a bheith in éineacht le fear chomh dealraitheach leis.

D’éirigh Coll ar an taibhreamh i dtaobh óir agus saibhris agus d’iompaigh sé chun bhean an tí.

“Cad a dhéanfá-sa le fiche míle punt, a bhean mhaith, dá dtarlaíodh leat?” ar seisean.

“Amás, is maith mar a chaithfinn é.” ar sise. “Chuirfinn caitheamh aimsire ar bun ar fud an oileáin bhric seo Uidhist.  Gheobhadh na cailíní tochas agus spré uaim agus níl aon doirnín beag geal sa dúiche ná cuirfinn píosa corónach ann chun ratha.  Agus bheadh báid nua agus líonta maithe do mhuintir an iascaigh.  An talamh atá ina bhán go huaigneach, mise a bhrisfeadh é agus a chuirfeadh tigh cluthar ina shuí air don bhfear saothair.  A Rí, nach agam a bheadh an dul ar charthanacht agus féile agus dea-chroí a dhéanamh le cách.  Rachadh giní nó dhó go maith do Neansaí Bheag, an bhean bhocht, chun tuirnín nua.  Agus thabharfadh cúig ghiní eile mac an daill bhoicht saor thar n-ais ón gcogadh is ón arm.  Bhainfeadh sé an oíche dhíom a leath a insint – a leath den mhaitheas dhéanfadh fiche míle punt.  Ach is é chéad ní ná a chéile a dhéanfainn ná tús nua agus spuaic ard don tséipéal seo againne.”

Stoirm is Fiántas

Bhí formhór na gcomharsan ag portaireacht cheoil ag dul abhaile dhóibh tar éis na scléipe nó ag cuimhneamh ar iontais na scéalta a chualadar.  Bhí anfa mór gaoithe ann um an dtaca sin agus gan réalt ná solas le feiscint ach an lasair bheag a bhí ar an Eiscir agus an leas lag íseal ón bhfo-choinneal a bhí fós ar lasadh i nDáil an Bhuailín.  Ag cuimhneamh ar ór agus ar ór bháite a bhí Coll agus é ag siúl ina aonar faoi dhein a thí lóistín, tigh an fhíodóra.  Ní raibh slí ina aigne d’aon smaoineamh ar sheanscéal sí ná rann ceoil; agus níor dhein an ghaoth ná an fhearthainn aon bhuairt dó.

Chuaigh gach solas a bhí ar an oileán in éag ina gceann is a gceann agus do fágadh an doircheacht ina banríon ar fud na dúiche.  Agus i lár na hoíche nuair ba mheasa a bhí an stoirm, b’éigean d’fhir agus do gharsúin an oileáin teacht agus dul in airde ar na botháin agus fanúint ina suí ann go maidin chun an díon tí a choimeád ó imeacht le gaoth.  Ansiúd ar a suíochán fraoigh is tí, an ghaoth agus an bháisteach á múchadh agus á leathadh, do ghabhadar na paidreacha ina rann ceoil d’aon ghuth:

“Dia dár gcumhdach, agus do chumhdach ár gcoda, ár dtinteán, ár mba agus ár muintir.  A Dhia na Glóire, cosain ar splanc is ar thoirneacha sinn, is a Mhuire na bhFeart coimeád ón bpeaca sinn.

A Cheardaí Mhóir na Spéire, déan cúram anocht dúinn féin; glac trua anocht dár muintir bhochta; bí á gcosaint go héirí an lae ghil.”

Chuireadar an oíche dhíobh ar bharra na dtíthe ag canadh na bpaidirdhánta agus má bhí aon mhairnéalaigh ag dul thart san oíche ní foláir nó is é mheasadar go raibh tonnta draíochta sa mhuir sin agus iad ag canadh ceoil.  Agus ar bharra an tí in airde a bhí gach fear tí acu nuair a gheal an lá go síochánta – ar Bheann Mhór agus ar Chnoc Acla.

Is féidir an bunleagan Béarla a léamh anseo dar tús ‘The night passed quickly in the house of entertainment;…’

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *