Léirmheas

Asarlaíocht, gorta agus Teamplóirí

Aistritheoir: Labhrás Ó Finneadha
Foilsitheoir: Cois Life

Léirmheastóir: Ken Ó Donnchú
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 74, Uimh 7 (IÚIL 2014)

I gcead do Mhathghamhain hlfearnáin agus dá chruachás, cé a cheannódh ‘tri théacs éagsúla ón 19ú haois, iad nua-aistrithe ón nGearmáinis agus ón bhFraincis, a thugann léaspairtí daonna ar thréimhsí géarleanúna, céastóireachta agus ghorta ar mhór-roinn na hEorpa agus in Eirinn féin’? Dream ar leith, agus iadsan amháin, shílfí, mar a fheicfear thíos. Bíonn síoréileamh ar chuntais ar chiapadh is fulaingt ceart go leor, ach is gnách dóibh bheith á gcur i láthair ar chaoi eachtrúil ionas go mbaintear beagáinín ďfhaobhar an fhoréigin. An tsobaldrámaíocht agus an t-ár ina orlai tríthi. Nó b’fhéidir go mbainfeadh údar earraíocht as amhábhar na mbunfhoinsí le húrscéal nó gearrscéal a dhéanamh de. Is annamh aistriúcháin den sórt seo, áfach, ag dul caol díreach chun ció – ó iris sheachtainiúil, nó ó alt acadúil, mar a tharla i gcás péire de na tri théacs éagsúla seo.

Sa réamhrá i dtosach an tsaothair deir an t-aistritheoir gur mór aige an teachtaireacht, agus an chaoi a léirítear an teachtaireacht sna téacsanna a roghnaigh sé, roghanna a bhfuil ‘éagsúlacht go leor eatarthu.’ Díolaim í seo arb é léiriú na teachtaireachta, léiriú ar chúrsaí stile agus reacaireachta, príomhchúram an aistritheora. Ní miste an píosa a leanas a chur anseo, ar mhaithe le comhthéacs a thabhairt: ‘Táthar ag súil, mar sin, go bhfónfaidh an saothar seo mar léiriú éigin ar an gcaoi ar fhéach duine amháin le dul i ngleic le stíleanna éagsúla agus iad sin a thabhairt trasna sa Ghaeilge agus, ag an am céanna, gan é bheith ina thráill ag an ródhúchasachas, ag teoiricí ná ag coincheapa réamhshocraithe. Dá réir sin, níltear ag maíomh gur treoir ghinearálta don aistriúchán atá anseo ná go dtugann sé cuntas ar chleachtas a bheadh i bhfeidhm ag aon chuideachta aistritheoirí ar leith.’

Mar sin is cineál de lámhleabhar d’aistritheoirí an díolaim seo. Is saothar feidhmiúil é, is é sin, saothar a mbainfear feidhm ar leith as .i. úsáidfidh aistritheoirí é agus súil acu saothar a bhfuil meascán stíleanna ann a thiontú go Gaeilge. Cuirfear taobh le FBG, EID , DIL (caolseans), OED agus na giorrúcháin chlúiteacha go léir eile ar sheilf an tsaineolais (seilf na sainchabhrach, b’fheidir) é amach anseo. Más litríocht thaitneamhach atá á lorg ag an té a thabharfaidh faoin gcnuasach seo a léamh, is amhlaidh a bheidh díomá air. Ardú meanman ná lón intinne ní bhainfidh an léitheoir seo as, ach ar ndóigh is ceart a mheabhrú nach chuige sin a tugadh an cnuasach seo ar an saol. Mar sin féin, mheallfadh an clúdach dea-dheartha roinnt léitheoirí drogallacha, b’fhéidir, agus beireann cuma agus crot Asarlaíocht , Gorta agus Teamplóirí greim ar shúil is ar shamhlaíocht an léitheora láithreach.

lna thrí treana, is a thrí leabhar, atá an saothar seo roinnte, de réir a theidil. ‘Cúis Asarlaíochta in Echternach’ is teideal don chéad leabhar, a ríomhann eachtraí na cúirte ó chás asarlaíochta a éisteadh i mbaile Echternach sa bhliain 1642, tri aistriú a dhéanamh ar alt irise a scríobhadh ar an gcás i mí Feabhra 1883. In ainneoin go bhfuil tús réasúnta bríomhar leis, téann an chéad leabhar seo chun leadráin tapaidh go leor agus an fhianaise chéanna, tríd is tříd, á eur i láthair ag na finnéithe éagsúla go léir. ‘Doiciméad sóisialta nach beag a thábhacht,’ adeir an t-aistritheoir ina thaobh sa réamhrá, agus mar is eoi don saol Fódlach, is minie nach ionann a leithéid de dhoiciméad (cuimhnítear ar an raidhse dírbheathaisnéisí Eireannacha, idir Ghaeilge agus Bhéarla, leis an gceart a dhéanamh) agus léitheoireacht a mhúsclaíonn sult sa léitheoir.

Más ceadmhach neamhshuim maidir leis an gcéad leabhar, is iontach an faoiseamh an dara ceann, ‘Litreacha as Eirinn. Moritz Hartmann, fear a shiúil agus a bhí scéalach dá réir na litreacha seo chuig cara anaithnid éigin. I mí Iúil 1850 a rinne sé a shlí ó Londain go Learpholl, agus uaidh sin go Baile Atha Cliath. Drochbhail na cathrach ba thúisce a chuaigh i bhfeidhm air: ‘Níl cur síos ar bith ar an mbochtaineacht seo, a fhorleitheadaí í, agus na prochóga uafásacha ina bhfuil sí’, a chomhartha sin príomhghairm na mban: ‘Gabhann na mná go léir leis an striapachas’. Bhí an-bhá aige leis na hEireannaigh, agus an ghráin dhearg aige ar Shasana: Ach mo dhearmad, is cur faoi chos a rinne na Sasanaigh féin in Éirinn, agus go deimhin tá sé ar siúl fós inniu acu. D’fhreastail sé ar chruinniú Reipéil (bhí Ó Conaill sa chré faoi seo) ‘agus cheapfainnse gurb é an ceann deiridh acu é’ Mac leis an bhFuascailteoir a bhí ina bhun, nach ndéanfadh an ghluaiseacht a thabhairt chun cinn ar chuma an athar: ‘Ní dhéanfá amach ar a chuid cainte, ach an oiread, gur duine tábhachtach é John O’Connell. Is cosúil gur beag tréithe atá faighte aige óna athair. Tá sé cúthaileach san óráidíochť. Is iomaí eachtra a leanann de scéala an chruinnithe, agus fonn ar Hartmann aithne a chur ar aiemí uile na príomhchathrach, rud a dhéanann. Más ar mhaithe lena stíl ‘thuairisciúil, aidiachtach agus lán íomhánna a roghnaigh an t-aistritheoir na litreacha seo, ďéirigh leis sprioc eile a bhaint amach freisin, is é sin scríbhneoireacht thaitneamhach a chur ar fáil. Déanfaidh lucht léite Dan Brown iontas dá thuire is atá an tríú leabhar, ‘Na Teamplóirí i Lucsamburg’. Alt acadúil a foilsíodh in Beathaisnéis Náisiúnta na tire sin atá ann, agus sin é an fáth ar piocadh é, mheasfaí, cé nach ndéanann an t-aistritheoir é sin a shonrú. Aris, ní tógtha ar an aistritheoir é nach díol spéise an t-alt féin, agus a chúiseanna féin aige á aistriú, ach is ait gur féidir le scríbhneoir acadúil (nó b’fhéidir nach ait é in aon chor) an tsuim ar fad a bhaint den ábhar seo, agus ar spreag sé de litríocht ó Cervantes i leith. Iliomad dátaí agus iomarbhánna léinn faoi deara don bhlas leamh atá air. Gearán beag eile, is é sin nach téacs ón 19ú haois an tríú ceann seo; ní raibh údar an bhuntéacs féin, Jules Mersch, ina bheatha sa chéad sin.

Cnuasach neamhghnách atá anseo (gné spéisiúil den dara leabhar nár luaigh mé ná aistriúchán an amhráin Arbour Hill , a aistríodh ó Bhéarla go Gearmáinis go Gaeilge) a bhfuil aidhm cuibheasach beacht leis .i. samplaí de stíleanna éagsúla aistrithe a chur ar fáil. Ni móide go gcuirfidh an gnáthléitheoir (pé ar bith é féin) suim an-mhór ann, de bharr na haidhme sin. An t-aistritheoir a cheannóidh an díolaim seo, áfach, agus a úsáidfidh í lena cheird a chleachtadh, is dóichí gur chun a leasa siúd a rachaidh sí.

Leave a Reply

Your email address will not be published.