Athchló

An Uaigh

Aistritheoir: Pádraig Ó Fiannachta.
Bunteanga: Breatnais.
Bunteideal: Y Bedd.
Údar: T. Gwynn Jones.
Céadfhoilsiú: Feasta, Meitheamh 1961.

A Uaigh, is eol dóibh siúd a luíos faoi do chlúid,
Faoi scáth duilliúir an iúir do shíocháin chiúin.
Peannaid is brón a scar le díth na cuimhne,
Siosarnach cogarnach na gaoithe i measc na gcrann,
Glao ná faoi ní chluintear tré do mhúrtha teann.
Ní heol do do dhuairceas gruama draíocht ná ceol,
Rancás, streancán, cuideachta carad ná beoir.
An grá caoin mánla ní lasann i do chléibh;
Is fuath fíoch is díoltas ní bhorrann siad ná craos
Ná masmas peaca ná dálgas folaigh an dea-ghnímh.
Is doicheallach dúr é do dhún agus is fuar é de shíor;
Follamh – nó an amhlaidh a bhreacann ar t’fhallaí gan aol
Aislingí meala meidhir-aigeanta a chinn ar rá béil.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *