Léirmheas

Léirmheas ar Khalil

Aistritheoir: Máirín Nic Con Iomaire
Foilsitheoir: Barzaz

Léirmheastóir: Courtney Nic Uilis

“Ceathrar againn a bhí ann agus gach duine dínn sásta é féin a shéideadh ina bheatha.” Agus iadsan ar an gcéad chúpla focal a scríobhann an t-údar, Yasmina Khadra, ina úrscéal Khalil, tuigtear dúinn lom láithreach go bhfuil leabhar ionraic ós ár gcomhair.

Thosaigh Muhammad Moulessehoul, nó Yasmina Khadra mar is fearr aithne air i saol na litríochta, ag scríobh nuair nach raibh sé ach ina mhalrach. Chríochnaigh sé a chéad chnuasach gearrscéalta agus é ocht mbliana déag d’aois agus nuair a chuaigh Moulesshoul isteach san arm san Ailgéir bhain sé úsáid as ainm a mhná céile mar ainm chléite chun cinsearacht an airm a sheachaint. Lean sé air ag scríobh leabhar bunaithe ar fhoiréigean polaitiúil agus ar chogaí cathartha ar nós Les Hirondelles de Kaboul (2002) agus L’Attentat (2005) agus sa bhliain 2018 d’fhoilsigh sé an leabhar Khalil a bhfuil leagan Gaeilge le Máirín Nic Con Iomaire le fáil anois.

Tosaíonn an t-úrscéal seo ar an 13 Samhain 2015 san áit ina mbeadh buaicphointe an scéil i ngnáth-úrscéal. Is Moslamach óg é Khalil, trí bliana fichead d’aois, atá ag streachailt le bunphrionsabail an tsaoil – tá caidreamh achrannach idir eisean agus a theaghlach, tá ganntannas airgid ina phobal le feiceáil ó thús an leabhair agus is léir go bhfuil seineafóibe agus ioslamafóibe ina bhfadhbanna millteacha sa cheantar. Taispeánann Khadra dúinn go mbíonn sé breá furasta ag grúpaí míleata, dá leithéidí ISIS, fir óga leochailleacha, dála Khalil, a mhealladh isteach chuig an ‘bráithreachas’. “Bhí treo ag teastáil i mo shaol agus thaispeáin na bráithre an bealach dom.”  Mar sin, cé nach maith linn Khalil, agus cé nach n-aontaíonn muid lena thuairimí, tuigeann muid a chás.

Agus an t‑úrscéal seo ramhar le teannas agus castaí sa phlota a chrochann ar chorr ár suíocháin muid, oireann sé go mór do sheánra na scéinséirí. Ó na chéad fhocail a scríobhann Khadra tá an seánra soiléir agus cuireann sé leis de réir mar a théann an scéal ar aghaidh. Insítear an scéal go hiomlán trí shúile Khalil agus mar sin, tugtar eolas dúinn ar a chuid smaointe i nduibheagán a intinne. Tugann Khadra léargas ionraic a d’osclódh do dhá shúil duit ar mheon an sceimhlitheora, go háirithe ar mheon na sceimhleitheoirí a scrios cathair Pháras an dáta céanna san fhíorshaol. Taispeántar a dhiongbháilte agus atá na sceimhlitheoraí agus iad réidh lena ngníomh a thabhairt chun críche, “Cuirfidh mé geall leat go maróidh mise níos mó daoine ná tusa.” Ag an am céanna, áfach, taispeánann sé tuairimí na Moslamach eile, Moslamaigh nach n-aontaíonn leis an bhforéigean ar chor ar bith. Is iontach an rud é go gcuireann Khadra an dá thaobh den chreideamh céanna in iúl dúinn, dar liomsa.

Tá muid tumtha i saol an radacaigh ó thús an leabhair agus mar sin, bheadh sé furasta neamhaird a thabhairt ar an taobh eile den scéal, ach déanann Khadra cinnte go bhfuil tuairimí an taoibh eile soiléir. Ní thuigeann formhór na Moslamach san úrscéal meon an sceimlitheora ar chor ar bith, “Ach tú féin a shéideadh i do bheatha? Ní féidir é a thuiscint.” Agus nuair a fhaigheann Driss, cara Khalil, bás ar son na cúise feiceann muid briseadh croí a chairde agus a phobail trí chéile, ní hamháin mar thoradh ar a bhás ach mar thoradh ar a ghníomhartha uafásacha fosta, “Bhí Driss ag iarraidh daoine a mharú nach ndearna tada riamh air. Cá bhfuil Dia sa rud seo ar fad? Níl anseo ach barbarthacht mheata, ghránna, thragóideach…” Níl Ioslamaigh bródúil as na sceimhleitheoirí mar a cheap sé, tugtar “craiceálaithe” orthu agus tá siad croí-chráite do na teaghlaigh a chaill daoine muinteartha. Múineann na gnáthdhaoine sa scéal seo ceacht ríthábhachtach do lucht a léite, caithfear cuimhneamh go bhfuil daoine maithe agus drochdhaoine le fáil ó gach cúlra – rud a dhéantar dearmad go minic air.

Coinníonn Khadra an t-ionracas sa scéal ríshoiléir go dtí an deireadh ar fad. Nuair a chailleann Khalil an t-aon duine a raibh grá aige dó, a leathchúpla Zahra, cheapfá go gcuirfeadh sé seo as a ‘mhisean’ é. Cheapfá nach mbeadh sé ag iarraidh deireadh a chur le saol duine ar bith eile agus an phian agus fulaingt chéanna a mhothaíonn sé a leagan ar dhuine ná ar theaghlach eile. Dar liom, déanann Khadra sárjab agus é ag cur amhras agus imní Khalil in iúl. Feiceann muid cé a thrína chéile agus atá Khalil agus é ag cur ceisteanna air féin, “Cén leas a dhéanfadh m’fhéinmharúsa don saol? Go millfinn aislingí daoine eile mar gheall go raibh fuath tugtha agam do mo chuid féin…?” Tugann an chuid seo den leabhar léargas suimiúil eile dúinn ar mheon an sceimhlitheora agus faigheann muid nod beag ar an gcúis atá taobh thiar de ghníomhartha s’aige fosta. Ach, fanann Khalil dílis don bhráithreachas agus cuireann sé sin go mór le hionracas an scéil. Cuimhníonn muid a thábhachtaí agus atá an bráithreachas dó agus gurbh é sin an t-aon rud a chuireann áthas air, “Agus m’éimír fáiscthe i m’ucht agam, bhí greim agam ar an sonas.” I ngnáth-úrscéal eile, stopfadh Khalil leis a ‘mhisean’ i ndiaidh báis a dheirféar agus bheadh críoch shona ag an údar. Ach, tá an t‑úrscéal seo ionraic agus réalaíoch agus ní sin mar a tharlaíonn sé.

Mar a luaitear cheana, Máirín Nic Con Iomaire a d’aistrigh Khalil ón bhFraincis go Gaeilge agus tá moladh mór tuillte aici. Tá Gaeilge Chonamara le feiceáil ó thús deiridh le nathanna ar nós, “Níl aon chall…” a thugann leid duit gur chainteoir dúchais í Nic Con Iomaire. Déanann sí an-iarracht caint na ndaoine sa scéal a choinneáil deas nádúrtha agus mar thoradh air sin, tá na carachtair uilig réalaíoch. Ní aistríonn Nic Con Iomaire na logainmneacha ná ainmneacha na ndaoine atá sa scéal agus mar sin, ní chuireann sí isteach ar fhéiniúlacht na gcarachtar agus ní scriosann sí cultúr na gceantar. Ní léir gur aistriúchán atá ann agus sruth nádúrtha ag baint leis an scéal. In ainneoin go bhfuil cúpla síneadh fada ar iarraidh anseo is ansiúd, tá an t-aistriúchán snasta.

Is úrscéal an-chorraitheach é Khalil agus gníomhartha an fhíorshaoil fite fuaite ann. Tugann an t‑úrscéal léargas speisiúil ar shaol na sceimhlitheoirí agus ar shaol a muintire araon agus gan aon agó, tugann sé ábhar machnaimh don lucht féachana. Taispeánann Khadra daonnacht i nduine de na daoine is uafásaí ar domhan agus in amanna mhothófá trua dó mar thoradh díreach ar bhua na scríbhneoireachta atá ag an údar agus bua an aistriúcháin a léiríonn Máirín Nic Con Iomaire.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *