Blaiseadh

An Páipéar Balla Buí

Bunscéal: The Yellow Wallpaper
Bunteanga: Béarla
Údar: Charlotte Perkins Gilman

Aistritheoir: Séamus Ó Coileáin

Is rí-annamh a éiríonn le gnáthdhaoine, dá leithéidí John agus mé féin, tithe móra a aimsiú don samhradh. Teach mór coilíneach, eastát oidhreachta, teach taibhsí go fiú, agus buaic an tsonais rómánsúil a bhaint amach – ach ba ró-éileamh ar an gcinniúint é an méid sin!

Mar sin féin, áiteoidh mé le teann bróid go bhfuil rud éigin aisteach faoi nó cad ina thaobh a mbeadh sé á ligean ar cíos chomh saor sin? Agus cad ina thaobh a raibh sé an fhaid sin gan éinne ag maireachtaint ann? Déanann John gáire fúm, dar ndóigh, ach bítear ag súil lena leithéid i bpósadh.

Duine fuaimintiúil amach is amach is ea John. Ní ghéilleann sé in aon chor don chinniúint, tá an ghráin aige ar an bpisreogacht, agus déanann sé gáire faoi nithe nach féidir a láimhseáil nó a fheiscint nó a bhreacadh síos ina bhfigiúirí.

Is dochtúir é John agus seans (ní bheadh sé de dhánaíocht ionam aon ní a rá le duine ar bith beo, gan amhras, ach is páipéar marbh é seo agus is mór an faoiseamh do m’intinn é), seans gur cúis amháin é sin nach dtagann biseach níos tapúla orm.

Ní chreideann sé go bhfuil breoiteacht orm. Agus cad is féidir le duine a dhéanamh? Má dhearbhaíonn dochtúir a bhfuil cáil mhaith air, fear céile an duine féin, má dhearbhaíonn sé do dhaoine muinteartha nach bhfuil aon ní ar an duine seachas lagbhrí shealadach neirbhíseach – claonadh beag chun baspairte – cad is féidir le duine a dhéanamh?

Is dochtúir é mo dheartháir, chomh maith, agus cáil mhaith air-sean leis, agus is é an port céanna a bhí aige-sean.

Dá bhrí sin, glacaim fosfáidí nó fosfaídí – pé ceann acu é, agus deochanna athbhríocha, agus téim ar thurasanna agus amach faoin aer agus déanaim aclaíocht, agus tá cosc iomlán ar ‘obair’ a dhéanamh nó go mbeidh mé ar mo sheanléim arís.

Ní aontaím féin in aon chor lena dtuairimí. Is dóigh liom féin go ndéanfadh obair thaitneamhach, a mbainfeadh fuinneamh agus athrú léi, an-mhaitheas dom.

Ach cad is féidir le duine a dhéanamh?

Scríobh mé liom ar feadh tamaill dá n-ainneoin; ach bím traochta go maith ina dhiaidh – go háirithe agus mé á dhéanamh i ngan fhios, nó bheidís ag cur i mo choinne go mór.

Is dóigh liom uaireanta dá mbeadh níos lú den chur i mo choinne ann agus níos mó den tsochaíocht agus den spreagadh – ach deir John gurb é an rud is measa a d’fhéadfainn a dhéanamh a bheith ag machnamh ar mo riocht leighis, agus ní mór dom a admháil go gcuireann sé lagmhisneach orm i gcónaí.

Ní bhacfaidh mé leis mar sin agus tráchtfaidh mé ar an teach.

Tá an áit go haoibhinn ar fad! Tá an teach suite siar ón mbóthar, as féin, um thrí mhíle ón sráidbhaile. Cuireann sé áiteanna i Sasana a léifí mar gheall orthu i gcuimhne dom óir tá fálta agus ballaí agus geataí a chuirtear faoi ghlas, agus go leor teachíní ar leithligh ann do na garraíodóirí agus do dhaoine.

Tá gairdín den scoth ann! A leithéid de ghairdín ní fhaca riamh – tá sé mór agus foscúil, lán de chosáin agus bosca-chiumhaiseanna ar feadh a gcolbhaí mar aon le crainn a bhfuil suíocháin fúthu.

Bhíodh tithe gloine ann tráth, ach briseadh an ghloine iontu go léir.

Bhí deacrachtaí dlí ann, de réir mar a thuigim; rud éigin faoi oidhrí agus chomh-oidirí; pé ar domhan é, tá an áit folamh le blianta anuas.

Loiteann sé sin an taibhsiúlacht, faraor, ach is cuma liom – tá rud éigin ait faoin teach – braithim é.

Dúirt mé a leithéid le John oíche amháin faoi sholas na gealaí, ach dúirt seisean gur séideán a bhraith mé agus dhún sé an fhuinneog.

Bíonn an ghoimh orm, go míréasúnta, le John uaireanta. Táim cinnte nach mbínn chomh mothálach sin. Baineann sé leis an riocht neirbhíseach seo, déarfainn.

Ach deir John má bhraithim mar sin, go ligfidh mé an féinsmacht i bhfaillí; dá bhrí sin déanaim mo dhícheall guaim a choinneáil orm féin – ina láthair, ar a laghad ar bith, agus cuireann sé sin an-tuirse orm.

Ní maith liom an seomra atá againn beag ná mór. Theastaigh ceann thíos staighre uaim a d’osclódh amach ar an piazza agus a raibh rósanna um an fhuinneog, agus a raibh crochtáin sheanfhaiseanta sions ann! Ach ní ghéillfeadh John.

Dúirt sé nach raibh aon aon fhuinneog amháin ann agus nach raibh spás ann do dhá leaba, agus nach raibh aon seomra eile béal dorais dá mbeadh a leithéid uaidh.

Tá sé an-chúramach agus an-ghrámhar, agus is ar éigean a bhíonn cead agam bogadh gan treoir faoi leith.

Tá an lá go léir leagtha amach go pointeáilte de réir uaireanta an chloig dom; ní bhíonn aon chúram orm agus braithim míbhuíoch toisc nach bhfuil meas níos mó agam ar mo sceideal.

Dúirt sé gur mar gheall ormsa a thángamar ann, gur chóir dom scíth cheart a ligean agus a oiread aeir agus arbh fhéidir liom a fháil. “Braitheann an aclaíocht a dhéanann tú ar do neart, a stór,” ar seisean, “agus do chuid bia ar do ghoile a bheag nó a mhór; ach is féidir leat aer a ionsú i rith an ama.” Dá bhrí sin, thógamar seomra na leanaí ar bharr an tí.

Seomra mór aerach, an t-urlár go léir nach mór, a bhí ann a raibh fuinneoga ag féachaint i ngach aon treo aige agus é lán d’aer agus de sholas na gréine. Naíolann a bhí ann ar dtúis, agus seomra spraoi agus seomra aclaíochta ansin, déanaim amach; óir tá barraí ar na fuinneoga agus tá fáinní agus nithe eile ar na ballaí.

Déarfá ón bpéint agus ón bpáipéar gur scoil buachaillí a bhí ann. Tá an páipéar stróicthe ina phaistí móra um cheann na leapa um fhad mo láimhe uaim agus ar an taobh eile den seomra in íochtar an bhalla. Ní fhaca mé páipéar chomh holc leis riamh. Ceann de na patrúin ró-mhaisitheach sin a sháraíonn gach riail ealaíne. Tá sé sách leamh nárbh fhéidir leis an tsúil é a leanúint, ach sách maisithe go gcuirfeadh sé isteach ar dhuine agus gur mhaith leis staidéar a dhéanamh air, agus nuair a leantar na cuartha leamha éiginnte tamall, tagann deireadh leo gan choinne – imíonn siad den bhalla ag uillinneacha áiféiseacha, scriosann siad iad féin agus téann siad in aimhréidh.

Chuirfeadh an dath múisiam ar dhuine lena ghránacht; buíocht shalach atá tréigthe mar gheall ar mhallchasadh na gréine. Tá dath flannbhuí leamh mílítheach air in áiteanna agus tá imir bhréan sulfair air in áiteanna eile. Is beag ionadh go raibh an ghráin ag na leanaí air! Bheadh an ghráin agam féin air, leis, dá mbeadh orm maireachtáil tamall sa seomra seo.

Chugam anois John agus ní mór dom é seo a chur i leataobh – is fuath leis mo bheith ag scríobh.

*       *             *             *             *

Tá coicís caite anseo againn, agus ní raibh aon fhonn scríbhneoireachta orm ón lá sin go dtí seo. Táim i mo shuí cois fuinneoige anois, thuas sa naíolann uafásach, agus níl aon ní a chuirfeadh bac leis an scríbhneoireacht, seachas easpa nirt. Bíonn John imithe leis i rith an lae agus san oíche uaireanta nuair a bhíonn na cásanna tromchúiseach.

Tá áthas orm nach cás tromchúiseach é mo chás-sa!

Ach cuireann na trioblóidí neirbhíse seo lagbhrí cheart orm. Níl a fhios ag John i ndáiríre an fhulaingt a dhéanaim. Tá a fhios aige ach bhfuil aon chúis fulaingthe ann, agus sásaíonn an méid sin é.

Níl ann ach neirbhíseacht, dar ndóigh.  Cuireann sé isteach orm nach féidir liom mo dhualgas a dhéanamh ar bhealach ar bith! Bhí sé i gceist agam cabhrú le John agus seo anois mé i m’ualach air cheana féin!

Ní chreidfeadh éinne an iarracht a chaithim leis an méid is féidir liom a dhéanamh, dá laghad é, idir ghléasadh agus chomhluadar a choinneáil le daoine agus rudaí a ordú.

Is iontach go bhfuil Mary chomh maith sin leis an leanbh. An leanbh dil! Agus mar sin féin, ní féidir liom a bheith leis – éirím neirbhíseach.

Is dócha nach raibh John neirbhíseach riamh ina shaol. Déanann sé gáire fúm mar gheall ar an bpáipéar balla seo!

Bhí sé i gceist aige páipéar eile a chur ar bhallaí an tseomra ar dtús, ach ina dhiaidh sin dúirt sé go raibh mé ag ligean dó an ceann is fearr a fháil orm, agus nach bhfuil rud is measa a dhéanfaí le hothar atá neirbhíseach ach géilleadh dá chuid nóisean. Ach a n-athrófaí an páipéar balla, a dúirt sé, ba é an chéad rud eile go gcaithfí stoc trom na leapa a athrú, agus ansin na fuinneoga agus na barraí, agus ansin an geata ag barr an staighre, agus mar sin de.

“Tá an teach ag déanamh maitheasa duit,” ar seisean, “agus i ndáiríre, a stór, ní theastaíonn uaim an teach a athchóiriú agus gan ach léas trí mhí againn.”

“Bogaimis síos staighre mar sin,” arsa mise, “tá seomraí áille thíos ann.”

Thóg sé ina bhaclainn ansin mé agus thug sé ‘a lao geal’ orm, agus dúirt se go bhféadfaimis dul síos sa síléar dá mba mhian liom agus é a aoldathú freisin.

Ach tá an ceart aige faoi na leapacha agus na fuinneoga agus nithe eile. Is seomra aerach agus compordach é a shásódh duine ar bith agus ní bheinn chomh baoth sin is go dtarraingeoinn míchompord air de réir mar a bhualann an spadhar mé.

Tá an seomra mór sin ag dul i gcion orm i ndáiríre, seachas an páipéar ainnis sin. Tá radharc ar an ngairdín agam as fuinneog amháin, ar a crainn rúndiamhara dubhscáthaithe sin, ar na bláthanna seanfhaiseanta, ar na sceacha agus ar an gcrannra.

Tá radharc aoibhinn ar an mbá agam as fuinneog eile agus ar ché bheag phríobháideach a bhaineann leis an eastát. Tá lána álainn scáthaithe a shíneann síos ón teach chuige. Samhlaítear dom go mbíonn daoine ag siúl ar an iliomad cosán seo i measc an fhásra, ach thug John rabhadh dom gan géilleadh don tsamhlaíocht beag ná mór. Dúirt sé, i bhfianaise na samhlaíochta iontaí atá agam agus gur béas liom a bheith ag scéalaíocht, gur cinnte go n-eascródh gach sórt tuairime as laige neirbhíseach ar mo dhála féin, agus gur chóir dom mo chiall agus mo thoil a úsáid chun an nós sin a chur faoi smacht. Dá bhrí sin, déanaim iarracht.

Is dóigh liom uaireanta dá mbeinn sách folláin go bhféadfainn beagán a scríobh go maolódh sé brú na tuairimíochta agus go bhféadfainn mo scíth a ligean. Ach is amhlaidh a thagann tuirse orm nuair a dhéanaim an iarracht sin.

Cuireann sé lagmhisneach orm nach bhfuil aon chomhairle ná comhluadar agam faoi mo chuid oibre. Ach a mbeidh feabhas ceart orm, deir John go dtabharfaimid mo chol ceathrair Henry agus Julia anseo ar chuairt fhada; ach deir sé gurbh fhearr leis tinte ealaíne a chur faoin bpilliúr agam ná a ligean dom na daoine spreagthacha sin a bheith umam.

Faraor nach féidir liom dul chun téarnaimh go tapa.

Ach níor chóir dom smaoineamh air sin. Féachann an páipéar seo orm amhail is go bhfuil a fhios aige go bhfuil sé ag cur isteach orm!

Tá spota atá ann arís agus arís eile mar a dtiteann an patrún amhail muinéal briste agus mar a stánann dhá shúil bhoilgeogacha bunoscionn orm.

Cuireann a dhánaíocht agus a bhuanaíocht isteach orm. Tá siad ag snámhaíl suas agus síos agus cliathánach agus tá na súile áiféiseacha siarleata sin ar fud an bhaill. Tá áit amháin ann, nár meaitseáladh dhá rolla páipéir agus tá súil amháin beagán níos airde ná an tsúil eile ar feadh na líne síos suas.

A leithéid de dhreach ní fhaca ar aon ní neamhbheo riamh, agus tá a fhios againn go maith an dreach a bhíonn ar a leithéid! Bhínn ag luí ann i mo dhúiseacht agus mé i mo leanbh agus ba mhór an tsiamsaíocht agus an scaoll a bhaininn as ballaí bána agus as troscán neamaisithe ná mar a bhainfeadh formhór leanaí as siopa bréagán.

Is cuimhin liom an caoinchaochadh súl a dhéanadh murláin an tseanbiúró mhóir agus bhíodh cathaoir amháin ann a bhí mar a bheadh cara láidir i gcónaí. Bhraithinn dá mbíodh cuma rófhíochmhar ar aon ní eile go bhféadfainn léim isteach sa chathaoir sin agus go mbeinn slán sábháilte.

Níl aon ní mícheart leis an troscán sa seomra seo ach amháin nach luíonn na píosaí lena chéile, óir bhí orainn an troscán a thabhairt aníos an staighre. Ní foláir nó go raibh orthu earraí na naíolainne a bhaint amach nuair a bhí an seomra ina sheomra spraoi agus ní haon ionadh é sin. Ní fhaca riamh aon réabadh mar a rinne na leanaí ann.

Mar a dúirt mé cheana, tá an páipéar stróicthe den bhalla anseo agus ansiúd agus ní foláir nó gur leanaí díograiseacha iad óir greamaíodh go dlúth den bhalla é.

Tá scríoba ar an urlár agus gága agus scealpa bainte amach as, agus tá an plástar féin mantach anseo agus ansiúd agus tá an chuma ar an leaba mhór throm seo, nach raibh sa seomra ach í, nár caitheadh go ró-aireach léi.

Ach is cuma liom i ndáiríre, seachas an páipéar.

Seo chugam deirfiúr John. Is iontach an cailín ionúin í agus tugann sé aire na huibhe dom! Nár fheice sí ag scríobh mé,

Is iontach agus is díograiseach an cailín tí í agus níl de mhian aici mar ghairm ach obair thí.  Creideann sí ina croí gurb í an scríbhneoireacht atá ag cur breoiteachta orm! Ach is féidir liom a bheith ag scríobh liom agus í amuigh agus í a fheiceáil chugam i gcéin trí na fuinneoga seo. Tá fuinneog amháin ann a bhfuil radharc ar an mbóthar aisti – bóthar aoibhinn lúbarnach scáthaithe – agus tugann ceann eile radharc na dúithí. Is aoibhinn an dúiche í, freisin, lán de leamháin agus de mhóinéir bheilbhite.

Tá mar a mbeadh fo-phatrún ar a bhfuil dath difriúil ar an bpáipéar balla, patrún a chuireann isteach go mór orm óir ní féidir é a fheiceáil ach faoi sholas áirithe agus ní léir an uair sin féin é. Ach sna háiteanna sin nach bhfuil an patrún tréigthe, mar a mbíonn solas na gréine díreach ceart, is féidir liom deilbh aisteach, bhriogtha, éagruthach a fheiceáil go slítheánta laistiar den dearadh amaideach feiceálach sin.

Sin anois í an deirfiúr ar an staighre!

*       *             *             *             *

Bhuel, tá an ceathrú lá de mhí Iúil caite. Tá na daoine go léir bailithe leo agus táim traochta tnáite. Mheas John go ndéanfadh sé maitheas dom beagán comhluadair a bheith agam, agus tháinig mo mháthair agus Nellie agus na leanaí anseo don tseachtain. Ní dhearna mise aon ní. Is í Jennie a dhéanann gach rud anois. Ach tá tuirse orm mar sin féin.

Deir John mura dtaga biseach orm níos tapúla go seolfaidh sé go Weir Mitchell san fhómhar mé. Ach ní mian liom dul ann in aon chor. Bhí cara agam a bhí faoina chúram tráth agus deir sí nach bhfuil aon oidhre air ach John agus mo dheartháir, ach níos diongbháilte!

Anuas air sin, is mór an badar é dul chomh fada sin ó bhaile. Braithim nach fiú dom tabhairt faoi aon ní a dhéanamh agus tá an-imní agus cantal ag teacht orm.

Déanaim gol gan chúis, formhór an ama.

Ní dhéanaim é sin nuair a bhíonn John anseo, ná éinne eile, ach nuair a bhím asam féin. Bím asam féin cuid mhaith den am anois. Coinníonn cásanna tromchúiseacha John faoin mbaile, agus is maith í Jennie a ligeann liom nuair is mian liom é.

Déanaim siúlóid bheag sa ghairdín nó síos an lána sin, suím ar an bpóirse faoi na rósanna, agus luím siar cuid mhaith anseo thuas.

Táim ag éirí an-cheanúil ar an seomra in ainneoin an pháipéir bhalla. Mar gheall ar an bpáipéar balla, b’fhéidir.

Luíonn sé ar m’intinn!

Luím anseo ar an leaba mhór dho-bhogtha seo – tá tairní á coinneáil socair, is dóigh liom – agus leanaim an patrún sin in aghaidh na huaire. Tá sé chomh maith le lúthchleasaíocht, geallaim duit. Tosaím, cuir i gcás, ag an mbun, thíos sa chúinne thall ansin áit nár teagmhaíodh dó, agus cinnim don mhíliú babhta go leanfaidh mé an patrún gan dealramh sin go ceann scríbe éigin.

Tá beagán eolais agam ar phrionsabal an dearaidh, agus tá a fhios agam nár leagadh an rud sin amach de réir aon dlí a bhain le gathaíocht, ná le hailtéarnú, ná le hathfhilleadh, ná le siméadracht ná le haon ní eile ar ar chuala mé trácht.

Feictear an patrún arís, gan amhras, de réir gach leithid, ach ní ar aon bhealach eile.

Má fhéachtar air ar bhealach amháin patrún ann féin is ea gach leithead, síneann na cuartha agus na maisiúcháin – mar a bheadh “rómhánúlachas díblí” ag a bhfuil delirium tremens – go lúbarnach síos suas i gcolúin ar leithligh baothántachta.

Ach ar an lámh eile, nascann siad lena chéile go fiar, agus síneann na himlínte liobarnacha ina dtonnta móra claonta an amharc-uafáis, mar a bheadh mogalra feamainne.

Síneann an rud go léir trasna go cothrománach, freisin, nó tá an chuma sin air, ach tagann tuirse orm nuair a dhéanaim iarracht an t-ord a dhéanamh amach sa treo sin.

D’úsáid siad leithead cothrománach frís, rud a chuireann go mór leis an mearbhall. Ag ceann amháin an tseomra tá an páipéar slán, a bheag nó a mhór, agus san áit sin nuair a lagaíonn na tras-soilse agus nuair a scalann an ghrian íseal air go díreach, samhlaítear dom go bhfeicim gathaíocht – is cosúil go gcruinníonn an mogalra uafásach um lár coiteann agus go síneann siad de ruathar ina línte mearaí.

Tagann tuirse orm nuair a dhéanaim iarracht iad a lanúint. Beidh néal agam, déarfainn.

*       *             *             *             *

Níl a fhios agam cén fáth ar chóir dom é seo a scríobh.

Ní theastaíonn uaim é a dhéanamh.

Ní bhraithim in ann dó.

Tá a fhios agam go gceapfadh John go bhfuil sé áiféiseach. Ach ní mór dom a mbraithim agus a gceapaim a chur in iúl ar bhealach éigin – is mór an faoiseamh é!

Ach is mó an iarracht ná an faoiseamh.

Bím an-leisciúil leath an ama anois, agus luím siar go minic.

Deir John nár chóir dom mo neart a chailliúint agus d’iarr sé orm ola ae troisc agus go leor deochanna athbhriocha agus nithe eile a thógáil, gan trácht ar leann agus ar fhíon agus ar fheoil amh.

John ionúin! Tá grá mór aige dom, agus is fuath leis mo bheith tinn. Rinne mé iarracht comhrá réasúnta dáiríre a dhéanamh leis an lá cheana, agus a rá leis gur mian liom go ligfeadh sé dom cuairt a thabhairt ar mo chol ceathrair Henry agus Julia.

Ach dúirt sé nárbh fhéidir liom dul, ná é a sheasamh dá rachainn ann; agus ní dhearna mé cás maith dom féin, óir bhí na deora liom sula raibh deireadh le mo chuid cainte.

Tá sé ag dul an-dian orm léirmhachnamh a dhéanamh. An laige neirbhíseach is cúis leis is dócha.

Agus thóg John dil ina bhaclainn mé agus thóg sé in airde staighre mé agus leag sé ar an leaba mé, agus shuigh sé liom agus léigh sé dom nó gur tháinig tuirse ar mo cheann.

Dúirt sé liom gur mise ‘a lao geal’ agus a chompord agus gach a raibh aige, agus gur chóir dom aire a thabhairt dom féin ar a shon agus a bheith slán.

Deir sé nach féidir le duine ar bith, seachas mé féin, cuidiú liom teacht amach as, gur chóir dom mo dhiongbháilteacht agus m’fhéinsmacht a úsáid agus gan ligean do smaointe baotha an ceann is fearr a fháil orm.

Sólás amháin atá agam is ea go bhfuil an leanbh slán agus sona, agus nach gá dó a bheith sa naíolann seo leis an bpáipéar balla gránna. Ach gur bhaineamar féin úsáid as, bheadh an leanbh beannaithe sin istigh ann! Nach air-sean a bhí an t-ádh. Ní thabharfainn ar leanbh liom, ruidín beag sochomhairlithe, maireachtáil ina leithéid de sheomra ar ór ná ar airgead.

Níor chuimhnigh mé air roimhe seo ach ba mhaith gur choinnigh John anseo mé, is furasta i bhfad domsa an páipéar a sheasamh ná mar a dhéanfadh leanbh, an dtuigeann tú.

Ní deirim aon ní leo a thuilleadh – táim róghlic chuige – ach coinním súil ar chúrsaí mar sin féin.  Tá nithe sa pháipéar sin nach eol d’éinne ach dom féin, agus nárbh eol dóibh choíche. Is é an cruth céanna a bhíonn ann i gcónaí ach é imithe i líonmhaire. Tá sé mar a bheadh bean a bheadh ar a cromadh agus a bheadh ag téaltú laistiar den phatrún sin. Ní maith liom beag ná mór é. N’fheadar, arsa mise liom féin – faraor nach dtabharfadh John ón áit seo mé!

*       *             *             *             *

Tá sé rídheacair labhairt le John faoi mo chás toisc go bhfuil sé chomh stuama sin agus toisc go bhfuil cion aige orm. Ach rinne mé iarracht aréir. Bhí solas na gealaí ann. Scalann solas na gealaí isteach umainn faoi mar a dhéanann solas na gréine. Is fuath liom é a fheiceáil uaireanta, toisc go dtéaltaíonn sé isteach chomh mall sin, agus go dtagann sé isteach fuinneog amháin nó eile i gcónaí.

Bhí John ina chodladh agus ba leasc liom é a dhúiseacht, agus dá bhrí sin d’fhan mé socair agus d’fhair mé solas na gealaí a bhí ag taitneamh ar an bpáipéar balla rocach nó gur tháinig driuch ionam. D’éirigh mé ón leaba i ngan fhios agus chuaigh mé anonn go mbraithfinn agus go bhfeicfinn an raibh an páipéar ag bogadh i ndáiríre, agus nuair a d’fhill mé bhí John ina dhúiseacht.

“Cad atá ar siúl, a bheainín?” ar seisean. “Ná bí ag siúl thart mar sin – tiocfaidh slaghdán ort.”

Mheas mé go raibh an uain cheart agam chun cainte agus dúirt mé leis nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh agam anseo, agus gur mhian liom go dtabharfadh sé ón áit mé.

“A stór,” ar seisean, “beidh deireadh leis an léas faoi cheann trí seachtaine agus ní fheicim conas is féidir linn imeacht roimhe sin. Ní dhearnadh na deisiúcháín sa bhaile, agus ní féidir liom an baile mór a fhágáil anois. Dá mbeifeá i mbaol, gan amhras, dhéanfainnn é, ach tá feabhas tagtha ort, a chroí, pé acu a fheiceann tú é nó nach bhfeiceann. Is dochtúir mé, a stór, agus tá a fhios agamsa é. Tá tú ag cur meáchain ort agus tá dath i do leicne, tá goile níos fearr agat, agus níl an imní chéanna orm fút.”

“Níl puinn meáchain sa bhreis orm,” arsa mise, “agus seans go bhfuil mo ghoile níos fearr um thráthnóna nuair a bhíonn tusa anseo, ach is measa ar maidin é nuair a bhíonn tú imithe!”

“Nár laga Dia a croí!” ar seisean agus rug sé barróg mhór om, “beidh sí breoite mar is mian léi féin! Ach cuirimis feabhas ar uaireanta sin an tsolais ach dul a chodladh anois, agus labhairt faoi ar maidin!”

“Agus ní imeoidh tú?” arsa mise go lagbhríoch.

“Conas is féidir liom é sin a dhéanamh, a stór? Níl ann ach trí seachtaine eile agus rachaimid ar thuras breá ansin ar feadh cúpla lá fad a bheidh Jennie ag réiteach an tí. Tá biseach ort i ndáiríre, a stór!”

“Biseach colainne, b’fhéidir–” arsa mise ach stad mé ansin, óir shuigh sé aniar sa leaba agus thug sé féachaint chomh dian agus chomh cáinteach sin orm nárbh fhéidir liom focal eile a rá.

“A stór,” ar seisean, “Impím ort, ar mo shon-sa agus ar son an linbh, agus ar do shon féin, gan ligean don tuairim sin teacht isteach i do cheann ar feadh soicind fiú! Níl rud is contúirtí ná is mealltaí ná é do mheon de do leithéid-se. Tuairim bhaoth agus bhréagach atá ann. Nach féidir leat iontaoibh a chur ionam, i mo cháil dochtúra, nuair a deirim leat é?”

Ní dúirt mé a thuilleadh faoin ábhar sin gan amhras, agus níorbh fhada gur thit ár gcodladh orainn. Mheas seisean go raibh mé i mo chodladh roimhe ach ní raibh, agus luigh mé ann ar feadh uaireanta an chloig ag iarraidh a dhéanamh amach an mbogadh an patrún tosaigh agus an patrún cúil le chéile i ndáiríre nó astu féin.

*       *             *             *             *

Ar phatrún dá leithéid seo, baineann easnamh seichimh leis faoi sholas an lae, sárú dlí a chuireann isteach de shíor ar intinn normálta.

Tá an dath sách gránna, agus sách mírialta, agus sách mearaitheach, ach is céasadh ceart é an patrún.

Is dóigh leat go bhfuil máistreacht agat air, ach díreach agus rath ort á leanúint, ais-iompaíonn sé de tóin thar ceann agus siúd thú. Tugann sé leiceadar duit, leagann sé thú, agus satlaíonn sé ort. Níl aon oidhre air ach drochbhrionglóid.

Patrún craobhach bláthanna atá sa phatrún lasmuigh, mar a bheadh fungas. Samhlaigh púca peill in ailt, sraith shíoraí púcaí peill, iad ag borradh agus ag péacadh ina mogalraí éigríochta – sin a shamhlaoid, de shórt.

Is é sin, uaireanta!

Baineann suntas ait amháin leis an bpáipéar seo, rud nach bhfeiceann éinne, is cosúil, ach mé féin, is é sin go n-athraíonn sé de réir mar a athraíonn an solas.

Nuair a scalann an ghrian isteach tríd an bhfuinneog thoir – bím ag faire amach don chéad léas fada díreach solais sin – athraíonn sé chomh tapaidh sin gur deacair liom é a chreidiúint.

Sin é an fáth a mbím á fhaire.

Ní bheadh a fhios agam gurbh é an páipéar céanna in aon chor é faoi sholas na gealaí, a scalann isteach i rith na hoíche go léir nuair a bhíonn an ghealach ina suí.

Um oíche, faoi sholas de chineál ar bith, san eadarsholas, faoi sholas coinnle, faoi sholas lampa, agus faoi sholas na gealaí, rud is measa fós, iompaíonn sé ina bharraí! Is é sin an patrún lasmuigh, agus an bhean laistiar de le feiceáil go follasach.

Níor thuig mé ar feadh i bhfad cad é an rud sin a bhí le feiceáil laistiar de, an fo-phatrún doiléir sin, ach táim ionann is cinnte de anois gur bean atá ann.

Bíonn sí ciúin cloíte faoi sholas an lae. Ní foláir nó gur patrún é a choinníonn socair í. Is ait liom é. Coinníonn sé socair mé ar feadh uaireanta an chloig.

Luím siar go mion minic anois. Deir John go ndéanann sé maitheas dom, agus gur chóir dom a oiread codlata agus is féidir a fháil. Leoga, eisean a thosaigh an nós ach a n-iarradh sé orm luí siar ar feadh uair an chloig tar éis gach béile. Táim cinnte de gurb olc an nós é, óir ní chodlaím, an dtuigeann tú.

Agus cothaíonn sé sin an bhréagadóireacht, óir ní deirim leo go bhfuilim i mo dhúiseacht – ní deirim mhuis!

Tá eagla ag teacht orm roimh John. Bíonn aiteas ag baint leis uaireanta, agus bíonn dreach do-mhínithe ar Jennie, fiú.

Ritheann sé liom, anois agus arís, amhail hipitéis eolaíochta, gurb é an páipéar is cúis leis i ndáiríre!

D’fhair mé John nuair nach raibh a fhios aige go raibh mé ag féachaint air agus tháinig mé isteach sa seomra de gheit gan ach an leithscéal is neafaisí agam, agus rug mé air roinnt babhtaí agus é ag féachaint ar an bpáipéar! Agus Jennie chomh maith. Rug mé ar Jennie babhta agus a lámh aici air.

Ní raibh a fhios aici go raibh mé sa seomra agus nuair a cheistigh mé í de ghlór íseal, an-íseal, chomh stuama agus a d’fhéadfainn, féachaint a raibh ar siúl aici leis an bpáipéar – thiontaigh sí amhail is gur rug mé uirthi le linn gadaíochta, agus cuma sách feargach uirthi – agus d’fhiafraigh sí díom cén fáth a mbainfinn geit aisti mar sin!

Dúirt sí ansin gur fhág an páipéar smál ar gach ar theagmhaigh sé de, agus gur aimsigh sí smálta ar mo chuid éadaí go léir agus ar éadaí John, agus gur mhian léi go mbeimis ní ba chúramaí!

Nár shoineanta é sin? Ach tá a fhios agam go raibh staidéar á dhéanamh ar an bpatrún aici, agus táim meáite nach bhfaighfidh éinne amach ach mé féin!

*       *             *             *             *

Tá an saol i bhfad níos spreagúla anois ná mar a bhíodh. Tá rud eile agam a mbeinn ag súil leis, ag tnúth leis, ag faire air. Is fearr a ithim agus táim níos ciúine ná mar a bhínn.

Tá ríméad ar John go bhfuil biseach orm! Rinne sé gáire beag an lá cheana, agus dúirt sé go raibh an chuma air go raibh ag éirí thar barr liom in ainneoin an pháipéir bhalla.

Rinne mé neamhaird de le gáire. Ní raibh aon dul go ndéarfainn leis gur de bharr an pháipéir bhalla é – bheadh sé ag fonóid fúm. Seans gur mhian leis mé a thabhairt ón áit.

Ní mian liom an áit a fhágáil anois nó go bhfaighe mé amach é. Tá seachtain fágtha agam agus is dóigh liom gur leor an méid sin.

*       *             *             *             *

Braithim i bhfad níos fearr! Ní chodlaím an oiread sin san oíche, óir is rud an-spéisiúil é an dul chun cinn a fhaire; ach déanaim go leor codlata i rith an lae.

Is díol tuirse agus mearbhaill i rith an lae é.

Bíonn bachlóga nua ar an bhfungas i gcónaí, agus líocha nua buí ar fud an bhaill. Is deacair liom cuntas a choinneáil orthu, cé go ndearna mé mo sheacht ndícheall.

Is aisteach an dath buí é sin atá ar an bpáipéar balla. Cuireann sé gach rud buí a chonaic mé riamh i gcuimhne dom – ní na rudaí áille dá leithéidí lus an ime, ach rudaí bréana ainnise buí.

Ach rud eile mar gheall ar an bpáipéar sin – an boladh! D’airigh mé é an chéad uair a thángamar isteach sa seomra, ach toisc go raibh an oiread san aeir agus gréine ann ní raibh sé chomh holc sin. Bhí ceobhrán agus báisteach againn le seachtain anuas, agus pé acu a bhíonn na fuinneoga ar oscailt nó nach mbíonn, bíonn an boladh ann.

Síothlaíonn sé ar fud an tí. Aimsím é agus é ar foluain sa seomra bia, ag crochadh thart sa pharlús, i bhfolach sa halla, ag déanamh luíocháin orm ar an staighre.

Téann sé isteach i mo chuid gruaige.

Fiú amháin nuair a théim ag marcaíocht, nuair a chasaim mo chloigeann de gheit agus a thagaim aniar aduaidh air – bíonn an boladh sin ann!

Is aisteach an boladh é, freisin! Chaith mé uaireanta an chloig ag iarraidh anailís a dhéanamh air, ag iarraidh a chomhbholadh a aimsiú.

Níl sé chomh holc sin – ar dtús, agus bíonn sé sách séimh, ach is é an boladh is buanaí, is leimhe a fuair mé riamh. San aimsir thais seo is ainnis an boladh é, dúisím san oíche agus braithim ar foluain os mo chionn é.

Chuireadh sé isteach orm ar dtús. Chuimhnigh mé go dáiríre ar an teach a dhó – chun an boladh a dhíothú.

Ach tá taithí agam anois air. Is é an t-aon chosúlacht atá air dath an pháipéir! Dath buí.

Tá smál aisteach ar an mballa seo, thíos ina íochtar, gar don chlár sciorta. Stríoc a shíneann timpeall an tseomra. Téann sé laistiar de gach ball troscáin, seachas an leaba, smál fada díreach cothrom, amhail is gur cuimlíodh arís agus arís eile é.

N’fheadar conas a rinneadh é nó cé a rinne é nó cad chuige a ndearnadh é. Timpeall agus timpeall agus timpeall – timpeall agus timpeall agus timpeall – cuireann sé mearbhlán orm!

D’aimsigh mé rud éigin i ndeireadh na dála.

Tar éis a bheith á fhaire an oiread sin san oíche, nuair a athraíonn sé, fuair me amach ar deireadh é.

Is amhlaidh a bhogann an patrún tosaigh – agus ní haon ionadh é! Croitheann an bhean atá laistiar de é!

Is dóigh liom uaireanta go bhfuil roinnt mhaith ban laistiar de, agus uaireanta nach bhfuil ach bean amháin ann, agus imíonn sí timpeall de lámhacán tapaidh agus croitheann an lámhacán sin ar fud an bhaill é.

Ansin, sna paistí sin is gile fanann sí socair, agus sna paistí is scáthaithe beireann sí greim ar na barraí agus croitheann sí go fíochmhar iad.

Bíonn sí ar a dícheall i gcónaí ag iarraidh dreapadh amach tríothu. Ach ní fhéadfadh éinne dreapadh amach tríd an bpatrún sin – tachtann sé; Sin é an fáth a bhfuil an oiread sin cloigne aige, is dócha.

Sáitear amach iad agus scoitheann an patrún iad agus iompaíonn sé bunoscionn iad, agus téann a súile i mbáine!

Dá mbainfí na cloigne sin nó dá gclúdófaí iad, ní bheadh sé leath chomh holc sin.

*       *             *             *             *

Is dóigh liom go dtagann an bhean sin amach i rith an lae! Agus inseoidh mé duit cén fáth – go príobháideach – chonaic mé í! Is féidir liom í a fheiceáil amach as gach fuinneog! Tá a fhios agam gurb í an bhean chéanna í, óir bíonn sí ag téaltú léi i gcónaí, agus ní bhíonn gnáthmhná ag téaltú faoi sholas an lae.

Feicim ar an lána fada scáthaithe sin í, ag téaltú suas síos. Feicim i measc na gcrann dorcha fíniúna í, agus í ag téaltú ar fud an ghairdín.

Feicim í ar an mbóthar fada sin faoi na crainn, í ag téaltú léi, agus nuair a thagann carráiste an tslí téann sí i bhfolach faoi na fíniúnacha.

Ní thógaim uirthi é, óir ní foláir go bhfuil náire uirthi a bheith ag téaltú léi mar sin faoi sholas an lae!

Cuirimse glas ar an doras i gcónaí nuair a bhím ag téaltú faoi sholas an lae. Ní féidir liom é a dhéanamh i rith na hoíche óir bheadh amhras ar John láithreach.

Tá John aisteach i láthair na huaire, agus ní mian liom cur isteach air. Faraor nach dtéann sé isteach i seomra eile! Pé scéal é, ní mian liom go dtógfadh éinne an bhean sin amach san oíche ach mé féin.

N’fheadar uaireanta an féidir liom í a fheiceáil as na fuinneoga go léir in aon iarracht amháin.

Ach dá ghasta a thiontaím, ní féidir liom ach féachaint amach aon fhuinneog amháin san am. Agus cé go bhfeicim i gcónaí í, seans go bhfuil sí in ann téaltú níos tapúla ná mar is féidir liomsa tiontú!

D’fhéach mé uirthi uaireanta agus í i bhfad i gcéin uaim faoin tuath, agus í ag téaltú chomh gasta le scáth scamaill faoi ghaoth ard.

*       *             *             *             *

Faraor nach féidir an patrún bairr a bhaint den cheann atá faoi! Tá fúm iarracht a dhéanamh de réir a chéile.

Fuair mé rud suntasach eile amach, ach ní inseoidh mé anois é! Ní fiú an iomad muiníne a chur i ndaoine.

Níl ach dhá lá eile agam chun an páipéar seo a bhaint, agus is dóigh liom go bhfuil John á thabhairt faoi deara. Ní maith liom an fhéachaint atá ina shúile.

Chuala mé é agus go leor ceisteanna gairmiúla á gcur aige fúm. Thug sí tuairisc an-mhaith orm. Dúirt sí go gcodlaínn cuid mhaith den lá.

Tá a fhios ag John nach gcodlaím go ró-mhaith san oíche, in ainneoin a chiúine a bhím! Chuir sé go leor ceisteanna orm, freisin, agus lig sé air a bheith grámhar agus cineálta. Amhail is go gcuirfeadh sé an dullamallóg ormsa!

Mar sin féin, ní haon ionadh é go mbeadh an t-iompar sin faoi agus é ina codladh faoin bpáipéar sin le trí mhí anuas.

Mise amháin a chuireann spéis ann, ach táim cinnte de go gcuireann sé isteach ar John agus ar Jennie i ngan fhios.

*       *             *             *             *

Hurá! Is é an lá inniu an lá deiridh, ach is leor é. Tá John le fanacht sa bhaile mór thar oíche, gan imeacht go dtí an tráthnóna.

Theastaigh ó Jennie codladh sa seomra liom – an bhéaróg chleasach! Ach dúirt mé léi gurbh fhearr an codladh a gheobhainn asam féin ar feadh na hoíche.

Ba ghlic an mhaise dom é sin, óir ní raibh mé asam féin i ndáiríre! Níor thúisce a scal solas na gealaí isteach ná gur thosaigh an duine bocht ag lámhacán agus ag croitheadh an phatrúin. D’éirigh mé agus rith mé anonn go dtabharfainn lámh chúnta di.

Tharraing mise agus chroith sise, chroith mise agus tharraing sise, agus sular breacadh an lá bhí roinnt slat den pháipéar scafa againn.

Stráice a bhí ar comhairde le mo chloigeann, a shín leathshlí timpeall an tseomra.

Agus nuair a scal a ghrian agus nuair a thosaigh an patrún sin ag gáire fúm, mhóidigh mé go gcríochnóinn inniu é!

Imeoimid linn amárach, agus tá mo chuid troscáin go léir á mbogadh síos staighre acu mar a raibh siad nuair a thángamar.

D’fhéach Jennie ar an mballa agus ionadh uirthu, ach dúirt mé léi go ndearna mé le teann oilc lena ainnise a bhí sé.

Rinne sí gáire agus dúirt sí gur chuma léi féin a rud céanna a dhéanamh, ach nár chóir dom tuirse a chur orm féin.

Nach iontach mar a sceith sí uirthi féin an uair sin!

Ach táim anseo, agus ní leagfaidh éinne lámh ar an bpáipéar seo ach mise – ní ina mbeo pé scéal é!

Rinne sí iarracht mé a chur amach as an seomra – ba rí-léir é! Ach dúirt mise go raibh sé chomh ciúin agus chomh folamh agus chomh glan sin um an dtaca sin go luífinn siar arís agus go bhfaighfinn mo sháith codlata; agus gan mé a dhúiseacht, fiú amháin don dinnéar – go gcuirfinn fios uirthi nuair a dhúiseoinn.

Tá sí imithe léi anois, agus tá na seirbhísigh imithe, agus tá na rudaí imithe, agus níl a dhath fágtha ach an fráma mór leapa sin a bhí greamaithe den urlár le tairní, agus an tocht canbháis air mar a fuaireamar é.

Codlóimid thíos staighre anocht agus rachaimid abhaile ar an mbád amárach.

Is maith liom an seomra anois go bhfuil sé folamh arís.

Nach mór a réabadh a rinne na leanaí sin sa seomra. Tá mantaí bainte as ceann na leapa.

Ach ní mór dom cur chun oibre. Chuir mé an doras faoi ghlas agus chaith mé an eochair síos amach ar an gcosán tosaigh.

Ní mian liom dul amach agus ní mian liom go dtiocfadh éinne isteach, nó go dtaga John abhaile. Ba mhian liom stangadh a bhaint as.

Tá téad anseo agam nár tháinig Jennie air go fiú. Má éiríonn leis an mbean sin teacht amach, agus má dhéanann sí iarracht éalú, beidh mé in ann í a cheangal leis.

Ach rinne mé dearmad nárbh fhéidir liom mo lámh a shíneadh ró-fhada gan seasamh ar rud éigin. Ní féidir an leaba seo a bhogadh! Rinne mé iarracht í a ardú nó a bhrú nó go raibh mé bacach, agus tháinig an oiread sin feirge orm ansin gur bhain mé mant as cúinne amháin – ach ghortaigh sé sin mo chuid fiacla.

Ansin scamh mé a oiread den pháipéar agus a d’fhéadfainn ón urlár. Tá sé rí-ghreamaitheach agus baineann an patrún sult as sin! Ligeann na cloigne tachta agus na súile boilgeogacha agus na bachlóga luipearnacha fungais, ligeann siad liú magaidh astu!

Tá an oiread sin feirge ag coipeadh ionam go ndéanfainn rud éigin le teann éadóchais. Ba mhaith an mhaise é léim amach an fhuinneog ach tá na barraí ró-láidir go mbainfinn triail as.

Ní dhéanfainn anois é, ar aon chuma. Ní dhéanfainn, go deimhin. Tá a fhios agam go maith gur mhíchuí a leithéid a dhéanamh agus go bhféadfaí míbhrí a bhaint as.

Ní maith liom féachaint amach trí na fuinneoga, fiú – tá an oiread sin ban téaltach ann agus bíonn siad ag téaltú leo chomh gasta sin.

N’fheadar ar tháinig siad go léir amach as an bpáipéar balla sin mar a rinne mé féin.

Ach táim daingnithe go docht anois leis an téad sin atá faoi cheilt – ní fheictear mise amuigh ar an mbóthar ansin!

Is dócha go mbeidh orm dul ar ais laistiar den phatrún seo ach a dtitfidh an oíche, agus is deacair sin!

Is aoibhinn liom a bheith lasmuigh anseo sa seomra mór seo agus ag téaltú liom de réir mo thola!

Ní mian liom dul amach. Ní rachaidh, fiú má iarrann Jennie orm é.

Óir ní mór téaltú ar an talamh lasmuigh, agus tá dath glas seachas buí ar gach rud.

Ach is féidir liom téaltú go réidh ar an urlár anseo, agus luíonn mo ghualainn isteach sa chlais sin atá timpeall an bhalla, agus dá réir sin ní féidir liom dul ar strae.

Siúd anois John ag an doras!

Ní haon mhaith duit é, a ógfhir, ní féidir é a oscailt!

Nach eisean a bhíonn ag bualadh agus ag glaoch.

Tá sé ag screadadh anois go dtabharfaí tua dó.

B’olc an mhaise é an doras álainn sin a bhriseadh!

“A John, a stór!” arsa mise de ghlór séimh, “tá an eochair thíos in aice leis na céimeanna isteach, faoi dhuilleog shlánlusa!”

Chuir sé sin ina thost ar feadh cúpla nóiméad é.

Ansin arsa seisean – go han-séimh, “Oscail an doras, a stór!”

“Ní féidir liom,” arsa mise. “Tá an eochair thíos in aice an dorais tosaigh faoi dhuilleog shlánlusa!”

Agus dúirt mé arís ansin é, roinnt babhtaí, go séimh agus go mall, agus dúirt mé chomh minic sin é go raibh air dul síos agus féachaint, agus fuair sé í gan amhras, agus tháinig sé isteach. Stad sé ag an doras.

“Cad tá ort?” ar seisean de liú. “In ainm Dé, cad tá ar siúl agat!”

Lean mé orm ag téaltú mar sin féin, ach d’fhéach mé air thar mo ghualainn.

“D’éirigh liom teacht amach ar deireadh,” arsa mise, “in ainneoin thú féin agus Jane? Agus tharraing mé an chuid is mó den pháipéar den bhalla ionas nach féidir libh mé a chur ar ais isteach ann!” Anois, cén fáth ar thit an fear sin i laige? Ach sin é a tharla, agus díreach sa tslí orm le hais an bhalla, agus bhí orm téaltú thairis ar gach aon timpeall!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *