Athchló

An Léan – Aistriú ón Spáinnis

Aistritheoir: Breandán S. Mac Aodha
Bunteanga: Spáinnis
Bunteideal: El Dolor
Údar: Gustavo Adolfo Becquer
Céadfhoilsiú: An tUltach, Lúnasa 1978

EL DOLOR

(An Léan)

Le Gustavo Adolfo Becquer

Breandán S. Mac Aodha a d’aistrigh.

Bíonn uamhan orm go bhfágfar i m’aonar mé in éineacht le mo léan amháin!

Foilsíodh  aistriúchán ar Amargura , imleabhar V de shaothar an fhile Rómánsaigh Becquer ( 1836-1870) ar eagrán Meithimh 1978 den iris seo. Aistriúchán é seo thíos ar imleabhar eile (uimhir IV) d’fhilíocht Becquer. Nochtann na dánta seo an lionndubh agus an t-éadóchas a bhuail é nuair a dhiúltaigh Julia Espin é a phósadh.

Cuando Me Lo Contaron Senti El Frio

Nuair a d’inis siad dom é mhothaigh mé fuacht lann chruach i m’ionathar:
chuir mé mo dhroim leis an bhalla, agus i
gceann meandair 
chaill mé gach aithne ar an áit ina raibh mé.

Thit an oíche anuas ar m’intinn:
bádh m’anam i bhfuath agus i bhféintrua
agus nochtadh dom cén fáth a gcaoineann sé,
agus thuig mé de phreab cén fáth a maraítear é!

D’imigh scamall an léin tharam… le stró
d éirigh liom cúpla focal a bhrú amach trí
m’fhiacla…    
Agus cad a bhí le déanamh? … Ba chara í. 
Bhí sí tar éis gar a dhéanamh dom! … Ghabh mé buíochas léi.

Deje La Lus A Un Lado, Y En El Borde

D’fhágas an solas ar leataobh is shuigh mé
ar imeall na leapa míshuaimhní,
mé balbh, dubhach, m’imreasc gan chorraí,
mé ag stánadh liom ar an fhalla.

Cén fhad a bhí mé mar sin? Níl a fhios agam;
ar fhágáil dom meisce uafásaí an léin
bhí an lampa ag dul as agus an ghrian ag taitneamh léi ar mo bhalcóiní.

Níl a fhios agam ach oiread cad air a raibh mé ag smaoineamh,
nó cad a bhain dom sna huaireanta scanrúla úd;
ní cuimhin liom ach gur chaoin mé is gur eascainigh mé
is gur imigh mé i seanaois an oíche úd.

Me Ha Herido Recatandose En Las Sombras

Ghoin sí mé agus í faoi cheilt faoi na scátha,
Agus chuir sí séala ar a feall le póg.
Lena lámha ar mo scórnach bhrúigh sí uaithi mé,
agus chuir sí claíomh go fuarchúiseach trí mo chroí.

Agus lean sí léi go súgach ar a bealach,
í sona, gealgháireach, gan chorraí. Agus cén fáth?
De bhrí nach mbrúchtann fuil as an chréacht…
De bhrí go bhfuil an corpán ar a chosa fós.

Como Se Arranca El Hierro De Una Herida

Mar a shractar an t-iarann as an chneá
shrac mé a grá-sa as m’ionathar
agus mhothaigh mé ar a dhéanamh dom
go raibh mo bheatha-sa á sracadh ina theannta.

Theilg an toil a híomhá den altóir
a thóg mé di laistigh de m’anam;
lasair na muiníne a bhíodh ag dó inti,
múchadh os comhair na haltóra tréigthe í.

Ach ag suaitheadh an rúin daingin dom san oíche
maireann a samhail cheannláidir i m’intinn.
Cén uair a bheidh sé ar mo chumas codladh a dhéanamh
leis an bhrionglóid seo ina múchtar an bhrionglóideach?

Olas Gigantes Que Os Rompéis Bramando

A thonntracha ollmhóra a bhriseann le búireanna
ar na tránna tréigthe in imigéin,
mé fillte i mbraillín chúir,
tógaigí libh mé!

A roisteacha gaoithe móire a sciobann
na duilleoga feoite den choill ard,
mé do mo tharraingt ag an chamfheothan caoch,
tógaigí libh mé!

A néalta stoirme a scoiltear ag an gha solais,
le himill fhuilteacha a dheargtar i dtine,
mé fuadaithe sa cheobhrán dorcha,
tógaigí libh mé.

Tógaigí mé, ar son Dé, chuig an áit ina mbainfidh
an meabhrán an chuimhne as m’intinn ….
Ar son Dé! …. Bíonn uamhan orm go bhfágfar i
m’aonar mé  
in éineacht le mo léan amháin.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *