Athchló

Scéal Dhá Linn

Aistritheoir: Seán Ó Conchubhair
Bunteanga: Gearmáinis
Bunteideal: Ní fios
Údar: Ní fios
Céadfhoilsiú: An Branar, Iml. 1, Uimh. 5, Feabhra 1920

Do léigheas, nó do chuala, tráth go bhfuil ábhar úrscéil fé leith i saol gach duine againn dá gcuirtí chun é do scríobh, agus is é mo thuairim gur fíor é. Pé scéal é, is fada de bhlianta atáim-se ag cuimhneamh ar iarracht a thabhairt ar an scéal so mo dhá shaol a chur ar phár, ach do choimeádadh easpa misnigh i mo thost mé nuair ná bíodh scanradh ná sceoin (nó pé ainm eile ba chuí do thabhairt ar an mothú neamhshaolta a bhaineann lena chuimhne) an cosc air. Táim ag dul in aois go tiubh, ámh, agus is baol mura gcuirfead chuige gan tuilleadh moille go bhfágfar gan insint é. Seo chuige, mar sin, mé in ainm Dé.

Is dócha gurb é céad ghnó an scéalaí ná é féin a chur in aithne dá lucht léite agus, a chairde, ní miste liom leanúint den nós céanna agus m’ainm agus mo shloinne a nochtadh daoibh ar dtús. Sea, mar sin. Diarmuid Ó Briain an t-ainm a thugtar orm anois agus i gcathair áirithe sna Stáit atá mo chónaí le blianta. Táim go maith as sa tsaol anois, ach do bhíodh orm, tráth, a bheith ag obair go dian ó mhaidin go hoíche agus gan ach fíor-bheagán pá dom dá bharr. Sin mar a bhí agus mar atá an scéal agam sa linn seo. Sa linn eile den dá linn ámh, bhíos i mo phrionsa léidmheach agus i mo dhea-laoch cróga, calma agus urraim agus ómós dom dá réir. Is ait an saol é. Agus is aite ná san an t-athrú a bheireann gluaiseacht na haimsire ar shaol agus ar ghairm bheatha an duine. Mise i mo thaoiseach uasal ag stiúrú treibhe anallód agus i mo sclábhaí bocht uiríseal ag brath ar allas mo chnáimhe chun greim bia a fháil i dtús mo shaoil sa linn seo. I mo thréin-mhille briste cloigeann tráth, i m’fhear briste cloch ar thaobh an bhóthair tráth eile.

Is maith is eol dom go bhfuil daoine áirithe ann – daoine tuisceanacha, géar-chúiseacha mar dhea – ná géillfeadh do dhada ach don rud ba ró-léir do shúile na colainne. Agus daoine eile a cheapann gurb é an blascún báis úd a adhantar sa chliabhán agus a mhúchtar san uaigh tús agus deireadh lasrach naofa an anama sa tsaol so. Má táir-se orthu-so, a léitheoir, scaoil tharat an scéal so fé ráineófá ar nithe a chuirfeadh masmas aigne ort agus a chuirfeadh gáire na cnáide ag leathadh fé chúinne do bhéil. Ní chun a leithéid sin an scéal so in aon chor. Ina dhiaidh sin is uile, ní foláir dom a admháil nach furasta an scéal a chreidiúint, agus rud eile de, toisc gan puinn scoláireachta a bheith orm, ní feasach dom conas tabhairt fé i gceart. Agus b’fhéidir nach ceart – ach féach! Is cuma liom pé acu a chreidfear mé nó ná creidfear, neosfad mo scéal. Is beag nach ionann dálta domsa agus don té a chuirfeadh teachtaireacht rúnda chun siúil tríd an acra dochuimsithe. Óir ní fhéadfaidh éinne mé a thuiscint ach duine a thuigeann a rún. Tuigfidh sé siúd mo chás agus ní bheidh sé ródhian orm mar gheall ar an gcuma inar nochtadh é ; agus maithfidh sé dom pé neamhchruinneas a bhaineann leis. Ach táim an-leadránach agus is mithid dom gnó an scéil a tharrac chugam.

Sea anois, breis agus daichead bliain ó shin, do bhíos ag obair i gceann de na cairéil sin atá le fáil go flúirseach ar chnoic gheala Thuath-Mhumhan. Agus, ar shon go rabhas an uair sin ag gabháil don obair le breis agus cúig bliana, ní raibh i mo chumas oiread agus dhá phingin a chur i leataobh agus bhíos chomh dealbh, bocht le bacach an mhála. De réir gach dealraimh b’fhada go mbeadh i mo chumas a iarraidh ar Mháire dul le mo chois go dtí an sagart chun gnó ár bpósta a shocrú. Bhí sise chomh dealbh liom féin. Mar sin, idir an beirt againn, ní raibh screatall na ngrást ach an fíorghrá glan, glé a thugamar dá chéile. Nílim á rá ná féadfainn spré éigin a fháil le cailíní eile sa chomharsanacht. Agus maidir le mo Mháire, ní haon áibhéil mhór a rá go bhféadfadh sí a bheith ina máistreás ar a rogha féin de chuid de na háiteanna ba chluthaire sa dúthaigh. Ach, b’fhearr linne cloí leis an ngrá ná dul ag lorg an bhréag-shaibhris a scarfadh go deo na ndeor sinn ón bhfíoraoibhneas croí a bhí cheana orainn. Thoghamar feitheamh go foighneach chun go dtiocfadh feabhas ar an saol chugainn a chuirfeadh ar ár gcumas aoibhneas agus brón agus uile a roinnt le chéile i bhfochair a chéile. Sin mar a d’fhan an scéal againn le blianta fada, sinne deighilte, uireasach maoine, ach ár gcroíthe táite ag cuibhreach an ghrá. Bhíodh na comharsana ag déanamh iontais den bheirt againn, go mór mór de Mháire a bhí, dar leo, ag caitheamh laethanta a hóige in aisce, ag súil le hathrach ná tiocfadh choíche.

Do bhíodh dóiteacht croí orm nuair a d’airínn an chaint tharcaisneach so; ach, níor fhéadas a rá nárbh fhíor é agus ba mhóide dá bhrí sin mo chrá agus mo chancar. Is minic a bhínn i ngalar na gcás ag cur agus ag cúiteamh, ag meádú gach cúinse féachaint an bhfaighinn cuimhneamh in aon chor ar an tseift a chuirfeadh críoch leis an gcáineadh seo agus leis an mbréag-thrua a bhí acu do mo mhúirnín. Saothar in aisce dom, ámh, gach a bhfuaras dá dhua ar feadh i bhfad go dtí gur tháinig lá áirithe i ndeireadh an earraigh. Bhíos ag obair mar ba ghnáth sa chairéal fén gcnoc agus diomachroí mo dhóthain orm mar bhí an t-éadóchas in achrann i m’anam agus bhí dul ina luí ar m’aigne go mbeadh orm mo shaol a chaitheamh i ndealús gan aon sos le fáil agam óna shíorghátar.

Ag cartadh amach an bhrocamais chré agus na mionchlocha do bhíos an lá so go háirithe. Searbh na smaointe a bhí i m’aigne ag obair dom ansin. Ach thugas fé ndeara de phreab go raibh rud éigin nochta agam a lonraigh ar mo shluasaid. Do bhíog an croí i mo chléibh á phiocadh suas dom. Mar cad a bheadh ann ná giota beag d’ór casta na Sí. Mise a thuig go maith an bhrí a bhí leis, óir, ní raibh duine sa dúthaigh ba mhó eolas ná mo mháthair i nithe a bhain le gnóthaí na sí. Nach mion, minic a bhíos ag éisteacht léi ag cur síos orthu, agus bhí a fhios agam go maith go mbeadh ádh agus amhantar i ndán don té a gheobhadh an t-ór úd ach na coinníollacha a bhain leis a chomhlíonadh sula mbeadh an ghealach lán. Ní raibh puinn aimsire le cailliúint, óir, bheadh an ghealach lán fé cheann oíche nó dhó. Dá bhrí sin níor mhór dom brostú agus na coinníollacha a chur i bhfeidhm.

Nach mion, minic a bhíos ag éisteacht léi ag cur síos orthu, agus bhí a fhios agam go maith go mbeadh ádh agus amhantar i ndán don té a gheobhadh an t-ór úd ach na coinníollacha a bhain leis a chomhlíonadh sula mbeadh an ghealach lán.  Ní raibh puinn aimsire le cailliúint, óir, bheadh an ghealach lán fé cheann oíche nó dhó. Dá bhrí sin níor mhór dom brostú agus na coinníollacha a chur i bhfeidhm. B’iad sin ná mé féin a dhul agus oíche a chaitheamh i Log an Chaointe lámh le Carraig Aoibhill ar chreig liath agus go bhfaighinn eolas ar cad a bhí i ndán ag na sí maithe dom. Ina éagmais sin, bheadh orm maighdean croí-glan éigin a fháil a dhéanfadh dul um uair an mheán oíche agus seasamh i snámh na habhann agus a iarraidh ar na sí bail agus beannacht a chur ar an té a fuair an t-ór: agus, ar linn na bhfocal deismireachta a rá di, níor mhór di an t-ór a choinneáil ina bas agus uisce an tsrutháin a dhoirteadh anuas air.  Thuigeas nárbh fholáir dom na nithe seo a dhéanamh chun go bhfaighinn lán-tairbhe an ádha a bhain leis an ór.

Nuair a bhí obair an lae críochnaithe seo ag triall ar Mháire mé agus an t-ór i mo bhrollach agam. Do nochtas an cúrsa tríd síos di agus d’impíos uirthi, as ucht an ghrá a bhí aici dom, ortha an óir a dhéanamh ar mo shon-sa agus ar a son féin. Do chreid sise in obair agus i gcumhacht na sí chomh maith liom féin, ach is dócha go raibh a cuid den mhíchreideamh ina dtaobh fréamhaithe ina haigne óir do cheap sí ar dtús gur díchéillí ar fad an gnó dúinne a bheith ag glaoch orthu agus a fhaid ó fhágadar an saol so de bharr a olcais agus lúbaireachta. I ndeireadh na dála, ámh, fuair an grá an lámh in uachtar. Do ghéill sí agus gheall go ndéanfadh sí um meán oíche gach piseogacht a bhain leis an ór. Do dhein, leis, agus d’imíos orm mo chion féin den ghnó a dhéanamh.

Ní mór dom a rá anso arís go bhfuil a fhios agam go maith gur bheag an iontaoibh a chuirtear anois i gcumhacht na sí. Tuigim go bhfuil daoine ann a thabharfaidh fé iontas an scéil seo a mhíniú, á rá go magúil gur ar meisce nó ag taibhreamh ar thaobh na creige a bhíos. Sea, bíodh acu. Ní beag domsa gur tháinig gach a bhfaca agus gach ar chuala chun críche agus go bhfuil sé agam amach as béal duine de na hollúna is cáiliúla ar domhan gur thit gach ní amach, díreach mar a chonac féin le mo shúile cinn é, dhá mhíle bliain roimhe sin. Ní beag san dom leithéid d’fhear tuaithe simplí. Agus féach ar na daoine seo go léir a shéanann go scigiúil go bhfuil a leithéid ann, bíodh geall gur tearc duine acu a mbeadh de scairt ann oíche a chaitheamh sa chiorcal i ngrianán Lachtna ar leicinn Charraig Aoibhill.

Bhí an ghealach go hard ar an spéir agus mé ag cur Loch Deirgdheirc anonn díom. Fuaim ní raibh le cloisint fén am so ach osnaíl na dtonn agus plub plab na maidí rámha nuair a thumainn san uisce iad. Bhí ciúnas na huaighe ar aghaidh na talún agus do bhíos, dar liom, i m’aonar ann gan Críostaí an Luain i m’fhochair agus an ghealach iontach úd ag lonradh anuas orm.

Ar shon go bhfuil daichead bliain imithe thar mo cheann tá gach aon rud a tharla chomh húr i mo chuimhne agus dá mba aréir a thitfeadh sé amach. Do raghadh sé díom a nochtadh anso le haon chruinneas an t-athrú mór a bhain dom. Bhí mo mheabhair chinn agus mo chéadfaí chomh géar aibí sin go raibh i mo chumas gach uile ní i mo thimpeall a thabhairt fé ndeara agus gach uile ní a bhain leis a thuiscint láithreach gan puinn dua a fháil ina thaobh. Nithe a chuireadh mearbhall cinn orm i gcónaí, ba léir sothuigthe anois dom iad. Bhí saol nua – nó b’fhéidir gur chirte dom saolta a rá – os mo chomhair. Bhí gach rud ag nochtadh scéil nua. An spéir agus an talamh. An ghealach, na réiltíní; na cnoic, an loch agus an abhainn bhíodar go léir ag caint liom agus do thuigeas a gcaint i m’anam. Is dócha gur mar gheall ar an anam a bheith chomh corraithe beo ionam an oíche sin ba thrúig leis. Deineadh mar a déarfá, grianghraif de gach aon rud, radharc, fuaim is smaoineamh, agus pé uair a iompaítear solas na cuimhne ar an oíche úd nochtar an pictiúr go hiomlán.

Ar shroisint na creige dom d’fhanas ar feadh tamaill ag breathnú uaim ar gach taobh agus mé ag dianmhachnamh ar na scéalta ársa do bhain le gach radharc acu. Bhí Carraig Aoibhill lámh liom agus tamaillín siar uaim bhí Log an Chaointe. Ón mball so ar feadh ní fios cad é an fhaid bhí Aoibheall agus a slua sí i bhfeidhil gnótha Chlann Chais agus ag caoineadh ó am go ham na dtubaistí líonmhara a bhain dóibh. Sa lisín úd thall a bhí grianán Lachtna ina sheasamh air. Siar ó thuaidh uaim bhí tuama na bandé, Gréine; agus ar an dtaobh thall den abhainn uaim a bhí Tonn Toinne ag bagairt a chinn bhán-liath fé mar a bheadh sé á ra liom – “Tá Fionntán, an chéad duine a fuair bás sa tír seo, ina chodladh anso ar m’ucht agam.”

Thíos fé mo chosa a bhí Béal Borumha na laoch agus siar uaim i dtreo Chill Dá Lua bhí an ball ar a raibh rí-theaghlach Chinn Chora ina seasamh le feiscint go soiléir. Tamall níos sia uaidh a bhí an teampall inar cuireadh na Domhnaill, na Toirdhealbhaigh agus flatha eile Chlann Chais ina gcodladh ag féachaint go gruama i mo threo agus ag nochtadh a rún dom go soiléir sothuigthe. Ó thuaidh uaim do shín uisce Locha Deirdheirc na n-iontas anois, na lítis fé sholas na ré mar a bheadh farraige d’airgead leachta, agus idir gealach agus réiltíní ag spréacharnaigh aníos tríd. Ba chuma cá leagfainn mo shúil cuireadh nithe a bhain le haoiseanna anallód i gcuimhne dom. Ar feadh na mílte bliain do thaithigh ríthe, flatha agus naoimh an t-ionad so. Bhídís ina seasamh anso, ina suí ansúd. Do shataladar ar an gcré agus ar na clocha céanna so. Samhlaíodh dom go raibh spioraidí na ndaoine seo mórthimpeall orm anois sna toir, sna scairteacha, sna liaga. Beag ionadh mar sin, má chuaigh saol an lae inniu i ndearmad orm agus gur chas m’aigne siar thar na blianta ag déanamh comhluadair le daoine a raibh a luaithreach scaipthe ar gach taobh ansan ar leicinn na creige go hard os cionn Chinn Chora na hársaíochta.

Bhaineas díom na bróga agus isteach i lár an chiorcail liom. Thugas m’aghaidh soir agus d’fhanas mar sin ag feitheamh gan imeacht na haimsire a thabhairt fé ndeara. Ar ball, de phreab, d’éirigh géar-scread phíbe, nó gléas ceoil éigin eile, ón mín-mhachaire fairsing i bhfad thíos uaim. Do bhorr agus do neartaigh ar an bhfuaim go dtí gur cheapas gur cór aisteach, brónach a bhí ann fé mar a bheadh a lán glórtha uchtacha ag casadh caointe dhoilbh uaigneach. Do mhúscail an fonn cuimhne éigin i m’anam ar shon go rabhas deimhneach nár airigh mo chluasa riamh roimhe sin ar an saol so é. Ón taobh thiar díom a bhí an fhuaim ag teacht. D’iompaíos mo cheann. Agus féach! Chonacthas dom láithreach ná rabhas a thuilleadh ar thaobh na creige ach i mo sheasamh le hais mo bhotháin féin i gceart-lár na gcairéal. Ar shon go n-abraim na cairéil ní raibh a rian le feiscint ach san áit inar cheart na cairéil a bheith bhí pluais dhoimhin chúng ag dul i bhfad isteach sa charraig agus í folaithe nach mór ag scáth na gcrann a bhí ag fás go tiubh mórthimpeall, cé nach bhfuil le feiscint ann inniu ach brosna agus fraoch. Fé dhéin na pluaise seo a bhí sochraid mhór fhada ag déanamh go troigh-mhall. An choischéim ag freagairt do cheol liacharnach an chaointe. Bhí a cheann fé ag gach duine acu, a ngruaig scaoilte agus iad ag cur díobh go brónach buartha. I bhfíor-thosach na sochraide do bhí beirt shagart – nó b’fhéidir gur draoithe ba chirte a thabhairt orthu. Bhí coróin de bhileoga an chrainn darach ar cheann agus slat bhán de shaileach lom i láimh gach duine acu. Ina dhiaidh san tháinig seisear maighdean óg chomh díreach leis na crainn ghiúise a bhí ar gach taobh acu. Bhíodar clúdaithe ó bhaithis go bonn i gcultacha bána agus ar nós na ndaoine eile do bhí na buí-chuacha acu scaoilte siar ar a slinneáin. Ar a gcaomh-ghuailne do bhí cróchar a raibh craobhacha giúise agus geal-bhlátha an earraigh scaipthe mórthimpeall air. Ar an bhfionn-iomdha so do bhí ina luí go fuar sa bhás an cailín úd a bhí fén am sin ag gabháil do phiseoga óir na sí i snámh na habhann i ngiorracht mhíle, nó mar sin, don charraig óna rabhas-sa féin ag breathnú ar an draíocht iontach so.

Ina luí ansan ar an gcróchar di níorbh aon chailín tuaithe í, ach banfhlaith álainn, uasal, mhaordha de chine an tseansaoil, cine a raibh forlámhas na tíre acu anallód. Bhí an línéadach a bhí casta timpeall uirthi chomh mín agus chomh bog le síoda. Bhí ór agus seóda ag spréacharnaigh fé sholas na dtóirse agus casta timpeall na géige deise aici do bhí nathair nimhe mór a deineadh d’ór buailte agus dhá chloch lómhara mar shúile ann agus deirge a lasrach méadaithe go hiontach ag gile na feola fuaire a bhí fútha. Bhí sé casta timpeall na láimhe ón gcaol go dtí an uillinn.

Ag siúl i ndiaidh an chróchair, culaith agus éide gaiscígh orm, an craoiseach iompaithe agam agus clogad sciathánach ar mo cheann do chonac, fé mar a chífinn in aisling de shaol éigin anallód, do chonac mé féin i m’ardfhlaith ríoga, uasal tráth a bhíos i m’fhear i saol na bhfear. Ó am go ham, de réir mar a bhí an tsochraid ag tarraingt ar bhéal na pluaise, do chínn mo shamhail ag tógaint a chinn d’fhonn féachaint trí cheo na ndeor a bhí fé chosc aige ar an bhfoirm chiúin, álainn úd a bhí chun imeacht uaidh isteach i mór-dhorchacht na pluaise. Beag an cuimhneamh a bhí an uair sin aige go dtiocfadh sí amach arís i gcionn na n-aois chun an cleamhnas ar chuir an bás deireadh leis a chomhlíonadh.

Mar sin os comhair mo shúl do ghluais an tsochraid an t-eanach síos go dtí gur shrois sí béal na pluaise. Deineadh dhá líne fhada di ansan, na fir ar thaobh agus na cailíní ar an taobh eile den chosán. Mar sin dóibh gur ghluais na sagairt agus maighdeana an chróchair isteach agus gur cailleadh ó radharc sa dorchacht iad. Ansan do casadh olagón uaigneach, doilbhir an chaointe ag osnaíl agus ag screadach trí ard-chiúnas an mheán oíche gur éalaigh na nótaí deireanacha leo ag gnúsacht go truamhéileach. Chuaigh lasair na tóirse in éag agus do fágadh mé, ag crith le fuacht agus le scanradh, i m’aonar ansan i gceart-lár na gceo-scamall a bhí ag scuabadh i mo thimpeall trasna chliatháin lom fuar na creige.

Ní fheadar ó thalamh an domhain conas a shroiseas mo bhothán ina dhiaidh sin. Ní cuimhin liom pioc i dtaobh m’aistear thar n-ais go dtí gur thugas fé ndeara go rabhas i mo sheasamh ag mo dhoras féin, ar linn don chéad amhascarnach a bheith ag scaipeadh scáil na hoíche ó bhéal an chairéil a bhí chomh cosúil i slí agus neamhchosúil i slí eile leis an bpluais úd inar cuireadh corp mo ghrá ina luí i bhfad siar anallód, in aois éigin atá dulta i ndearmad leis na céadta bliain.  Idir a bheith ag diúdarnaíl agus ag taibhreamh dom do bhaineas amach mo leaba agus do chaitheas mé féin uirthi d’fhonn néal éigin a fháil sula dtiocfadh grian na maidine ag glaoch arís orm chun saothair lae nua. 

Nuair a dhúisigh mé bhí sé ‘na lá geal agus ón dtaobh amuigh den fhuinneog do bhí glór croíléiseach mo Mháire ag glaoch orm agus ag tabhairt go binn fúm toisc an codladh go headra a bhí agam á dhéanamh agus á rá liom bualadh amach gan a thuilleadh moille chun go gcloisfinn scéal an tséin agus an tsonais a bhí i ndán dom.

Do léimeas amach de phreab, agus ina seasamh ansan os mo chomhair ag gáire fúm a bhí Máire féin, oidhre beo álainn an cailín eile úd a bhí ina codladh sa charraig lámh linn. Rugas barróg uirthi agus do phógas a dearg-bhéal úr, aibí. Do hardaíodh d’urchar mé go huaisleacht siar agus i nóiméad na baise do thuigeas go raibh cumhacht rúnda éigin ag ceangal ár n-anamacha le chéile trí saol na saol go dtí an nóiméad sin. Ní rabhas feasta i mo dhúr-sclábhaí gan dul á cúng-smaointe thar lá ar na máireach. Ba mise oidhre na n-aois ag féachaint siar thar na céadta bliain is ar na saolta go léir idir geal agus dorcha a chuireas díom agus mé am ullmhú féin i gcomhair na críche. Ní raibh an tuairim ba lú agam ar cad é an chríoch í. Go dtiocfadh sé gan aon teip, an t-aon eolas amháin a bhí agam ina thaobh.

Ní gá dom a rá nár dheineas aon obair an mhaidin sin. Chuas féin agus Máire ag bhálcaeracht tríd an ghleanna. D’inseas di scéal m’aislinge agus chuala uaithi tuairisc a heachtra san abhainn agus an t-eolas a fuair sí ó na sí. Agus ní raibh pioc d’ionadh orm nuair a chonacthas dom gurbh é céile mo scéil-se scéal Mháire.

Cuireadh in iúl di go raibh ciste óir agus séad curtha i bhfolach sa thalamh leis na ciana, spré chailín a fuair bás ar an lá a bhí ceapaithe chun a pósta. Cuireadh an spré sa tuama léi agus d’fhanfadh sí ann go dtí go nochtfadh lámha suiríoch arís é.

Tráthnóna an lae sin, seo thar n-ais ag triall ar an gcairéal mé agus chromas ar obair. D’oibríos go dian, dúthrachtach agus i bhfad níos dícheallaí ná mar a dheineas riamh roimhe sin. Do phollas romham isteach sa charraig in áit a bogadh le pléascadh an lá roimhe sin. Ina seasamh taobh liom do bhí Máire, a súile ag lonradh agus an dearg agus an bán ag déanamh uainíochta ar a chéile ina ceannaithe de réir mar a bhí an lámh uachtar ag a dóchas nó ag a heagla. Fé dheireadh do ghluais fuaim fholamh ón gcarraig fé bhuille de mo ringear agus ar ball do thug Máire fé ndeara tríd an scoilt a dheineas den iarracht san go raibh liag mhór leathan nochta agam.

Do scoireas de mo shaothar agus d’fhanamar araon inar seasamh ansan gan cor againn a chur dínn agus sinn ag crith le dóchas agus le heagla ag smaoineamh dúinn ar cad a gheobhaimís ar an dtaobh istigh den liag úd. Ansan d’fhill mo mhisneach orm. Thógas an ringear go hard os mo chionn agus sháigheas le lán-neart mo choirp an t-iarann idir an liag agus balla na carraige. D’éirigh an iarracht liom thar na bearta. Tháinig an liag anuas de phlab agus nochtadh láithreach dom béal na pluaise céanna dár leanas fadó riamh, riamh corp mo mhuirnín.

Do chrith mo lámh agus mé ag treorú Mháire go dtí an béal, mar bhíos cinnte dá raibh ina comhair ann. D’iompíos féin amach ar feadh tamaill agus d’fhágas ansan í, – cailín óg, álainn i mbláth a saol ag féachaint ar na séada a bhí modartha ag an aois agus iad clúdaithe ag iarsma a luaithrigh féin, an méid a bhí fágtha i ndiaidh na n-aoiseanna.

Tá an scéal beagnach inste agam. Éinne a ghráigh riamh go muiníneach agus a lean dílis dá ghrá go dtí gur tháinig toradh a mhuiníne chun críche agus gur deineadh deimhin dá dhóchas, léighfidh sé gan a thuilleadh focal uaim-se críoch an scéil. D’ardaíomar linn ár saibhreas idir ór agus séada gan aon scrupall, mar ba é ár gcuid féin é. Dhíolamar cúpla giota den ór le Iúdaigh i– Bhí a fhios againn go maith nár bhaol dúinn é mar fuair sé uainn é ar an gcúigiú cuid dá luach. Pósadh ansan sinn agus d’fhágamar slán is céad ag “bán-chnoic Éireann Ó” mar b’fheasach dúinn go mbainfeadh an dlí dínn an oidhreacht a choinnigh na carraigeacha i ngreim daingean, docht ar feadh na n-aois dúinn fad is a bhí dúil mhallaithe an duine sa mhiotal buí ag creachadh is ag réabadh an talaimh os a chionn, agus ag déanamh cogadh air agus éirligh sna ceithre hairde, gan sos gan faoiseamh ar an mioscais ón am úd fadó nuair a threoraíos féin laochra na bhfolt fada ag creachadh sna críocha imigéin, ag filleadh go caithréimeach le tréada agus le holl-mhaitheas na naimhde go dtí ár ndúthaigh cois na foraoise; an fhorais úd a raibh a crainn arda ina luaithreach measctha agus ath-mheasctha le luaithreach daoine dár sholáthraíodar fothain tráth i bhfad sular chuimhnigh an seanchaí ar sheanchas a scríobh.

Seán Ó Conchubhair.

Leave a Reply

Your email address will not be published.