Nuacht

Socraitéas, ar a chosaint féin

Údar: Socrates
Teideal: Apologia
Aistritheoir: Liam Ó Rinn
Aistritheoir: Dómhnall Ó Mathghamhna
Teideal: Crito
Aistritheoir: Dómhnall Ó Mathghamhna
Athfhoilsiú: Risteárd Mac Annraoi

Chugainn aistriúcháin eile faoi athchló le Risteárd Mac Annraoi. Is aistriúcháin ar ábhar le Socrates a rinne Liam Ó Rinn agus Domhnall Mac Mathghamhna – An Apalogia agus an Crito – a chuireann sé os ár gcomhair sa leabhar seo.

Siod é an méid atá le léamh ar chúl an leabhair:

‘A thogha fir, ó tharla gur ó chathair na hAithine thú, an chathair is mó cumhacht agus cáil eagna agus neart aigne, nach náir leat suim a bheith agat in airgead a dhéanamh agus i nglóire agus onóir d’fháil duit féin agus gan suim a bheith agat san aigne nó sa bhfírinne nó i leas d’anama?’

Tá an ‘Apologia’ ar cheann de na hóráidí is cáiliúla i stair intleachtúil agus liteartha an chine dhaonna. Ba é Liam Ó Rinn (1886-1943) a d’aistrigh an leagan seo di go Gaeilge. Cuireadh i gcló é ar an nuachtán Irish Freedom idir na blianta 1913 agus 1914. Foilsítear anseo arís é maille le leagan eile de agus leagan den ‘Chrito’ a dhein Domhnall Ó Mathghamhna (1872-1942).

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *