Nuacht

“Seoid na Seacht Réalt” – Aistriúchán Nuafhoilsithe

Údar: Bram Stoker
Buneideal: The Jewel of Seven Stars
Bunteanga: Béarla
Aistritheoir: Risteárd Mac Annraoi
Foilsitheoir: Risteárd Mac Annraoi

Chugainn saothar aistriúcháin eile le Risteárd Mac Annraoi.

Siod é a bhfuil le léamh ar chúl an leabhair:

Is beag duine nár chuala trácht ar Dracula nó ar a údar iomráiteacch, Bram Stoker as Baile Átha Cliath. Is iomaí urscéal eile a scríobh sé, áfach, ina meassc Seoid na Seacht Réalt, a foilsíodh den chéad uair i 1903. Mionchlasaic is ea é agus bleachtaireacht, diamhaireacht is asarlaíocht fite fuaite ann.

Nuair a thagann an tÉigipteolaí Abel Trelawny ar mhumaí na Banríona Téara, níl a fhios aige cén tubaiste a thiocfaidh as a chuid taighde. Scaoiltear cumhachtaí neamhshaolta fíorársa lena theaghlach agus lena chairde. Cén nasc atá idir an mumaí is a iníon Margaret, nó a cara sise Malcolm Ross? Tháinig an bás sna sála ar éinne a sháraigh reacht na seandéithe. Titeann na himeachtaí amach i ngaineamhlach na hÉigipte, i gcroílár Londan, agus ar fhailltreacha sceirdiúla Chorn na Breataine. Scéal spreagúil eachtrúil atá ann, a chuirfidh griofad ar an léitheoir is cróga amuigh.

Bhí sáreolas ag Bram Stoker ar Éigipteolaíocht a linne, agus tá sin de dhlúth is d’inneach an scéil seo. Bhain sé leas as le téamaí eile a phlé, agus tá an scéal ina scáthán ar an saol corrach a bhí roimh an bhfichiú haois. D’aon ghnó, scríobh sé scéal a bhfuil críoch gan choinne leis, ar féidir do chiall féin a bhaint as. Tá sé le léamh i nGaeilge anois, agus é maisithe go hálainn le pictiúir nua-choimisiúnaithe.

Is aistritheoir bisiúil é Risteárd Mac Annraoi. I measc na n-údar eile atá tiontaithe go Gaeilge aige tá Franz Kafka, Agatha Christie, Arthur Koestler, Erich Maria Remarque, Yann Martel agus Italo Calvino.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *